Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na húdair the authors
" Tá flúirse eolais ar a gcuid leabhar ar an suíomh agus is féidir éisteacht leis na húdair ag déanamh cur síos ar a saothar freisin.
údair authors
" Níl sa "Tríonóid Ró-Liteartha" seo ach cuid bheag d'údair an pharóiste agus go deimhin tá lón nach beag le fáil i nDún Chaoin acu seo atá ar thóir na litríochta, an tseanchais nó na staire.
údar author
" Ní raibh a fhios aige go raibh údar an leabhair curtha cúpla slat ó bhalla an phríosúin ina raibh sé.
údar leabhar mór-ráchairte best-selling author
" Tuairiscíodh an samhradh seo caite gur ardaigh Dennis Smith, an t-iarfhear dóiteáin i Nua-Eabhrac agus an údar leabhar mór-ráchairte, ceisteanna tromchúiseacha sábháilteachta, ina measc cinn a luaigh an BPCA i ndiaidh dhúnadh an ionaid.
bun gach tubaiste the author of every disaster
" "Is é an luas beagnach bun gach tubaiste ar na bóithre.
údar author
" *More than a Game: Selected Sporting Essays *is ainm don fhoilseachán agus is é Con Houlihan an t-údar.
cailleadh an t-údar the author died
" Go mí-ámharach, áfach, cailleadh an t-údar agus go gairid ina dhiaidh sin foilsíodh leabhar faoina shaol ina raibh (trí chomhtharlúint) an-chuid den eolas céanna a bhí bailithe ag Bríd.
údair authors
" Fógraíodh an mhí seo caite go raibh Amach, úrscéal do dhaoine óga leis an scríbhneoir agus scoláire Alan Titley, ar ghearrliosta Ghradaim Bisto, a bhronntar gach bliain ar údair leabhar páistí.
pearsantacht an údair the author's personality
" "An lorg a fhágann pearsantacht an údair ar a shaothar" an dara gné atá i gceist aigesean (*Litríocht agus Léitheoireacht* (1973), lch 21) ach níl ansin ach cuid de, dearcadh amháin ar an litríocht, cé gur slán an deighilt aige í.
dílis don údar loyal to the author
" Bíonn ag an eagarthóir le foilseachán fiúntach a dhéanamh as a bhfaigheann sé roimhe de shaothar duine eile, agus sin a dhéanamh i gcuid téarmaí an ábhair féin ar bhealach a fhanann dílis don údar.
fianaise an údair the author's evidence
" Nuair a cuireadh fianaise an údair ar fáil an mhí seo caite, ní raibh an foilsitheoir sásta agus dúirt siad nach mbeadh an leabhar ar fáil arís.
ó pheann an údair cháiliúil from the pen of the famous author
" Ba é seo an chéad léiriú riamh den dráma seo ó pheann an údair cháiliúil agus bhí an-rath ar an léiriú, i dtéarmaí an lucht féachana agus na léirmheasanna a fuair sé.
an t-údar cáiliúil the famous author
" Tá cónaí ar a dheartháir David – an t-údar cáiliúil - in aice láimhe i Ráth Garbh agus tá seisean pósta le húdar cáiliúil eile, Ita Daly.
flóta na n-údar ólta Éireannach drunken Irish author float
" Ar cheann de na rudaí a thaispeáin siad, bhí flóta na n-údar ólta Éireannach, ar a raibh dáréag agus iad uilig díreach cosúil le James Joyce.
na húdair the authors
" I mí Mheán Fómhair, mar shampla, seoladh an leabhar *Brigadista: An Irishman’s Fight against Fascism*, le Bob Doyle agus Harry Owens (Currach Press), ag Sandinos Café Bar i nDoire agus labhair na húdair ag an ócáid.
neart údar lots of authors
" Bíonn neart údar ann, ag caint nó ag léamh nó ag síniú a gcuid leabhar.
mar a mhíníonn an t-údar, as the author explains,
" Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanach nó nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú.
ar na húdair agus fhealsúna is céimiúla on the most notable authors and philosophers
" Ba é an múnla a bhí agam féin Modern Masters, sraith leabhar a foilsíodh ar na húdair agus fhealsúna is céimiúla agus arbh iad mic léinn ollscoile nó léitheoirí ginearálta a bpríomh-mhargadh.
Féinspléachadh Údair the Self-Glimpse of an Author
" An dtabharfá “dea-scríbhneoireacht” nó “fóram” nó “díospóireacht chultúrtha” ar shaothar Ní Dhuibhne? Thabharfainn féin – cé nach ionann a fóram nó a díospóireacht nó a dea-scríbhneoireacht agus cur chuige Liam Mhic Cóil, údar eile sa chnuasach seo léachtaí, nó dearcadh Phádraig Uí Chíobháin a bhfuil alt aige dar teideal “An Treasruathar Turgnamhach: Féinspléachadh Údair ar a Ionchur i bPróslitríocht a Linne”.
Údar Gael-Mheiriceánach Irish-American author
" Údar Gael-Mheiriceánach é Daniel Cassidy, mar a d’aithneofá ar a ainm baiste agus ar a shloinne, agus comhlacht Meiriceánach é CounterPunch.
roinnt údar some authors
" Is léir gur chuala roinnt údar an focal – CS Lewis, mar shampla, mar is droch-chréatúir iad na boggarts ina leabhar The Chronicles of Narnia agus tá siad sa tsraith leabhar Harry Potter le JK Rowling fosta, mar “*the shape shifters*”.
fadradharc an údair. the author's far-sightedness.
" Seo tairngreacht (atá le fáil in *Aniar*, leabhar úr Thaidhg Mhic Dhonnagáin) a scríobhadh san 18ú haois agus is iontach fadradharc an údair.
údair mhóra ár linne nó lucht peile. big authors of our time or footballs
" Bíodh sin mar atá, is beag aithne atá ag an phobal mór orthu i gcomparáid le húdair mhóra ár linne nó lucht peile.
agus a n-údair sa chré when its authors are in the grae
" An mbeadh cosc ar shaothair áirithe le linn do lucht a gcruthaithe a bheith beo agus ansin, an gceadófaí na saothair chéanna agus a n-údair sa chré? Níl mórán céille ag baint leis an gcaint faoi fhilíocht Uí Shearcaigh a bhaint den churaclam.
údair aitheanta well known authors
" Beidh údair aitheanta na Gaeilge mar Gabriel Rosenstock, Ríona Nic Chongáil agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh sleachta óna saothar go poiblí in áiteanna éagsúla ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh; ó Aontroim go Ciarraí.
le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais. with authors who are considered authorities in their own field of expertise
" Is iad Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh eagarthóirí an tsaothair, ina bhfuil sraith aistí le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais.
údar author
" Ba é rialtas nua na Bolaive a chuir tús le haicíd an chócaoin sna Stáit Aontaithe, dar le Michael Levine, iaroifigeach de chuid DEA agus údar *The Big White Lie*.
Údar gach oilc, the author of every misfortune,
" Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.
duine de mhórúdair an bhunreachta, one of the main authors of the constitution,
" D’admhaigh iarUachtarán na Fraince, agus duine de mhórúdair an bhunreachta, Valery Giscard d’Estaing, go mbeadh bunmholtaí Bhunreacht na hEorpa sa téacs nua (i.
údar an tsaothair the author of the work
" "* An Béaslaíoch Ar an 1 Bealtaine, seoladh leabhar dar teideal An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí, 1881-1965 (Coiscéim, 2007) i gClub Naomh Mícheál agus labhair údar an tsaothair, Pádraig Ó Siadhail, ag an lainseáil.
Ghúgán Barra A saintly author of Guerilla Daze
" Bhí ráfla ag dul thart go bhfacthas é sna coillte taobh thuas de Ghúgán Barra, é ag rith thart lomnocht, á sciúrsáil féin le neantóga.
Luann an t-údar the author mentions
" Luann an t-údar chomh maith gurb é scannán Gael-Linn an t-aon taifead ceart de Christy Ring, an t-iománaí, atá ann, agus gurb é an chuid is fearr den scannán ná an t-ábhar teagaisc, an t-aon taifead inchreidte de theagasc Uí Rinn ar an iomáint.
údar oirirc eminent author
" Léiríonn údar oirirc Meiriceánach i leabhar nua spleodrach an chaimiléireacht atá ag ciapadh na Stát Aontaithe le fada an lá, dar leis.
n-údar author
" Tá moill curtha ar fhoilsiú na straitéise agus tá teipthe ar a n-údar trí spriocam a bhaint amach go dtí seo – deireadh na bliana 2008, an Cháisc agus tús an tSamhraidh.
údar author
" Agus sin í an fhadbh, dar le Jeff Gates, údar Democracy at Risk: *Rescuing Main Street from Wall Street, agus The Ownership Solution: Toward a Shared Capitalism for the 21st Century, leabhar ar ar thug léirmheastóir amháin “the best book on economics for a generation*,” agus ar mhol Ralph Nader mar “*a Capitalist Manifesto, a blueprint for spreading the benefits of capitalism more equitably*.
údair authors
" Maíonn údair na tuarascála nach bhfuil tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a deirtear ann.
údar aitheanta well known author
" Ar Muir is ar SliabhISBN 978 1 901176 97 1€12 Úrscéal eachtraíochta nua ag Dermot Somers ó Cois LifeAr Muir is ar Sliabh atá ar an úrscéal nua seo ó pheann Dermot Somers, sléibhteoir agus údar aitheanta.
t-údar author
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
údar author
" Is maith is cuimhin liom an chéad uair a léigh me an gearrscéal ‘Un Bandit Corse’ leis an údar Francach, Guy de Maupassant.
t-údar author
" Tuairisc Twain Thug an t-údar cáiliúil Meiriceánach Mark Twain cuairt ar na Fritíortha sa bhliain 1895, agus bhí sé i láthair ag Flemington i mí na Samhna leis an rás mór a fheiceáil.
húdair authors
" Dar leis na húdair, Yves Sciama agus Nicolas Chevassus, go dtí go dtuigtear conas fuinneamh aibhléise a thaisceadh ar bhealach feidhmiúil agus saor, is beag tairbhe iad na muilte gaoithe atá á dtógáil ar fud na hEorpa.
údar author
" San agallamh a rinne mé le Jeff Gates, an príomhshaineolaí airgeadais agus údar Guilt By Association, mhínigh sé cén chaoi ar cuireadh dallamullóg ar mhuintir SAM (http://www.
údair na turascála the report's author
" ” Ní raibh aon neart ar ndóigh, ag údair na turascála (ó Ollscoil Uladh agus Ollscoil Luimnigh) ar an cheannlíne úd agus thiocfadh le fo-eagarthóireacht níba thomhaiste é a chur i láthair níos cruinne: “*Bilingual People Have a Social and Educational Advantage - Report*.
Maíonn na húdair the authors claim
" Maíonn na húdair gurb é an cultúr traidisiúnta an ghné is meallacaí dá bhfuil againn -“*it still holds the key to Ireland’s draw as a tourist destination*.
t-údar author
" Maíonn an t-údar nach bhfuil sé d'achmhainn ach ag daoine saibhre agus ag daoine bochta ('nach bhfuil airgead ná maoin saoil dá gcuid féin acu agus nach baol dóibh má chailltear a gcás') dul chun na cúirte sa lá atá inniu ann de bharr na costais arda a bhaineann leis an phróiseas agus an baol go mbeidh orthu ualach costais an fhreasúra a iompar fosta.
údair authors
" Tá roinnt saineolaithe, agus údair an Staidéir Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ina measc, den tuairim go ndéanfadh an straitéis mar atá tuilleadh dochair fós do stádas na Gaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.
údair authors
" Bíodh is go bhfuil na teangacha seo láidir, bhí údair na tuarascála den tuairim go raibh gníomhaíocht phráinneach ag teastáil leis na teangacha láidre a chosaint agus a chothú.
n-údar authors
" Bhí tuairim na n-údar bunaithe ar thorthaí agus ar thaispeántais na bliana seo caite! Rinneadh neamhaird, nó dearmad, arís ar a bhfuil sainithe sa traidisiún le breis agus céad bliain: buann Corcaigh ar Thiobraid Árann beagnach i gcónaí nuair atá an cluiche eatarthu ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh.
húdar author
" In aghaidh gach leabhar a fhoilsítear, téann scríbhinn amháin ar a laghad ar ais go húdar.
údar author
" Dúirt údar an taighde sin, Don Tapscott, gur roghnaigh na daoine seo idir 16 is 29 bliain d’aois an t-idirlíon thar an teilifís toisc go raibh teilifís aon bhealach is éighníomhach.
Údar author
" An Cur le Chéile, Úinéir Dánlainne agus Údar Meánaosta ============================ Níl éinne a dheineann neamh-infhiosaitheacht mná níos fearr ná Juliette Binoche.
údar author
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Dúnmharú agus mistéir’ le Anna Heussaff Nó: ‘Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ‘Dúnmharú agus mistéir’ - úrscéal nua ó údar móréilimh ======================= Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche.
údair author
" Tabhair cuairt ar bhlag Chois Life agus caith súil ar an fhíseán ann (sa nasc anseo thíos) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: Céard “a bhí in intinn” an údair, Liam Ó Muirthile, “seachas who dunnit” san úrscéal ‘Sceon na Mara’? ======================================== Nasc anseo: (Blag Cois Life)(http://blagcoislife.
údar na tuarascála author of the report
" Mac Cárthaigh Neamhcharthanach ================ In alt a scríobh Colm McCarthy (údar na tuarascála a chuir an ‘bord snip nua’ i gceann a chéile) ar an Farmers Journal an mhí seo caite, leag sé an-bhéim ar chostas an tSeanaid agus é ag moladh go gcuirfí deireadh leis.
an t-údar the author
" Is ar éigean a aithníonn an t-údar an tír inar chaith sé ceithre fhichead bliain dá shaol.
t-údar aitheanta well known author
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
údair authors
" Is iad Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúr agus a chomhghleacaí Helen Hegarty, údair na háise seo.
húdair authors
" Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an bhás, idir an duairceas, an cur síos lomnocht agus fiú amháin an greann.
molann an t-údar the author advises
" Sa leabhar seo, a mhúineann córas eagrúcháin don saol comhaimseartha, molann an t-údar dúinn córas a bhunú inar féidir linn smaointí, rudaí-le-déanamh agus “lúbanna oscailte” a thaifead.
a n-údair their authors
" Rinneadh tagairtí sna cáipéisí seo do na teangacha a chuala a n-údair agus iad i dteagmháil leis an muintir dhúchais agus bhreac cuid acu síos focail agus leaganacha áirithe.
húdair authors
" Sa tuarascáil sin ag a mbeadh tionchar suntasach, ní hamháin ar an réigiún ach ar an domhan go léir, mhol na húdair faoi stiúir Richard Perle go bhféadfadh an stát Giúdach a thimpeallacht straitéiseach a mhúnlú, i gcomhar leis an Tuirc agus an Iordáin, *“by weakening, containing, and even rolling back Syria.
aird ar údair nua attention to a new author
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.
an údair the author’s
" Is éard atá i leabhar Kerouac On the Road go bunúsach ná úrscéal dírbheathaisnéiseach ina dtugann alter-ego an údair, an carachtar Sal Paradise, cur síos spraíúil fuinnúil dúinn ar na turais chraiceáilte trasna ilchríoch Mheiriceá a dhein sé féin agus a chairde.
Meabhraíonn an t-údar the author considers
" Meabhraíonn an t-údar Dave Duggan ar an mhéid a tharlaíonn nuair a thiteann saol duine as a chéile ina leabhar nua, *A Sudden Sun*.
húdair authors
" Na húdair a bhí á rá ag an am agus is léir anois go raibh an ceart ar fad acu.
Chruthaigh an t-údar ar dtús iad the author first created them
" Chruthaigh an t-údar ar dtús iad i mbunteanga amháin díobh sin agus rinne sé na haistriúcháin go dtí an dá theanga eile ina dhiaidh sin.
Is é sin a deir na húdair so say the authors
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
halt aineolach ó húdar gan baiste an ignorant article from an unnamed author
" D’ionsaigh an Irish Times (IT) muintir na Gaelscolaíochta go nimhe neanta le halt aineolach ó húdar gan baiste.
Ar thriúr de na húdair luaitear three of the authors mentioned are
" Ar thriúr de na húdair luaitear Oliver Friggieri, Francis Ebejer agus Immanuel Mifsud.
ag ransú na n-údar searching amongst the authors
" ’* Is Casta an Scéal ====== An duine bocht a rachaidh ag lorg smearadh eolais féin ar na sloinnte, beidh sé ag ransú na n-údar ó Litreacha Suirbhéireachta Uí Dhonnabháin, trí thaighde Matheson anuas tríd an Athair de Bhulbh, Mac Lysaght, Robert Bell agus Seán de Bhulbh, ag iarraidh adhmad a bhaint astu.
a thugann an t-údar which the author gives
" Tá an 'tionscnamh' seo (mar a thugann an t-údar air) ar bun le hionann is 90 bliain anois: *“.
clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar the author has an anti-Irish bias going on
" ”* Is léir go bhfuil clár oibre frith-Ghaeilge ag an údar, áfach, agus baineann an ghangaid d'údarás oibiachtúil an tsaothair, dar liom.
Bíonn leisce ar an údar the author is reluctant
" ”* Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh faoi lucht labhartha na teanga.
Is beag duine seachas údar an leabhair seo few other than this author
"Is beag duine seachas údar an leabhair seo a cheapfadh gur masla a bhí i bhfocail an Aire Stáit do chainteoirí Béarla.
rabhadh an údair thuas the above author’s warning
" Is é seo rabhadh an údair thuas, Nicholas Carr, rabhadh atá bunaithe ar an taighde is úire sna heolaíochtaí cognaíocha.
Tarraingíonn an t-údar fíricí tirime the author draws hard facts
" Tarraingíonn an t-údar fíricí tirime le chéile agus déanann sé scéal corraitheach astu.
na húdair mhóruaisle the most noble authors
" (ach ní foláir a admháil freisin) nach iad na húdair mhóruaisle is mó a thaithníonn le formhór na ndaoine… Dá mbeadh Shakespeare Gaelach againn níor mhór dúinn Edgar Wallace Gaelach leis”.
shlog an t-údar an bhréag mhór siar the author swallowed the big lie
" Alt cothrom go maith a bhí ann, measaimse: an locht is mó a fuaireas air ná gur shlog an t-údar an bhréag mhór siar go raibh Acht na Gaeltachta 2012 tar éis sainmhíniú úr a dhéanamh ar an nGaeltachta, bunaithe ar critéir teangeolaíochta seachas critéir tíreolaíochta.
húdair authors
" Bhí mé ag caint le duine de na húdair, Bill Rolson, agus d'inis sé scéal dom.
ag údar an leabhair seo by this book’s author
" B’iad údaráis na Breataine agus an tIRA an dá chéile chomhraic sa chogadh nua seo agus bheadh impleachtaí fadtéarmacha ag baint leis sin, impleachtaí atá cíortha go mion agus go cuimsitheach ag údar an leabhair seo – Ruan O Donnell.
chuir an t-údar Ruan O Donnell agallamh orthu the author interviewed
" An tairbhe is mó a bhaineann leis an leabhar seo Special Category ná a cuimsithí is atá sé agus líon na ndaoine a chuir an t-údar Ruan O Donnell agallamh orthu.
d'admhaigh an t-údar the author admitted
" *“At least when I bugger-up, I do it consistently,”* a d'admhaigh an t-údar Ashley Newell i dtaom macántachta tráth ach ní fhéadfaí a leithéid a chur i leith údaráis phleanála na tíre seo ina gcur chuige i leith muilte gaoithe.
mar ar chaith an t-údar where the author spent
" Foilsíodh na haltanna don chéad uair ar an iris idirlín Beo! mar ar chaith an t-údar cúig bliana ina cholúnaí i gcúinne na healaíne.
ag cur an údair i láthair presenting the author
" Beidh an tOllamh Phil Scraton, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste ag cur an údair i láthair.
bhailigh údar collected by the author
" An Rock Bar ===== Ó cháipéisí a d'fhoilsigh an Historical Enquiries Team (HET) a bhailigh údar Lethal Allies, Ann Cadwallader agus foireann ó Ionad Pat Finucane, an fhianaise atá curtha i dtoll a chéile acu le cuidiú na dteaghlach, lucht dlí agus iarphóilíní de chuid an RUC féin.
léann an t-údar sleachta fánacha as the author reads occasional excerpts from it
" Tá sé i bhfad róchasta le cur síos iomlán a dhéanamh air anseo, ach caithfidh tú leabhair a roghnú - *The Star Factory* le Ciaran Carson sa chás seo - léann an t-údar sleachta fánacha as, seinntear ceol traidisiúnta, agus gach fuaim atá luaite sa leabhar, is éigean sin a thaifeadadh le go mbeidh sé mar chuid den taibhléiriú.
d’admhaigh an t-údar the author admitted
" “Is mise Amadorn,” a d’admhaigh an t-údar Paul Buttle nuair a labhair mé leis faoi.
chreid údair na gcáipéisí seo the authors of these documents believed
" Ba léir gur chreid údair na gcáipéisí seo go raibh cogadh i gceist agus iad ag plé leis na slite is fearr le dul i ngleic leis an bhfadhb, nó fiú, le moráltacht an chogaidh.
Mhaígh cuid de na húdair some of the authors claimed
" Mhaígh cuid de na húdair go raibh sé de dhualgas ar an muintir dhúchais troid ar son a dtíre, mar a bheadh sé ar na coilínigh dá ndéanfaí ionradh ar a máthairthír.
scríobh an t-údar the author wrote
" Ba iad na déantáin ba shine a fuarthas sa tír, síleadh, agus scríobh an t-údar: *Over the years many claims have been made for the presence of humans in Britain in the early Pleistocene, one or two million years ago, but the supposed ‘artefacts’ on which these claims were based have failed to convince present-day archaeologists.
cé nár thuig údar although the author of ... didn’t understand
" ”) Ba mhór an tsuim a chuir Daniel Corkery sa “normálachas” freisin ina chuid saothar, cé nár thuig údar *The Hidden Ireland* riamh conas fadhbanna na hÉireann, “*that land, so dark, so scorned*”, a mheas in aice le fianaise ó thíortha eile.
saineolaí aigneolaíochta agus údar a psychology expert and author
" De réir Pamela Mayer, saineolaí aigneolaíochta agus údar ‘*Liespotting*’, cloistear idir 10 is 200 bréag in aghaidh an lae (féach sna naisc ar dheis í).
duine d’údair an taighde one of the authors of the research
" Dar le Seosamh Mac Donnacha, mar shampla, duine d’údair an taighde a spreag an Straitéis: “Níl Straitéis bheo againn atá á cur i bhfeidhm ar bhealach seasmhach córasach.
an t-údar is rogha liom my favourite author
" Rinne mé céim Bhéarla sa choláiste, mar sin, thum mé mé féin sna saothair mhóra ansin, ach is é Roehl Dahl an t-údar is rogha liom, cheapfainn.
teipeanna an údair féin the author’s own failures
" Ní minic a fhoilsítear leabhar a bhaineann le botúin agus le teipeanna an údair féin.
údair authors
" Tá sé mar aidhm ag an iris idirlín Transcript pobal léitheoireachta níos mó a chruthú d'údair chumasacha Eorpacha nach mbíonn díol mór ar a saothar, mar a mhíníonn eagarthóir na hirise, Diarmuid Johnson.
údar author
" Tá aithne ar Cholmán Ó Raghallaigh mar fhoilsitheoir agus mar údar leabhar páistí ach is fear é a bhfuil dua caite aige le go leor rudaí eile ina shaol chomh maith, mar a fuair Éamonn Ó Dónaill amach nuair a labhair sé leis le gairid.
thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge. the author ignored Irish language sources.
" Measann Tony Birtill go bhfuil leabhar nua faoi na hÉireannaigh i Learpholl, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, an-lochtach de bhrí gur thug an t-údar neamhaird ar na foinsí Gaeilge.
ainm údair author’s name
" Míníonn Maidhc Ó Cathail thíos gur athraigh Snopes focal tábhachtach in alt, gan ainm údair ná foinse luaite leis, a chrochadar as al-Manar, craoltóir satailíte sa Liobáin.