Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beag-is-fiú belittling
" Mura bhfuil an Trimbleach ábalta an Tionól a chur sa tsiúl arís, cad é is fiú beart a chur os comhair an UUP má tá siad le beag-is-fiú a dheánamh de, a deir poblachtánaigh.
beag is fiú a dhéanamh belittle
" D’fhéadfadh daoine áirithe beag is fiú a dhéanamh de na teoiricí seo mar “chaint san aer” acadúil.
beag is fiú belittle
" Déanann a leithéid de mhaistíneacht beag is fiú den imní atá ar dhaoine áirithe faoin luas lasrach - seachas éabhlóid nádúrtha a bheadh bunaithe ar mhianta phobal na mballstát – atá faoi Aontas na hEorpa le scór bliain anuas.
spior spear déanta aige he belittled
" ”Tugaim faoi deara, áfach, nach polaiteoir é Fergus Finlay is go bhfuil spior spear déanta aige den tábhacht a bhí ag baint le ról Harris sa toghchán.
ag déanamh beagáin dhóib féin belittling themselves
" Tá siad ag déanamh beagáin dhóib féin.
a beagaithe who belittled it
" Tharla sé san am sin fadó sular thosaigh Aontachtóirí na Sé Chontae ag foghlaim na Gaeilge agus ag náiriú lucht a neamairt ó dheas agus lucht a beagaithe ó thuaidh.
chomh beag agus is féidir a dhéanamh to belittle as much as is possible
" Baintear úsáid go tráthrialta as an leabhar mar shlat dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh chomh beag agus is féidir a dhéanamh d'iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun tosaigh.
b’fhurasta beag is fiú a dhéanamh it’d be easy to belittle
" Leis an droch-chlú atá ar bhaincéirí faoi láthair, b’fhurasta beag is fiú a dhéanamh den tionchar a bhí acu ó thaobh maoiniú agus forbairt ealaíne de le linn na hAthbheochana san Iodáil sa 15ú aois.
a dhéanfadh beag is fiú d’éinne which would belittle anyone
" Is é leas cách nach bhfoilseofaí aon ionsaí, bog ná gránna, faoi ainm cleite (ná faoi ainm dílis) a dhéanfadh beag is fiú d’éinne.
a dhéanann beag is fiú díot which belittles you
" Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
Ní ag déanamh beag de not belittling
" Ní ag déanamh beag de na daoine atá mé - cuid de na daoine is cliste dá bhfuil agus dá raibh aithne agam orthu, ba bheag oideachas foirmeálta a bhí orthu - ach don easpa físe uilegabhálaí den domhan thart orthu a léiríonn siad.
ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin that we’ll belittle that very important aspect
" An bhfuil muid i ndáiríre rófhalsa le hainm na ndroichead seo a aimsiú? An bhfuil a laghad sin meas againn ar ár logainmneacha agus ar an timpeallacht is go ndéanfaimid beag is fiú den ghné ríthábhachtach sin dár n-oidhreacht? Tá an baol ann dá bharr go gceilfear ainmneacha agus seanchas na mbóithríní agus na ndroichead ar ghlúin úr a bheas ag dul i méadaíochta san am atá le teacht.