Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
imleacán belly-button
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
imleacán belly-button
" Stán Balor go mailíseach ar an ghuthán póca, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile leis an aeróg, dhruid an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
mórbholgach big-bellied
" Is breá leis an phótaire leathshúileach, mórbholgach, leathantónach, ollbhéalach a chuid Guinnéas Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár an domhain a mbíonn blas chomh milis air, an dtuigeann sibh.
mheall cruinn a boilg the round swelling of her stomach/her pot-belly
" Sheasaigh sí anois agus lámh amháin ar a tóin agus an ceann eile ar mheall cruinn a boilg.
maróg mhór big beer-belly
" Bhí Féilim chomh leathan agus a bhí sé ard agus bhí maróg mhór air a raibh cuma uirthi nach raibh a dhath á coinneáil in airde ach an bheilt thiubh leathair a bhí fúithi.
seanóir gealgháireach urbholgach cheerful pot-bellied old man
" Daidí na Nollag, Santa Claus, Père Noel, Saint Nicholas … tá aithne an-mhaith ar fud an domhain mhóir anois ar an seanóir gealgháireach urbholgach seo leis an fhéasóg bhán agus an chulaith dhearg a bhronnann bronntanais gach Nollaig ar pháistí maithe.
ar mheall chruinn a boilg. on the round swelling of her stomach / her pot-belly.
" Sheasaigh sí anois agus lámh amháin ar a tóin agus an ceann eile ar mheall chruinn a boilg.
ag cuimilt a bhoilg rubbing his belly
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag meabhrú os cionn na tine ina phluais uaigneach, ag tochas a thóna agus ag cuimilt a bhoilg, ag iarraidh seoda litríochta a scríobh do *Beo Ar Éigean!* Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh comhfhreagraithe eile na liarlóige seo a sheachaint ar eagla go ngoidfidís a chuid péarlaí luachmhara de smaointe agus iad ag iarraidh a gcuid truflaise féin a chumadh.
an tine mheafarach ina bolg the metaphoric fire in her belly
" Chuirfeadh a cuid cainte an lasóg sa bharrach agus is minic le linn an agallaimh a luann sí an tine mheafarach ina bolg.
marcaíocht na mbolg riding of the bellies
" Tá a fhios agat: rumpaí pumpaí; an siar aniar; an suas anuas; an *wham bam* go raibh maith agat, *mam*; an ó ó ó ó *seeeaaaa*!!!; an síneadh go spéir; an gníomh Gaelach; marcaíocht na mbolg; camchuairt na gcíoch; taiscéaladh an teasa; an cumann lúthchleas leapa; an pléisiúr pléascach; an is binn béal i do bhéal; an coinnigh ort; an ní craiceann go cur le chéile; an ní tír gan teanga.
imleacán belly button
" Stán Balor go mailíseach ar an ghléas ghránna, scríob sé a gheadán, a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile aonaraí leis, chaith an fearas fuafar ar leataobh agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
go toinn poill go belly up, sink
" Rachadh a vótairí i dtreo an TUV, páirtí Jim Allister, agus rachadh an Tionóil, an próiseas ar fad, go toinn poill.
mbolg lán a full belly
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
bholg biata blonagach his buttery fat belly
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire chun cúpla seachtain a chaitheamh ann ar a shuaimhneas, a bholg biata blonagach le grian gheal dheireadh an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla lena thaobh, agus scaifte péas armtha ina seasamh i bhfáinne thart air chun mná óga áille na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
bholg an geonaíl belly was rumbling
" Agus má bhí an tart múchta ag an uisce, thuig mé an nóiméad sin go raibh mo bholg an geonaíl leis an ocras.
m’imleacáin my belly button
" “Is Eorpach mé ó log m’imleacáin go gleann mo thóna,” a dhearbhaíonn Balor, fear a bhfuil saineolas aige ar chúrsaí gnéithe aiceanta agus ar chúrsaí tóna.
a mboilg tollta a hole in their bellies
" Bhí súil ag Barka le os cionn trí chéad cuairteoirí, trí chéad duine a mbeadh a mboilg tollta leis an ocras, a gcuid lámha ataithe leis an bhfuacht, a n-éadain chomh righin le leathar tar éis chruatan na haimsire.
bholg agus ina thóin belly and in his hole
" “Arú, éirigh as an chac!” a dúirt Balor go breá béasach, “agus inis an scéal mar atá! Nach é go bhfuiltear ag iarraidh fáil réidh leis an Oireachtas, agus nach bhfuil Foraois na Gaeilge ar na craobhacha!” Agus leis sin, shuigh sé siar agus straois air mar a bheadh ar chollach a raibh pian ina bholg agus ina thóin.
bhí mo bholg bocht ar tí pléascadh my belly was about to burst
" Uair an chloig den obair sin agus bhí mo bholg bocht ar tí pléascadh.
boilg mhóra is bheaga bellies big and small
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
thar mhéid a bhoilg over his belly
" D’amharc Balor síos thar mhéid a bhoilg agus chonaic sé uaidh Impire an Domhain Thoir thíos i measc an fhraoigh.