Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhuaigh which won
" Rinne sé iarracht dhá amhrán, "Éist do Bhéal " atá eisithe cheana féin ag Sinéad Lohan, agus "Rugadh orm i gCorcaigh", a bhuaigh comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta, a thaifeadadh le Declan Sinnott ach theip ar na hiarrachtaí.
bhuaigh Liverpool an chraobh Liverpool won the title
" Scóráil sé ina chéad chluiche ansin in aghaidh Southampton agus bhí sé go hiontach an chéad séasúr eile, 1987-88, nuair a fuair sé 26 cúl agus bhuaigh Liverpool an chraobh.
a bhuaigh Craobh na hÉireann which won the All-Ireland
" D'aistrigh muintir Mhéalóid go Ráth Cairn sna 40í agus d'imir Mícheál le foireann sinsear na Mí a bhuaigh Craobh na hÉireann i l967.
Bhuaigh an Eoraip go héasca. Europe won easily.
a bhuaigh bonn uile-Éireann who won an All-Ireland medal
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais. Dublin beat Kerry in the final.
" An bhliain roimhe sin, 1976, bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais.
Bhuaigh sé bonn Uile Éireann he won an All-Ireland medal
" Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
Mise a bhuaigh an toghchán, it was me who won the election
" An dara sainchomhartha a léirigh sé ná gur dhírigh sé é féin i ndiaidh gach buille acu, agus gur chóirigh sé a chuid gruaige go dtí go raibh gach ribe dá dhlaoi go snasta slíoctha, agus gur fhógair os comhair an tsaoil: “Mise a bhuaigh an toghchán, bíodh a fhios agaibh!” Is galar tromchúiseach é an Endazheimers, gan aon agó.
bhuaigh won
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil which won five Assembly seats
" Níl sé féaráilte an locht a chur ar pholaiteoir amháin – agus admhaíonn Squinter nach bhfuil aon duine gan locht – ach seo páirtí a bhuaigh cúig shuíochán Tionóil as sé cinn in Iarthar Bhéal Feirste; tá siad gach áit, i ngach grúpa, i ngach eagraíocht eacnamaíoch, cultúrtha, forbartha, cibé.
Bhuaigh won
" Taca an ama seo céad bliain ó shin, Bhuaigh Jack Johnson Craobh an Domhain sa dornálaíocht, an chéad fhear de chuid an chine ghoirm a bhain an gaisce sin amach.
Bhuaigh sé he won
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
Bhuaigh won
" Bhuaigh seisean gach craobh dhomhanda idir 1927 agus 1947 ach ba spórt an mhionlaigh é.
Bhuaigh won
" Bhuaigh Tír Eoghain ar Ard Mhacha i gcraobhchomórtas peile Uladh, agus bhí bua éasca ag iománaithe na Gaillimhe ar Laois i gcluiche stairiúil i gcraobhchomórtas Laighean.
bhuaigh won
" Thug Charlie ann mé i 1960 agus mé óg go maith, an lá ar bhuaigh an Dún an chéad chraobh riamh agus bhí mé in éineacht leis i seomra feistis Chiarraí i ndiaidh an chluiche.
bhuaigh won
" Corcaigh agus Ciarraí a bhuaigh an chraobh shinsir iomána agus peile faoi sheach an bhliain sin, rud a léirigh gurb é an status quo de réir traidisiúin a bhí i réim san am.
bhuaigh won
" Fágaim gur bhuaigh mise ticéad clainne don bhFéile Pupadóireachta cúpla seachtain ó shin! Agus mar a deir an Béarla, “*No strings attached*!” Is mór an gar a leithéid agus is fánach an áit a bhfaighfeá ticéad clainne.
Bhuaigh an t-iarthar the west won
" Bhuaigh an t-iarthar anuraidh é agus chaithfimid é a bhuachtaint aríst.
Bhuaigh won
" Bhuaigh capall darb ainm Archer an chéad rás agus an chéad rás eile.
bhuaigh won
" Léiríonn an dianiarracht atá Gillard agus Abbott a dhíriú ar chúrsaí an daonra go dtuigeann siad dís gur cúis imní é sna toghcheantair imeallacha i mbruachbhailte na gcathracha móra, na ceantair chéanna inar bhuaigh an rialtas an t-olltoghchán sa bhliain 2007.
bhuaigh won
" Léiríonn Áth Cliath go maith an méid sin, ar bhuaigh an Mhí orthu i gcluiche leathcheannais Laighean i mbliana.
bhuaigh won
" Shíl mé mo thacaíocht a thabhairt do Chorcaigh agus do Mhaigh Eo, ach buíochas le Dia thiontaigh mé go tapa … thosaigh mé ag tacú leis an bhfoireann cheart! Is cuimhin liom gur Corcaíoch thú agus bíonn mé i dtrioblóid le muintir Chorcaí i gcónaí!” Cé gurbh í an fhoireann peile is fearr le hAnna a rug an chraobh leo i 2004, ba iad ríthe na hiománaíochta, na Corcaígh, a bhuaigh ar Chill Chainnigh sa bhliain chéanna.
bhuaigh won
" Tá 150 suíochán i dTeach na nIonadaithe agus bhuaigh na mórpháirtithe 72 suíochán araon.
bhuaigh won
" Ar an Satharn 18 Meán Fómhair, bhuaigh Katie Craobh Dornálaíochta an Domhain don tríú huair as a chéile.
bhuaigh won
" Sa dá chatagóir a luaigh mé, bhuaigh podcraoladh do dhílseoirí Arsenal agus Gaelport.
bhuaigh won
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
bhuaigh mé I won
" Bhínn ag déanamh a lán reatha trastíre freisin ar scoil agus bhuaigh mé Craobh na hÉireann faoi 16 bliain i 1976.
bhuaigh won
" Athruithe faoin Bhunsraith =============== Cé gur bhuaigh Fianna Fáil sé thoghchán as a chéile, bhí siad ag imeacht ó chaidreamh ar na daoine.
bhuaigh won
" Déanann an teideal tagairt, ní hamháin don cheithearnach coille iomráiteach, ach don úrscéal de chuid Peter Carey, True History of the Kelly Gang, a foilsíodh sa bhliain 2000, agus a bhuaigh an duais Man Booker an bhliain dár gcionn.
Bhuaigh won
" Ar an mBord Céanna Arís ====== Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre an t-olltoghchán sa bhliain 2007 agus cuireadh lena bhriathair an bhliain dár gcionn nuair a chuir siad deireadh le Réiteach an Aigéin Chiúin.
bhuaigh won
" Ní fhaca fós ‘In A Better World’ a bhuaigh an gradam, ach chonac ‘Biutiful’ a bhí ar an liosta lena gcois siúd.
Bhuaigh won
" (An Chóiré Theas)** Bhuaigh sé seo ‘Gradam an Script Scannáin is Fearr’ i gCannes i 2010.
bhuaigh won
" ie/) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: **Cén baile a bhuaigh duais Ghlór na nGael sa bhliain 1962?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
Bhuaigh won
" ”* Cathal Ó hEochaidh ======== Bhuaigh Clement Coughlan (FF) fothoghchán i nDún na nGall i 1980 agus thosaigh sé ag stocaireacht go dian ar son na beirte.
bhuaigh muid duais éigin we won some prize
" Anois ní chuimhin liom an t-ainm a bhí air ach cailín sráide a bhí ionam agus bhí Máirtín Mac Donnchadha as Raidió na Gaeltachta ann freisin agus bhuaigh muid duais éigin thuas i gCaisleán an Bharraigh agus bhí Mícheál Ó hUanacháin mar mholtóir ann.
bhuaigh won
" Gan choinne dá laghad leis, bhuaigh an Danmhairg i 1992 agus an Ghréig in 2004 .
bhuaigh go réidh won easily
" An t-aon léas beag dóchais ar an lá áfach do mhuintir Átha Cliath ná taispeántas na foirne mionúire a bhuaigh go réidh agus go sciliúil ar fhoireann Chill Chainnigh.
bhuaigh won
" Níl mórán suime ag muintir na hÉireann sna spóirt theicniúla aonair ar nós ardú meáchain agus caitheamh diosca nó casúir, cé gur bhuaigh Éireannaigh boinn i gcuid de na spóirt sin ag Cluichí Oilimpeacha san atá thart.
bhuaigh na páirtithe coimeádacha the conservative parties won
" Léirigh Ó Colchúin ina scagadh airitheach an dóigh a raibh ceist lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír i mbáid neamhúdaraithe lárnach san olltoghchán a bhuaigh na páirtithe coimeádacha sa bhliain 2001.
bhuaigh won
" In ocht gcluiche ceannais a bhuaigh Ciarraí níor éirigh ach le céile comhraic díreach amháin scór a fháil agus Páidí á mharcáil – éacht go mba dheacair a shárú.
Bhuaigh siad comórtas an Oireachtais they won the O. competition
" Bhuaigh siad comórtas an Oireachtais i 1962 i mBaile Átha Cliath agus bhain siad Fleadh Cheoil na hÉireann ar an Mhuileann Chearr i 1963 agus i gCluain Eois 1964.
Bhuaigh won
" Bhuaigh Tarantino an comhrac mar go raibh an ceart aige.
bhuaigh won
" Bhí a chroí go mór istigh ann agus bhí sé ag déanamh an-dul chun cinn mar bhuaigh sé bonn faoi 21 don chontae.
bhuaigh won
" Tháinig beagnach 80% de ghuthaíocht an stáit amach i 2008 chun vóta a chaitheamh sa cheist achrannach seo, agus b'iad an dara dream a bhuaigh.
bhuaigh won
" Phléigh siad cearta na mban agus bhí siad an-bhuartha faoi na cearta a chaillfidís dá mba rud é gur bhuaigh Mitt Romney sa toghchán uachtarántachta.
bhuaigh won
" Sa bhliain 2004 bhuaigh an Avensis seo an gradam, Carr na Bliana Semperit, agus tháinig sí sa cheathrú háit i ngradam Carr na Bliana san Eoraip.
Bhuaigh sé duaiseanna he won prizes
" Bhuaigh sé duaiseanna ag an Oireachtas dá scríbhneoireacht.
bhuaigh Corcaigh orthu Cork beat them
" Ní áibhéil é a rá gur tháinig deireadh le ré órga, an ré is órga is dóigh, i stair ghlórmhar iomána Chill Chainnigh ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann.
a bhuaigh Craobh an Domhain who won the world championship
" Is é sin an cás ag an gCorcaíoch Rob Ó hIfearnáin a bhuaigh Craobh an Domhain i Moscó i mí Lúnasa seo thart i spórt an tsiúil.
bhuaigh won
" Ba é a mhúscail suim thar an ngnáth i mbronnadh an Leon Óir ar an saothar seo ná gurbh é an chéad uair riamh a bhuaigh scannán faisnéise an phríomhdhuais.
Bhuaigh won
" Bhuaigh na ‘Patriots’ leis an scór 23 in aghaidh 3.
níor bhuaigh didn’t win
" Ní raibh mórán aithne ag daoine ar a chéile fós ag an am, ach nuair a d’imríomar an chéad chluiche sin bhí an-chraic againn agus muid ár gcur féin in aithne dá chéile agus an imirt ag dul ar aghaidh!” Bíonn gach tosú lag, deirtear, agus níor bhuaigh Na Gaeil Óga aon chluiche sa chéad bhliain sin.
Bhuaigh sí duaiseanna she won prizes
" Bhuaigh sí duaiseanna ó *MTV* agus bíonn sí le cloisteáil ar bharr na cairteacha go rialta.
bhuaigh won
" Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin, rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann.
An mise a bhuaigh an bonn seo am I the one who won this medal
" An mise a bhuaigh an bonn seo i ndáiríre? An mise a rith mé 26.
a bhuaigh an iomaíocht tairisceana which won the offers competition
" Ag fadú tine faoi loch a bhí siad faoi gur éalaigh sí ón ngramaisc i veain de chuid Cainéal 7, an t-eagras Astrálach a bhuaigh an iomaíocht tairisceana le clár eisiach a chraoladh faoin scaoileadh.
bhuaigh won
" Baint an Giro in Éirinn ======== Tá baint lárnach ag an Giro le hÉirinn cheana féin mar gur bhuaigh Stephen Roche an ‘Maglia Rosa’, nó ‘Geansaí Bándearg an bhuaiteora’, i 1987.
Bhuaigh an bhuíon the ... group won
" Bhuaigh an bhuíon cheoil traidisiúnta as Oileán Mhanann ‘Barrule’ an gradam ‘An dlúthdhiosca nua is fearr’ sa vótáil i Mí an Mhárta ar an tsuíomh idirlín www.
a bhuaigh who won
" Cuireadh tús le Craobhchomórtas Gailf Oscailte na Breataine i 1890 agus ba é Fred Daly an chéad Éireannach a bhuaigh an comórtas cáiliúil sa bhliain 1947.
a bhuaigh who won
" Baile Átha Cliathach agus amhránaí dúchasach den chéad scoth é Éamon Ó Donnchadha, a bhuaigh Corn Uí Riada den dara huair ag Oireachtas 2003.