Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
billí smolchaite well-woren bills
" Agus tugann na deontais mhóra ó fhondúireachtaí, na bronntanais ó sheanchairde de Mary's Center agus na billí smolchaite a chuirtear faoi dhoras an chlinic i ndiaidh am dúnta le fios go bhfuil daoine sásta aire a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sí ag teastáil uathu.
an mBille Ceartais Choiriúil Criminal Justice Bill
" Ach ag éisteacht leis an díospóireacht a bhí sa Dáil an mhí seo caite ar an mBille Ceartais Choiriúil, is léir ní hamháin nach bhfuil an Rialtas sásta dúshlán thionscal na ndeochanna a thabhairt, ach ní mian leo a aithint, nó tá siad dall ar an gceangal, atá idir an Tíogar Ceilteach agus mí-úsáid alcóil sa Stát a bheith ag dul in olcas.
Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002 The Official Languages (Equality) Bill 2002
" Go ndéanfaí acht den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla 2002.
Bhille um Shaoráil Faisnéise The Freedom of Information Bill
" Cheana féin tá an Coimisiún tar éis a mhíshásamh a léiriú leis na hathruithe a rinne an rialtas ar an Bhille um Shaoráil Faisnéise.
ag tacú leis an bhille supporting the bill
" " Cén fáth a dtógann sé níos faide ar na mná an beart a dhéanamh? Bhuel, sin ceist atá ag cothú easaontú idir iad siúd atá ag tacú leis an bhille agus iad siúd a fheiceann é mar ábhar magaidh.
an bille a chlóbhualadh to print the bill
" Ansin, nuair a rachaidh daoine go dtí an cuntar chun íoc as gach rud, ní bheidh aon mhoill ann mar go mbeidh léitheoir in ann gach rud sa chiseán a aithint agus an bille a chlóbhualadh go huathoibríoch.
bréan de bheith ag íoc bille ard fóin sick of paying a high phone bill
" Tá siad ródhaor! **Tá mé bréan de bheith ag íoc bille ard fóin gach mí i gcomhair seirbhíse atá go hainnis.
an Bille um Chlúmhilleadh the Defamation Bill
" Má éiríonn leis an Bille um Chlúmhilleadh a achtú, bunófar Comhairle Preasa neamhspleách, nach mbeadh faoi choimirce an rialtais.
ach an bille a chrosadh orthu. but to veto the bill on them.
" Ar ndóigh ní raibh an dara rogha ag an Uachtarán ach an bille a chrosadh orthu.
bille ollmhór teileafóin a massive phone bill
" Cúpla bliain ó shin bhuaileamar le hathair duine dár lucht leanúna, Kevin Pendred, agus d’inis sé scéal dúinn faoin gceathrar cairde a bhí aige a d’úsáid a thigh mar oifig samhradh amháin agus a d’fhág bille ollmhór teileafóin leis – muid faoi ndear an bille a dúirt sé linn, ag scige.
Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, his company were supposed to be paying for my hotel bill
" Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, ach ní raibh sé íoctha acu fós.
billí leighis medical bills
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
billí míosúla. monthly bills
" De réir tuairiscí, ní chosnóidh sé "ach" thart ar €130 orthu siúd a íocann billí míosúla.
Bille um Pleanáil agus Forbairt Planning and Development Bill
" " * Agus an t-alt seo á scríobh agam, d'fhógair an tAire go gcuirfear Bille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) os comhair na Dála agus is éard atá i gceist sa Bhille seo ná géarú ar dhlithe pleanála agus forbartha.
lucht an bhille supporters of the bill
" Ghéill lucht an bhille dó i ndeireadh thiar agus tógadh amach an rogha sin.
bhille a bill
" Rinne sí urraíocht ar bhille i mbliana a chuir na smachtbhannaí geilleagair is troime fós ar an bPoblacht Ioslamach.
an bille nua slándála emergency powers bill
" Ré an Amhrais ======== Ní raibh baill den chomhrialtas idir Fhine Gael agus an Pháirtí Lucht Oibre chomh cinnte céanna áfach, óir cheapadar go raibh Ó Dálaigh róbháúil le poblachtánaigh agus nuair a chur sé an bille nua slándála, faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí, mhéadaigh ar an amhras acu.
in inmhe billí a thionscnamh able to begin bills
" I ndeireadh ama, séard atá de dhíth ná fóram feidhmiúil a bhfuil cumhachtaí beachta aige, atá ionadaíoch ar ghrúpaí mhionlaigh, atá in inmhe billí a thionscnamh agus miondhealú a déanamh ar reachtaíocht de chuid na Dála.
D’fhoilsigh siad bille anuraidh they published a bill last year
" D’fhoilsigh siad bille anuraidh a chuirfidh sriain ar shíntiúis pholaitiúla.
baiste as bille so named from a bill
" Laistigh den dream seo tá na Dreamers, atá baiste as bille a tugadh isteach i dTithe na Comhdhála i 2001 den chéad uair ach nár achtaíodh fós, is é sin Development, Relief and Education for Alien Minors Act, nó an Dream Act.
a bhí freagrach as dréachtú an bhille who was responsible for drafting the bill
" Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise.
nár bhain bille cearta na tíre le the national rights bill didn’t pertain to
" In 1856, mar shampla, rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe nár bhain bille cearta na tíre le daoine Gormaigh, agus d'fhan an rialú sin slán go dtí 1868.
ar son bhille ar bith for any bill
" Thug Sammy Wilson ón DUP cleachtas ar a thugtar Petition of Concern faoina gcaithfidh móramh aontachtach agus móramh náisiúnaíoch vótáil ar son bhille ar bith le go n-éireodh leis.
bille a chur fríd put a bill through
" D'éirigh le Ann Travers - agus Jim Alastair - bille a chur fríd a chuir cosc ar iarchimí, a chaith níos mó ná seacht mbliana ar an leaba chláir, bheith fostaithe mar chomhairleoirí speisialta i Stormont, ag díriú an spotsolais ar an SDLP nach raibh a fhios acu cén treo ina rachadh siad, ag cur le híomhá na mí-éifeachta atá orthu le fada an lá.
Ní theastódh ach Bille it’d only take a bill
" Vóta a Thabhairt do Gach Saoránach ================ Ní theastódh ach Bille a chur tríd an Oireachtas leis an vóta a thabhairt do gach saoránach fásta i roghnú an tSeanaid, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil cónaí orthu nó cén tír ar domhan a bhfuil siad lonnaithe ann.
ritheadh bille sa tionól áitiúil a bill was run through the local assembly
" Is féidir leis na lánúineacha ádhúla seo fanacht sa bhaile anois, ámh, mar gur ritheadh bille sa tionól áitiúil in Canberra le déanaí a thugann cead dóibh pósadh san *Australian Capital Territory* (ACT), an chríoch bheag ina bhfuil an phríomhchathair.
mBillí Rialtas Dúchais Native Gov. Bills
" Mhaígh sé go téann scéal lárnach na staire tríd an GPO agus tríd an Chéad Dáil, ach tá ‘craobhaibhneacha’ ann, ar nós na mBillí Rialtas Dúchais agus an Chéád Chogadh Dhomhanda.
cuireadh an bille the (government) bill was put
" Bíodh is go bhfuil leisce ar pholaiteoirí na hAstráile dul i ngleic le ceist na heotanáise, cuireadh an bille, *Medical Services (Dying With Dignity)*, síos ar chlár an tSeanaid sa pharlaimint náisiúnta ar na mallaibh.
Déanfar leasú ar fhoclaíocht an bhille the bill’s wording shall be reformed
" Déanfar leasú ar fhoclaíocht an bhille ag deireadh na tréimhse comhairliúcháin seo sula gcuirfear faoi bhráid an tSeanaid é.
agus an bille á ghlanadh acu siúd a raibh sé ag obair dóibh. when the people he was working for were footing the bill
" Ba mhinic a thaistealaíodh Breandán de Gallaí sa ghrád gnó agus an bille á ghlanadh acu siúd a raibh sé ag obair dóibh.