Pota Focal Intergaelic
blur | bale | be | bhuel | bile
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
goirmeachaí blues
" Tá oícheanta snagcheoil, ceol tíre, agus na goirmeachaí beartaithe do na seachtainí agus do na míonna atá amach romhainn.
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm whether a green shirt goes with blue trousers
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
oibrí coiléir ghoirm blue collar worker
" Teachtaireacht shoiléir ======= Deir Berlusconi gur oibrí coiléir ghoirm é, fiontraí, agus fear a thuigeann na feirmeoirí agus na ceardaithe.
na Cruacha Gorma the Blue Stack Mountains
" Ritheann abhainn na Finne fríd an ghleann seo atá ag síneadh aniar ó na Cruacha Gorma go dtí Alt na Péiste ar an taobh thoir, agus Cnoc na hAmaid agus na Sídhe Rothaí ar an taobh ó thuaidh.
na Cruacha Gorma The Blue Stack Mountains
" Tugann siad cuairt ar na Cruacha Gorma agus ar Ghleann Bheatha chomh maith.
bhuachaillí na héide goirme the boys in blue
" Agus, dár ndóigh, ná déanaimis dearmad ar iompar "ainmhí" na nGardaí a chuir alltacht ar an bpobal ar 6 Bealtaine 2002, nuair a thug scata de bhuachaillí na héide goirme bascadh ceart do dhream mac léinn a bhí ag léirsiú i lár Bhaile Átha Cliath.
mar a thitfeadh splanc orm like a bolt from the blue
" Ach bhuail sé mé mar a thitfeadh splanc orm agus mheas mé nach raibh an dara rogha agam ach leanúint orm.
bratach ghorm blue flag
" Tá "bratach ghorm" ag an trá seo mar aitheantas ar ghlaineacht na háite, agus ar shábháilteacht na trá.
ball fhuil bhrúite black and blue bruise
" Bhí ball fhuil bhrúite ar a sciathán san áit ar glacadh fuil fosta.
gormachaí blues
" Níl dlúthdhiosca ar bith agam den snagcheol nó de na gormachaí! AÓF: Cén obair eile a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag plé leis an gceol? SR: Tá cúlra agam in obair ríomhaireachta ach tá mé ag iarraidh athrú go rud eile faoi láthair, go cúrsaí airgeadais agus cuntasóireachta.
imir bheag ghorm a hint of blue
" Bhí craiceann geal bán orthu agus imir bheag ghorm ann.
chnoic ghorma Fhánada the blues hills of Fanad
" An lá dár gcionn, chuaigh muid ó dheas go Bun Cranncha, a bhfuil tránna an-fhada ann os comhair chnoic ghorma Fhánada.
na Gormachaí the Blues
" An bhfuil tionchar ag na Gormachaí air?, a fhiafraím.
os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh over the blue-black fjord and town
" Stop mé, agus lig mé mo thaca leis na ráillí, tuirse an domhain orm - ag breathnú amach ar na scamaill scallta a bhí ar crochadh mar a bheadh fuil agus claíomh ann os cionn an chaolsáile agus an bhaile ghormdhuibh.
ó stáit na n-oibrithe láimhe from the blue-collar states
" Dá bhrí sin, tá Marlin den tuairim le fada gurb iad na Caitlicigh ghníomhacha ó stáit na n-oibrithe láimhe sa Mheán-Iarthar a shocróidh toradh an toghcháin.
na hoibrithe láimhe Gael-Mheiriceánacha the Irish-American blue-collar workers
" Agus go dtí go mbeidh muid sásta a admháil cén fáth a raibh an oiread sin dúile ag daoine i McCarthy – ní hamháin na hoibrithe láimhe Gael-Mheiriceánacha ach fosta dream na gcuirtíní lása mar Joe Kennedy – tá an baol ann nach dtabharfaidh muid faoi deara na comharthaí rabhaidh nuair a thiocfaidh McCarthy eile ar an fhód.
ag caitheamh bairéad gorm wearing blue berets
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
os cionn na léine goirme, over the blue shirt
" Agus a chonách sin orthu mar scaifte húranna!” Caidé a dúirt an Graoisín? Sea, “Breast thú!” Ar aghaidh leis ansin chun labhairt le Johnny Edwards, ach nuair a chonaic sé an folt gruaige ar foluain sa ghaoth, gach ribe de ag sméideadh go cineálta leis, ba é gnúis ghnaíúil dhóighiúil Enda Álainn Aoibhinn a shamhlaigh sé ag lonrú faoin fholt gruaige agus os cionn na léine goirme, agus thiontaigh sé ar a sháil le chuile “Breast thú!” mar bheannacht aige.
ghormacha blues
" D’fhéadfá a rá, cosúil le Mary, go bhfuil repertoire s’acu bunaithe ar shnagcheol agus ar ghormacha, ach le vibe níos óige agus níos comhaimseartha.
fráma tiúbach gorm blue tubular frame
" Rinneadh gach tír, seachas an Bhreatain – (a léiríodh mar spás bán, tagairt gan amhras, do sceipteachas frith-Eorpach na tíre sin) a léiríú i bhfoirm míreanna móra crochta ar fráma tiúbach gorm déanta as miotal agus gi nár tháínig tír ar bith slán ó ghéíre Cerný, tháinig roinnt tíortha amach níos fearr ná an chuid eile! Ní raibh muintir na Bulgáire róshásta go raibh a dtír léirithe mar leithreas Turcach – an cineál a seasfaidh tú ann - agus cháin ionadaí na tíre, Betina Joteva, go dóite é ag rá: ‘Ní thig liom glacadh le leithreas ar léarscáil mo thíre.
gculaith dhorcha ghorm a dark blue suit
" “Is lóchrann dóchais sibh don saol mór mar caitheann muid samplaí coincréiteacha a bheith againn mar tá na teoiricí uilig againn ach is tearc iad na heiseamláir ar éirigh leo sa saol réadúil,” arsa Ging agus é ar a shuaimhneas i gculaith dhorcha ghorm.
fíréin true blues, the elect
" Ach, in ainneoin na ngearán agus an mhosáin ar fad, nuair a thiocfaidh an t-am, beidh na fíréin ag dul ina ndrongbhuíonta chuig na boscaí vótála agus iad ag fulaingt fós ón Gonorrhoea Lectem.
lá sna n-airde once ina blue moon
" Idir sin agus na castaí uilig sa script scannáin, bheadh lá sna n-airde ag Freud féin déarfainn, dá bhféadfadh sé Jung, a phríomhchomórtas, a choimeád ó dhoras an scéil fada a dhóthain chun a mhíniú féin a oibriú amach.
bhúnna muc na coille craobhaí blue bells
" Agus nuair a rinneadh amhlaidh, tháinig táin le chéile nach bhfacthas riamh a leithéid cruinnithe ar mhachairí méithe Mhaigh Eo, iad in arm agus in éide, idir chlaíomh agus each, a gcuid léinte gorma féin ag bogadh go bog sa leoithne mar bhúnna muc na coille craobhaí, a gcuid baithisí agus a gcuid súl tais ag glioscarnaigh faoi sholas niamhrach ghrian an tsamhraidh.
aniar aduaidh ar out of the blue
" Eachtra gan choinne ab ea ceapadh Gillard agus tháinig sé aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile.
goirme blue
" San áit a mbeifí ag súil le goirme na farraige, tá an tAigéan Atlantach ina mheascán de dhathanna gan choinne - buí, oráiste, agus dearg san áireamh.
liathghorm pale blue
" Bhí cuma neamhdhaonna air ar bhealach: é ina chraiceann dearg, an dath liathghorm air, agus a cholainn saolta fliuch agus craptha.
gcúirt na Léine Goirme in the Blue Shirt camp
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
léinte gorma blue shirts
" Bhí sé doiligh go leor cur suas leis na léinte gorma, ach anois tá daoine ann le léinte bándearga! Ní chaitheann a leath acu carbhait agus tá an leath eile ag iarraidh aos bearrtha ribí gruaige a chur as gnó.
mhuirghorm sea-blue
" Ba iad na hoileáin dhronnlacha, ghlasa de chuid oileánra na Cincíse a bhí le feiceáil ar dtús, agus an fharraige mhuirghorm mórthimpeall orthu.
dhathanna gorma agus glasa blues and greens (colours)
" Meascán de dhathanna gorma agus glasa atá sa mhórsceir agus is léir ón spéir gur órgánach beo mór millteach í.
ag amharc ar mhúscán gorm watching blue mould
" Ar ndóigh bhí cuid acu chomh leamh le bheith ag amharc ar mhúscán gorm ag fás ar phíosa aráin.
d’fhíréin of the true blues
" ” Déan Dearmad de Straitéis na Dea-Teangan ==================== Agus le linn do na mílte d’fhíréin na hÉireann a raibh súile acu le hamharc leo agus a raibh cluasa acu le héisteacht leo a bheith ag ithe agus ag ól le Dinnius Mac Ginlicus, sheas Dinnius suas agus labhair i nguth a bhí lán d’fhearg agus de shéimhe, lán de mhórtas agus d’umhlaíocht, agus dúirt: “Anois go bhfuil rás an Árais rite agus rás an Uachtaráin rite, is ceart agus is cóir dúinn aire mhuintir bhocht chráite bhuartha na hÉireann a dhíriú ar rudaí níos tábhachtaí agus níos mórchúisí, mar atá staid na Gaeilge sa tír seo.
dubhghorm navy blue
" Dúirt sé gur mhothaigh sé lionn dubh marbhánta ag teacht air agus é ag amharc ar an spéir, a bhí cosúil le teangacha tine agus fola, os cionn fjord dubhghorm agus an chathair taobh leis.
greann gáirsiúil blue jokes
" Tá sa bhreis ar 40 milliún caora sa Nua-Shéalainn, agus, in ainneoin go bhfuil i bhfad níos mó acu san Astráil, bíonn an greann gáirsiúil is coitianta abhus bunaithe ar an gcaidreamh collaí a mhaítear a bhíonn ag fir na Nua-Shéalainne lena gcaoirigh.
Gan choinne dá laghad leis completely out of the blue
" Gan choinne dá laghad leis, bhuaigh an Danmhairg i 1992 agus an Ghréig in 2004 .
lucht na léinte gorma the blue shirts
" Ní mó ná sásta a bhí lucht na léinte gorma le fear na léinte bándeirge.
an fáth go gcuireann muid daoine gorma why we call black people (blue coloured people)
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
ná daoine gorma is black people/ blue people
" Deir Rolston gur thug na Lochlannaigh blamadr ar dhaoine gorma a fuair siad ar ruathair ar chósta thuaidh na hAfraice agus an bhunchiall atá le blamadr ná daoine gorma.
chomh gorm so blue
" Agus na súile… iad chomh gorm agus chomh glé leis an lus gormáin nó le droim na farraige i mbrothall an tsamhraidh, nó le droim locha in uaigneas an tsléibhe lá geal seaca sa gheimhreadh.
dearg san éadan blue in the face
" Bhí Alan Shatter dearg san éadan agus é ag iarraidh a mhíniú dúinn go mbíonn an ceart aige i gcónaí, fiú nuair nach mbíonn.
na gormacha ‘the blues’
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
bratacha dúghorma agus gealghorma dark blue and light blue flags
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
meirgí gorma blue banners
" Ná habraimis rud ar bith faoin dath dubh, nó fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i mí Mheán Fómhair.
pure laine true blue
" Creideann an páirtí seo gur cheart neamhspléachas a bhaint amach do Québec leis an teanga agus leis an gcultúr ‘pure laine’ - dóibh a dtáinig a muintir ón bhFrainc, agus gur ‘leo’ mar fíréin Québec - a chosaint, agus ba mhaith leo go gcuirfí an cheist seo faoi reifreann gan mhoill.
aniar aduaidh ar out of the blue, unexpectedly to
" Cé gur tháinig fógairt Abbott aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile, níorbh aon ionadh é gur chinn Abbott go dtabharfaí isteach in athuair na teidil impiriúla thuas.
agartha an mhíle mhurdar calling for blue murder
" Tá Maidhc Ó Cathail in amhras faoi Yousef Al-Khattab, fear conriochtúil, fear agartha an mhíle mhurdar, más fíor dó féin tráth a mbeidh ceamara FoxNews ag dearcadh isteach faoin smut aige.