Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cruinniú cinn bhliana AGM
" Rogha na n-imreoirí ======= Cuireadh tús le foireann iománaíochta Choláistí Átha Cliath sa bhliain 1994 de bharr rúin ar glacadh leis ag cruinniú cinn bhliana Chomhairle Choláistí Laighean, is é sin go mbeadh cead ag foireann thar ceann Choláistí Átha Cliath páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Choláistí Laighean 'A'.
Bhliain na Teagmhála the Year of Contact
" Tá dul chun cinn déanta againn; bíodh 2002 mar Bhliain na Teagmhála - bímis i dteagmháil le chéile i nGaeilge, is cuma cá háit sa domhan a bhfuilimid!
smut chomh fada le bliain a big long face
" Bhí sé de chlú ar McAllister go raibh smut chomh fada le bliain air agus nach raibh sé de nós aige pas a thabhairt do dhuine ar bith ar an chéad iarraidh.
smut chomh fada le bliain air face as long as a Lurgan spade, very sulky expression
" Bhí sé ina shuí ansin agus smut chomh fada le bliain air nuair a tháinig a chara Máire isteach.
istigh agus amuigh le cúig bliana the better part of five years
" Cé go raibh seanaithne acu ar a chéile ó bhí siad beirt ar an ollscoil i nGaillimh, bhí sé istigh agus amuigh le cúig bliana ó chonaic siad a chéile anois.
Oíche Chinn Bliana New Year's Eve
" 'Téana ort is ólfaidh muid deoch sa Lodge ós í Oíche Chinn Bliana í.
ó cheann ceann na bliana from one end of the year to the other
" Daoine nach bhfeiceann a chéile b'fhéidir ó cheann ceann na bliana.
bheadh sé bliain fhada it would be a long time (not literally a year)
" Ní raibh sí cinnte cén réiteach a bheadh ar an scéal ach bheadh sé bliain fhada sula dtabharfadh a hathair maithiúnas do Mark.
na bliana acadúla the academic year
" Cé nach raibh Gaeilge líofa acu is mór an dul chun cinn a chonaic mé ag teacht orthu ón am a labhair mé leo den chéad uair i mí Mheán Fómhair agus deireadh na bliana acadúla.
trí bliana déag agus ceithre scór eighty-four years of age
" Agus tá sí trí bliana déag agus ceithre scór! "Bhí sé d'ádh orm ansin go raibh Caitlín Ní Dhomhnaill, a bhfuil clú agus cáil uirthi sa lá atá inniu ann, sa darna doras domh.
ag teannadh amach sna blianta of an advanced age
" Ní fada go mbeidh barr slaicht dá chur ar an bhfoirgneamh breá seo a thabharfaidh ciúnas agus tearmann do dhaoine atá ag teannadh amach sna blianta.
an bhliain seo a chuaigh thart last year
" Níl mé ag iarraidh ráiteas pearsanta a dhéanamh anseo, ach chuir mé féin isteach ar an damhsa ar an sean-nós an bhliain seo a chuaigh thart, ag an Oireachtas sa Daingean, agus bhí na moltóirí dall ar an aclaíocht agus an lúfaireacht lenar chuir mé an rince cogaidh ar an sean-nós i láthair.
in aghaidh na bliana each year
" Faoi láthair creideann National Newspapers of Ireland go n-íocann siad breis agus €10 milliun ar chásanna leabhail in aghaidh na bliana.
Fiontraí na Bliana Entrepreneur of the Year
" Fuair an Céideach aithneantas i mí Mheán Fómhair i mbliana as an éacht oibre atá déanta aige sa chomhlacht sin le blianta beaga anuas nuair a bronnadh an gradam Fiontraí na Bliana air.
an bhliain uilig the whole year
" "Tá muid ag iompar níos mó paisinéirí anois in aon seachtain amháin ná mar a d'iompar muid an bhliain uilig trí bliana ó shin.
dhá scór bliain forty years
" Is í an Ghaeilge gnáth-theanga na ndaoine anseo go fóill, ach go háirithe iad siúd atá os cionn dhá scór bliain.
scór bliain twenty years
" Tógann sé muid trí scór bliain de pheil Chontae na Mí faoi bhainistíocht Sheáin Boylan.
cheiliúradh bliain an chéid centennial celebrations
" Ach roimhe sin, i 1984, eagraíodh comórtais speisialta iomána agus peile mar chuid de cheiliúradh bliain an chéid ag an gCumann Lúthchleas Gael agus chuir Seán Boylan roimhe an comórtas peile agus Corn an Chéid a bhuachaint, rud a rinne.
i gceann deich mbliana eile in ten years' time
" Bhí mé thar a bheith sásta! AÓF: Cá mbeidh tú i gceann deich mbliana eile, an gceapann tú? OMD: Níl mé cinnte, ach ba bhreá liom a bheith páirteach sa cheol ag leibhéal éigin.
taithí na mblianta years' experience
" Meas sibh cé a fuair an t-aitheantas sin? Sea! Gan dabht! An Rí gan Choróin a d'fheidhmigh mar óstach agus mar aoi speisialta ag an am céanna, rud nach deacair dó, nó tá taithí na mblianta aige ar a leithéid.
Bunús bhliain Gearóid most of Gearóid's year
" Bunús bhliain Gearóid, dhiúltaigh siad an Ghaeilge a roghnú nuair a fuair siad an deis, ach lean Gearóid léi.
le trí scór bliain anuas for the past sixty years
" Sa tréimhse seo, thosaigh siad ag dul chuig Cumann Chluain Ard, cumann a bhfuil clú na dea-Ghaeilge tuillte go maith aige le trí scór bliain anuas.
traidhfil de bhlianta some years
" Bhí sé traidhfil de bhlianta sula bhfuair sé an seans.
dhá scór bliain forty years
" Is é seo an chéad uair dá saothar a bheith le feiceáil sa tír seo agus tá dhá scór bliain dá cuid ealaíne i gceist.
thorthaí dhaonáireamh na bliana 2001 the results of the 2001 census
" Bhí an cinneadh seo bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh na bliana 2001.
an bhliain is gnóthaí the busiest year
" " Bliain ghnóthach ======= Seo an bhliain is gnóthaí ag Neil le fada an lá.
Ná déanaimís dearmad ar réalt óg na bliana let's not forget the young star of the year
" Ná déanaimís dearmad ar réalt óg na bliana agus réalt úr don todhchaí, is é sin Setanta Ó hAilpín.
an bhliain a théaltaigh an Tiarna Lucan the year in which Lord Lucan stole/went furtively
" D'imigh sé go dtí an Astráil i 1971 agus chuaigh sé go Goa i 1974, an bhliain a théaltaigh an Tiarna Lucan as Sasana tar éis dhúnmharú a bhuime agus ionsaí fíochmhar ar a bhean chéile.
gach tríú bliain every third year
" Cuireadh tús leis an rása seo i 1987 agus bhí sé ann gach tríú bliain go dtí 1999 agus gach dara bliain ó shin.
i gceann 500 bliain in five hundred years
" Tá "géarchéim féiniúlachta" againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b'fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht" agus an "rud áirithe sin" atáimid ag lorg.
bliain ar dóigh a great year
" "Bhí bliain ar dóigh agam.
dhianchúrsa lánaimseartha bliana a one-year full-time intensive course
" " "Agus mo chéim bainte amach agam, d'aithin mé go raibh orm Gàidhlig a fhoghlaim i gceart - mar sin, chun bóthair liom chuig Coláiste Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgitheanach ar dhianchúrsa lánaimseartha bliana.
thorthaí dhaonáireamh na bliana 2001 the results of the 2001 census
" Bhí an cinneadh seo bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh na bliana 2001.
cuireadh ceithre bliana ar fionraí four years were suspended
" Gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag air, ach cuireadh ceithre bliana ar fionraí.
go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige until he had reached sixteen
" Creid é nó ná creid, socraíodh sa gcúirt dhúiche i Longfort go gcuirfí an buachaill óg isteach sa scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige, ar an údar sin amháin.
soláthar bliana a year's supply
" Bhí an-chuid oibre ag an gcomhlacht ag an am, ag fáil réidhe le soláthar bliana de chláracha anamúla a chur ar fáil do TG4.
dhea-rúin na bliana úire new year's resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú .
scór bliain twenty years
" Táim bainteach leis an Áras anois le thart ar scór bliain.
an liachtaí seo bliain for so many years
" Bheadh sé ag gearradh chuile lá fómhair, agus geimhridh, soineann is doineann, cé is móite den Domhnach, mar a rinne sé leis an liachtaí seo bliain, mura n-iarrfaí obair níos cruóige air.
iománaí óg na bliana young hurler of the year
" Réalt agus iománaí óg na bliana ag deireadh an tséasúir.
bliain bhisigh leap year
" Tuilleann (*oops!*) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú! Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
an bhliain a chuaigh thart the year that has gone
" Amharcann sé siar ar an bhliain a chuaigh thart agus ar aghaidh i dtreo na bliana atá ag teacht.
os cionn ceithre scór bliain d'aois over eighty years of age
" Nuair a thug mé cuairt air ina theach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ba dheacair dom a chreidiúint go bhfuil an fear ard, leathan, díreach a d'fháiltigh romham go maith os cionn ceithre scór bliain d'aois.
le dornán beag blianta anuas in the past few years
" Téamaí ======= Ba liosta le háireamh na hailt atá ligthe i ndearmad ar fad agam ach tá siad seo a leanas ar na daoine agus ar na téamaí a bhí faoi chaibidil sna hailt is cuimhin liom as measc ar léigh mé le dornán beag blianta anuas: Rupert Murdoch, William Shakespeare, D.
le dornán beag blianta anuas in the past few years
" Téamaí ======= Ba liosta le háireamh na hailt atá ligthe i ndearmad ar fad agam ach tá siad seo a leanas ar na daoine agus ar na téamaí a bhí faoi chaibidil sna hailt is cuimhin liom as measc ar léigh mé le dornán beag blianta anuas: Rupert Murdoch, William Shakespeare, D.
thar na blianta over the years
" Cé go raibh cuid acu faoi bhrú, measaim nach bhfuil an méid céanna stró i gceist i mBéal Feirste is atá atá thall i Londain, áit a raibh mé i mo chónaí ar feadh tamaill fhada agus ina ndearna mé obair shealadach anois is arís thar na blianta.
le blianta beaga in recent years
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
bhlianta corracha troubled years
" Bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir bunscoile i 1967 agus chaith sé dhá bhliain ansin ag obair sa Nigéir, le linn bhlianta corracha Chogadh Bhiafra.
ceathracha bliain forty years
" Le ceathracha bliain anuas, is iad Loch Garman agus Uíbh Fháilí atá san iomaíocht don stádas mar fhoireann thánaisteach Chúige Laighean (Cill Chainnigh na taoisigh).
chóir a bheith gach bliain nearly every year
" Chomh maith leis sin, bunaíodh bunrang úr chóir a bheith gach bliain le tamall anuas agus, le cúpla bliain anois, tá mac léinn atá san ardrang, Brús Ó Ciannaith, ag teagasc na nglantosaitheoirí.
phríomhócáid chultúrtha na bliana the main annual cultural event
" Go díreach mar atá Oireachtas na Gaeilge ag Gaeil na hÉireann mar phríomhócáid chultúrtha na bliana, tá a mhacasamhail ag na Breatnaigh fosta, is é sin an tEisteddfod.
níos túisce i mbliana earlier this year
" Ag an gcomóradh níos túisce i mbliana rinneadh athléiriú ar an gcath (bhí an toradh céanna air) agus rinneadh tagairt do thuairim na n-údarás in 1804 gur baineadh úsáid as an Aifreann agus as an nGaeilge le comhcheilg a spreagadh.
pianseirbhís trí bliana three years' penal service
" Cuireadh a cheannfort, Éamonn Ó Dálaigh, chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann in éineacht leis na ceannairí eile agus ghearr an Chúirt Mhíleata pianseirbhís trí bliana ar Bhéaslaí féin.
cúrsa bunchéime ceithre bliana four-year undergraduate course
" "Athraíodh an cúrsa go cúrsa bunchéime ceithre bliana ansin, cúrsa níos leithne i scannáin, físeáin, raidió agus iriseoireacht, measaim.
faoi cheann cúig bliana within five years
" faoi cheann cúig bliana aimsíodh ceimicí a bhain an aidhm chéanna amach agus ní raibh suim ag na feilméaraí sa mbuaf níos mó.
pus chomh fada le bliain a big long face
" Bhí Siobhán ina suí ar a uillinn chlé agus pus chomh fada le bliain uirthi.
le blianta beaga anuas in recent years
" Fágann sin níos mó brú an na siopadóirí sna bailte beaga agus tá a rian le feiceáil - tá cuid mhaith acu tar éis dúnadh le blianta beaga anuas.
réaltaí peile agus iomána na bliana the football and hurling stars of the year
" Gach bliain sa scoil s'againne fógraítear réaltaí peile agus iomána na bliana agus bronntar plaiceanna ar na buaiteoirí ar an lá a bhronntar duaiseanna eile na scoile.
ag druidim leis na blianta deireanacha approaching the last years
" Níor tháinig Orpen chuige féin arís riamh i ndiaidh an chogaidh agus críochnaíonn an taispeántas le sraith ón tréimhse dheireanach dá shaol, a thaispeánann an t-éadóchas agus an drochshláinte a tháinig air agus é ag druidim leis na blianta deireanacha dá shaol.
dhá scór bliain ó shin forty years ago
" Níl sé fós i ngar a bheith chomh tábhachtach leis na sean-onnmhairithe traidisiúnta mar chruithneacht, gual, olann agus mianach iarainn ach tá éacht déanta aige mar thionscal nuair a smaoiníonn tú nach raibh mórán brí ag baint leis dhá scór bliain ó shin.
an bhliain inar scoir na Sealadaigh the year in which the Provisionals disbanded
" An é 2005, mar sin, a luafar sna leabhair staire mar an bhliain inar scoir na Sealadaigh? Is é an fhírinne go bhfuil freagra na ceiste seo ag brath i bhfad níos mó ar iar-Aire Thuaisceart Éireann, Paul Murphy, agus ar a cheapadh le gairid mar chathaoirleach ar Choiste Faisnéise agus Slándála Rialtas na Breataine, ná mar atá sé ag brath ar a ndeir nó a ndéanann an tUasal Hain.
níor fhoghlaimíos iad ach an bhliain seo caite I only learnt them last year
" D'fhoghlaim mé cuid acu na blianta fada ó shin, cuid eile níor fhoghlaimíos iad ach an bhliain seo caite.
gach séú bliain every sixth year
" Cén obair a dhéanann an CC ó bhliain go bliain? I dteannta imeachtaí áitiúla, is iondúil go dtógann sé dhá bhliain ar chraobh náisiúnta ullmhú don chomhdháil idirnáisiúnta, a théann ar camchuaird ó thír go chéile (ag filleadh ar an dtír chéanna gach séú bliain).
bliain is an taca seo this time last year
" Tugaim faoi deara go bhfuil an comórtas leis an chomhshaol a scrios ag leanstan ar aghaidh, in ainneoin an ailt a scríobh mé do *Beo!* bliain is an taca seo (eagrán 41).
bhliain na hainnise the year of misery
" Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.
le dornán blianta anuas in the past few years
" Focal Mheiriceá amháin ======= Ainneoin na líomhaintí go mbíonn eitleáin de chuid SAM ag iompar príosúnach agus ainneoin go leor gearán a bheith déanta chuig na Gardaí faoi, níor cuardaíodh oiread is eitleán míleata amháin de chuid na Stát Aontaithe a thuirling in Aerfort na Sionna le dornán blianta anuas.
sa bhliain úr in the new year
" Beidh mé ag siúl na slí seo arís le grúpa mac léinn sa bhliain úr agus mar sin b'éigean dom measúnú priacail a dhéanamh roimh ré, mar sin an dlí anois i gcás scoileanna agus coláistí.
ó cheann ceann na bliana from one end of the year to the next
" “Tá clúdach ar na cluichí Gaelacha ar TG4 ó cheann ceann na bliana,” a dúirt sé, “agus tugtar tosaíocht do chomórtais nach mbeadh chun tosaigh murach TG4.
trí bliana as a chéile three years in a row
" Nuair a d’éirigh na laochra úd as a bheith ag imirt, líon Mattie an ról mar chinnire na dtosaithe ar an bhfoireann ab fhearr a bhí ag Gaillimh riamh, foireann a bhuaigh an Chraobh trí bliana as a chéile idir 1964-66.
amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin. as if it happened the year before
" Bhí scéalta aige faoi Bhalor agus an phluais mhór agus bhíodh seisean ag caint faoi amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin.
an t-ochtú bliain is seachtó the seventy-eighth year
" Is é seo an t-ochtú bliain is seachtó atá an tAcadamh ag bronnadh na nOscar mar chomhartha aitheantais agus measa ar lucht scannáin, agus in ainneoin gur beag áit ar domhan nach mbeadh aithne ar an fhear beag órga seo, níl an oiread sin daoine eolach ar a bhunús ná ar an dóigh a bhfuair sé a ainm.
an taca seo bliana this time of year
" Ón tús, áfach, bhí sé soiléir go raibh níos mó den ghnáth-theannas a bhíonn ag baint le cluichí sinsearacha idirchontae an taca seo bliana le brath ar an imirt idir Tír Eoghain agus Áth Cliath, ach ba bheag a cheapas, ná éinne eile is dóigh, gur sórt seamlais d’ócáid spóirt a nochtfaí os comhair na gceamaraí agus an tsaoil mhóir.
Bliain mhaith ina ndiaidh good riddance to them
" “Bliain mhaith ina ndiaidh,” ar sise léi féin.
faoin tráth seo den bhliain about this time of year
" * **Balor:** Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile? **CD:** Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar *Beo Ar Éigean*, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d’fhoghlaim muid a leithéid is “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos.
i mbliain chomórtha bhreith an Chadhnaigh in the year in which Ó Cadhain's birth is being celebrated
" Is ábhar dóchais é seo do go leor againn, i mbliain chomórtha bhreith an Chadhnaigh.
ag brath ar an am den bhliain depending on the time of year
" Cén obair a dhéantar in Feachtas ó lá go lá? *** Athraíonn sé ó lá go lá agus ag brath ar an am den bhliain atá i gceist.
le corradh is scór bliain anuas for over twenty years
" Tá ardú suntasach le feiceáil i líon na nEaspáinneach i Meiriceá le corradh is scór bliain anuas.
blianta breise a oibriú to work extra years
" Chuir sé fearg ar Mhuireann agus ar go leor daoine eile gur dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do na blianta sin a d’oibrigh Mícheál gan pá ón Stát agus, dá bharr sin, go raibh air blianta breise a oibriú nuair a bhain sé aois an phinsin amach.
taithí na mblianta fada long years of experience
" Baol go gcaillfear saineolas Ceann de na fadhbanna a bhaineann leis an pholasaí díláraithe ná go dtiocfaidh athrú mór millteanach ar fhoirne na rannóg stáit agus go bhfuil an baol ann go gcaillfear an saineolas atá ag státseirbhísigh a bhfuil le taithí na mblianta fada acu.
a eascraíonn as blianta fada seirbhíse which comes from long years of service
" Is cuma cé chomh hábalta is a bhíonn na daoine úra a thiocfaidh isteach go Roinn ar bith glacfaidh sé blianta fada orthu teacht ar an taithí is ar an eolas a eascraíonn as blianta fada seirbhíse.
blianta lácha na fealsúnachta the kind philosophical years
" “Bhíos seacht dtroithe ar airde an lá sin,” a deireadh Pat, mac an ghabha as Díseart Diarmada, agus blianta lácha na fealsúnachta ag síneadh amach roimhe.
i dtollán fada bhlianta dubha an fhaisisteachais in the long tunnel of the dark years of facism
" Glactar go forleathan anois leis go raibh Bunreacht 1937 ní ba liobrálaí ná aon nua-bhunreacht Eorpach eile, i dtollán fada bhlianta dubha an fhaisisteachais.
le dhá scór bliain for the past twenty years
" Tá a fhios ag chuile dhuine le dhá scór bliain gur mar sin atá an scéal ach níl aon dul chun cinn déanta lena leigheas.
laincisí bhlianta an éadóchais the fetters of the years of hopelessness
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
sna blianta atá amach romhainn in the years ahead
" Ach muna mbeidh an fear féin thíos leis, is cinnte gurb iad na mic léinn sna blianta atá amach romhainn a bheidh caillteach leis nach mbeidh a leithéid de mhúinteoir acu.
ocht mbliana deoraíochta eight years of exile
" Ina dhiaidh sin chuir sé ocht mbliana deoraíochta isteach i Los Angeles.
na blianta corracha seo these difficult years
" In ainneoin na bhfadhbanna reatha, cuirfear an A380 i seirbhís agus i gceann cúig bliana is dócha go mbeidh dearmad déanta ar na blianta corracha seo.
thart fá mhíle bliain around a thousand years
" Ar feadh thart fá mhíle bliain, bhí clú agus rath ar an bhaile seo.
faoi cheann cúig bliana in five years' time
" Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag CnG faoi cheann cúig bliana*.
le dornán blianta anuas in the past few years
" Ar an chéad dul síos, tá na mílte seomra breise curtha ar fáil ag na hóstáin timpeall na tíre le dornán blianta anuas; tá i bhfad barraíocht seomraí ar fáil i ndáiríre agus bíonn scéalta le cloisteáil go rialta faoi óstáin i mbailte tuaithe bheith ag díol a gcuid seomraí ar phraghas an-íseal – is cuma le go leor acu, a fhad is go dtig leo na leapacha a líonadh.
le bliain a thógáil saor to take a year off
" ” Sos ón oideachas I ndiaidh di an Ardteist a dhéanamh, spreag a tuismitheoirí Natasha le bliain a thógáil saor ón oideachas agus roinnt taistil a dhéanamh.
den ochtú bliain as a chéile for the eighth consecutive year
" Beidh neart Gaeilge le cloisteáil sa United Irish Cultural Center, sa Sunset District, in aice na farraige i San Francisco, idir Dé hAoine, 22 Meán Fómhair agus Dé Domhnaigh, 24 Meán Fómhair mar go mbeidh Deireadh Seachtaine Gaeltachta ar siúl ansin den ochtú bliain as a chéile.
le hais mar a bhí deich mbliana ó shin compared to how it was ten years ago
" Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge.
le faillí na mblianta a chúiteamh to make up for years of neglect
" Níl aon amhras ach go raibh beart den chineál sin de dhíth go práinneach ar an cheantar le faillí na mblianta a chúiteamh.
le dornán blianta anuas in the past few years
" Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
bhí na blianta tar éis faobhar a bhaint den chairdeas the years had taken the edge off our friendship
" Ní raibh mórán le rá againn le chéile – bhí na blianta tar éis faobhar a bhaint den chairdeas.
go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin that he had lost his wife the previous year
" “Fuair mé glao tamall ina dhiaidh sin ó fhear a mhínigh dom gurbh é a sheanathair marbh an seanduine cráite agus, nuair a chonaic mise é, go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin agus gurbh éigean dó bogadh isteach in áras seandaoine i mBré.
ag méadú in aghaidh na bliana increasing by the year
" Is dócha go bhfuil níos mó ná tríocha míle páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna na tíre faoi láthair agus an uimhir seo ag méadú in aghaidh na bliana.
bliain i mo dhiaidh a year after me
" Tháinig sin ina dhiaidh sin agus tarlaíonn sé, an bhean a phós mé i bhfad ina dhiaidh sin, go raibh sí bliain i mo dhiaidh sa gcoláiste agus bhí aithne againn ar a chéile.
rinneadh an tríú bliain a thairiscint dó he was offered a third year
" Rinneadh athnuachan ar an scoláireacht sin sa dara bliain agus rinneadh an tríú bliain a thairiscint dó chomh maith.