Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bairille barrel
" "An bairille a mbíonn fíon ann, fanann an braon ins na cláir," a deirtear.
bairille barrels
" Tá daoine ann nach n-aontaíonn leis na mílte bairille a bheith sa chuan ach, ag deireadh an lae, is fostaíocht é ó na hacmhainní nádúrtha atá againn.
na bairillí ag cur thar maoil the barrels overflowing
" An leor sin daoibh?” “Is leor sin dúinne!” arsa an boc mór rúnda, agus as go brách leo le Leamh ina measc chuig puball na haíochta, áit a raibh an gabhar á róstadh agus na bairillí ag cur thar maoil.
bairille barrel
" Le bairille an ghunna bhuail mé arís agus arís nó gur phléasc an ghloine—ina chíréib a bhí sé agus an slua ag teitheadh—agus sháigh amach é.
cúig bhairille pórtair five barrels of porter
" Bhrúigh Balor an Biatach Blonagach a bhealach fríd na sluaite, bhailigh sé cúig bhairille pórtair leis ón bheár, agus ar aghaidh leis amach go dtí forhalla an óstáin, áit a raibh rudaí ní ba shéimhe, ní ba chiúine, ní ba chosúla leis an seanam, agus áit a raibh cuid mhór de sheanchairde Bhaloir cruinnithe le bheith ag ól agus ag ceol go maidin.
cúpla bairille pórtair, a couple of barrels of porter,
" “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé: “Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.
na bairillí breise Guinness the extra barrels of Guinness
" Beidh an tAthair ag cur fainice ar dhaoine fá dtaobh d’aimhleas an óil, an Mac ag fanacht amach ón GAA - na Gaeilgeoirí Aeracha Aontaithe - agus an triúr acu ag iarraidh díchoimisiúnú a dhéanamh ar na bairillí breise Guinness a bheas curtha i dtaisce ar eagla na hEaglaise ag Gearóid Ó Mór Ghuth.
bhairille barrel
" Is ar bhuille an mheán oíche ar an gCéadaoin a osclaítear an chéad bhairille den Beaujolais Nouveau agus tuigtear dom go scaoiltear suas le 39 milliún buidéal fíona ar an margadh náisiúnta agus idirnáisiúnta.
bairillí folmha empty barrels
" Bhí bairillí folmha thall agus abhus.
roinnt bairillí móra beorach some big barrels of beer
" Tá an chistin lán bia agus an siléar lán fíona…” “Caidé sin a dúirt tú faoin chistin agus faoin siléar?” “Lá bia agus lán fíona, agus tá roinnt bairillí móra beorach sa seomra stórais…” “Cén áit a gcuirfidh mé an ghairleog lofa seo, a Angela?” Agus, a léitheoirí dílse, nuair a thiocfaidh an scéal amach go bhfuil ár gcuid fiacha maite dúinn, beidh a fhios agaibh nach d’Enda ná do Michael Noone a bhfuil an chreidiúint ag dul, ach do Bhalor an Laoch, a chroch suas a mhisneach ar son na hÉireann.