Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eile nach é others besides
" Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh.
nach iad besides
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
seachas besides
" An é, mar sin, gur altanna i nGaeilge faoi na hábhair ceannann céanna atá de dhíth orainn, sin, nó nuachtán ina mbeadh níos mó den tuairimíocht agus gné altanna ann, seachas cúrsaí reatha an lae? Ceann de tréithe ba láidre a bhí ag Foinse ná go raibh caighdéan na Gaeilge réasúnta ard agus simplí go leor a léamh.
nach iad other, besides them
" Le blianta déanacha tá lucht leagan crann, curadóirí tae agus tá oibrithe talmhaíochta nach iad tagtha chun na háite.
seachas besides
" Níl cuimhne ag duine ar bith cé a mhol sé, ach díreach gur mhol sé duine inteacht seachas Andy Reid.
seachas besides
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
Luachanna nach É other values besides
" Airgead agus Luachanna nach É =========== Ba mhinic a bhí tuairimí le cloisteáil gur bheag tairbhe fhadtréimhse a bhaineann muintir inimirceach i dtíortha bunaidh as na seoltáin a thugtar dóibh, ach de réir taighde a rinneadh sna hOileáin Fhilipíneacha, nuair a fhaightear seoltáin, tagann méadú ar scolaíocht leanaí, laghdú ar shaothar leanaí agus ceannaítear earraí marthanacha.
seachas besides
" Tá go leor spéiseanna eile agam seachas an scríbhneoireacht.
seachas besides
" Ár bhFéiniúlacht Bhriotanach ============= Níl mórán eile ar na bacáin, a léitheoirí dílse, seachas go mbeidh Poblacht na hÉireann ag dul isteach sa Ríocht Aontaithe arís.
nach iad besides
" Scaoil sealgairí na mílte acu, mar go raibh an-tóir ar a gcraiceann, as ar rinneadh málaí láimhe, bróga agus earraí faisin eile nach iad.
seachas besides
" Ach thug sí “léachtóir deoraíoch” uirthi féin freisin, agus í ag imeacht ar fud na hÉireann chun fealsúnacht Chonradh na Gaeilge a chraobhscaoileadh, gan aon chomhluadar aici, seachas ateangaire agus a cuid laindéar draíochta.
seachas besides
" Tuairiscitear gur chaith Rúnaí Stáit Hillary Clinton ocht n-uaire an chloig ag áitiú ar Netanyahu glacadh leis an mbreab gan an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh (seachas in Iarúsailéim Thoir) ar feadh trí mhí.
seachas besides
" Is cinnte, áfach, go bhfuil fáilte i measc lucht na Gaeilge roimh na stráinséirí sin, mar cloisim go mbíonn na hinimircigh sásta an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith le teanga ar bith eile, agus is spreagadh iad ag na daoine eile sa tír seo chun teangacha eile a fhoghlaim seachas Béarla.
neart eile plenty besides
" Cuirtear neart eile i mbuicéid le thabhairt abhaile don lón.
seachas besides
" Is é seo an tríú huair don chomórtas a bheith i gcathair ar bith eile seachas An Tate i Londain - chonacthas i Learpholl agus i St Ives roimhe seo é - agus beidh saothar na n-iomaitheoirí uilig le feiceáil i láithreain éagsúla timpeall na cathrach ar feadh trí mhí sula mbronnfar an príomhdhuais de £25,000 ar an bhuaiteoir.
áiteacha nach iad (other) places besides
" Bíonn sé deacair an t-am a fháil anois agus arís leis an taisteal ar fad idir Baile Átha Cliath agus an Bhruiséal agus Strasbourg agus áiteacha nach iad.
nach iad besides
" Mar bharr ar an gcos ar bolg ar na Pailistínigh, cuimhnigh ar na hionsaithe ar an Liobáin, an Iordáin, an tSiria, an Éigipt, an Iaráic agus an Túinéis – agus go leor gníomhartha ceilte nach iad.
Ní hamháin sin besides that
" Ní hamháin sin, ach, mar a chuir Alam é, *“Jewish Zionists in the United States working both inside and outside the Jewish community, worked to whittle down the ability of the American political system to take positions contrary to the interests of Israel.
daoine nach iad others besides
" Agus a bhuíochas don idirlíon, is féidir le muintir Mheiriceá agus le daoine nach iad tuiscint níos fearr a bheith acu chomh maith ar an “taobhú paiseanta” fíorchontúirteach seo.
nach iad besides
" I ndiaidh do Soros eagarfhocal a scríobh mar thaca leis an muirthéacht, tháinig sé chun solais ar Al Jazeera agus sa New York Times go bhfuair na gníomhaithe a d’eagraigh na léirsithe ar fud an Mheánoirthir oiliúint ó dhaoine a bhí páirteach sna muirthéachtaí síochánta sa tSeirbia, sa tSeoirsia, san Úcráin agus i dtíortha eile nach iad — dreamanna a bhí maoinithe ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar nós an *Open Society Institute* de chuid George Soros.
daoine nach iad others besides
" An saibhreas aisteach Gaeilge sin a tharraing scoláirí isteach an taobh tíre sin le casadh leis na sárchainteoirí, John hInnéirí agus Seán Ó Dochartaigh (Pumps) i gCill Ghallagáin, Johnny Burns, Stanton agus daoine nach iad, grásta ó Dhia orthu, caithfidh sé go dtuigeann tusa an cailleadh saibhris atá ag imeacht le gach glúin mar sin agus an gcuireann sé cumhaidh ort?** BNC: Cuireann.
cuid nach beag eile a sizeable group besides
" Measann daoine go leor abhus gur laoch é, ach tá cuid nach beag eile den tuairim láidir gur chladhaire a bhí ann.
neart eile lena chois sin many others besides
" Bhí an triúr acu (agus neart eile lena chois sin) ainmnithe ar shuíomhanna éagsúla mar dhaoine a bhain urghairí amach le cosc a chur ar fhoilsiú eolais rúnda fúthu.
seachas besides
" Cén bealach eile seachas bealach an Chomh-mhargaidh / an AE ba cheart don tír seo a ghlacadh ag an am?** SÓC: Bealach na hIoruaidhe agus tíorthaí eile den tsort sin.
na ndaoine nach iad others besides
" In ainm Dé, áfach, nár cheart uasmhéid pá na bpolaiteoirí, na státseirbhíseach sinsir, na mbaincéirí, na ndlíodóirí, na gcraoltóirí, na ndochtúirí agus na ndaoine nach iad, a laghdú go pointe chun gur féidir foireann altranais a fhostú agus spás mar is ceart a chur ar fáil dóibh siúd atá i ndorchadas an tsaoil? Leis an chás úd amháin, chríochnaigh 2011 ar dhóigh náireach.
seachas besides
" 0%</td> </tr> </tbody> </table> An Pholainnis chun cinn ar an nGaeilge ============== Tá fhios againn don chéad uair cé mhéad duine a úsáideann teanga eile seachas Béarla nó Gaeilge mar theanga baile.
neart eile nach iad plenty else besides
" Níl go leor don óige; níl go leor do theaghlaigh; níl na hacmhainní ann; níl na cáilíochtai cuí ag eagraíochtaí chun tabhairt faoi agus neart eile nach iad.
tuilleadh nach iad others besides
" Glactar leis go forleathan gurbh é Fuller a thosaigh an rac-cheol i mbaile Chamden, Londan, áit a bhfuil cáil uirthi anois mar gheall ar na healaíontóirí a thuill aitheantas poiblí ansin – leithéidí Marc Bolan, Pink Floyd, Cream, Hawkwind agus tuilleadh nach iad.
seachas besides
" Tá sé sa Bhíobla; agus tá sé sin ar fad le ceiliúradh… As go brách le Balor ansin le labhairt le Cosamán Mac an Taca ó Chumann Chónaitheoirí Cosantacha Ard Eoin: **Balor: Inis dom, a Chosamáin, cad tuige nach dtig leat féin agus na cónaitheoirí cosantacha eile fanacht sa bhaile ag amharc ar an tele, nó dul ag siopadóireacht faoin bhaile mór, nó dul ag snámh san fharraige, nó rud ar bith eile a dhéanamh seachas a bheith in bhur seasamh go bagrach nuair a bhíonn an Lucht Siúil Flannbhuí ag dul thar bráid.
go leor eile nach iad many others besides
" Níl aon chall leis an bhéal bhocht ach an oiread mar go bhfuil infheistíocht leanúnach déanta ag rialtais éagsúla ó bhunú an stáit a leith i gcomhlachtaí teangalárnaithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht – leithéidí an tÚdarás, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Muintearas, Oideas Gael agus go leor eile nach iad.
mórán nach iad many others besides
" Uígir agus Tibéadaigh agus mórán nach iad sa tSín, Tamalaigh na hIndia, na Papuaigh faoin Astráil srl.
mórán eile nach iad much else besides
" Seo suíomh ar a bhfaighfidh tú neart margaí de gach chineál ar tháirgí leictreonacha, éadaí, earraí tí, smidiú agus mórán eile nach iad.
agus coimhlintí eile nach iad and other contests besides
" Bhí Páidí Ó Sé i lár na coimhlinte sin, agus coimhlintí eile nach iad le linn na tréimhse sin.
móide sonraí eile nach iad plus other details besides
" (A system of anarchy can only work in a society of altruists) Ar an mbonn sin, creidim go láidir go mbeidh ar an idirlíon glacadh le síneadh isteach ar chláir phlé faoi ainm ceart cruthanta amach anseo: ainm, sloinne, dáta breithe, móide sonraí eile nach iad.
ná cruatan besides hardship
" Leis na físeáin ar ár suíomh agus ar ár gcainéal YouTube teastaíonn uainn a léiriú go bhfuil i bhfad níos mó sna háiteanna seo ná cruatan.
seachas iad féin besides themselves
" Tá an tOrd Flannbhuí ag rá go bhfuil teannas ag méadú agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha agus iad ag cur an loicht ar Éirinn agus ar a bhean (a fear?) seachas iad féin.
réimsí eile nach iad other area besides
" Ardaíonn an líon suntasach seo daoine ceisteanna tábhachtacha i réimse an gheilleagair, réimse an chomhair idirnáisiúnta agus i réimsí eile nach iad.
go mbeidh buaiteoir seachas that there will be a winner besides
" An bhféadfadh sé go mbeidh buaiteoir seachas Cill Chainnigh ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair seo chugainn?
agus tuilleadh nach iad and others besides
" Stad nuachtáin réigiúnda ar nós *The Kingdom, Offaly News, Roscommon Champion, Longford News, The Athlone Voice* agus tuilleadh nach iad ag trádáil fosta.
seachas b'fhéidir besides perhaps
" Ach ba bheag ráchairt a bhí orthu seachas b'fhéidir na cóipeanna a díoladh i scoileanna na tíre.
nach iad besides
" Líomhnaíodh gur tharla na hionsaithe seo thar tréimhse 30 bliain in achan chúige sa tír - i seomraí óstáin, pictiúrlanna, árasáin, campaí samhraidh agus in áiteanna go leor eile nach iad.
daoine nach iad others besides
" Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail.
dream nach iad others besides
" Bill O Reilly, Glenn Beck agus dream nach iad, ní béal gan smid aon duine amháin acu.
nach iad besides
" Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na *‘white collar unions’*? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.
mórán eile nach iad many others besides
" Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cuntas ar cheist an chearrbhachais san Astráil, cearrbhachas a dhéanann dochar mór i saol an chearrbhaigh, saol an teaglaigh agus i saol mórán eile nach iad.
do mhórán nach iad many others besides
" Thagair Ríonach ina cuid cainte do Mháirtín Ó Cadhain, do Shorcha Ní Ghuairim, do Séamas Ennis agus do mhórán nach iad.
mhórán gnéithe eile nach iad many other matters besides
" Seachtain i ndiaidh Ard-Fheis Shinn Féin, cheistigh Seosamh Mac Muirí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na constaicí atá roimh a pháirtí, faoin déine, cás Uí Lubhlaí agus faoi mhórán gnéithe eile nach iad.
mórán nach iad many others besides
" Chaith Mícheál Ó hAodha súil ar an dóigh a shiúlann aigne lucht déanta scannán ár linne, Michael Haneke, na deartháireacha Dardenne agus mórán nach iad, i leabhar le Dara Waldron, Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film.