Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go gcreidtear that there is a belief
" Ainneoin go bhfuil an méid trádála a dhéanann Éire leis an Mheánoirthear beag go maith, léiríonn oscailt na hoifige seo go gcreidtear go bhfuil féidearthachtaí móra do chomhlachtaí Éireannacha maidir le margaí nua sa taobh sin den domhan.
an dearcadh Giúdach-Críostaí ar chúrsaí gnéis the Judeo-Christian beliefs on sexuality
" Tá an-mholadh tugtha ag an Eite Dheas Chráifeach don chlár seo, ach deir siad siúd atá ina choinne go bhfuil an dearcadh Giúdach-Críostaí ar chúrsaí gnéis mar bhunús leis, agus nár cheart go mbeadh sé seo amhlaidh i gcuraclam na scoileanna poiblí.
ceaptar go forleathan there is a widespread belief
" Tá go leor ag déanamh iontais go bhfuil an rúnaí ina phost go fóill, agus ceaptar go forleathan go bhfuil sé ann mar nach bhfuil éinne eile a ghlacfaidh leis an bpost.
ceaptar go forleathan there is a widespread belief
" Tá go leor ag déanamh iontais go bhfuil an rúnaí ina phost go fóill, agus ceaptar go forleathan go bhfuil sé ann mar nach bhfuil éinne eile a ghlacfaidh leis an bpost.
tuairim dhiongbháilte na bPolannach the Poles' firm belief
" Is é tuairim dhiongbháilte na bPolannach gurbh éagóir fhollasach é seo agus goilleann sé orthu go dtí an lá atá inniu ann.
níl faitíos orthu cloí lena gcreideamh, they're not afraid to stick to their belief,
" Cén fáth a bhfuil tú sásta foireann cheamara mar seo a ligean isteach chun leas a bhaint asainn, as ár *tipuna* (sinsear), agus brabús a dhéanamh as? Céard a bheidh againne?’” Léiríonn an méid sin, b’fhéidir, an fáth ar mhair an cultúr Maorach, ainneoin bhrú an domhain Pākehā – níl faitíos orthu cloí lena gcreideamh, cuireann siad ceisteanna, tá anam an phobail fós láidir.
dá séanfadh sé a chreideamh i nDia. if he repudiated his belief in God.
" Gheall sé go dtabharfadh sé chuig foinse fhuar uisce é dá séanfadh sé a chreideamh i nDia.
chreidimh or (religious) belief
" Tá bun morálta an stáit agus an chreidimh, Chríostaíochta nó eile, cúisithe níos troime ag an scéal seo ná a bhí riamh.
chreideamh belief
" Ach tá sé tábhachtach seasamh le do chreideamh is le do thuairimí féin.
chreideamh belief
" Ach is Críostaí mé agus cuidíonn mo chreideamh liom chun mé féin a ullmhú don troid.
chreideamh belief
" Chuir an dea-thoradh a bhí ar an chogadh sin siabhrán ar Blair agus dhaingnigh sé a chreideamh i dteoiric na hidirghabhála daonnúla.
creideamh belief
" Tá an creideamh atá acu chomh docht daingean leis an bhunchreidmheach is díograisí sa MheánOirthear.
creideamh religious belief
" Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
chreideamh belief
" An raibh aon eachtra amháin i gceist nó ar shraith tarlúintí a thit amach a chinn gur thugais droim láimhe don chreideamh i saol iarbháis, nó don chreideamh ann féin?** SÓhU: Bhíos sna Stáit Aontaithe nuair a bhí an cogadh ar siúl go tréan.
barúil choiteann common belief
" Is é barúil choiteann na ndaoine abhus go bhfágadh an mhuintir dhúchais gach uile shórt faoin chinniúint agus go mbíodh a mbeathú ó lá go lá ag brath go hiomlán ar an méid a bhíodh le fáil gan dua sa dúiche ina mbídís ina gcónaí.
a chreideamh dobhriste his indestructible belief
" Bhí a chuid ídéalachais ardaigeanta féin, a chreideamh dobhriste, tacaíocht phobal náisiúnach Éireann, meas an domhain, grá a mhnaoi Muriel is a dheirfiúracha Mary agus Annie – é sin go léir mar sciath chosanta aige ar leaba a bháis i gcillín coimhthíoch san imigéin ar feadh na tréimhse míthrócairí sin dó, fá ghlas mídhleathach ag Gallaibh, i bhFómhar dubh na bliana 1920.
gan chreideamh non-belief
" ' I saol ilchultúrtha, ilchreidmheach (agus gan chreideamh) na linne seo, tchítear dom nach bhfuil a leithéid iomlán riachtanach ná fóirsteanach a thuilleadh.
beag beann ar aon chreideamh regardless of any belief
" Creideadh coitianta go n-oibreodh an phiseog beag beann ar aon chreideamh a bhí aige féin inti.
chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann B. believed in a belief he himself didn’t believe in
" Seo agaibh an paradacsa, más ea: chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann! Creideamh Idé-Eolaíoch ========== Baineann an fealsamh Slavoj Žižek earraíocht chliste as an scéal seo d’fhonn an tslí pharadacsúil ina bhfeidhmíonn idé-eolaíochtaí sa tsochaí chomhaimseartha a léiriú.
ar nádúr an chreidimh of the nature of belief
" ‘Of Gods and Men’, le Xavier Beauvois (An Fhrainc 2010) Artificial Eye 517 DVD ======================= Más ag treabhadh i ngort na rúndiamhaire sácráilte atáir, an tráth seo bliana, molaim fiosrú Beauvois ar nádúr an chreidimh, an duine, agus na dílseachta.
lena chreideamh lom docht tréamanta with his bare unyielding intense belief
" Nó bhí, go dtí gur tháinig an Bráthair Girolamo Savonarola ar an saol lena chreideamh lom docht tréamanta.
ní mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin not as a result of his own religious belief
" 
 D'fhoghlaim muid an tseachtain seo fosta gurbh éigean do David Ford, ceannaire Pháirtí an Alliance agus an tAire Cirt éirí as a chúraimí mar sheanóir sa dara Eaglais Preispitéireacha i nDún Ó gCorra mar gheall ar an tacaíocht a thug a pháirtí don phosadh comhghnéis, ach thug a ráiteas le fios go raibh sé ag vótáil chun leasa dream áirithe sa tsochaí a raibh leatrom a dhéanamh orthu agus ní mar thoradh ar a dhearcadh creidimh féin.
mar gheall ar a gcreideamh for their religous belief
" Tréigeann daoine eile an fód dúchais de dheasca na géarleanúna a imrítear orthu mar gheall ar a gcreideamh, a dtuairimí polaitíochta nó a gclaonadh gnéis.
an caidreamh idir an ealaín agus an creideamh a ‘atógáil to rebuild the contacts between art and religious belief
" Dúirt an Cairdinéal Ravasi, stiúrthóir saothar Biennale na Vatacáine, gur deis a bhí ann an caidreamh idir an ealaín agus an creideamh a ‘atógáil’ agus é ag caint faoin taispeántas a dhéanann cuntas ar an aonú caibidil déag de Leabhar Gheineasas.
Is bronntanas é an creideamh belief is a present
leis an chreidiúint go dtiocfaidís ar iarsmaí an Naoimh in the belief that they’d find the saint’s remains
" D’ordaigh Pápa Pius XII tochailt seandálaíochta ann sa bhliain 1939 leis an chreidiúint go dtiocfaidís ar iarsmaí an Naoimh.
gur ceist chreidimh é seo this is a matter of belief
" Ar an ábhar nach bhfuil bealach ar bith le bheith go hiomlán cinnte cé acu iarsmaí Naomh Peadar atá ann b’fhéidir sa deireadh thiar thall gur ceist chreidimh é seo.
tuairim opinion, belief
" Aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim atá ag Liam Mac Grifín nach mbeidh rath ar an iománaíocht i gCúige Uladh go dtí go n-athróidh an Cumann Lúthchleas an córas atá ann faoi láthair.