Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bodhraithe annoyed, bothered, deafened
" "Tá mé bodhraithe ag na baotháin.
bodhraithe ceart really deafened
" dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche.
bodhraithe deafened
" Bhí bannaí ceoil agus grúpaí rince ar gach taobh díom ag batráil mo chuid cluas; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag *banjos*; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do Joe McDonagh ó Fhoraois na Gaeilge a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2004.
bodhraithe deafened
" Bhuel, nach bhfuil an áibhéil tuillte agam? Samhlaigh scannán dubh agus bán: strainséir ina sheasamh i ndoras, figiúr dorcha in aghaidh an tsolais amuigh agus a scáth sínte go fada síos ar urlár cúng éigin - mise, agus ar chúl dorais ag bun an phasáiste súile fhear an tí leata chomh mór gur beagnach bán ar fad iad, cluas greamaithe don adhmad, bodhraithe go tobann ag macalla an iarainn sna boinn agus mé ag coisíocht céim ar chéim chun tosaigh - chugat, a fhear na súl bán, faitíos chugat! Agus leis sin shiúil mé síos an pasáiste, ag comhaireamh na gcoiscéimeanna dom féin, a haon, fan tamall, a dó, chuaigh mé i bhfad scéil leis, a trí, bhain fad mór millteach fada as nó gur shroich an doras agus chnag, aon dó trí.
bodhraithe deafened
" Bíonn daoine bodhraithe agam scaití! AÓF: Céard faoi chomórtaisí? An mbíonn tú neirbhíseach? ÁNíD: An-neirbhíseach go deo! Amanna d'fhéadfadh sé cur le caighdéan do ghlóir agus na mothúchán, ach is minicí faitíos orm go ligfidh mé na focail i ndearmad nó go dtiocfaidh tocht i mo ghlór.
Bodhraithe deafened
" ) As go brách le Callaire Canmhar Craobhscaoilte na Foraoise agus Balor Bocht Bodhraithe, ach b’fhiú dár laoch cur suas leis *an chaint san aer *ar fad nó bhí sé ar a bhealach chuig *Irish Fest *faoi dheireadh.
bodhraithe deafened
" “Tá a fhios agam sin nó chuir mé agallamh orthu, agus sin an tuige go bhfuil mé bodhraithe ag na baotháin, go bhfuil mé briste, bascaithe agus brúite.
bodhraithe deafened
bodhraithe ag an ghleo deafened by the noise
" Bhí muid bodhraithe ag an ghleo agus muid fós scór bloc ón suíomh.
bodhraithe ag an ghleo deafened by the noise
" Bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh.
bodhraithe i rith an ama deafened all the time
" “Ar aghaidh liom thar an *Bold Fenian Men Burger Joint*, thar an *Rosie O’Grady Pizza Parlour* agus thar an *Courtin’ in the Kitchen Corn Stall*, mé bodhraithe i rith an ama ag Béarla, ag bodhráin, ag boscaí agus ag bainseónna dá seinm ag muintir Mheiriceá, muintir Cheanada, muintir na Polainne agus na hÍsiltíre agus na hAstráile ón trí chéad stáitse i bhFearann na Féile.
bodhraithe demented
" Is ann a théann maithe agus móruaisle shaol na Gaeilge agus shaol an cheoil Ghaelaigh ag an am seo gach bliain, agus go hiondúil bíonn an gabhar á róstadh ag na Poncáin – ach i mbliana, an é an gabhar nó an gadhar a bheadh á róstadh? Gan seanbhaile a dhéanamh den scéal, bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh cois Loch Michigan.