Tráth den saol, agus ní chomh fada sin ó shin é, criathrach, portach agus bolláin mhóra ó aois an oighir, a bhí san áit ina bhfuil Páirc na bPiarsach inniu.
Thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ ar an milleadh seo, milleadh atá mar chuid de ‘fhorbairt na háite’!
Deir fógra in aice leo: ‘Treoróidh na marcanna buí ar na clocha agus ar bholláin i dtreo thoir thuaidh thú ar ais go cosán rochtana an Oilithrigh.