Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gach a bhaineann le hintleacht agus le heolaíocht. everything to do with the intellect and science.
" Is maith linn daoine dubha chúns atá siad ag rince agus ag casadh popcheoil, ach is le daoine geala gach a bhaineann le hintleacht agus le heolaíocht.
de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe. according to the law as it pertains to refugees
" Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo ná an sainmhíniú atá ar “theaghlach” de réir an dlí mar a bhaineann sé le dídeanaithe.
an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, how important it is to bring on new talent
" Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh.
a bhaineann go dlúth le which is an integral part
" Dúirt an tUachtarán nach raibh an cleachtas seo at teacht leis an ‘ethos deonach’ agus an ‘stádas amaitéarach’ a bhaineann go dlúth le CLG.
a bhaineann le cothabháil which pertain to the upkeep
" Tá idir cáineadh agus moladh déanta ar an chinneadh a ghlac Comhairle na Veinéise ar na mallaibh séadchomharthaí suntais a ligint amach ar cíos d’fhógróirí ar mhaithe le hairgead a dhéanamh le dul i ngleic leis na costaisí ollmhóra a bhaineann le cothabháil na séadchomharthaí céanna.
a bhaineann le slándáil which pertains to security
" Aithnítear an tábhacht a bhaineann le slándáil séadchomharthaí agus suíomhanna stairiúla, cosúil le Droichead an Rialto, ach nuair atá cistí poiblí faoi ionsaí, caithfidh an maoiniú teacht ó fhoinse éigin eile.
an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do the danger involved in permitting
" Ina leabhar siúd, *Compulsory Irish: Language and Education in Ireland (Irish Academic Press, 2002)*, chuir an Dr Adrian Kelly an teoiric chun cinn go léiríonn na hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd an chóras oideachais an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do *“ideology to win over pragmatism in the formulation of policy.
fadhbanna a bhaineann le cabhail an chairr problems associated with the car’s bodywork
" Faoi sholas an lae, bíonn sé i bhfad níos éasca fadhbanna a bhaineann le cabhail an chairr – agus leis an taobh istigh – a aimsiú.
an chontúirt a bhaineann le the danger involved
" Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce.
An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais the vicious circle which is part competitions
" com/watch?NR=1&v=muJ-yGzOSX4&feature=endscreen> An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais =============== Agus é ag caint faoi dhúchas an cheoil thraidisiúnta agus nósanna na nGael, thosaigh muid ag caint faoin Oireachtas, chomh luath agus a luaigh mé an focal agus sular chuir mé aon cheist bhí tuairim láidir á nochtadh: “Is breá liom an tOireachtas agus téim beagnach chuile bhliain – ach sílim go bhfágann pobal na Gaeilge ualach na healaíne ar fad ar an tOireachtas chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí sean-nóis, agallamh beirte, scéalaíochta 7rl.
an luach a bhaineann le gradam a thabhairt do dhuine the value of presenting an award to someone
" ” Is léir nach bhfuil sé róthógtha le coincheap na hiomaíochta … “Nílim róthógtha le comórtais – tuigim an gá a bhaineann leis an Oireachtas agus an luach a bhaineann le gradam a thabhairt do dhuine, ach níor mhaith liom go mbeadh aicme ealaíne ar nós amhránaíocht ar an sean-nós ag brath chomh mór sin ar chomórtais.
a bhaineann le fiacha príobháideacha which pertain to private debt
" B’é an Breitheamh Hogan an breitheamh a d’éist leis na cásanna cúirte ba chasta le cúpla bliain anuas, cásanna cosúil le sáinn uafásach Mrs Fleming a bhí cromtha fén MS, agus na cásanna ilghnéitheacha a bhaineann le fiacha príobháideacha agus na bancanna.
bhaineann le hiomaíocht a spreag pertaining to competition which inspired
" Meastar gurb é an dúnghaois agus an dlí a bhaineann le hiomaíocht a spreag na comhlachtaí cábla agus gutháin leis an infheistíocht seo a dhéanamh.
nuair atá biseach ar imeachtaí a bhaineann le while events which pertain to
" Ach bhí ceist eile ann: cén fáth meath ar an Léann Ceilteach sa nGearmáin nuair atá biseach ar imeachtaí a bhaineann le hoidhreacht na gCeilteach? Fear darb ainm Holga Müller, staraí in iarsmalann Stuttgart, a dúirt an méid seo a leanas liom: ‘Tá fadhb mhór ag lucht an Léinn Cheiltigh ó thaobh margaíochta de.
a bhaineann le hóige na tíre seo which pertains to the youth of this country
" Ní dúshaothrú atá ansin, ach trácht ar an luach chomh mór sin a bhaineann le hóige na tíre seo.
a bhaineann le leas mhuintir na hÉireann uilig which pertain to the welfare of all the Irish people
" Ar ócáid m’oirnithe, tá sé dhá bhliain ó shin anois, chuireas in iúl go mba mhian liom dul i ngleic le hoiread áirithe téamaí a bhaineann le leas mhuintir na hÉireann uilig agus lena a bhfuil i ndán dóibh.
An bua a bhaineann le the special quality pertaining to
" An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht.
cosúil le han-chuid a bhaineann leis an teach like a lot else pertaining to this house
" Níor bhog mé ach cúpla cileaméadar suas an bóthar, ach cosúil le han-chuid a bhaineann leis an teach, cuireann sé íonadh orm a laghad cabhrach is atá sa teicneolaíocht dom.
na forálacha a bhaineann le the orders relating to
" Agus na forálacha a bhaineann le roinnt cumarsáidí idir an Stát agus creidimh éagsula in Éirinn á scagadh ag na cigirí bunreachtúla mór le rá, scríobh said: *“Broadly speaking, the existing provisions of Article 44 are satisfactory and have worked well.
a bhaineann le botúin which pertains to mistakes
" Ní minic a fhoilsítear leabhar a bhaineann le botúin agus le teipeanna an údair féin.
an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe the importance of Thanksgiving Day
" Míníonn Brian Ó Broin an tábhacht a bhaineann le Lá Altaithe i Meiriceá.