Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an bheoir beer
" Múchann an bheoir agus an t-uisce beatha m'anam; tugann siad orm dearmad a dhéanamh nach bhfuil aon duine inchurtha liom; gur fáthach i measc abhac mé.
mataí beorach beer mats
" "Thosaíomar feachtas fógraíochta le fógraí i dtithe tábhairne: ar na mataí beorach agus sna leithris.
cás beorach case of beer
" Cath seo na gceisteanna á throid ar mhaithe le cás beorach, nó ar son éarlaise, le bheith cruinn.
beorach beer
" I gcúrsaí sacair déanaimid ceiliúradh má fhaighimid comhscór fiú amháin agus is ionann comhscór go minic agus bua, go speisialta más i gcoinne na Sasanach a bhímid ag imirt! Tuigimid go léir cén bhrí atá leis sin ach an léiríonn sin agus torthaí leathchuibheasacha eile easpa féinmhuiníne ionainn féin? Céard a chiallaíonn Corn an Domhain dúinn ar aon nós? An comórtas spóirt é? An ócáid é chun cóisir náisiúnta a chur ar bun? An leithscéal é chun uaireanta fada a chaitheamh i dtithe tábhairne ag caitheamh siar beorach agus ag canadh amhrán amaideach, ag screadach agus ag liúireach os comhair scáileán teilifíse.
gloine bheorach a glass of beer
" Agus, bhí lón breá againn - príomhchúrsa breá, milseog agus gloine bheorach - ar ocht euro! Saibhreas agus galántacht ======= Tá caighdeán na ceardaíochta sna foirgnimh agus sa chóras taistil míle uair níos fearr ná mar atá sa tír seo.
beoir beer
" Go deimhin, bhí ar an Chevron Corporation i Meiriceá os cionn dhá mhilliún dollar a íoc le ceathrar ban sa chomhlacht toisc gur maslaíodh iad nuair a cuireadh teachtaireacht ríomhphoist thart ag tabhairt cúiseanna go raibh beoir níos fearr ná mná.
beoir beer
" Is cineál de ghlóthach iad na hailgionáití a úsáidtear le roinnt mhaith gnáthrudaí a dhéanamh tiubh nó a chobhsú - uachtar reoite, mar shampla, agus beoir.
beoir beer
" Bhí lastas de chuile chineál ar an traein seo - sicíní, earraí leictreacha, calóga arbhair, beoir agus troscán ina measc.
beoir bhlasta tasty beer
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
an bheoir cháiliúil sin that famous beer
" Chuas go Ceské Budejovice, an áit ina ndéantar an bheoir cháiliúil sin Budvar - agus ónar ghoid na Meiriceánaigh Budweiser, mar a deir na Seicigh ar fad liom i gcónaí! Bhí breis is daichead mac léinn ag Roinn an Bhéarla ansin le héisteacht liomsa agus le mo chomhghleacaí Ondrej Pilný.
ag blaiseadh braon beorach is fíona tasting a drop of beer and wine
" I lár coille a bhíomar anuraidh, seisear léachtóirí agus fiche mac léinn, agus chaitheamar seachtain ansin ag plé litríocht Bhéarla agus Ghaeilge na hÉireann, ag glacadh páirte i ndráma, ag féachaint ar scannáin, ag siúl, ag gabháil foinn os comhair tine chnámh, agus ar ndóigh, ag blaiseadh braon beorach is fíona anois is arís! Thug foireann ghnó ó Jameson cuairt orainn fiú amháin, agus físeán leo faoin bpróiseas stiléireachta, agus thángadar le cúpla braon saor in aisce dúinn chomh maith! Toisc gur réitíomar ar fad chomh maith sin le chéile, fuaireas cuireadh caint a thabhairt in Olomouc níos déanaí sa bhliain.
bhuidéal beorach gan alcól a bottle of non-alcoholic beer
" 50 ar bhuidéal beorach gan alcól agus ar a laghad an méid céanna ar ghnáthphionta beorach.
bheoir uaine green beer
" "Tá Gaeilge agamsa freisin,' ar siadsan go minic, agus i nguth súgach deir siad abairt mar *"Cod milley fall-chi"* leat! Ina dhiaidh sin, go hiondúil, insíonn siad scéal éigin duit faoi bheoir uaine agus cabáiste.
beoir beer
" Tá an-tóir ar Guinan’s i measc bhunadh na háite le fada fosta agus téann siad ansin ar maidin le bricfeasta, nuachtáin agus caife a cheannach, nó le beoir a ól san oíche.
ag triail na mbeoracha áitiúla trying the local beers
" Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire.
beoir beer
" Saothraítear talamh i Wisconsin freisin, agus ní féidir éalú uaidh gan beoir an stáit a thriail.
príomhchathair na beorach the capital of beer
" Gan aon agó, is é Milwaukee príomhchathair na beorach i Meiriceá go fóill, agus is inti a ghrúdaítear beoracha mar Miller, Pabst, Schlitz, Blatz, agus Heileman.
buidéil bheorach bottles of beer
" Aon uair a shíl mé go raibh an cúrsa deireanach críochnaithe agam, thagadh ceann eile amach, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh mo ghloine á líonadh féin le fíon – i bhfad níb fhearr ná an ceann a bhí fágtha i mo dhiaidh agam i gCill Mhantáin! D’imíomar amach – buidéil bheorach sna pócaí againn! – thart ar 11.
buidéil bheorach bottles of beer
" Aon uair a shíl mé go raibh an cúrsa deireanach críochnaithe agam, thagadh ceann eile amach, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh mo ghloine á líonadh féin le fíon – i bhfad níb fhearr ná an ceann a bhí fágtha i mo dhiaidh agam i gCill Mhantáin! D’imíomar amach – buidéil bheorach sna pócaí againn! – thart ar 11.
pionta beorach agus lágair pints of beer and lager
" Ag Aintree féin, ólann na custaiméirí 16,000 buidéal seaimpéin, 1,120,000 pionta beorach agus lágair, 175,000 buidéal beorach agus 140,000 cupán tae agus caife.
beoir fhuar cold beer
" Ní dhearna mé mórán ann seachas luí ar an trá, snámh san fharraige the agus beoir fhuar a ól, ag breathnú amach ar an ngealach, na réaltaí agus an mhuir.
díoltar beoir ar leathphraghas beer is sold at half price
" Ach níl éinne róbhuartha - “Thirsty Thursday” a thugtar ar oíche dheireanach na sraithe agus díoltar beoir ar leathphraghas, nó níos saoire.
cathair cháiliúil choireach cholach sin na beorach that wicked, sinful city of beer
" I bhfocail eile: tá mé chun tú a thabhairt liom chuig cathair cháiliúil choireach cholach sin na beorach cois Loch Michigan, áit a dtéann maithe agus móruaisle eile shaol na Gaeilge gach samhradh, chuig Féile na nGael i Milwaukee.
comhlachtaí móra beorach big beer companies
" Poiblíocht agus fógraíocht Tá ceangal láidir ag rugbaí agus iománaíocht le comhlachtaí móra beorach agus a lán airgid ag teacht ón urraíocht a chuireann na comhlachtaí sin ar fáil.
ag caitheamh siar seaimpéin agus beorach throwing back champagne and beer
" Dar liom, ba náireach an radharc é imreoirí gailf a fheiceáil ag caitheamh siar seaimpéin agus beorach ag deireadh Chorn Ryder i gClub Chill Dara.
beoir beer
" Is í seo aimsir an Superbowl, nuair a thagann grúpaí fear (den chuid is mó) le chéile fud fad Mheiriceá chun bia a ithe, beoir a ól, agus breathnú ar pheil Mheiriceánach ar feadh lae iomláin.
Buidéal beorach Bootle of beer
" Buidéal beorach as Wisconsin i ngach lámh, rug gach éinne greim ghualainne ar an duine in aice leis ag leath-am agus chanadar amhrán na hollscoile, deora ag titim go fras óna súile.
de mhargadh na beorach of the beer market
" Fós féin, in ainneoin an chomhcheangail, ní sháróidh siad Budweiser, a bhfuil 50 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá aige cheana féin.
beoracha eile Eorpacha other European beers
" Cuireadh leis an rogha sna hochtóidí nuair a tháinig beoracha eile Eorpacha mar Heineken isteach sa tír, agus arís sna nóchaidí nuair a tháinig na beoracha Meiriceánacha isteach.
beoir áitiúil amháin one local beer
" D’fheadfá Budweiser, Miller, Coors, b’fhéidir, agus beoir áitiúil amháin a fháil, ach dheamhan eile.
beoracha nua iasachta new foreign beers
" Mar gheall ar mhórchumhacht dáileacháin na n-ollghrúdlanna, bhíodar in ann beoracha nua iasachta a chur ar fáil don ghnáth-thomhaltóir Meiriceánach – beoracha mar Guinness, Harp, Bass, Stella Artois, Becks, Boddingtons, agus Löwenbräu ina measc.
beoracha ón iasacht foreign beers
" Go deimhin, ceannaítear agus díoltar cearta grúdaithe agus dáileacháin na mbeoracha seo chomh minic anois gur deacair a rá cé leis iad níos mó, ach amháin gur fiú breis agus 10 faoin gcéad den mhargadh Meiriceánach beorach iad beoracha ón iasacht anois.
beoracha allúracha foreign beers
" Más fiú 10 faoin gcéad den mhargadh iad, ámh, tá 10 faoin gcéad eile nár áiríodh go fóill – 10 faoin gcéad nach ollbheoracha ná beoracha allúracha iad, ach micribheoracha, ar fiú $8.
rogha na mbeoracha choice of beers
" Is fíor go bhfuil rogha na mbeoracha i Méiriceá méadaithe go mór le déanaí, go háirithe mar go bhfuil tá an t-óltóir sásta taiscéalaíocht a dhéanamh agus triail a bhaint as tábhairní nua atá á n-oscailt ar fud na háite.
an bheoir a bhlaiseadh to taste the beer
" Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
ag grúdú a mbeoracha féin. brewing their own beers
" Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin.
beoir beer
" Ní bhíonn ach beoir a bhfuil méid beag alcóil inti ar díol taobh istigh de staideanna agus, dá bhrí sin, ní bhíonn an mí-iompar a eascraíonn ón alcól uaireanta,le feiceáil.
tionchar na beorach the effect of the beer
" Bíonn tionchar na beorach agus an *gluwein* le brath go gasta cionn is go mbíonn tú chomh traochta agus díscithe.
cannaí beorach cans of beer
" Chaith an drong cannaí beorach agus clocha ar an bhus.
beoir beer
" Tá cearnóg an bhaile ar nós ollchaife mhóir amháin! Tá rogha an-leathan bialann agus caifí sa chearnóg; thig leat suí lasmuigh díobh ag ól caife, beoir bhreá láidir nó Pepsi agus tú ag breathnú ar na sluaite ag dul thar bhráid.
tráidirí beorach agus fuisce. trays of beer and whiskey
" I halla ollmhór ar dheis bhí comórtas *Poker* ar siúl, na céadta imreoir ina suí go ciúin chun boird, cailíní ar bheagán éadaí (na "Borgata Babes") ag siúl timpeall ina measc le tráidirí beorach agus fuisce.
beoir beer
" Thig leat beoir a fháil sna siopaí ginearálta, ach roimhe a hocht a chlog .
beoir beer
" Chun a shaol a ceiliúradh, d'ordaigh a dheartháireacha beoir speisialta ón ghrúdlann le grianghraf de James i measc na sléibhte ar an lipéad agus fuair muid uilig buidéal de tar éis na sochraide.
beorach of beer
" Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu.
gloine beorach a glass of beer
beorach beer
" Tar éis na díospóireachta chuaigh an scata againn ar aghaidh go dtí an LIC Bar, gairdín beorach cúpla céad slat síos an bóthar.
beorach of beer
" ”* Phléasc Roddy amach ag gáire ag an phointe seo, mar bhí pionta beorach ina lámh aige agus é ag caint liom.
beorach beer
" Bhí Balor na Súile Nimhe i Meiriceá arís ar an mhí seo caite, a léitheoirí dílse – é ar cuairt ar Fhéile na nGael sa chathair álainn sin cois locha: Milwaukee na beorach saoire agus na feola saorga.
puball na beorach the beer tent
" “Anois, a Bhaloir, tá muid i ndiaidh fáil réidh le ceathrar leipreachán, agus tá puball na beorach gan aon duine ina bhun leis an scliúchas thall ar bhruach Loch Michigan.
féile beorach beer festival
" Bhí féile beorach ar siúl sa chathair agus muid ann, na sráideanna lán le daoine óga béasacha ag canadh agus ag spraoi.
seanchannaí beorach old beer cans
" Má shíleann tú go bhfuil sé sin i bhfad róchasta, cuimhnigh ar John Malkovish as Houston Texas a tháinig ar bhealach cruthaitheach lena chuid seanchannaí beorach a athchursáil: shocraigh sé teach a thógáil leo.
roinnt bairillí móra beorach some big barrels of beer
" Tá an chistin lán bia agus an siléar lán fíona…” “Caidé sin a dúirt tú faoin chistin agus faoin siléar?” “Lá bia agus lán fíona, agus tá roinnt bairillí móra beorach sa seomra stórais…” “Cén áit a gcuirfidh mé an ghairleog lofa seo, a Angela?” Agus, a léitheoirí dílse, nuair a thiocfaidh an scéal amach go bhfuil ár gcuid fiacha maite dúinn, beidh a fhios agaibh nach d’Enda ná do Michael Noone a bhfuil an chreidiúint ag dul, ach do Bhalor an Laoch, a chroch suas a mhisneach ar son na hÉireann.
Cuireadh dhá bhuidéal beorach two bottles of beer were placed
" Cuireadh dhá bhuidéal beorach ar an mbord.
bheoir beer
" Ba bheag nár thit mé i laige nuair a fuair mé amach gurb é an focal atá ann do bheoir ná cerveza! Cé nach raibh mé i bhfad ón mbaile, an bhféadfainn maireachtáil san áit choimthíoch seo ar feadh bliana, i ndáiríre? Cur i bhFeidhm na dTeoiricí ============ Go teoiriciúil agus TEFL déanta agat, tá tú ceaptha a bheith in ann an Béarla a mhúineadh in áit ar bith ar domhan, ón mBablóin go Timbeactú! Déantar na ranganna a theagasc d’eachtrannaigh sa sprioctheanga amháin, is cuma cén leibhéal teanga atá acu sa teanga sin.
de mhargadh na beorach of the beer market
" Tá 80 faoin gcéad de mhargadh na beorach i Meiriceá roinnte idir Budweiser, Miller agus Coors.
brandaí beaga beorach the small beer brands
" Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.
bheoir beer
" D'éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.