Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá a fhios ag madraí an bhaile everyone knows
" Ach tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil sé an-deacair an Ghaeilge a fhágáil! Smachtbhannaí ======= Bhí smachtbhannaí ar mo thír agus ní raibh mé ábalta mo chuid airgid a chur thar lear le leabhair a fháil.
bhí a fhios ag an saol is a mhac everyone knew
" Bheadh a sáith roimpi ansin nó bhí a fhios ag an saol is a mhac cad é chomh teann is a bhí a hathair leis an airgead.
tá a fhios ag an saol everyone knows
" Ach, tá a fhios ag an saol go bhfuil cuid den téagar caillte ag an nGaeilge i gcuid mhór pobal Gaeltachta, agus ní éalóidh Carna ó shruth an tsaoil, fiú agus go bhfuil sé 50 míle siar ó chathair na Gaillimhe.
Tá a fhios ag an saol Fódlach the whole country knows
" Tá a fhios ag an saol Fódlach cén toradh a bheas ar an socrú nua: an bhliain seo chugainn beidh na heolaithe ag rá linn go bhfuil titim mhór eile sna stocanna amach ó chósta na hÉireann.
ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí so that the parents would know
" Cuireadh bileoga abhaile le daltaí scoile ar fud dheisceart Chonamara ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí conas teacht ar an gcomhartha teilifíse, a bhí ag teacht ó bharr Chnoc Mordáin.
cé go raibh fhios ag an saol mór although everyone knew
" Tugadh cuireadh dó dul ag imirt le cumann an Athar Uí Mhurchú, cé go raibh fhios ag an saol mór gur le cumann eile ar fad, i gcontae eile raibh ceangal stairiúil aige leis an bhfíor-Athair Ó Murchú, a bhain sé a cháil amach.
go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal. that the story would become public knowledge
" Ní raibh sé ar intinn agam go mbeadh a fhios ag an domhan mór faoin scéal.
Ag Dia tá a fhios God only knows
" Ag Dia tá a fhios cá bhfuil mé ag fáil an ama le halt a scríobh ar chor ar bith, nó tá deich n-aiste le bheith istigh agam i gceithre lá (tá mé fríd a chéile anois, nó bhí a fhios agam go raibh lear oibre romham, ach nuair a fheiceann tú é sin scríofa os do chomhair amach, scanraíonn sé thú ar bhealach eile ar fad!), ach tá bealach iontach acu ar an ollscoil na laethanta seo nach raibh ann im’ amsa, agus bhí mise i NIHE/DCU a raibh de chlú orthu a bheith nua-aimseartha, ach ar ndóigh thiocfadh leat feck all a dhéanamh i rith na bliana agus ansin trí sheachtain roimh na scrúduithe, gan corraí as do sheomra leapa (a bhí i bpoll an tí a bhí mar digs agat), agus an t-íosmhéid d’eolas a bhí riachtanach a dhingeadh isteach sa chloigeann, é a ‘chur amach’ ar an pháipear laethe na scrúduithe, agus dearmad iomlán a dhéanamh den eolas an lá chéanna.
Tá a fhios ag an saol mór everyone knows
" Tá a fhios ag an saol mór, tar éis an tsaoil, go bhfuil na heagraíochtaí sin ag brath go hiomlán ar airgead an Stáit, ach an cóir go mbeidís, tar éis an tsaoil? Nach ceart dóibh bealaí eile a fhiosrú le hairgead a fháil? Tar éis an tsaoil, tá go leor airgid amuigh ansin ach a bheith in ann teacht air, tar éis an tsaoil.
tá a fhios ag an saol the whole world knows
" Deoraithe a thugtar orainn ach tá a fhios ag an saol nár thoiligh éinne againn teacht anseo.
tá a fhios ag an saol mór the whole world knows
" Tá Trap crap! Tá sé crap agus sin sin! Anois, tá a fhios ag an saol mór nach bhfuil aon ghrá caillte idir an bheirt againn, ach caithfidh mé é seo a rá: Mura n-athraíonn sé an bealach atá aige, beidh a chuid oibre gearrtha amach dó, mar go bhfuil peileadóirí maithe ag éirí tanaí ar an talamh.
tá a fhios ag Dia God knows
" Tá sé ar fáil go rábach agus go saor, nó go daor le cumhrán fiú amháin agus tá a fhios ag Dia an éagsúlacht earraí a fheicimid os ár gcomhair i siopaí chaon lá den tseachtain.
le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar say that I was ratting on
" "Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
tá a fhios ag an saol all and sundry know
" Dar ndóigh, tá a fhios ag an saol gur easpa slí bheatha is ciontach le muid a bheith ag teacht anall anseo, níl ach díth céille a bheith á shéanadh, ach is inmholta an rud ina dhiaidh sin leads a fheiceáil ag seasamh dá dtír féin, fiú nuair nach bhfuil áit ina dtír féin dóibh.
Táthar ag tabhairt le fios anois people are becoming aware
" Táthar ag tabhairt le fios anois gur chreid sí go raibh an diabhal le díol nó bhí báire na fola éigin ar na bacáin, agus gurbh shin an fáth go raibh a teach lán le gunnaí.
Tá a fhios ag cách everyone knows
" Tá a fhios ag cách faoi seo, mar bhí ceamara cinn ar a chlogad agus d’fhoilsigh sé an scannán ar an idirlíon tar éis na timpiste mar rabhadh do dhaoine eile.
tá a fhios ag cách everyone knows
" Is scothchóras daonlathais é, ach tá a fhios ag cách nach n-oibreodh sé áit ar bith ar an tsaol mar nach naomh ná saoi gan locht éinne againn.
atá a fhios ag an saol mór the whole world knows
" Dá bharr sin, leanfar leis an gcur i gcéill go bhfuil 100,000 ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, nuair atá a fhios ag an saol mór nár cheart ach a leath acu sin, ar a mhéad, a bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha Gaeltachta, a bheadh bunaithe ar critéir theangeolaíocha.
tá a fhios ag an saol mór the whole world knows
" a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!) Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis: ‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol.
Tá a fhios ag an domhan mór everyone knows
" Tá a fhios ag an domhan mór gur saolaíodh leanbh di an fómhar seo caite ach coinníonn sí formhór na scéalta seo faoi rún.
Níl a fhios go baileach ag (M.) doesn’t know exactly
" Níl a fhios go baileach ag Mulligan céard atá i ndán don imeacht amach anseo, ach go bhfuil sé i gceist aige an Ghaeilge agus cultúr an Ghaelachais a mhúnlú ar bhealach aerach agus éagsúil.
nach bhfuil a fhios ag madraí na sráide doesn’t the whole wide world know
" Chaill siad an deis ansin, mar scaifte gníomhairí CIA, nó nach bhfuil a fhios ag madraí na sráide gur maith leis an dream sin staidrimh.
Ag Crom Dubh atá a fhios the divil only knows
" Ag Crom Dubh atá a fhios caidé an chéad tír eile a rachaidh bealach do chomharsan béal dorais.
ag Dia atá fhios cad chuighe God/goodness knows why
" (gáire croíúil) Bhí mé ag déanamh matamaitice, ag Dia atá fhios cad chuighe, seandálaíocht, Gaeilg agus dlí, agus bhí mo chroí istoigh sa Ghaeilg.
tá a fhios ag an saol mór everyone knows
" Ach tá a fhios ag an saol mór nach raibh sé ariamh i gceist go dtarlódh a leithéid.
Ní bheadh a fhios ag duine you’d never know
" Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear.