Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhuiséid chomhardaithe balanced budgets
" Bhí sé ar son bhuiséid chomhardaithe agus gheall sé go ngearrfadh sé siar ar líon na státseirbhíseach agus ar chaiteachas an rialtais.
cothrom balanced
" Tá sé deacair na laethanta seo dearcadh cothrom a chur chun cinn i Meiriceá maidir le bia, go háirithe agus líon ollmhór daoine i bhfad ró-ramhar nó neamhoird itheacháin ag cur as dóibh.
breithiúnas meáite, tomhaiste balanced, measured judgement
" Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh.
an-chothrom very fair, balanced
" Agus bhí rud inteacht an-chothrom fá dtaobh daofa; cothrom ar bhealach nach mbíonn i gceist ó thaobh na ndaoine a chleachtann polagamas.
cothrom fair or balanced
" Níl an córas mar atá sé faoi láthair ceart ná cothrom.
níos cothroime more evenly balanced
" Níl aon amhras ach go bhfuil rudaí go holc, ach más é an t-aon rud a chluinimid achan lá ná a dhonacht is atá gach rud, bí cinnte de go rachaidh rudaí in olcas i bhfad níos gaiste ná mar a rachfaidís dá mbeadh dearcadh níos cothroime againn ar an scéal.
tomhaiste balanced
" Guth tomhaiste, físiúil, dúshlánach.
chothram balanced
" Tá siúráltacht chothram i bhfeasacht aestéitiúil ‘Kakera’ tríd síos freisin.
buiséad cothromaithe a balanced budget
" Tá comhdhearcadh ann gur gá ciorruithe, ‘buiséad cothromaithe’ agus go gcaithfidh muid a bheith deas le lucht an rachmais nó gortóidh siad sinn agus tá an comhdhearcadh sin ag na páirtithe ó thuaidh, agus ag Sinn Féin féin chomh maith le cách.
comhardaithe adjusted, balanced
" Bíonn cáinaisnéis déine sa chéad bhliain i réim an rialtais, sa dara bliain bíonn sí comhardaithe agus sa tríú bliain bíonn sí fíorfhlaithiúil le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh ag an gcéad olltoghchán eile.