Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag réabadh blasting
" An tAigéan Atlantach ag réabadh na gcarraigeacha thíos fúm ag bun na bhfailltreacha agus na Blascaodaí ag lonrú faoi sholas na gréine.
Caor thine air Blast it
" "Cé a smaointigh ar an ócáid cibé? Caor thine air mar lá.
siorradh blast/draught of wind
" Ach nach é a bhéarfadh ór na cruinne ar phuth beag gaoithe anois, siorradh beag deas a phógfadh an craiceann aige.
Cháin Nixon na Gael-Mheiriceánaigh go géar Nixon blasted the Irish-Americans
" " Cháin Nixon na Gael-Mheiriceánaigh go géar chomh maith.
blosc blast
" Nuair a shroich na fir sráid faoi leith, baineadh blosc as trumpa agus léadh forógra na poblachta amach go hard, le cabhair micreafóin.
shíob blasted
" Ach ansin chuirfí arís na ceisteanna: cé a chuir an buama ar Eitilt Pam Am 103, agus cén fáth? Sular cúisíodh al Megrahi agus Lamin Khalifa F’himah, nár ciontaíodh, ceapadh go forleathan gur earcaigh an Iaráin sceimhlitheoirí Palaistíneacha le díoltas a bhaint amach mar gheall ar an 290 duine a maraíodh ar Eitilt Aer Iaráin 655 nuair a shíob an USS Vincennes as an aer é “de thimpiste” ar 3 Iúil, 1988.
séideán a blast
" Chuaigh séideán polltach tríom agus mé ag dul anonn agus chuaigh scaird uisce isteach ar mo mhuineál ar mo bhealach ar ais.
pléascadh blast
" Tharla an pléascadh i 2007 ar Shráid Al-Mutanabbi, áit a bhí lán le daoine agus stallaí leabhar agus bhí an buama chomh láidir sin gur mharaigh sé 38 duine.
ag gabháil go tréan going full blast
" Ag Club na Féile oíche Dé Sathairn seo caite bhí an damhsa agus an ceol ag gabháil go tréan nuair a rinneadh fógra go raibh An Bhanríon Eilís chun fanacht sa halla go dtí go mbeadh an ceol thart, nó gur theastaigh uaithi a bheith i láthair agus gach duine ag ceol Fad Saoil Dár mBanríon Ghrástúil.
ag roiseadh ar blasting in on
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
faoi lántseoil going full blast
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
Tuilleadh diabhail aici God blast it
"Tuilleadh diabhail aici,” arsa mise.
na cinn go léir a shíobadh den cholainn to blast the heads of the body
" Tír a bhfuil fathach na seacht gceann ann í Libia agus ní bheidh NATO in ann na cinn go léir a shíobadh den cholainn mar tá siad chomh scaipthe ar fud na tíre is atá daonra iomlán Libia féin.
fhoirnéis soinneáin blast furnace
" Níl ach 3,100 duine fostaithe acu in Port Kembla faoi láthair agus d’fhógair an comhlacht ar na mallaibh go mbeidh orthu an fhoirnéis soinneáin dheireanach sa bhaile a dhúnadh agus deireadh a chur lena onnmhairiú cruach.
faoi lán seoil going full blast
" Bhí mé ag caint a thug John Pilger i mBéal Feirste in 2009 agus grá-fest Barack Obama faoi lán seoil.
Th’anam ’on diabhal God blast you
" Th’anam ’on diabhal! Dochreidte ar fad.
bás a fháil i bpléascán bhuama being killed in a bomb blast
" Tugadh cuireadh di labhairt in Ardeaglais Coventry i ndiaidh beirt ghasúr óg, Tim Parry agus Jonathan Ball, bás a fháil i bpléascán bhuama a d'fhág an IRA i Warrington.
Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine the screen lights up with a ray or a blast of sunlight
" Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine nuair a thagann Anne ar ais chuici féin ó am go chéile.
Síobadh Fiáin a wild blast
" Síobadh Fiáin ===== Thit dorchadas na hoíche ag a ceathar, agus b'shin an t-am a thugamar faoi deara nach raibh gach rud ina cheart: bhí soilse agus gléasanna aibhléise an tí ag faiteadh an t-am ar fad.
lean toirneach na pléisce thunder followed the blast
" I gciúnas agus olldorchadas na hoíche, bhreathnaíomar amach fuinneoga uachtar ár dtí ar íor na spéir - ba chosúil le taispeántas tinte ealaíona é - gach leathnóiméad nó mar sin tháinig splanc a las an spéir agus lean toirneach na pléisce é cupla soicind ina dhiaidh.
dóite ag an phléasc burned by the blast
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
in aghaidh na síbe against the blasting wind
" Is ar éigean gur sheas an puball san ionad seiceála in aghaidh na síbe.
faoi lán seoil going full blast
" Tús na 1970aí bhí saol sóisialta iontach i mBleá Cliath i measc lucht na Gaeilge ag an am: Club an Chonradh faoi lán seoil agus comhluadar den scoth ann oíche ar bith den tseachtain; Tigh Néill ar Rae Muirfean lán go doras ar an Satharn le lucht na cúise ag cur is ag cúiteamh faoin saol agus faoi ghnóthaí na Gaeilge go áirid; club sóisialta eile do lucht na Gaeilge, An Bonnán Buí, bunaithe ag an bhfile Caitlín Maude ar bun ar an Domhnach.
an cogadh beo beathach the war at full blast
" Ní raibh mé ach 23 bliana agus is cuimhin liom ag dul isteach go Kosovo, go Priština agus an cogadh beo beathach.
níor síobadh de dhromchla an domhain iad they weren’t blasted clean of the surface of the earth ar aon chuma at least
" Mothaíonn muintir na Gaeilge ar feadh roinnt laethanta nár múchadh an dé ina sinsir, is má buaileadh iad go dona sa saol, níor síobadh de dhromchla an domhain iad ar aon chuma.
ag pléascadh amach blasting out
" An áit nach raibh ach cuntar beáir, suíocháin, tinteán agus daoine teannta isteach le chéile ag cromadh ar chomhrá, tá anois mórscáileáin i ngach cúinne ag pléascadh amach Sky News nó a dtarla i chuile shórt spóirt, idir Sacar an Premiership, chruicéad, leadóg, snúcar, ghalf agus araile.
Mallacht orthu blast them
" Mallacht orthu! Faoi dheireadh éirionn liom iad a scoitheadh, ach go tobann, mar dhíoltas do mo mhallacht, tosaíonn scréachaíl i mo láirig.
an phléasc a choimeád taobh in containing the blast
" Go bunúsach, theipfeadh ar an bplaisteach an phléasc a choimeád taobh istigh do bhairille an ghunna agus, mar sin, ní bheadh an chumhacht chuí taobh thiar don urchar chun é a chasadh is a chaitheamh leis an neart ceart.
faoi lán seoil going full blast
" Ar feadh na míonna, bhí sé ag tarraingt aird na meán agus sa deireadh bhí air éirí as nuair a bhí feachtas toghcháin faoi lán seoil.
raideadh amach blast out
" Dá mba mhian leat scairteadh amach ar bhonn dlinsíochta, ba chóir scairteanna den chineál sin a raideadh amach ó am go chéile.
faoi lánseol going full blast
" Tá Corn Sacair an Domhain faoi lánseol agus mé á scríobh seo.