Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is lú aithne least known
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
is lú achair the smallest
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
is lú an fonn a bheidh orthu they will be less enthusiastic
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
gur beag is fiú an teorainn that the border isn't worth much
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
ceann beag wee one
" "An mbeidh ceann beag agat lena chois, a Chiain?" arsa Dónall.
ceann beag wee one
" "An mbeidh ceann beag agat lena chois, a Chiain?" arsa Dónall.
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
Go fóill beag not yet
mór míofar ná beag ramhar big and ugly or short and fat
" Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar.
Níor lú ar Rita an diabhal ná Rita hated nothing more than
" Níor lú ar Rita an diabhal ná Hobnobs ach ní ligfeadh an náire di gan a n-ithe.
a bheag nó a mhór more or less
" Ach tá difear tábhachtach ann idir an dá phobal sa chás seo: tá an chuma chéanna ar na hÉireannaigh agus ar na Sasanaigh, a bheag nó a mhór, agus tá an blas céanna ag an dara glúin, cé go mbíonn siad ag ócáidí sóisialta Éireannacha agus mar sin de.
beag an baol hardly likely
" Mar sin, seo daoibh mo fhreagra ar an gceist "An féidir le duine Gaeilge a fhoghlaim as focail amhrán?": beag an baol! Seoltaí tábhachtacha ======= Bhí mise tinn tuirseach den staid sin ach tháinig an-mhisneach chugam, chuir mé faics chuig ambasáid na hÉireann sa Ghréig agus fuair mé seoltaí tábhachtacha in Éirinn uathu.
Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar he nearly vomited
" Ba bheag nach dtáinig a raibh ina ghoile aniar nuair a chonaic sé an píosa feola a bhí folaithe ag cúl an chuisneora, ann ach go raibh sé beo.
buntáistí nach beag great advantages
" Beidh buntáistí nach beag d'fhorbairt Ollscoil Ghaeltachta in Éirinn mar chuid den fhorbairt seo.
Fan go fóill beag Just wait a while
" "Fan go fóill beag," arsa Nuala.
mulldaí beag a term of endearment to describe a fat 'cherubic' baby. Only used for babies and children, otherwise usually used to poke fun or in an insulting way
" "Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?" arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
ag díbirt bád beag driving out small boats
" Ceaptar nach mó ná sásta atá an cabhlach go bhfuil siad fostaithe ag díbirt bád beag as uiscí thuaisceart na tíre.
bpíb bheag small pipes
" Bhí Anna Mhoireach as Eilean Leòdhais in ardfhoirm, í ag seinm ar an bpíb bheag agus nuair nach raibh sí ag seinm bhí na hamhráin ag sileadh uaithi chomh maith go dtí go raibh sé ina mhaidneachan.
pacaí beaga tosaitheora small starter packs
" Cé go raibh pacaí beaga tosaitheora de bhoinn ar fáil ón 17 Nollaig, níl taithí ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann ar an airgeadra nua seo.
Is beag an baol domh Some chance
" " "Is beag an baol domh," arsa Cian leis féin ach "Maith go leor" a dúirt sé le McAllister.
is beag nár thug sé fúm he nearly attacked me
" Ach chuir sé cár air féin agus, cé go raibh mé ag iarraidh cuidiú leis, is beag nár thug sé fúm.
níor lú uirthi an diabhal she would hate nothing more
" "Tchím," arsa Máire agus shiúil siad leo i dtreo stad na mbus agus í ag smaointiú gur mhór an gar gur preachán í féin nó níor lú uirthi an diabhal ná seisiún taifeadta mar bhronntanas Vailintín.
dornán beag daoine a small number of people
" Is minic le deich mbliana anuas a bhí mé i láthair ag dráma Gaeilge agus gan ach dornán beag daoine sa lucht éisteachta.
is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce blood is thicker than water
" Nuair atá deireadh ráite, ar sé leis féin, is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce.
a bheag nó a mhór more or less
" Athraíonn na ceisteanna ó sheachtain go chéile ach deirtear liom gurb iad na freagraí céanna iad a bheag nó a mhór.
girseach bheag chatach bhán a little curly-haired blond girl
" Bhrúigh sí cnaipe an chloig agus ní raibh sé i bhfad gur oscail girseach bheag chatach bhán an doras.
an Bhreatain Bheag Wales
" Bhronn Séamas I an talamh maith sa cheantar ar eachtrannaigh as an Bhreatain Bheag i 1609 agus tá a sliocht ann go fóill.
gnólachtaí beaga small businesses
" Tionsclaíocht ======= Is beag tionsclaíocht atá sa cheantar féin, amach ó thógálaithe tí agus dornán fear a bhfuil gnólachtaí beaga acu agus a thugann fostaíocht do bheagán.
meangadh beag gáire a small smile
" " Is féidir a lán airgid a shaothrú ag fánseinm a deir siad, meangadh beag gáire ar a n-aghaidh, gan iad sásta aon rún a scaoileadh faoin mhéid a shaothraíodh siad.
gcrúba beaga bídeacha tiny little hooves
" Bhí cuma iontach gleoite ar na hasail, lena n-aghaidh fhionnaitheach agus a gcrúba beaga bídeacha.
aisíocaíocht bheag small repayment
" Níl sa deontas a fuair an CLG ón Rialtas ach aisíocaíocht bheag de chuid den airgead atá faighte ag an Rialtas thar na blianta tríd an gCumann.
tóiteag bheag fhalsa lazy little fat girl
" " Bhí Áine ag coinneáil súil mhaith ar Bhríd nó bhí a fhios aici gur tóiteag bheag fhalsa a bhí inti.
Níor lú ar Bhríd an diabhal Bríd hated nothing more (couldn't stand)
" Níor lú ar Bhríd an diabhal nó a bheith ag obair le Tomás.
pas beag amhrasach a little bit doubtful
" Ag tús ár gcomhrá mhothaigh mé go raibh sí pas beag amhrasach faoi mo leithéidse, bean óg, a bheith ag cur agallaimh uirthi.
Chuaigh mé i scaoll rud beag I panicked a little
" Chuaigh mé i scaoll rud beag, imní orm go rachainn ar strae arís agus go gcaillfinn an bád.
guaim bheag a little self-restraint
" Ach go dtí go mbuann foireann na Poblachta (nó foireann an Tuaiscirt!) Corn na hEorpa nó an Domhain ba chóir dúinn guaim bheag a choinneáil orainn féin.
Léas beag dóchais a little ray of hope
" Léas beag dóchais d'Áth Cliath ná gur bhuaigh an fhoireann Faoi 21 bliain ar Uíbh Fhailí.
soithigh bheaga little vessels
" Cha raibh ionainn ach soithigh bheaga agus chaithfí na soithigh sin a líonadh le hoiread fíricí is a thiocfaí a chur isteach iontu.
a ruaigeadh as a gcuid feirmeacha beaga who were driven from their small farms
" Ach taobh amuigh de féin is iad na seanfhilí nach maireann is mó cáil, mar shampla Séamus Ó Doraidhin a scríobh "Sliabh Liag", Éamonn Ó hEasgain a chum "Mo Chaora Bheag Dhílis" agus an Teachta Dála agus Seanadóir, Míchéal Óg Mac Pháidín, a scríobh mórán píosaí, ach go háirithe "Díbirt an Bhabhdhúin" a thugann cuntas ar na teaghlaigh a ruaigeadh as a gcuid feirmeacha beaga i mBabhdhún.
beag beann ar without heeding
" Is siombail é Páirc an Chrócaigh d'eagraíocht a bhfuil fís agus cuspóirí aige agus an fhéinmhuinín agus an fuinneamh aige dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar éinne.
pas beag a little bit
" Tá an grúpa daoine seo thar a bheith ciúin, iad siúd nach raibh anseo cheana pas beag neirbhíseach, b'fhéidir, faoi bheith ag tabhairt faoi fhoghlaim na teanga.
beag beann ar phríobháideachas not caring about privacy
" As sin chuig an gcith, beag beann ar phríobháideachas ag an staid seo.
nár lú ar Áine an diabhal Áine hated nothing more
" Níor dhúirt an t-athair a dhath ach shuigh sé siar agus a phíopa á lasadh aige, cé go raibh a fhios aige go maith nár lú ar Áine an diabhal nó duine a bheith ag caitheamh ag am dinnéir.
traidhfil scéalta beaga a small number of little stories
" "Tuairim is ar dhá bhliain ó shin d'iarr Raidió na Gaeltachta orm traidhfil scéalta beaga a chur le chéile le cur amach ar an aer.
eaglais bheag bhídeach a tiny church
" Thóg seisean eaglais bheag bhídeach ag Sabhall, gar don loch.
fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán a small group of terrorists hijack the plane
" Nóiméad ina dhiaidh sin fuadaíonn buíon bheag sceimhlitheoirí an t-eitleán agus dhá nóiméad níos deireanaí tiomáintear an 747 - atá lán de bhreosla don turas tras-Atlantach - isteach i dtanca mór plútóiniam ag Sellafield.
ba bheag a bhí ar a shon aige he had little to show for it
" Bhí an óráid déanta aige bliain i ndiaidh bliana faoi ábharachas an tsaoil, faoin chur amú ama agus airgid, ach ba bheag a bhí ar a shon aige.
Thug Aoife rúcadh beag dá huillinn dó Aoife gave him a little jab with her elbow
" Thug Aoife rúcadh beag dá huillinn dó agus dúirt, "Seo, ní deireadh an tsaoil atá ann.
Gothaí móra agus buillí beaga all talk no action
" Gothaí móra agus buillí beaga, sin Réamann agat.
cainéil bhig a small channel
" I gcomthéacs cainéil bhig ar nós TG4, tá sé sin an-ard.
Is beag an baol there is little danger
" Is beag an baol go bhfuil dearmad déanta ar leithéidí Thomáis Criomhthain, Mhuiris Uí Shúilleabháin agus Pheig Sayers a thug seoda litríochta dúinn.
ruainne beag bídeach a tiny piece
" Tá New South Wales ar fad, ach amháin ruainne beag bídeach sna Snowy Mountains, fógartha faoi thriomach.
is beag nach n-admhaíonn sé he nearly admits
" Glacann **Séamus Aldridge** cuid den fhreagracht as an gcúl is cáiliúla a scóráladh riamh sa pheil Ghaelach, cúl Mikey Sheehy do Chiarraí i gcoinne Átha Cliath i 1978 - is beag nach n-admhaíonn sé nár chóir dhó an cic saor a bhronnadh ar Chiarraí as ar scóráil Mikey Sheehy an cúl clúiteach úd.
gnó beag bídeach tiny business
" Is gnó beag bídeach é agus níl mórán airgid ann chun feachtas mór a dhéanamh sa Fhrainc, mar shampla.
beag beann ar a chuid polasaithe regardless of his policies
" Ach an bhfuil an splanc speisialta sin ann a thabharfas ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dó agus dá pháirtí, beag beann ar a chuid polasaithe agus ar a chuid dáiríreachta? Tá an splanc sin ag Bertie.
síol beag cruthaitheach little creative seed
" Nuair a thagann muid ar an saol seo bíonn síol beag cruthaitheach ionainn ar fad.
ba bheag nár éirigh mé as I nearly gave up
" Ní hé sin le rá nár chuir sé agus nach gcuireann sé frustrachas mór orm go minic, agus ba bheag nár éirigh mé as cúpla uair.
na Breataine Bige Wales
" Agus, de réir na dteangeolaithe, an fáth a bhfuil blas cainte mhuintir na háite difriúil ó bhlas na ndaoine eile sa réigiún ná mar gheall ar an mheascán atá ann, idir na hÉireannaigh, mhuintir Lancashire agus mhuintir na Breataine Bige.
dornán beag a small number
" Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach? Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic.
fidil bheag bhídeach tiny little fiddle
" Tar éis bliain amháin a chaitheamh ar an uirlis bheag álainn sin, an fheadóg stáin, cheannaigh mo mháthair fidil bheag bhídeach dhom i mBaile Átha Cliath.
beainín bheag gheancach a small snub-nosed woman
" "Claimeáil, an ea?" a scread beainín bheag gheancach, "agus an carr goidte aige, é ag tiomáint go contúirteach ar luas lasrach óltach ar an taobh contráilte den bhóthar.
beag-is-fiú belittling
" Mura bhfuil an Trimbleach ábalta an Tionól a chur sa tsiúl arís, cad é is fiú beart a chur os comhair an UUP má tá siad le beag-is-fiú a dheánamh de, a deir poblachtánaigh.
snag beag sa ghaoth a lull in the wind
" Bhí snag beag sa ghaoth anois agus nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí bheadh teas ann fosta.
an Bhreatain Bheag Wales
" Bhí múinteoirí as Éirinn, an Bhreatain Bheag, Ceanada agus Albain ansin agus thaitin siad go mór liom mar go raibh siad fial flaithiúil.
feabhas beag small improvement
" Tá feachtais nua mhargaíochta seolta i gcuid mhaith de phríomh-mhargaí na tíre le cúpla mí anuas agus tá muinín ag an Rialtas go mbeidh feabhas beag ar an scéal an bhliain seo chugainn agus go ndúblófar an líon cuairteoirí idir seo agus 2012.
go mbuafadh an Lú that Louth would win
" Bhí go leor hype roimh ré go raibh seans maith go mbuafadh an Lú.
Níor lú air an diabhal ná *flat packs* he hated nothing more than flat packs
" Níor lú air an diabhal ná *flat packs*.
magairlíní beaga corcra little purple orchids
" D'aithin mé an lus míonla, méiríní púca, deora Dé, magairlíní beaga corcra agus an fhéithleog.
ón Bhreatain Bheag from Wales
" Tá Gearóid ag dul go dtí an tSlóvéin ag deireadh na míosa, áit a mbeidh filí ó Thír na mBascach, agus ón Bhreatain Bheag.
is lú cainteoirí with the least speakers
" Is iad na teangacha is lú cainteoirí (de réir fhigiúirí an daonáirimh) atá thíos leis an socrú nua, an clár Breatnaise agus clár Ghàidhlig na hAlban ina measc.
Sa nead beag suáilcis seo in this little nest of happiness
" Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí agus ó na príomhfheidhmeannaigh, i bhfad ón "*Wild Rover*" agus ó "*Brennan on the Moor*", bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: na fíorGhaeil fhíorGhaelacha ina suí thart ag ceol agus ag ól agus ag bladar astu go fíorGhaelach, na fíorGhaeil Mheiriceánacha faoi dhraíocht acu agus ag freastal orthu le deochanna saor in aisce.
blaiseadh beag de na flaithis a small taste of heaven
" Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí agus ó na príomhfheidhmeannaigh, i bhfad ón "*Wild Rover*" agus ó "*Brennan on the Moor*", bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: na fíorGhaeil fhíorGhaelacha ina suí thart ag ceol agus ag ól agus ag bladar astu go fíorGhaelach, na fíorGhaeil Mheiriceánacha faoi dhraíocht acu agus ag freastal orthu le deochanna saor in aisce.
baicle bheag díograiseoirí a small group of enthusiasts
" Bhí baicle bheag díograiseoirí ag obair leo ón tús ar an nuachtán laethúil, ina measc Áine Nic Gearailt atá ina fo-eagarthóir linn faoi láthair.
measartha beag quite small
" Ansin tháinig fear amach, é measartha beag agus féasóg air.
imir bheag ghorm a hint of blue
" Bhí craiceann geal bán orthu agus imir bheag ghorm ann.
is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat it becomes clearer that you have little understanding of it
" "Ní bhíonn a fhios agat achan rud fá ghné ar bith den cheol agus, dá dhoimhneacht a théann tú isteach ann, is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat i ndeireadh na dála, ar nós na cruinne sa chomhthéacs sin," ar sé.
dornán beag a small number
" "Nuair a bhí mise ag toiseacht amach 30 éigin bliain ó shin, ní raibh ach dornán beag píobairí i mBéal Feirste - Robbie Hannon, "Middle" Francie McPeake a theagasc na píobaí dom féin, agus duine nó beirt eile.
ar ball beag very soon
" O'Neill ar ball beag, má chreideann tú na tuairiscí nuachta.
Méadú beag small increase
" Méadú beag a bheas ann, ach caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an fhadhb a bhaineann le cláracha Gaeilge a bheith á gcraoladh ar chainéal Béarla.
a bheag playing down
" Is léir go gcuireann sé isteach go mór ar Maier go bhfuil a bheag déanta ag go leor tráchtairí de Chaitliceachas Éireannach mhuintir Chinnéide, agus go bhfuil íomhá cothaithe díobh mar Ghallbháigh.
baicle bheag a small gang
" Bhí baicle bheag ceithre chéad cloigeann bailithe thart ar an Urramach Willie McCrae, a bhí ag ceol go binn, gan a bhosca ceoil, leagan sean-nóis de "O Salutaris Hostia" i Laidin bhlasta.
cé bheag a little pier-head
" Ansin sroicheann tú cé bheag, óna n-imíonn an bád farantóireachta a théann trasna Loch Feabhail go dtí an Caisleán Nua.
is lú cainteoirí with the least speakers
" Is iad na teangacha is lú cainteoirí (de réir fhigiúirí an daonáirimh) atá thíos leis an socrú nua, an clár Breatnaise agus clár Ghàidhlig na hAlban ina measc.
neamh beag small niggly person
" "Scrios lom," ar sí agus thóg sí an guthán le hiarracht a dhéanamh an coinne a athrú, ach bhí neamh beag d'fháilteoir ag an fhiaclóir agus dúirt sí nach bhfaigheadh sí coinne go deireadh mhí Eanáir, mura nglacfadh sí an ceann seo.
iarthar na Breataine Bige the west of Wales
" Chomh maith le himeachtaí áitiúla, tá MBT ag breathnú taobh amuigh den cheantar leis an tionscadal CCAT (Cultural Co-operation and Touring), tioncadal idir oirdheisceart na hÉireann agus iarthar na Breataine Bige.
rud beag ní ba shine a little older
" Tá a fhios againn gur phós sé bean darbh ainm Catharina Bolnes, Caitliceach a bhí rud beag ní ba shine ná é.
a bhfuil cearr beag air who is a little touched
" Tá mé dubhthinn duit, idir a bheith ag priollaireacht thart agus ag geabaireacht bomaite amháin, agus an chéad rud eile tá tú i do shuí suas áit inteacht agus aoibh an gháire ort mar a bheadh dundarlán ann a bhfuil cearr beag air.
meangadh beag a little smile
" Agus chan meangadh beag a bhí ann ach an oiread ach racht croíúil.
monabhar beag comhrá a quiet hum of conversation
" " Lig an rang osna eile agus thosaigh monabhar beag comhrá, ach tháinig tost ar dheireadh chomh luath agus a thiontaigh an máistir Ó Duibhir ina dtreo.
ag maireachtáil ar phinsean beag living on a small pension
" Pinsean beag ======= Cé go raibh a lán lán airgid ag John Lennon, bhí Charlie ina chónaí in árasán beag leis féin agus lena chat, ag maireachtáil ar phinsean beag, go dtí a bhás féin.
do bhaicle bheag againn to a small group of us
" "Thagadh sé isteach leathuair an chloig luath gach maidin chun Fraincis a mhúineadh do bhaicle bheag againn mar nach raibh an Fhraincis ar chlár na scoile ag an am.
baicle bheag a small group
" Is é cuimhne atá agam air, cé bith acu fíor bréagach an chuimhne, gur stailc i gcuid nuachtán *Times *Londan a ghríosaigh baicle bheag d'aos liteartha na Breataine le páipéar úr le haghaidh na léirmheastóireachta is na hiriseoireachta liteartha a chur ar bun.
le dornán beag blianta anuas in the past few years
" Téamaí ======= Ba liosta le háireamh na hailt atá ligthe i ndearmad ar fad agam ach tá siad seo a leanas ar na daoine agus ar na téamaí a bhí faoi chaibidil sna hailt is cuimhin liom as measc ar léigh mé le dornán beag blianta anuas: Rupert Murdoch, William Shakespeare, D.
baicle bheag a small group
" Is é cuimhne atá agam air, cé bith acu fíor bréagach an chuimhne, gur stailc i gcuid nuachtán *Times *Londan a ghríosaigh baicle bheag d'aos liteartha na Breataine le páipéar úr le haghaidh na léirmheastóireachta is na hiriseoireachta liteartha a chur ar bun.
le dornán beag blianta anuas in the past few years
" Téamaí ======= Ba liosta le háireamh na hailt atá ligthe i ndearmad ar fad agam ach tá siad seo a leanas ar na daoine agus ar na téamaí a bhí faoi chaibidil sna hailt is cuimhin liom as measc ar léigh mé le dornán beag blianta anuas: Rupert Murdoch, William Shakespeare, D.
beag beann ar mhian an phobail without regard for the public's wishes
" Anois tá sé fágtha faoi ghrúpaí agóide amháin an cás a dhéanamh agus táthar ag leanúint leis an scrios, beag beann ar mhian an phobail agus go minic i ngan fhios don phobal.
clib bheag a small tag
" Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
Nach beag agat sin a dhéanamh it's the least you could do
" "Nach beag agat sin a dhéanamh agus gan mé ach agaibh anois agus arís.