Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bratacha banners
" Téann na heaspaig agus na sagairt agus scata mór den phobal thart, agus bíonn daoine gléasta in éadaí traidisiúnta agus ag iompar bratacha móra maisithe agus dealbha na naomh.
bratacha banners
" Fógraíonn *graffiti*, T-léinte le manaí, bratacha, péintéireacht, múracha agus dealbhóireacht go bhfuil rud éigin daingean ionainn mar dhaoine a dhiúltaíonn do chaimiléireacht agus a chinntíonn go bhfuil an spiorad daonna beo.
meirgí banners
" Ar cheann de na meirgí atá crochta ag lucht na hagóide, fógraítear: “Ná Tugaigí Aithis Dá Ainm!” Tá beirt iomám ina seasamh ar thaobh an bhóthair agus iad ag amharc ar na hagóideoirí ag dul thar bráid.
meirge banner
" Nuair a d’fhill an tAthair James Nugent go Learpholl in 1888, chuir na daoine meirge amach a raibh na focail “Céad mille failthe, saggarth aroon,” air – agus sin teachtaireacht do shagart de bhunadh Éireannach a rugadh agus a tógadh i Learpholl.
mana agus meirge motto and banner
" D’athraigh sé na rialacha faoina dtroidfí an toghchán, a rinne an toghchán níos cosúla le toghchán comhairle chontae, sa méid is go raibh cead ag iarrthóirí na bpáirtithe, ainm, mana agus meirge an pháirtí a chur ar an bpáipéar ballóide, ach níor tugadh an cead céanna d’iarrthóirí a bheadh ainmnithe ag eagraíocht phobal sa nGaeltacht.
bratach banner
" Bhí mé i mo chónaí i Harlow, Essex, faoin am sin, agus rinne muid bratach nua *Troops Out Movement Harlow* faoi choinne an mhórshiúil ó Kilburn (ceantar Éireannach i dtuaisceart na cathrach) go dtí lár na cathrach.
leathmhaide na brataí one of the banner-sticks
" Bhí mé féin i mo sheasamh le leathmhaide na brataí i mo láimh agam.
Meirge banner
" Chonaic mé bratach eile, bratach Thuaisceart Éireann nó Meirge Uladh mar a thugtar go hoifigiúil air.
ar mheirge ollmhór dá gcuid on a massive banner of theirs
" An dream tacaíochta seo in Éirinn, an IPSC, níl siad dall ar na cosúlachtaí seo agus feictear dhá ghrianghraf le taobh a chéile ar mheirge ollmhór dá gcuid a léiríonn an chosúlacht atá ag scéal an dá thír lena chéile.
an meirge sin that banner
" Mórchuid d’oidhreacht mhuintir Uladh é an meirge sin.
bhfaca mé meirge I saw a banner
" go dtí go bhfaca mé meirge ar a raibh na focail Civil Rights Assocation scríofa.
meirgí gorma blue banners
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
mheirge ár Maorgachta our regent’s banner
" Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.