Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lasracha blazing
" Dheineadh an gadhairín dúr miongharanna dá mháistir an lá ar fad, idir léamair fhadruballacha, ghlice an dúthaigh a ruaigeadh uair go mbeadh a gcinn sa bhruscar bídh, agus phéint a chur ar an sciobóilín cluthar a roinneadar beirt cois Zambezi uair sa bhliain, nuair a thagadh an bláth den chéad uair ar chrainn lasracha an *savannah*.
bhladhmainn blaze
" Bhí an scéal ar ais sa nuacht i mbliana mar gur aithníodh an t-íospartach deireanach, níos mó ná 16 bliana tar éis an bhladhmainn ansin ina bhfuair 31 duine bás.
ina gceo bóthair away like blazes
" Ach nuair a scaoiltear rún marfach Roman, bréagfhuadaíonn sé Maru as an scoil faoi bhéal gunna agus seo leo ina gceo bóthair le carr éalaithe.
cén diabhal aithne a bhí aici ar how in blazes did she know
" Ach cén diabhal aithne a bhí aici ar Baltimore? "Seachain na bithiúnaigh" ar sí, nuair a dúras léi go rabhamar chun deireadh seachtaine a chaitheamh sa chathair sin.
ar luas lasrach like blazes, pell-mell
" É sin ráite, ba é an rud ba mhó a chuir isteach orm ar an turas sin ná na páistí óga ag sciáil thart ar luas lasrach agus iad an-chompordach ar fad ar na scíonna nó ar na cláir shneachta.
ag scairteadh blazing in the sun
" Is gearr go raibh mé féin agus leathbhuidéal uisce ar an mbealach go Búdaipeist agus milliún acra de lus na gréine ag rince agus ag scairteadh timpeall orainn.
faoi luas lasrach like hells blazes
" “Anois a fheara, amach as seo faoi luas lasrach mar sin” agus mé ag smaoineamh ar ceard a déarfainn le Banged Up Abroad ar an mbealach abhaile.
As go brách lenár laoch away like hell’s blazed went our hero
" As go brách lenár laoch ar eitilt Ryanair chun na Róimhe, agus praghas na traenach isteach chuig lár na cathrach aige ina phóca tóna – le caoinchead an eagarthóra, Seosamh Mac Slua Muirí.
gabh go Poll Tí Labáin go to blazes
" **Balor: John, gabh go Poll Tí Labáin!**
tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad you’re gone to blazes entirely
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
an ghrian ag spalpadh anuas orthu the sun blazing down on them
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.