Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bainteach leis an stáisiún involved with the station
" Tá 104 duine ag obair ar chláracha an sceidil reatha agus is daoine nua iad cúig dhuine is tríocha den dream sin, nach raibh bainteach leis an stáisiún cheana.
bainteach leis involved in
" Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, "Ecu! Ecu!", agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid.
bainteach leis involved with
" "Ní raibh mé buartha faoi bheith ag fanacht le teaghlach Meiriceánach mar go raibh a fhios agam go raibh siad bainteach leis an chlár le roinnt blianta sular shroich mise an áit agus mheas mé go mbeadh tuiscint mhaith acu ar na cúrsaí seo.
bainteach leis involved with
" Bhí sí bainteach leis an iris *Comhar *ar feadh 10 mbliana nó mar sin, mar eagarthóir agus ansin mar bhainisteoir, agus bhain sí an-taitneamh as na hoícheanta a chaith sí ag cur na hirise le chéile leis an siosúr agus an *Pritstick*, agus as a bheith ag obair le daoine mar Bhreandán Ó hEithir, Fiachra Ó Marcaigh agus Fiach Mac Conghail.
bhaintí úsáid as it used to be used
" Téann sé trasna lár an oileáin, agus bhaintí úsáid as mar aicearra go dtí an séipéal.
a bhí bainteach le bunú na heagraíochta who was involved in the founding of the organization
" Cén fáth ar bunaíodh é? D'fhoghlaim gach duine a bhí bainteach le bunú na heagraíochta an Ghaeilge le múinteoirí difriúla agus i ranganna difriúla; nuair a chríochnaigh na ranganna sin, thosaigh na daoine sin ag bualadh le chéile, ag foghlaim na Gaeilge le chéile mar nach raibh aon ranganna ar siúl i Worcester ag an am sin.
bainteach leis involved with
" Litreacha ======= Tá litreacha scríofa ag grúpa s'againne chuig na hairí ar fad atá bainteach leis an scéal, chomh maith le Margot Wallstrom sa gCoimisiún Eorpach.
bainteach connected
" Creideann Finian Fallon, mac de chuid an Gharda Fallon, gurbh é rialtas Jack Lynch, nó daoine a bhí bainteach leis ag an am, ba chúis le dunmharfóirí a athar imeacht saor.
bainteach leis involved with
" Agus gur seo, leis, a thug air amhras a chaitheamh go mí-ionraic ar fhianaise úrnua a thug clár ar TG4 faoi dhúnmharú Fullerton (a raibh mé féin bainteach leis) chun solais le gairid.
bainteach involved
" AÓF: Céard iad na dualgaisí atá ort anois? BNicG: Ní hé go bhfuil aon dualgaisí orm nach mbeinn bainteach leo muna mbeinn i mo Rós.
meathlú matánach bainteach le haois age-related muscular degeneration
" Labhair mé le gairid le Gaillimheach eile, an Dr Simon Kelly, faoin taighde atá déanta aigesean ar an cheangal idir caitheamh tobac agus daille ag baint le haois nó meathlú matánach bainteach le haois (AMD sa Bhéarla).
bainteach leis an tionscadal involved in the project
" Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga.
bainteach leis an bpolaitíocht involved in politics
" Tá Harney ar dhuine de na polaiteoirí sin a thugann íomhá mhaith dóibh siúd atá bainteach leis an bpolaitíocht.
bainteach leis involved in
" Cé mhéad duine atá bainteach leis an eagraíocht? Ó thaobh ballraíochta de, tá níos mó ná 1,000 ball againn faoi láthair.
bainteach leis an eagraíocht involved in the organisation
" Cé mhéad duine atá bainteach leis an eagraíocht? Tá timpeall 1,200 ar ár liosta seoltaí.
bainteach le feachtais éagsúla involved in various campaigns
" ” Feachtais ======= Ó d’fhill Colmán ar Mhaigh Eo i 1977, le dul i mbun oibre i mbunscoil i gCnoc Mhuire, tá sé tar éis bheith bainteach le feachtais éagsúla sa chontae.
bainteach leis an eagraíocht involved in the organisation
" Cé mhéad duine atá bainteach leis an eagraíocht? Tá timpeall 1,200 ar ár liosta seoltaí.
bainteach leis sin involved in that
" Bhí baint ag mo thuismitheoirí le cearta sibhialta agus i rith an ama sin a tharla an chéad Oireachtas i Ros Muc, agus bhí siad bainteach leis sin.
bainteach leis an mbagairt involved in the threat
" D’fhógair coimisinéir na bpóilíní go rabhthas ag fiosrú an bhféadfaí cás ceannairce a thabhairt in aghaidh Bainimarama agus aon duine eile a bhí bainteach leis an mbagairt in aghaidh an rialtais.
bainteach leis an imeacht, involved in the event,
" Tá an tacaíocht atá á fáil acu ó dhaoine éagsúla atá bainteach leis an imeacht, go háirithe na ceoltóirí, i ndiaidh misneach iontach a thabhairt dóibh.
bainteach le heachtra involved in an incident
" Bíonn sé deacair cruinnithe a eagrú agus na páirtithe ar fad a bhí bainteach le heachtra a thabhairt le chéile.
a bhí bainteach leis that were involved with it
" *Aniar: Voices and Verse from the Edge of the World* atá mar theideal ar an saothar seo, agus is cinnte gur éirigh leis an triúr comhoibrithe a bhí bainteach leis atmaisféar ar leith a chruthú ann – tá rian den “Saol Eile” le braith go láidir uaidh.
atá bainteach le which involves
" Tá súil agam nach mbeidh eolas níos tábhachtaí agus níos pearsanta – ar nós cúrsaí sláinte nó airgeadais – i gceist má tharlaíonn scannal eile atá bainteach le seirbhísí idirlín a bheith ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí le fógróirí.
bainteach leo involved in them
" Dar leis an Aire Sábháilteachta Bóthair, Jim Fitzpatrick, bhí níos mó ná 400 timpiste a raibh *sid* *e swipes* bainteach leo sa Bhreatain sa bhliain 2006.
bainteach leis an saol acadúil involved with academic life
" Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
bainteach le involved with
" Bhí Hirst bainteach leis an ghrúpa YBAs (Young British Artists), grúpa a raibh sé mar chuspóir aige ealaín gháifeach a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile.
bainteach le polagamas involved in polygamy
" Scaipeadh na scéalta faoi iad a bheith bainteach le polagamas go fairsing tríd an Eoraip – agus trí Mheiriceá féin, go deimhin – mar gheall ar leabhar dar teideal *A Study in Scarlet* ón tsraith *Sherlock Holmes* a scríobh ag Arthur Conan Doyle in 1887.
bainteach le involved with
" Ba é an clár cainte “Limelight” an ceann deireanach a raibh sí bainteach leis sular chinn sí ar chúl a thabhairt leis an obair theilifíse.
bainteach le to do with
" Tá Gaelchultúr anois ag díriú isteach ar nideoga ar leith: forbairt acmhainní teagaisc, cuir i gcás, agus seirbhísí a chur ar fáil atá bainteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.
bhaintí an talamh díobh the land used to be taken from them
" Nuair a thagtaí ar Shasanaigh nó ar Éireannaigh a raibh cónaí orthu i measc na Sasanach agus an Ghaeilge a á labhairt acu, bhaintí an talamh díobh agus chuirtí i bpríosún iad go dtí go n-íocadh siad fíneáil agus go ngealladh siad go labhródh siad Béarla.
bainteach le involved in
" Environment” mar gheall ar a cháil mar chomhshaolaí mór le rá – bainteach le scannal comhshaoil chomh maith.
bainteach leis an ngluaiseacht involved with the movement
" In Éirinn, dúirt Tang Liang, ar Síneach é atá ag gabháil do chéim in UCC, go raibh sé ciaptha leis an imní mar gheall ar gur gabhadh a thuismitheoirí i rith an tsamhraidh agus é curtha ina leith go bhfuil siad bainteach leis an ngluaiseacht Falun Gong.
bainteach involved
" Ní raibh Jim bainteach leis an tionscadal ag an tús; ba é fear ceamara darb ainm dó Ken Fogarty a chuir tús leis an gclár in éineacht linn.
bainteach involved
" Níorbh aon ionadh é, b’fhéidir, agus go leor ball de chuid Chlub 1001 ina gcomhaltaí de chuid Broederbond, cumann cumhachtach san Afraic Theas a raibh sé mar aidhm acu siúd a bhí bainteach leis réimeas an chine ghil a choinneáil sa tír sin.
bainteach involved
" Ach is léir go bhfuil cuid mhór daoine i mBaile Átha Cliath ar spéis leo a bheith ag plé leis an gcraoltóireacht mar chaitheamh aimsire: tá céad duine bainteach leis an tseirbhís faoi láthair ar bhonn deonach.
an-bhainteach le greatly associated with
" com an bhliain seo caite agus tá cara eile liom an-bhainteach le edenbee.
bainteach léi pertaining to it
" Tá Uluru, nó Carraig Ayers, ar cheann de na seoda aiceanta is cáiliúla san Astráil a mheallann turasóirí chucu, ach tá stair chontúirteach bainteach léi beagnach ón lá a chonaic an fear geal í de chéaduair.
bainteach leis pertaining to
" Baineann saothar Deller le téamaí éagsúla agus bíonn go leor acu bainteach leis an drámaíocht shóisialta.
níos baintí more involved
" Caithfidh siad a bheith níos baintí leis an saol scolártha.
bainteach le connected to
" ) Bíonn gach Tosú Conspóideach ================ Bhí conspóid bainteach leis an dámhachtain ón chéad lá riamh, mar a léirigh an scéal thuas, agus bhí cúrsaí amhlaidh leis i mbliana, mar a mhíneoidh mé thíos.
bainteach leis taking part in it
" Tá lasracha na loiscneoirí mar mheafar ar an fhearg agus brón a mhothaíonn sí go domhain inti féin agus tugann an feachtas, agus na mná atá bainteach leis, an mhuinín di dul ar ais chuig an oideachas, cor ina saol a spreagann go mór í agus a chuireann tús le saol úr san Eolaíocht Comhshaoil.
bhfuil sé bainteach leis an aigne seo is he connected to this psyche
" Meas tú, an gceapann sé go bhfuil sé bainteach leis an aigne seo nó an bhfuil sé ag iarraidh éalú uaidh mar fhear Gaeltachta? Tar ar ais go Camus ======== D'fhág sí mé go uaigneach in sa ngleann, uaigneach gan chairde ná gan chlann, chuaigh sí anonn, go Boston Mheiriceá Tar ar ais go Camus sin mo phaidir chuile lá Tar ar ais go Camus, tar ar ais go Camus, tar ar ais, nuair a bhíonn an féar ag fás Tá saol an bhaitseailéara anseo i gCamus i gcruachás.
Bhaintí mífheidhm as creideamh religion was abused
" Bhaintí mífheidhm as creideamh i bpolaitíocht na tíre seo na blianta ó shin.
bainteach le treascairt pertaining to G’s downfall
" Ba chleas glic é, mar sin, gur cheap Rudd triúr ban sa bhreis ina aireacht, le léiriú nach raibh aon ghnéasachas bainteach le treascairt Gillard.
tá baol mór bainteach leis there's a danger pertinent to
" Ach tá baol mór bainteach leis an titim chéanna – is cosúil gur Ioslamaithe antoisceacha iad cuid de cheannaircigh seo na Siria, agus roinnt acu bainteach le Al Qaeda, fiú.
iad go léir bainteach le all part of
" Ní hamháin gur staidiam nua-aoiseach é ar nós Pháirc an Chrócaigh (gan a bheith chomh mór leis) ach bhí idir shiopaí, bhialanna agus thábhairní taobh amuigh agus iad go léir bainteach le staidiam na ‘New England Patriots’.
atá bainteach leis bréagach pertaining to it false
" Ní bhíonn brú ar na damhsóirí a bheith chomh tarraingteach sin sa chaoi go bhfuil chuile shórt atá bainteach leis bréagach! Labhair Annette Hill í féin faoin chuma a bhíonn ar roinnt de na páistí.
bainteach le comóradh an tsárchruitire seo to partake in commemorating the brilliant harpist
" Bhí mórtas millteach ar Chomhaltas Charraig Mhachaire Róis, an cumann is gaire do Mhachaire Cluaine cion is go raibh siadsan in ann a bheith bainteach le comóradh an tsárchruitire seo.
an chuid den ghlúin atá bainteach le gluaiseacht part of the knee which pertains to movement
" Seo an lá ar rinneadh ciseach dá ballnasc croiseach tosaigh; an chuid den ghlúin atá bainteach le gluaiseacht agus rothlúchán.
bainteach leis involved with
" Labhair Caoimhe Ní Laighin le roinnt de na daoine atá bainteach leis an bhféile drámaíochta Borradh Buan, atá ar siúl i mBaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na míosa seo.
bainteach le involved in
" Bhí Mairéad Bean Uí Ghallchóir, ó Chraobh Phádraig Mhic Phiarais de Chonradh na Gaeilge, Glaschú, ar dhuine de na daoine a bhí bainteach le hócáid an mhí seo caite a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do Sheán Ó Fiannaí, fear atá ag obair go dícheallach ar son na Gaeilge sa chathair ó bhí 1945 ann.
bainteach leis involved in it
" Cháin go leor de na criticeoirí teilifíse an clár “Ní Gaeilgeoir mé” nuair a craoladh é ar TG4 an mhí seo caite ach níl aon aiféala ar an láithreoir, Aoife Ní Thuairisc, go raibh sí bainteach leis.
bainteach involved
" Is í an chúis is mó a bhfuil sí i ndiaidh a bheith bainteach léi le dhá bhliain is fiche anuas, áfach, ná feasacht a chruthú i leith fhulaingt pháistí Shearnóbail agus is chuige sin a bhunaigh sí The Chernobyl Children’s Project ag tús na nóchaidí.