Pota Focal Intergaelic
B | ba | | bóc | bró
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an líon bó the number of cows
" Aon tagairt do thionscail bhain sé leis an gceilp, an iascaireacht, sníomh agus fíodóireacht, lásadóireacht agus an líon bó a bhí ag aon teaghlach.
bhleán na mbó the milking of the cows
" Le linn a óige ba é an gnáthchleachtas ná a bheith ag imirt iománaíochta gach oíche den samhradh tar éis bhleán na mbó agus uaidh sin go clapsholas.
géim bó low of cows
" Nach raibh sé le rá ag lucht staire tráth nach raibh géim bó le closint, tar éis léirscrios na Banraíona Eilíse, "ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan".
locadh bó rounding up of cattle
" Bhí locadh bó ar siúl achan tráthnóna ar feadh seachtaine agus bhí ceol beo sa chearnóg achan oíche den tseachtain fosta.
tréad bó herd of cows
" Cad é a shílfidh muintir na cathrach, mar sin, den saothar is úire atá le feiceáil ar a gcuid sráideanna? Tá tréad bó i ndiaidh teacht go dtí an phríomhchathair, ní an cineál atá beo, dar ndóigh, ach píosaí dealbhóireachta, múnlaithe mar bha agus maisithe ar dhóigheanna éagsúla.
ag seoladh a bó brice driving her speckled cow
" "Hoirt amach! Hoirt amach as sin!" Chuala Peadar hoirteanna Mháire Cháit ag seoladh a bó brice abhaile di.
buachaill bó herd-boy
" " Tá an méid seo le rá ag Murphy fosta: "Agus tá finéid aici nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu: an fháilte a cuireadh roimpi sna botháin, comhráite deisbhéalacha, an damhsa a eagraíodh mar chomhartha ómóis di i mBaile Eoin, an tsiúlóid trasna sléibhe i gCiarraí le buachaill bó, mná na tuaithe ag bailiú feamainne ar thrá i gCiarraí agus Nicholson ag bualadh le páistí scoile.
tréad bó a herd of cattle
" Tháinig tréad bó anuas an príomhbhóthar, ar a mbealach go dtí an scáthlán crúite.
bó dhiaga divine cow
" ) Is iomaí bó dhiaga a roinn siad le chéile, iad ag caitheamh siar bairillí pórtair 'fhad is a bhí siad á gcogaint.
ag grinniú phutóga bó scrutinizing a cow's intestines
" Agus os ag caint dúinn ar na ba, bhí Balor ag grinniú phutóga bó ar na mallaibh le tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoin bhliain atá romhainn amach.
sprúilleach na bó rósta fragments of the roast cow
" Bhí sé féin agus Balor ag pulcadh sprúilleach na bó rósta isteach ina gclab ag an am.
craiceann agus úth bó the skin and the udder of a cow
" Tarraingíodh an cnuasach saothar seo le chéile ó dhánlanna agus ó bhailiúcháin éagsúla ar fud an domhain agus tá seoda icónacha le feiceáil ann, ar nós an *Virgin Shroud *(1993) ina n-úsáidtear acmhainní neamhghnácha (craiceann agus úth bó) mar amhábhar an tsaothair.
ag pocléimnigh thart ar nós bó ar dáir. hopping around like a cow in heat.
" Isteach le Balor sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar naoi míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé tábla nach raibh leathamadán inteacht in airde air, ag pocléimnigh thart ar nós bó ar dáir.
i dtaca leis an dá bhó sin. as regards those two cows.
" Éist liom go cúramach anois agus míneoidh mé duit polaitíocht na hÉireann i dtaca leis an dá bhó sin.
maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar as regards the traceability of cattle and protection against disease
" ” Chomh maith leis sin, mar gheall ar go ndealraíonn sé go bhfuil na caighdeáin maidir le hinrianaitheacht bó agus cosaint in aghaidh galar easnamhach sa Bhrasaíl, d’fhéadfadh ainmhithe de chuid na tíre sin a bheith ina mbagairt do bheostoc Eorpach.
laethanta na bó riabhaí, days of the brindled cow
" Deirtí fosta go mbíodh an-stuif sna cearca a bheirtí sa Mhárta, go mbíodh daoine chomh corrthónach leis an ghaoth Mhárta, agus go mbíodh laethanta na bó riabhaí, nó na laethanta ag deireadh na míosa seo, ar na laethanta ab fhuaire sa bhliain.
ón bhó mhire from the mad cow
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
bainne bó bleachtáin cowslip
" Is iad na cineálacha plandaí a bhfuil na hiarrachtaí seo dírithe orthu ná dearna Mhuire, crobh dearg, gliográn, bainne bó bleachtáin agus seamair dhearg.
buachaillí bó cowboys
" Go bhfuil traidisiún fada buachaillí bó ann, agus, ar ndóigh, gur ann a lámhachadh an bheirt Meiriceánach ba thábhachtaí ariamh i stair na hÉireann: John F.
Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í a cow has many assets
" Is Maith Sú Bó, Beo nó Marbh Í ================= Is í príomhfheidhm na treibhe Masai an t-eallach.
bhó cow
" ‘Nuair a thig an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar’ a deirtí in am amháin.
Gach Fear faoi Ruball a Bhó Féin every man must sort his own problems
" Gach Fear faoi Ruball a Bhó Féin! ================= Le linn an fheachtais toghchánaíochta bhí siad ag maíomh nár chóir go dtabharfadh an Fhionlainn aon chúnamh airgid don Phortaingéil, nó d’aon tír eile.
Chac Bó cow dung
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
Gach fear faoi ruball a bhó féin every man to his own dirty work
" - Uimhir a seacht: Suas leis an Ghaeilge! Go maire ár dteanga beo! Go maire ár nGaeilge slán! Fad saoil do Michael Dee Ó Daighdeal Dum! Gach fear faoi ruball a bhó féin! Feisíodh gach bean ina rogha leapa féin ag Oireachtais na Gaeilge!
Bhealach na Bó Finne the Milky Way
" Gan solas dá laghad ar an talamh agus an ré dhorcha, bhí an spéir breac le brat réaltaí Bhealach na Bó Finne os cionn na gcrann, agus bhí an t-uisce dorcha fúm ag déanamh aithris chruinn ar an radharc álainn céanna.
Gach Fear Faoi Ruball a Bhó Féin every man to his own dirty work
" Gach Fear Faoi Ruball a Bhó Féin =============== Patsaí: Is é do bheatha abhaile a Bhaloir.
luaite i dTáin Bó Cuailgne mentioned in the Ulster Cycle
" Leag Siad Cloch ar a gCarn Féin ========== Tá Carn Tóchair luaite i dTáin Bó Cuailgne, fírice a thugann léargas duit ar a luaithe is atá na ‘*dreary steeples*’.
bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne I know about the milch cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
mbó thirim dry cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
an mbó choinníollach the conditional cow
" “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.
ag iarraidh Ré na mBuachaillí Bó a thabhairt ar ais trying to bring back the cowboy era
" Idir an dá linn, tá airm ag éirí níos coitianta in áiteanna áirithe i Meiriceá, a bhuíochas le Cumann Raidhfil Mheiriceá, an NRA, atá ag iarraidh Ré na mBuachaillí Bó a thabhairt ar ais.
Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin every editor to his own dirty work
" An ndéanfaidh tú sin, a stóirín?’ Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin ================== Mar sin, a léitheoirí dílse: Má shíl sibh go raibh Beo Ar Éigean ní ba leimhe fiú ná mar is gnách an mhí seo a chuaigh thart, ní ba mharbhánta, ní ba bheaguchtúla.
Chluain na Bó Fireannaí Dublin 4's never nether land
" Tá sinn ag teannadh le cothrom míle bliain ó leag Bruadar béal scine ar phutóg Bhriain Bhómánta ag Cath Chluain na Bó Fireannaí a deir Balor gan bhréag, gan áibhéil, gan uaibhéal, gan chroiméal, gan dronnbhéal, gan Chaimbeul.
fear na bó san abar that’s not our problem
" Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.