Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
léasadh brúidiúil brutal beating
" Ar an 3 Márta, 1991, thug póilíní i Los Angeles léasadh brúidiúil do Rodney King.
léasadh brúidiúil a brutal beating
" Ar an 6 Deireadh Fómhair, 1998, fuadaíodh Matthew Shepard, fear aerach bliain is fiche a bhí ina chónaí in Albany County, Wyoming, tugadh amach faoin tuath é, tugadh léasadh brúidiúil dó, agus fágadh ansin é le bás a fháil.
gríosáil beating
" Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d'imigh - a chur i Seomra 220.
gríosáil mhillteanach terrible beating
" Tugtar gríosáil mhillteanach don bheirt Chaitliceach.
gríosáil beating
" "Fuadaíodh" Bobby Tohill ó theach tábhairne i lár chathair Bhéal Feirste agus tugadh gríosáil dó.
gríosáil mhillteanach terrible beating
" Mhaígh sé gur caitheadh liathróidí gailf ar mhná Protastúnacha, agus gur tugadh gríosáil mhillteanach do Phrotastúnaigh ag an deireadh seachtaine.
ag spalpadh anuas beating down
" Lá iontach te, agus an ghrian ag spalpadh anuas ar an gcosán.
agus leanann de bheith á bhualadh and continues beating him
" A Mholly, an bhfuil tú istigh? FX: Buaileann Molly Mánas ar a cheann le scilléad agus leanann de bheith á bhualadh le linn an chomhrá.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
ag bualadh go fiáin beating wildly
" Shiúil mé síos an staighre go mall agus go ciúin, mo chroí ag bualadh go fiáin i mo chliabhrach, na deora réidh le sileadh.
ag buachaint orthu beating them
" An tseachtain seo caite, tháinig na Brockton Rox anuas as Massachusetts agus rinneadar slad ar na Jackals, ag buachaint orthu 10-1.
ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil beating the wood of the counter with the rhythm of the music
" Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
pé bascadh is mian leo whatever beating they want
" Agus na príosúin seo in áiteanna nach bhfuil dlíthe an Domhain Thiar i réim, tá cead ag na séiléirí pé bascadh is mian leo a thabhairt do na príosúnaigh.
bascadh agus baiscneadh bashing and beating
" Agus bagrófar iompú léine agus bagrófar bascadh agus baiscneadh agus batráil má iompaítear.
ag preabadh, beating,
" Tá an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
ag buachaint ar Ghaillimh, beating Galway,
" Is fíor a rá go raibh níos mó cluichí i mbliana ann a bhí fíormhaith ná mar a bhí le blianta beaga anuas, agus bhí roinnt torthaí suimiúla sa tSraith Náisiúnta, go mór mór Áth Cliath ag buachaint ar Ghaillimh, ar Luimneach agus comhscór acu le Cill Chainnigh, ach ag an am céanna ní raibh dóthain iomaíochta in a lán de na cluichí le go bhféadfaí a rá go raibh séasúr sármhaith ann.
gríosáil beating
" Bhí an t-ádh orm; chluininn scéalta fá mo chairde ar tugadh gríosáil dóibh as siocair iad a bheith ina gCaitlicigh.
gríosáil a beating
" Níor chuir sé isteach ar aonduine ach thug na péas gríosáil don fhear a raibh sé aige.
smísteáil fhíochmhar fierce beating
" Ní tharlaíonn rud ar bith ar feadh bomaite uafásach go dtí go n-éiríonn cineál de gháir chatha agus tarraingítear na príosúnaigh nochta amach duine ar dhuine le smísteáil fhíochmhar a fháil agus iad ar na ceithre boinn ag dul suas an dorchla.
léasadh a beating
"léasadh tugtha acu do Thiobraid Árann agus do Chorcaigh, agus seachas i gcoinne Phort Láirge sa dara cluiche, níl aon chluiche caillte acu sa sraithchomórtas, cé go ndeachaigh Luimneach agus Áth Cliath gar dó sin a dhéanamh.
bhualadh beating
" Bhain Rangers sraith na hAlban an la sin i ndiaidh iad Dundee United a bhualadh agus Celtic cluiche cothrom a imirt in éadan Hearts agus ba leor sin mar leithscéal ionsaí a dhéanamh ar cheantar Caitliceach.
ghrian ag scalladh sun beating down
" Bhí an ghrian ag scalladh! Stopamar ag seinnt ag leath uaire tar éís a dó dhéag.
níl buaileadh amach no beating
" Ach níl buaileadh amach ar an taithí agus an lánaibíocht, agus cé go raibh orm i bhfad ní ba mhó obair a chur isteach i ngach gné de mo shlí bheatha, stad sé a chur isteach orm go raibh damhsóirí níos óige agus níos corpacmhainní ná mé ag teacht aníos ar mo chúl.
léasadh a beating
" Ní fada go dtugtar léasadh do mhac an Bharúin; basctar mac na mná cabhrach chomh dona sin (lead álainn le siondróm Down) gur ar éigean a shlánófar a amharc.
bascadh beating
" Agus bagrófar iompú léine agus bagrófar bascadh agus batráil má iompaítear agus mura n-iompraítear.
drochléasadh a bad beating
" Cuir i gcás Máire Nic Daibhéid as Tír Eoghain (lgh (220, 222) a tógadh ar ghannchuid an Bhéarla agus nár dhearmad go lá a báis an drochléasadh a fuair sí óna hathair ina hóige as fanacht lá ón scoil – láthair sealbhaithe na teanga coimhthí a bhí de dhíth ar chách.
léasadh a beating
" I gcodarsnacht le scéal Thiobraid Árann, chaill Corcaigh craobh na Mumhan agus thug Cill Chainnigh léasadh agus ceacht iomána dóibh ina dhiaidh sin.
léasadh beating
" Thug an léasadh a bhronn Corcaigh orthu mar sin ceacht an-tábhachtach dóibh: mura mbíonn an intinn dírithe i gceart ar chluiche, is furasta cailleadh.
greadadh a beating
" Bhí muid ag súil le greadadh ach ní thiocfadh leis an té ba dhuairce a thuar go gcaillfeadh muid a oiread sin suíochán.
Cniogadh an Duine beating down the human
" Cniogadh an Duine, Biseach Chiste an Stáit ================ Cailltear amuigh is istigh ar $10 billiún sna meaisíní cearrbhachais in aghaidh na bliana agus bailíonn rialtais na stát agus na gcríoch sa bhreis ar $4 billiún gach bliain as an gcáin a ghearrtar orthu.
léasadh beating
" Nuair a rinne garda slándála an tsiopa, Mark Mac Phail, iarracht an léasadh a stad, ardaíodh an gunna, agus lámhachadh Mac Phail faoi dhó, uair amháin san aghaidh, agus uair eile tríd an gcroí.
ag bualadh a gcomharsana beating their neighbours
" 
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d'Éirinn, éacht a chruthaigh an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile! Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d'éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit.
an chipeadraíl the beating
" Agus is mar gheall air sin a tugadh isteach riail na cearnóige bige: chun cosaint a thabhairt don chúl báire agus deireadh a chur ag an am céanna leis an bprácás agus leis an chipeadraíl a bhíodh ag tarlú gar don chúl.
cuimhneamh ar léasadh remember a beating
" Ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael buaileadh iománaithe Átha Cliath go minic in aghaidh foirne maithe, ach is deacair ag duine beo cuimhneamh ar léasadh chomh holc á thabhairt ar fhoireann na hArdchathrach is a tugadh ar an Satharn 23 Meitheamh seo caite.
más é an treascairt a bhí i ndán dóibh if that was the beating they were destined for
" D’aithin muintir Átha Cliath nár ghnáthpheileadóirí iad Páidí, Jack, Mikey, Pat agus araile, agus thuigeadar freisin más é an treascairt a bhí i ndán dóibh go rómhinic gurb í an fhoireann peile ab fhearr a bhí ann riamh a bhí á gcéasadh.
Drochghreadadh a bhí in ann a bad beating was in store
" D’fhiafraítí de choimhtígh: *'Wha' are yese? Billy or a Dan?'* Drochghreadadh a bhí in ann don té a thug freagra contráilte ar an cheist sin nó go deimhin don té a dhiúltaíodh freagra a thabhairt air.
an liúradh the beating
" Ar bhealach tá an liúradh a fuair siad ar aon dul leis an liúradh a tugadh d’Fhianna Fáil thiar sa bhliain 2011.
an leadradh the beating
" Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad? Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.
Beidh mé ag gearradh cosán dearg siar ann I’ll be beating a track out there to the west
" Beidh mé ag gearradh cosán dearg siar ann feasta.
le tua lucht staire (took) a beating from historians
" Thit mír eile de laochas na litríochta agus an bhéaloidis le tua lucht staire le déanaí, ach b’fhearr le Gabriel Rosenstock léamh an laochais agus iomthúsa Teaghlaigh an Bhoird Chruinn a choimeád slán ina chuimhne féin.