Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcrúba beaga bídeacha tiny little hooves
" Bhí cuma iontach gleoite ar na hasail, lena n-aghaidh fhionnaitheach agus a gcrúba beaga bídeacha.
eaglais bheag bhídeach a tiny church
" Thóg seisean eaglais bheag bhídeach ag Sabhall, gar don loch.
ruainne beag bídeach a tiny piece
" Tá New South Wales ar fad, ach amháin ruainne beag bídeach sna Snowy Mountains, fógartha faoi thriomach.
gnó beag bídeach tiny business
" Is gnó beag bídeach é agus níl mórán airgid ann chun feachtas mór a dhéanamh sa Fhrainc, mar shampla.
fidil bheag bhídeach tiny little fiddle
" Tar éis bliain amháin a chaitheamh ar an uirlis bheag álainn sin, an fheadóg stáin, cheannaigh mo mháthair fidil bheag bhídeach dhom i mBaile Átha Cliath.
ceithre shuíochán bheaga bhídeacha four tiny little seats
" Ach, bhur mbarúil an raibh Éamonn Ó Doornail, eagarthóir *Beo Ar Éigean*, sásta íoc as ceithre shuíochán bheaga bhídeacha in eitleán de chuid Aero Lingo chun corp collaideach caomh an iriseora mhóir a iompar trasna na farraige chun an Oileáin Úir? Bealach ar bith! Cad é eile a mbeadh sibh ag súil leis? Ach, ar an dea-uair, tharla go roinnt spáis fágtha ar an eitleán lasta ab éigean d’Fhoraois na Gaeilge a fháil ar cíos chun an fíor-Joe Mac Donnchadha a iompar anonn.
móramh beag bídeach a tiny majority
" D’éirigh leis an bhfreasúra faoi cheannas Romano Prodi móramh beag bídeach, tuairim is 25,000 vóta a fháil sa teach íochtarach ach de bharr athruithe le móramh a chinntiú don bhuaiteoir, is leor sin le 63 suíochán breise a bheith acu.
cogar beag bídeach a tiny whisper
" Agus rachaidh Máirtín ó choirpeach go coirpeach agus cuirfidh sé cogar beag bídeach isteach ina gcluas chlé.
i maighnéid bheaga bhídeacha. in tiny magnets.
" Tá na dioscaí sin bunaithe ar chórais mhaighnéadacha agus tá an t-eolas orthu i bhfoirm dhigiteach i maighnéid bheaga bhídeacha.
feirmeacha beaga bídeacha tiny farms
" Ar feadh cúpla míle, tá croiteanna le feiceáil, ar feirmeacha beaga bídeacha iad agus páirceanna i stráicí acu.
rudaí beaga bídeacha tiny little things
" Ach dá mhéad a éiríonn an comhlacht rathúil is ea is minice a bhím ag plé le cúrsaí cánach agus cuntais agus rudaí beaga bídeacha eile a gcaithfidh tú a bheith ag smaoineamh orthu an t-am ar fad.
sciotachán beag bídeach a little tiny scut
" Rinne sé sciotachán beag bídeach den chréatúr bocht.
na limistéir bheaga bhídeacha the small tiny pockets or regions
" Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh.
néamhainn bheaga bhídeacha tiny diamonds
" Earraí de gach saghas a bhí ar díol sa mhargadh oscailte sin agus is cuimhin liom gur bhraith mé ciontach ar bhealach tar éis dom barr a cheannach ar $3, mála ar $5 agus fáisceán gruaige le néamhainn bheaga bhídeacha ar 50c.
beag bídeach small and tiny
" Táthar ag rá faoi láthair go bhfuil timpeall 20 milliún úsáideoirí ar Google+; beag bídeach le hais an bhreis is 600m atá ag Facebook.
mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach both of you bend over a wee tiny screen
" Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach.
ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort it’s no harm to quiz you on just one small thing
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
beag bídeach small and tiny
" Tá Oisín 20 bliain d’aois agus tá sé ag imirt peile agus iománaíochta ó bhí sé beag bídeach.