Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghaotaire wordy, bombastic talker
" Ach - agus tá mise i mo ghaotaire crosbhealaigh anois - sílim gur cheart dúinn a bheith cúramach le híomhánna.
ag scaothaireacht engaging in bombastic talk
" Ach, ag féachaint dúinn inár dtimpeall, tá fógraí go leor ann ag ár gcara Coca-Cola agus ní go deas atá an hamour ag sleamhnú síos mar, éist! CNN ag scaothaireacht faoin gCogadh ar Sceimhlitheoireacht, mar a thugtar air; dá dheasca sin is deacair eispéireas eitneach a thabhairt ar an gcéad lón anseo againn i nDúbai.
bladhmannach bombastic
" B'fhéidir go gceapann daoine eile go bhfuil se craiceáilte, béalscaoilteach, bladhmannach, ach dar liom féin go mbíonn mórán den cheart aige sa mhéid a deir sé.
An ardáin ghaotaireachta iad are they a platform for bombastic talk
" Ceist tola í: an bhfuiltear dáiríre faoin dá phróiseas chomhairliúcháin seo nó an leithscéal iad le faobhar a chur ar an tua? An ardáin ghaotaireachta iad nó an bhfeidhmeofar ar na moltaí a thiocfaidh astu? Leoga is beag uchtach a thabharfadh na comharthaí go n-uige seo don té a chuirfeadh muinín sna próisis úd.