Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go mbainfinn sult mór as that I'd really enjoy it
" Agus dúirt dlíodóir as Texas, Gregor Wilson, a bhí in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille liom triail a bhaint as cúrsa ansin, go mbainfinn sult mór as.
bainim an-sult as I really enjoy it
" Téim ansin go minic agus bainim an-sult as.
Bainim an-sult as mo chuid oibre I really enjoy my work
" ***An raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh ******an Chomhairle Ealaíon a fhágáil agus tabhairt faoi dhúshlán úr?*** Is cinnte go raibh! Bainim an-sult as mo chuid oibre leis an Chomhairle Ealaíon.
bhain sí sult as a tréimhse ansin she enjoyed her time there
" Dar léi go raibh an institiúid sin an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.
bainimis sult as let’s enjoy
" B’fhéidir, ach idir an dá linn, bainimis sult as cruthaitheacht mhuintir Thoraí.
bhain mé an-sult as sin I really enjoyed that
" Ach duine ar bith, speisialta nó gan a bheith, a bhí ag tabhairt trioblóide, cuireadh síos go rang Ray iad (gáire), ach bhain mé an-sult as sin.
bhain mé sult agus sásamh as I really enjoyed
" Seacht mbliana is fiche ó shin a ghlac mé páirt in Oireachtas na Samhna den chéad uair, agus thig liom a rá go neamhbhalbh gur bhain mé sult agus sásamh as achan uile cheann acu.
Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach enjoy writing in
" Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach faoi bhun na n-alt.
Bhain mé an-sult as I really enjoyed it
" Bhain mé an-sult as - ag breathnú siar - píosa spraoi a bhí ann,” a dúirt sí liom.
Bhain mé sult as cuimse as I really enjoyed
" Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn.
bhain siad sult as they enjoyed it
" Drogall na Seaniomaíochta ========= Leis an tseaniomaíocht idir Learpholl agus Manchain, bhí drogall ar dhaoine ó Merseyside dul ann, ach cúpla seachtain ó shin chuaigh mé féin ann in éineacht le Liam óg agus Ryan agus bhain siad sult as.
Baineadh sult as an cheol the music was enjoyed
" Baineadh sult as an cheol a bhí le cloisteáil go fairsing ar achan sráid agus choirnéal.
bhain sí sú agus sult agus ceol as she really enjoyed in every way
" Dúirt sí gur bhain sí sú agus sult agus ceol as gach uile ghné de na cúrsaí sin ach amháin na ranganna Gaeilge.
faoin sult a bhaintear as about the enjoyment received
" com/Harvard_Press/status/446294248309403648> ● Tá neart plé sna hirisí ar líne agus ar bhlaganna faoin sult a bhaintear as an léitheoireacht.