go mbeadh obair aige gan a dhul in abar
that it would be an effort for him not to get bogged down
Bhí an log a bhí ar dhá thaobh na cruite chomh híseal sin agus
go mbeadh obair aige gan a dhul in abar leis an charr.
ní bhíonn néal gan ghealán
every cloud has a silver lining
Ach
ní bhíonn néal gan ghealán, mar a déarfá.
atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró
who are able to teach through Irish without difficulty
Ciallaíonn sé sin go bhfuil tuairim is 1,500 múinteoir de dhíth sa chóras Gaelscolaíochta faoi láthair
atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró.
An mbíonn bás gan aiséirí?
Is there life without resurrection?
An mbíonn críoch choíche le rud ar bith?
An mbíonn bás gan aiséirí? Timthriall ar timthriall.
a bhí gan dídean -
who were homeless -
“Ina dhiaidh sin, bhuail mé le hÉireannaigh - Gaeilgeoirí i Londain
a bhí gan dídean - agus shíl mé gur feiniméan folaithe a bhí ann, go raibh glúin daoine nach labhraíonn muid orthu caillte againn.
Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta,
it is difficult not to have an affection for Myers on a personal level
Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, cé go n-easaontóinn féin le cuid dá thuairimí.
tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti.
it is left in tact, uncut
Dúirt Ó Cadhain gur cúinne an ghiorria í an Ghaeltacht, is é sin, go bhfuil sí slán faoi láthair ón spealadóir;
tá sí fágtha gan bhaint lena raibh inti.
nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne
when two other from Zhvania's staff died suddenly or without warning
Bhí go leor daoine ann, áfach, nár chreid gur bás tionóisceach a bhí ann, go háirithe
nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne go luath ina dhiaidh sin.
Níl saoi gan locht
no one's perfect
Níl saoi gan locht
Toisc gur daoine daonna iad réiteoirí spóirt, ar nós an chuid eile againn, déanann siad earráidí an t-am ar fad.
bhí gan steamar céille
hadn't an ounce of wit
Ba iad an dáréag a
bhí gan steamar céille, dar leis an slua amuigh, an dream beag sin a d'fhan faoi iamh is nár sheas amach riamh faoin mbáisteach.
Ní raibh mé gan a bheith buíoch
I was very grateful
Ní raibh mé gan a bheith buíoch, ach b’fhearr liom cló dubh ná an cló laguaithne a bhí ar an bpíosa nua.
níl an scéal gan léaró dóchais
the matter's not without some hope
A dhonacht is atá stádas na dteangacha dúchais,
níl an scéal gan léaró dóchais, áfach, agus d’fhógair Leabharlann Stáit New South Wales (NSW) tionscnamh tábhachtach nua ar na mallaibh a chuideoidh go mór le marthanacht roinnt de na teangacha.
Deirtear nach mbíonn saoi gan locht
it’s said that no one is perfect
)
Deirtear nach mbíonn saoi gan locht agus is cinnte leis nach mbíonn draoi gan cleas agus b'fhéidir gur chuid den bheirt a bhí i Jobs.
nach mbíonn draoi gan cleas
that every wizard has a trick to play
)
Deirtear nach mbíonn saoi gan locht agus is cinnte leis
nach mbíonn draoi gan cleas agus b'fhéidir gur chuid den bheirt a bhí i Jobs.
ní bheimis beo gan an onnmhairíocht
we wouldn’t survive were it not for exports
Sa deireadh thiar thall, tá cónaí orainn ar oileán ar imeall na hEorpa agus is tír oscailte í Éire atá ag brath go mór ar theagmháil le tíortha eile, agus ar ndóigh,
ní bheimis beo gan an onnmhairíocht.
nach mbeidh sé amhlaidh gan mhoill
matters shall not remain so for long
Is eagal liom áfach
nach mbeidh sé amhlaidh gan mhoill, nó tá na bainc róchumhachtach ó thaobh na polaitíochta de.
bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu
they have that unbroken chain
Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go
bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
beidh a bhformhór sin gan obair
most of them shall be out of work
Is tionscal réasúnta tábhachtach é tionscal na gcamán agus tá thart ar 150 déantóir camán in Éirinn faoi láthair, ach má scaipeann an galar seo
beidh a bhformhór sin gan obair, gan aon teacht isteach.
Tá leas ag teacht air gan amhras
it’s improving certainly
An bhfuil leigheas de chineál éicint ag teacht ar an mbaile seo meas tú?**
PÓMurchú:
Tá leas ag teacht air gan amhras.
Níl Uachtarán gan Locht
no president is perfect
Má bhí cathair ghríobháin Machiaveilliach riamh ann, b’í polaitíocht na Tríú Leasa Déag í!
Níl Uachtarán gan Locht
=======
Níor sheachain Spielberg an chamastaíl ab éigean do Lincoln a chleachtadh chun an vóta a chinntiú.
bhfuil créacht air atá fós gan leigheas
he has an unhealed wound still
Ní hionadh go
bhfuil créacht air atá fós gan leigheas.
ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean
talking about a night he spent with homeless people
Mhothaigh mé riamh gur aontachtach caolaigeanta den tseandéanamh a bhí ann agus níl amhras ar bith ann go seasfaidh sé an fód ar son an Aontais ach ag tús na bliana seo, chuala mé an tUasal Copeland
ag caint ar oíche a chaith sé le daoine a bhí gan dídean.
ach ní tost gan tuiscint a bhí ann
but we both understood
”
Bhí tost beirte arís ansin ann,
ach ní tost gan tuiscint a bhí ann.
níl sí gan a cuid lochtanna
it has its faults
Bhí an Korando agamsa ar feadh seachtaine agus, le bheith ionraic faoi, is carr maith í, ach
níl sí gan a cuid lochtanna.
faoin fáth a raibh sí gan dídean
about why she was homeless
B’éigean dó a leithscéal a ghabháil léi agus thosaigh siad ag caint, áit a bhfuair sé amach rud beag faoina saol pearsanta féin agus
faoin fáth a raibh sí gan dídean.
tá fianaise ann faoi bháid gan droimlorga
there’s evidence of a keel-less boat
Rud eile,
tá fianaise ann faoi bháid gan droimlorga ar abhainn an Teifi.
an méid scéalta atá fós gan insint
the amount of tales still untold
Léiríonn leabhar úr a dhéanann cur síos ar an bhaint a bhí ag imirceoirí as Éirinn le díormaí coiriúlachta i nGlaschú
an méid scéalta atá fós gan insint sa leagan oifigiúil de stair na tíre seo.
fadhbanna a bhí fós gan réiteach
unsettled problems
Tugann *City of Gangs* le Andrew Davies (Hodder & Stoughton) léargas ar an dóigh a raibh tionchar nach beag ag
fadhbanna a bhí fós gan réiteach in Éirinn ar fhadhbanna sóisialta agus ar an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta.
beidh eagla ar a lán gan glacadh leis
many will be afraid to take it
Tá altra mhór mhíofar - Stáit Aontaithe Mheiriceá - á thabhairt dúinn, mar sin
beidh eagla ar a lán gan glacadh leis.
Ní bhíonn sméara gan dealg
everything has its drawbacks
Ní bhíonn sméara gan dealg a deirtear agus níl an Ghaeltacht sábháilte ach an oiread, ná baol air, ó thaoille thuile uilechumhachtach an Bhéarla.
ní bhíonn néal gan ghealán
every cloud has a silver lining
Is minic ráite é,
ní bhíonn néal gan ghealán.
Níl Córas Saoi gan Locht
no philosopher’s system is faultless
Níl Córas Saoi gan Locht
========
De réir Kahneman, is é an chéad chóras a dhéanann bunús na hoibre agus is minice a choinníonn ar siúl muid.
ní raibh Gaelscéal gan locht
G. wasn’t faultless
Ardaíonn sé an cheist an bhfuil pobal Gaeilge, taobh amuigh den Ghaeltacht?
Mar nuachtán
ní raibh Gaelscéal gan locht.
glacadh leis nach mbíonn néal gan ghealán
accept that every cloud has a silver lining, there’s always hope
Nuair a éiríonn an saol dúshlánach, brónach nó fiú amháin mí-ádhúil, sílim i gcónaí gur féidir linn
glacadh leis nach mbíonn néal gan ghealán, nach mbíonn sa dorchadas ach seal agus nach mbíonn sa bhrón ach tocht neamhbhuan.
Níl saoi gan locht
no one's perfect
Níl saoi gan locht agus tá Tomás Ó Maolalaidh den tuairim gurb shin é an scéal ag Maradona, bainisteoir na hAirgintíne, é.