Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gníomh barbartha barbaric act
" Is iomaí gníomh barbartha a raibh fórsaí rúnda Arm na Breataine freagrach as ar an oileán seo le linn Chogadh na Saoirse.
barbartha barbaric
" Bhí gach duine in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas, ach an túisce is a tháinig siad go leic an dorais againn féin, d'éiríomar sprionlaithe, agus ceachartha agus just fucking barbartha i ndáiríre.
gníomhartha barbartha barbaric deeds
" Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí.
ghníomhartha barbartha barbaric acts
" Le linn na tréimhse 30 bliain inar mhair an cogadh, níor chreid mé riamh go raibh dualgas ar cheannairí Shinn Féin cáineadh poiblí a dhéanamh ar ghníomhartha barbartha an IRA, ná go raibh orthu míniú nó freagra a thabhairt ar na huafáis chéanna.
barbartha barbaric
" Ní hiad spéirlingí fíochmhara Mheiriceá ná creathanna tobanna talún sa Phacastáin ná an cogadh fuilteach, barbartha san Iaráic atá i gceist agam ach an oiread, ach domhan an spóirt anseo in Éirinn.
sa ghníomh barbartha seo in this barbaric act
" Cé nár chruthaigh Fiosrúchán Barron amach is amach go raibh lámh ag seirbhísí rúnda na Breataine sa ghníomh barbartha seo, chuaigh sé an-ghar dó.
sa ghníomh barbartha seo in this barbaric act
" Cé nár chruthaigh Fiosrúchán Barron amach is amach go raibh lámh ag seirbhísí rúnda na Breataine sa ghníomh barbartha seo, chuaigh sé an-ghar dó.
go barbartha. barbarically
" Ionsaí fíochmhar ab ea é inar maraíodh thart ar 2,000 duine, cuid acu go barbartha.
barbartha brutal
" Is cluiche barbartha é, im thuairimse, agus is ag dul in olcas atá sé.
heachtraí ba bharbartha most barbaric incidents
" An bhfuil an ceart acu, meas tú? Ar ndóigh, bhí baint nach beag ag cúrsaí ionannais – ionannas cine agus cultúrtha – leis na heachtraí ba bharbartha a tharla le linn an fhichiú haois agus arís ar na mallaibh – na mórshléachtanna a mharaigh na milliúin daoine san Uileloscadh, gan trácht ar Ruanda agus ar Bhoisnia.
cuma bharbartha, aineolach an ignorant barbaric appearance
"cuma bharbartha, aineolach ar úsáid na draide le hais gníomhartha foréigneacha eile a tharlaíonn i gcúrsaí spóirt.
nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh barbarous British colonization was uncovered in the north
" Thagadh na feachtais seo, a raibh díchobhsú an chórais dhlíthiúil Bhriotanaigh a bhí fréamhaithe leis na céadta bliain mar aidhm acu, go buaicphointe i stailceanna ocrais na bliana 1980 nuair a nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh os comhair shúile an domhain mhóir den chéad uair, trí mheán na teilifíse ach go háirithe.