Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bainistíocht management
" Ní raibh an tuiscint acu go raibh scileanna forbartha acu i bpleanáil, bainistíocht, réiteach fadhbanna agus idirbheartaíocht, gan trácht ar na scileanna san obair í féin.
bainistíochta eolais information management
" " Teagmhálacha ======= Rugadh Mac Gearailt i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus nuair a d'fhill sé go hÉirinn bhunaigh sé comhlacht bainistíochta eolais, (Bard na nGleann)(http://www.
bainistíocht management
" Déanaim obair an Ghúim a phleanáil agus a leagan amach i gcomhar leis an bhfoireann agus bím freagrach as an gclár oibre a chur i gcrích agus as bainistíocht ghinearálta na háite.
bainistíocht management
" B'éigean na ciorruithe a dhéanamh, a dúirt bainistíocht RTÉ, mar go raibh caillteanas de £25 milliún i ndán don eagraíocht, a dhéanann maoiniú ar RnaG.
bhainistíocht management
" Is léir go bhfuil an *Irish Times* i mbaol de dheasca míbhainistíochta agus an cinneadh a ghlac siad clólann úrnua a thógáil ar £60m nuair nach raibh a leithéid ag teastáil.
lucht bainistíochta management
" Bíonn sé deacair clár leathuaire a líonadh!" Chuir sé iontas orm a chloisteáil gur Gaeilge a labhraíonn lucht bainistíochta zamano ina measc féin san oifig.
bainistíocht management
" Measann sé go bhfuil bainistíocht Raidió na Gaeltachta sásta clár mar seo a bheith á chraoladh acu mar gur féidir leo a rá go bhfuil siad ag freastal ar dhaoine óga, "cé nach daoine óga is mó a éistíonn leis ach daoine i bhfad níos sine.
bhainistíocht management
" Rinne sé Máistreacht sa bhainistíocht in Ollscoil Loyola i Chicago agus ina dhiaidh sin chaith sé dhá bhliain i gcoláiste oiliúna na mBráithre i Marino i mBaile Átha Cliath.
bhainistíocht management
" De réir an dlí, caithfidh coiste mar seo a bheith i ngach áit oibre, agus tagann ionadaithe ó na ceardchumainn agus ón bhainistíocht le chéile chun cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a phlé.
bhainistíocht management
" Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
bhainistíocht management
" Tógann sé muid trí scór bliain de pheil Chontae na Mí faoi bhainistíocht Sheáin Boylan.
bhainistíocht management
" Ansin bíonn brú ar an bhainistíocht a theacht ar an chlár agus an scéal a mhíniú do na hoibrithe.
bainistíocht management
" Tá foireann óg, fhuinniúil tugtha le chéile ag bainistíocht *Lá *agus is féidir a bheith cinnte go ndéanfaidh siad a ndícheall lena chinntiú go n-éireoidh leis an tionscadal.
stiúrthóir bainistíochta managing director
" Cén ról atá agat féin sa chomhlacht agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an stiúrthóir bainistíochta ach níl ansan ach teideal toisc go ndéanann gach duine i Macalla gach rud.
bainistíochta management
" "Fostaíonn siad méid áirithe daoine gach aon bhliain, ag súil gurb iad sin na daoine a bheidh sna postanna arda bainistíochta sa Bhanc Domhanda amach anseo.
bhainistíocht management
" Tá samplaí maithe ar fáil ar fud na tíre den chineál seo fiontraíochta; fiontair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag na fostaithe agus ag an bhainistíocht ina ngnáthshaol oibre, agus fiontraíocht ina bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den táirge.
tEagarthóir Bainistíochta Managing Editor
" Cén ról atá agat féin sa nuachtán agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an tEagarthóir Bainistíochta ó thug an comhlacht s'againne, Grúpa Nuachta Bhaile Andarsan, Lá isteach sa nead linn i 1999.
stiúrthóirí bainistíochta managing directors
" Deis iontach a bhí ann fáil amach cad é atá ar siúl sa chathair, agus bualadh le daoine as cineálacha éagsúla cúlra - daoine ón dá thaobh den teach, mar a déarfá, agus daoine i réimse leathan postanna, ó stiúrthóirí bainistíochta go hoibrithe monarchan.
Stiúrthóir Bainistíochta Managing Director
" Bhí Seán ina Stiúrthóir Bainistíochta cheana féin ar Zamano - comhlacht a chuireann seirbhísí SMS ar fáil - agus bhí Ruairí ar dhuine den ghrúpa a bhunaigh WonderText, iad siúd a chuireann *bustext *ar fáil - seirbhís téacsála trínar féidir fáil amach cathain a bheidh an chéad bhus eile de chuid Bhus Átha Cliath ag teacht i do threo! Go dtí seo tá na nuálaithe seo an-sásta leis an spéis atá á léiriú ag pobal na Gaeilge i Rua.
boird bhainistíochta boards of management
" Tá dlúthbhaint againn le Gaelscoileanna, bunscoil agus meánscoil agus tá comhoibriú iontach ar bun againn leis na daltaí, na tuistí, na hoidí agus boird bhainistíochta.
fadhbanna bainistíochta management problems
" Ón tús, áfach, ba léir go raibh fadhbanna bainistíochta ar an eastát agus go raibh imeallú á dhéanamh ar na háitritheoirí.
an Bord Bainistíochta the Board of Management
" Mar sin de, tá an príomhoide, an Bord Bainistíochta agus na tuismitheoirí ag iarraidh an t-airgead a bhailiú iad féin.
bhord bainistíochta board of management
" Bíonn cruinniú tapa aige le fear ó bhord bainistíochta an ionaid, agus Ray gléasta go fóill mar shióg Nollag! Tá sé buartha faoi bhronntanas na Nollag fosta, é ag iarraidh *iPod* ar phraghas réasúnta a cheannach do dhuine dá chúigear páistí.
bainistíocht managing
" "Tá an post seo cosúil le bainistíocht sacair.
stíl bhainistíochta éifeachtach an effective style of management
" "Ba thaithí thábhachtach dom é sin," a deir sí, "toisc go raibh stíl bhainistíochta éifeachtach ag an gcomhlacht sin.
ceannach bainistíochta management buyout
" Bhí bunús na comhaireachta reatha ag plé leis an scéal ag an am agus ba cheart go mbeidís ar an eolas faoi na ceisteanna a ardaíodh an tráth sin, ceannach bainistíochta ina measc.
bhainistíocht management
" Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach! D'fhéadfaí a leithéid d'ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú.
Stiúrthóir Bainistíochta Managing Director
" Is é Timothy O’Toole, as Pittsburgh, Pennsylvania, Stiúrthóir Bainistíochta *Underground *Londan.
dea-bhainistíocht good management
"dea-bhainistíocht agus bainisteoirí maithe i ngach gné den saol an-tábhachtach, cúrsaí spóirt san áireamh.
bord bainistíochta board of management
" Seán Mac Philibín: Bunaíodh bord bainistíochta an ionaid i 1999 agus d'oscail an t-ionad féin ar an 23 Deireadh Fómhar 2001.
Stiúrthóir Bainistíochta Managing Director
" Cén ról atá agat féin in Oisín agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an Stiúrthóir Bainistíochta ar Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta.
Stiúrthóir Bainistíochta Managing Director
" Cén ról atá agat féin in Oisín agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an Stiúrthóir Bainistíochta ar Oisín Seirbhísí Comhairle Teanga Teoranta.
móide lucht bainistíochta plus the management
" Mar níl ach bealach amháin le déileáil le heachtra ar nós troid na hÓmaí agus is é sin gach duine a bhí páirteach ann, móide lucht bainistíochta (i.
lucht bainistíochta agus leanúna the management and supporters
" Masla a bhí ann do na himreoirí dar ndóigh agus don lucht bainistíochta agus leanúna.
lucht bainistíochta na monarchan the management of the factories
" Lena chois sin, rinne sé suirbhé sna monarchana éagsúla a raibh Gaeltarra ag plé leo sna Gaeltachtaí go léir; chaith sé tréimhsí ar an mbóthar, ag casadh le coistí áitiúla agus go háirithe le lucht bainistíochta na monarchan, féachaint cén chaoi a raibh cúrsaí Gaeilge sna ceantair éagsúla.
bainistíocht ábalta agus chróga a capable and brave management
"bainistíocht ábalta agus chróga acu ar an taobhlíne – ní leasc leo imreoir ar bith a bhaint den pháirc sa chás nach bhfuil sé ag imirt go maith.
bainistíocht scoile school management
" Cén ról atá agat féin i gComhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) agus cén fhad atá tú sa phost? Oifigeach Forbartha atá ionam ach tá ról ar leith agam ag plé cúrsaí gobharnóireachta, polasaithe scoile (Gaeilge) agus bainistíocht scoile.
cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta matters relating to employment and management
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
bainistíocht management
" Mar thoradh air seo uilig, bheadh bainistíocht na nGaelscoileanna sásta le líofacht agus tiomantas na múinteoirí agus bheadh cuid den réiteach faighte ar dheacrachtaí na scoileanna Gaeltachta fosta.
stiúrthóir bainistíochta managing director
" Thosaigh sé ag obair mar stiúrthóir bainistíochta i gcomhlacht cairéalaithe a dhearthár i nGaillimh.
na struchtúir bhainistíochta the management structures
" Caithfear athruithe a dhéanamh ar na struchtúir bhainistíochta i gCLG fosta – tá siad seanfhaiseanta faoi láthair.
taithí bhainistíochta managerial experience
" Bheadh cáilíochtaí aitheanta agus taithí bhainistíochta ag na daoine seo.
bainistíocht management
" Ní fhaca muid imreoirí ag sciorradh go rómhinic, fiú ar na laethanta fliucha, agus dealraíonn sé go bhfuil réiteach faighte i ndeireadh thiar ag bainistíocht Pháirc an Chrócaigh ar fhadhb an dromchla, dromchla a bhí ag cur as d’imreoirí le cúpla bliain anuas.
le hobair bhainistíochta with managerial work
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
cruinniú de bhainistíocht na roinne a meeting of the management of the department
" Achoimre ar mholtaí a d’eascair as cruinniú de bhainistíocht na roinne a bhí ann: *“In the medium term it will be important that regulations are introduced to prescribe the curriculum at primary and secondary level.
bainistíocht i gcúrsaí spóirt. sports management
" Bainisteoirí bómantaNíl iontas ar bith nach bhfuair mise post an eagarthóra nó ní thuigim cúrsaí bainistíochta, go háirithe bainistíocht i gcúrsaí spóirt.
pleanáil agus bainistíocht chuí suitable planning and management
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
foireann bainistíochta management team
" Nuair a chaitheann foireann bainistíochta in eagraíocht ar bith déileáil le cás géarchéime nach bhfuil freagra réamhullmhaithe acu fána choinne is minic a thugtar ‘fire fighting exercise’ air.
foireann bhainistíochta management team
" Ba dhearmad é an chéad lá foireann bhainistíochta a bhrú isteach nuair ba léir nach raibh na foirne imeartha sásta.
lucht bainistíochta management
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
bainistíocht lag weak management
" Nár chuige sin atá cumann na n-imreoirí, an GPA? Maidir le Coiste an Chontae, bhí bainistíocht lag – mar bharr ar dhrochbhainistíocht – i gceist, dar liomsa.
easpa scileanna bainistíochta a lack of management skills
" Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.
a chuid taithí bainistíochta his management experience
" Tá an-cháil ar Trapattoni as ucht a chuid taithí bainistíochta san Iodáil agus san Eoraip.
lucht bainistíochta spóirt those involved in sports management
" Cuid mhór de ghnó lucht bainistíochta spóirt sa lá atá inniu ann is ea an obair shíceolaíoch – is é sin, bíonn bainisteoirí agus traenálaithe ag gríosú, ag spreagadh agus ag moladh na n-imreoirí.
ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla. on the board of management of the local school
" Éiríonn daoine chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil ar fud na háite go dtosaíonn siad ag caitheamh léi mar fhíorbhean – castar “chairde” uirthi agus faigheann sí tairiscintí poist chomh maith le háit ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla.
bainistíocht, management
" Baineann sé le bainistíocht, le lipéid cheirníní, le a lán rudaí.
sa bhainistíocht tionscadail, in project management
" Tugann na mic léinn faoi chúrsaí sa cheannaireacht, sa bhainistíocht tionscadail, sa bhainistíocht straitéiseach, sna hilmheáin agus sa ríomhthráchtáil.
leibhéal na bainistíochta managerial level
" Ar leibhéal na bainistíochta, bhí ochtar as deichniúr ina mbaill de na Ridirí.
bainistíocht ghlic wise management
" Labhraítear, cinnte, faoin ráta dífhostaíochta a bheith ag dul in airde, faoin éigeandáil sa tionscal mótair agus faoin ghéarchéim mhuiníne atá ag daoine as na forais airgeadais, ach feictear dom go ndéantar bainistíocht ghlic ar dháileadh na drochnuachta seo sa chaoi is nach gcuirfear lagmhisneach amach is amach ar na Francaigh.
bainistíochta of management
" Faigheann tú buneolas iontach maith fríd an traenáil i gcúrsaí ceannaireachta agus bainistíochta agus faigheann tú léargas ar chúrsaí slándála.
Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta The national assets management agency
" * Bunófar Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta – ‘An Drochbhanc’.
Áisíneacht Bhainistíochta management agency
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
bainistíocht management
" Is iad na ‘grandes écoles’ - an École Nationale d’Administration (riarachán agus bainistíocht), an École Nationale des Ponts et Chaussées (innealtóireacht) nó an Institut Supérieur de l’Aéronautique et de l’Espace i gcathair Toulouse, gan ach trí cinn acu a lua - na forais a bhfuil an rachairt is mó orthu.
bainistíochta management
" Bí cinnte gur le caithréim a ghlac naimhde na Gaeilge le tuarascáil a foilsíodh i dtús na míosa seo caite a léirigh gur fearr an seans go mbeadh post "maith" - gairmiúil, bainistíochta nó teicniúil - ag cainteoirí Gaeilge ná an chuid eile den phobal agus go bhfuil níos lú seans acu a bheith dífhostaithe ná iad siúd nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt.
lucht bainistíochta management
" In ainneoin gurbh é aire rialtais i Roinn an Airgeadais é agus neart cúraimí eile air ag an am, theastaigh uaidh a bheith i láthair ag ceiliúradh na bliana nua i Halla an Bhaile i Neuilly-sur-Seine ag a raibh fáilte roimh mhúinteoirí an cheantair, ionadaithe ó eagraíochtaí tuismitheoirí agus ó lucht bainistíochta scoile.
bainistíochta management
" D’eisigh bord bainistíochta na páirce dréachtphlean riaracháin bliain ó shin inar luadh na fadhbanna éagsúla a bhí ag cur isteach ar an gcarraig: na daoine ag fáil bháis uirthi, an bruscar a fágadh uirthi agus an creimeadh a bhí ag tarlú uirthi.
bainistíochta management
" D’eisigh an rialtas sa Chríoch Thuaidh dréachtphlean bainistíochta anuraidh inár moladh go gceadófaí sealgaireacht safari na gcrogall inbhir.
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta NTMA
" Is léir gur thuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a eisíonn na bannaí ar son an stáit, nach mbeidis in ann bannaí a dhíol ar phraghas measartha nuair a chuir siad ar ceal na ceantanna a bhí le bheith acu i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bhainistíocht Sócmhainní NAMA
" Tá iontas orthu a laghad atá An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bhainistíocht Sócmhainní ag íoc leo as a n-iasachtaí do fhorbróirí réadmhaoine.
bainistíocht management
" Ar nós formhór lucht an phainéil, ní mó ná sásta a bhí an Seanchánach le bainistíocht Mhic Cárthaigh faoi thús samhradh 2008 agus ba ghearr i ndiaidh a mbuailte ag an gClár sa chéad bhabhta den chraobhchomórtas gur chuir na himreoirí deireadh le réimeas Mhic Cárthaigh mar bhainisteoir ar fhoireann Phort Láirge.
an cumas bainistíochta management capability
" Ag am toghcháin ní bhíonn ann ach na páirtithe polaitíochta ag maíomh gur acusan atá na mionbheartais is feidhmiúla agus an cumas bainistíochta is fearr.
bainistíocht na foirne the team management
" Tuigtear anois go ndearna na himreoirí sin agus bainistíocht na foirne botún nuair a ligeadh dóibh imirt, ach mar a dúirt duine amháin, níl íobairt ar bith nach ndéanfadh duine chun imirt i gcluiche ceannais an chontae, ní áirím cluiche ceannais na hÉireann.
lucht bainistíochta management
" Spriocanna ===== Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích: - Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla - Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta - Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair - Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.
lucht bainistíochta management team
" Lár an tsamhraidh agus tá an lá séidte! Imreoirí agus lucht bainistíochta tagtha le chéile ag 10.
bainistíocht management
" Ní thiocfadh leis an eagras é féin a scor mar bhí tuarastail mhóra agus tábhacht nach beag bainte amach ag bainistíocht an mhaorlathais.
feidhmeanna na bainistíochta management functions
" An bhfuil boird áirithe rómhór agus an bhfuil caighdeáin, cumas agus taithí na mball sách maith? An dtuigeann na comhaltaí go soiléir ról s’acu agus an dtig leo idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid dualgais féin agus feidhmeanna na bainistíochta? An n-éilíonn siad agus an bhfaigheann siad oiread eolais agus atá riachtanach lena gcúram a dhéanamh go hiomlán? Má amharcann muid ar ghné amháin den scéal, díol spéise é líon na mball ar bhord stiúrtha MFG, i gcomórtas le cuideachtaí eile.
bainistíocht úsáide talún land-usage management
" Faoi Athmheas ======= Foilsíodh leabhair agus staidéir go leor thar na blianta a chuir faoi bhráid an phobail an cruthúnas go mbíodh bainistíocht úsáide talún ar siúl ag an mhuintir dhúchais ar feadh mílte bliain sular cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
lucht bainistíochta management
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
lucht bainistíochta management
" Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt? Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005 =========================== Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
astu féin agus as an bhainistíocht in themselves and in the management
" Bhí na comharthaí go maith agus bhí muinín acu astu féin agus as an bhainistíocht.
an lucht bainistíochta management
" Cuireadh an milleán ar imreoirí, ar phlean an lucht bainistíochta, ar an gcineál ullmhúcháin, ar thuirse a bheith ar na himreoirí de bharr an iomarca traenála sna seachtainí roimh an chomórtas.
bhainistíocht chríonna wise management
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
bainistíocht an stáisiúin the station management
" Lucht na Gaeilge ag iarraidh réimse níos mó cláracha agus sceidealú níos fearr dóibh agus bainistíocht an stáisiúin ag smaoineamh ar an mbunlíne airgeadais.
Stiúrthóir Bainistíochta managing director
" Labhair an SB (Stiúrthóir Bainistíochta) go tromchúiseach, agus d’fhógair i mbeagán focal go raibh deireadh á chur leis an tionscnamh mór AXE-N.
an fhoireann bhainistíochta management staff
" Bhinn ag leanúint foireann; ‘Na Dubs’, ach anois is cuid den fhoireann mé – an fhoireann bhainistíochta atá i gceist agam.
bainistíochta managing
" Ó thaobh bainistíochta na ngaelscoileanna, feictear gné mhór áirithe i gcodarsnacht le gnáthscoileanna.
neamhspleáchas ag lucht bainistíochta the independence of the management
"neamhspleáchas ag lucht bainistíochta na nGaelscoileanna ó rialú na heaglaise Caitlicí.
Stiúrthóir Bainistíochta CEO
" Is í Ann McGee, Príomh-Chomhairleoir agus Stiúrthóir Bainistíochta an chomhlachta McGee Pharma International, an saineolaí neamhspleách a bhí i mbun na tuarascála seo.
sásta fós le bainistíocht content yet with (F.’s) management
" Sé bliana ina dhiaidh sin, bhí an scéal feabhsaithe beagán, ach ní raibh lucht leanúna Manchester United sásta fós le bainistíocht Ferguson.
Ba é an modh bainistíochta it was the method of management
" Ba é an modh bainistíochta a chleacht Mac Fheargusa de réir dealraimh ná modh an deachtóra fhorlámhaigh.
cúram na bainistíochta the role of managing (them)
" Thóg mé féin agus Ruadhán cúram na bainistíochta orainn féin – teagmháil agus cumarsáid a dhéanamh le himreoirí faoi thraenáil agus faoi chluichí, aire a thabhairt do gheansaithe agus araile.
a chomhghleacaithe ar bhainistíocht his colleagues in management
" D’fhéadfaí an tairngreacht seo a thuiscint mar thagairt don neamairt tromchúiseach a cuireadh i leith Pirrie agus a chomhghleacaithe ar bhainistíocht Harland and Wolff tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill níos déanaí.
stiúrthóir bainistíochta CEO
" Deir Signor Basso, stiúrthóir bainistíochta Cinecittà go gcaithfear roghanna cróga a dhéanamh agus é ag caint faoin phlean ghnó nua atá aige.
bainistíocht management
" Bhí sé de rogha ag bainistíocht WSW conradh nua a réiteach le Ono, ach theip orthu an deis sin a thapú.
lucht bainistíochta management
" Níos tábhachtaí ná a gcumas aonarach áfach, tá tuiscint agus comhimirt eatarthu nach mbíonn le feiceáil ach go hannamh ar na saolta seo a bhuíochas sin don fhealsúnacht peile atá á cur chun cinn ag an lucht bainistíochta.
faoi bhainistíocht rábach under the vigorous management
" Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.
Is mithid do bhainistíocht an it’s time for the management of
" Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.