Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níos beaichte more accurate
" Bhí iontas orm i 1997 nuair a fuair mé amach go raibh sé ag obair in Oifig Thuaisceart Éireann, go dtí go bhfuair mé amach go raibh Adam Ingram, iarbhall den Ord Oráisteach, ag obair sa roinn chéanna leis, mar Aire Slándála! Bhain Ingram triail go pearsanta as an L21A1, an piléar nua plaisteach atá ag an arm/RUC agus dúirt sé go raibh sé níos beaichte.
níos beaichte more precisely
" Déanann O'Leary iniúchadh ar straitéis an IRA nó, níos beaichte, straitéisí na heagraíochta.
le staitisticí níos beaichte a bhailiú to gather more precise statistics
" Bhí ceantar amháin ar Bhóthar na Seanchille sa dara háit i liosta na 890 SOA (*super output areas*, aonaid úra gheografacha a cumadh le staitisticí níos beaichte a bhailiú).
mar is beaichte a rá. to be exact.
" Is cuma más diúgaire nó duine den lucht gnó thú, beidh suim agat sa scéal is déanaí ó ghrúdlanna Miller agus Coors - nó SABMiller agus Molson Coors mar is beaichte a rá.
mar is beaichte anois as is more accurate
" Agus chuir anbhás Paul Quinn samhnas ar dhaoine a léigh tuairiscí ar an drochíde mhillteanach a fuair sé ó iarbhaill de chuid an IRA, nó, mar is beaichte anois a thabhairt orthu, baill an iar-IRA.
le bheith níos beaichte. to be more precise
" Easnamh eile atá ann ó thaobh chearta na ndaoine aeracha de is ea an pósadh, nó an cosc ar phósadh le bheith níos beaichte.