Pota Focal Intergaelic
bard | board | bod | borb | borg
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bord eadrána stáit a state arbitration board
" Cuireadh dlús leis an chaint ar dhul ar stailc sa NYPD an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh sa *New York Daily News* go mb'fhéidir nach dtabharfadh bord eadrána stáit ach ardú de 5% sa bhliain do na póilíní, thar dhá bhliain.
an Bhord Póilíneachta The Policing Board
" Tarraingeoidh siad amach as an Bhord Póilíneachta má ghlactar le héilimh Shinn Fein maidir le Patten.
go raibh braon maith ar bord aige that he had a good drop taken
" Bhí sé cairdiúil go leor mar is cosúil go raibh braon maith ar bord aige de bharr gurbh é an deireadh seachtaine é.
Bhord Gearán Complaints Board
" Cheana féin tá sé tar éis geallúint a thabhairt go mbunóidh sé, in áit Bhord Gearán an Gharda Síochána, bord cigireachta a mbeidh ar a chumas fiosrúcháin chearta neamhspleácha a dhéanamh ar ghníomhartha na nGardaí.
go raibh braon maith ar bord aige that he had a good drop taken
" Bhí sé cairdiúil go leor mar is cosúil go raibh braon maith ar bord aige de bharr gurbh é an deireadh seachtaine é.
Bhord Forbartha Tionsclaíoch Industrial Development Board
" Nuair a chuir Raytheon fúthu i nDoire i 1999 fuair siad airgead ón Bhord Forbartha Tionsclaíoch nó an IDB.
cosa boird the legs of a table
" Is luí a shúile go stadach ar chosa den uile chineál - cosa ramhra, cosa tanaí, cosa crupacha féitheacha, cosa cama, cosa ataithe, cosa stálaithe maide, cosa míne agus gruagacha, cosa cosúil le cosa boird, cosa le coilm is lorg greamannaí, spotaí dubha is marcanna.
ar bord loinge on board a ship
" Bhí siad ar bord loinge ar a mbealach ón Astráil go dtí an Araib Shádach.
Bhord Scannán na hÉireann The Irish Film Board
" Is cinnte go mbeidh ainm Abú Media in airde i rith na bliana atá romhainn ar thrí chúis: is iad an chéad chomhlacht Gaelach a bhfuil scannán déanta acu i gcomhar le comhlacht scannánaíochta i Hollywood, tá deontas suntasach faighte acu ó Bhord Scannán na hÉireann agus is iad a bhí i mbun na sraithe nua d'fhoghlaimeoirí Gaeilge, *Turas Teanga*, a bheidh á craoladh ar RTÉ agus ar TG4 sar i bhfad.
bhord eagarthóireachta editorial board
" Nó sílim gurbh é Frank Kermode a scríobh (tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith); tá seisean ar bhord eagarthóireachta an *London Review of Books *ón tús.
bhord eagarthóireachta editorial board
" Nó sílim gurbh é Frank Kermode a scríobh (tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith); tá seisean ar bhord eagarthóireachta an *London Review of Books *ón tús.
Riarann an Bord scéimeanna éagsúla An Bord manages/runs various schemes
" Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá? Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
leadóg bhoird table tennis
" Gheofá amach go bhfuil seaimpín agat sa rang i spórt éigin, leadóg bhoird, b'fhéidir.
boird bhainistíochta boards of management
" Tá dlúthbhaint againn le Gaelscoileanna, bunscoil agus meánscoil agus tá comhoibriú iontach ar bun againn leis na daltaí, na tuistí, na hoidí agus boird bhainistíochta.
an mBord Soláthar Leictreachais the Electricity Supply Board
" Faoi láthair, mar shampla, níl cead ag duine a bhfuil micreathuirbín aige an leictreachas nach bhfuil gá aige leis a dhíol leis an mBord Soláthar Leictreachais ná le comhlacht fuinnimh ar bith eile.
an Bord Bainistíochta the Board of Management
" Mar sin de, tá an príomhoide, an Bord Bainistíochta agus na tuismitheoirí ag iarraidh an t-airgead a bhailiú iad féin.
bhord bainistíochta board of management
" Bíonn cruinniú tapa aige le fear ó bhord bainistíochta an ionaid, agus Ray gléasta go fóill mar shióg Nollag! Tá sé buartha faoi bhronntanas na Nollag fosta, é ag iarraidh *iPod* ar phraghas réasúnta a cheannach do dhuine dá chúigear páistí.
an Bhoird um Thaighde ar Shláinte the Health Research Board
" Léiríonn figiúirí de chuid an Bhoird um Thaighde ar Shláinte, mar shampla, gur mhéadaigh an líon daoine a bhí ag úsáid an druga cannabas faoi dhó idir 1998 agus 2002.
Ní dheachaigh sé i bhfeidhm rómhór ar an bhord he didn't make much of an impression on the board
" Marc: B- *Seán (Jackie) Ó Droighneáin (AMICUS)* Ní dheachaigh sé i bhfeidhm rómhór ar an bhord ó ceapadh anuraidh é le teacht i gcomharbacht ar Phól Ó Foighil.
an Bord Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch the National Radiological Protection Board
" Tá úsáid guthán póca i measc na bpáistí is óige tar éis an imní is mó a chur ar dhaoine, go háirithe ó d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch (NRPB) foláireamh ag rá nár cheart do pháistí faoi ocht mbliana guthán póca a úsáid.
bord tofa elected board
" ” Má tá dea-fhocail aige le rá mar gheall ar ré nua Uí Aoláin, ní hamhlaidh atá maidir le bord tofa an Údaráis.
Chuir an Bord Pleanála breithiúnas Moore ar neamhní an Bord Pleanála over-ruled Moore's judgement
" Chuir an Bord Pleanála breithiúnas Moore ar neamhní (seachas i gcás na móna) agus tugadh cead pleanála sa deireadh thiar thall don chríochfort i mBéal Átha na Buaidhe, faoi choinníollacha áirithe.
mbord comhdhála meeting table
" Tagann croitheadh ar an mbord comhdhála ina oifig le meáchan an fhillteáin.
ina shuí chuig bord sitting in at the table
" Bhí a fear ina shuí chuig bord anois ag ól cupa tae.
faoi stiúir an Bhoird Oideachais under the control of the Education Board
" Tá an scoil anois faoi stiúir an Bhoird Oideachais.
in ionad na gceithre Bhord Sláinte agus Leasa Shóisialaigh instead of the four Health and Social Welfare Boards
" In áit na 26 comhairle áitiúil, beidh seacht gcinn ann; in ionad na gceithre Bhord Sláinte agus Leasa Shóisialaigh, beidh “Údarás Straitéiseach” amháin ann; beidh údarás amháin oideachais ann a dhéanfaidh obair na gcúig Bhord Oideachais agus Leabharlann atá ann faoi láthair.
bord bainistíochta board of management
" Seán Mac Philibín: Bunaíodh bord bainistíochta an ionaid i 1999 agus d'oscail an t-ionad féin ar an 23 Deireadh Fómhar 2001.
ar bord eitleáin on board an aeroplane
" Ar scor ar bith ní féidir ba a thabhairt ar bord eitleáin ó Manchester.
boird faoi scáth tables under a shade
" Preabann mo chroí nuair a thagaim ar chaifé-bheár nua-aimseartha a bhfuil boird faoi scáth amuigh ar an b*patio*.
bord moltóirí a board of adjudicators
" Bíonn bord moltóirí ann de dhéantóirí agus de sheinnteoirí chun na boghanna is fearr a roghnú.
de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn of the board of the Northern Ireland Film and Television Commission
" Tá sé ina bhall de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn leis na blianta agus bhí baint lárnach aige le bunú agus forbairt an Chiste Craoltóireachta Gaeilge fosta.
don Bhord Caomhantais. for the Conservation Board.
" Ansin mhínigh an bheirt fhear dom go raibh siad ag obair don Bhord Caomhantais.
ag bord snúcair sa tolglann. at a snooker table in the lounge.
" Chonaiceamar scata seanbhan ag imirt chártaí, agus cúpla seanfhear ag bord snúcair sa tolglann.
Bord Scannán na hÉireann, The Irish Film Board,
" “Chuaigh mé a fhad le Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann agus bhí dúil ag gach dream sa scannán ar an toirt agus chuir siad go léir tacaíocht ar fáil go measartha gasta.
ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, he cannot submit an appeal against the decision to an independent bord,
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
ar a mbord íseal! on their coffee tables
" Fiú más tútaigh amach is amach iad na faighteoirí, beidh siad buíoch díom mar táim cinnte go mbreathnóidh *Aniar *go hiontach ar a mbord íseal!Tá tuilleadh eolais i dtaobh *Aniar* ar fáil ag http://www.
bord tútach a lay board
" ” Thaitin tuismitheoirí na ndaltaí go mór le Liam agus deir sé gur faoiseamh a bhí ann a bheith saor ó thionchar na cléire – bord tútach a bhí ag rith na scoile agus ceapann sé go ndearna sé sin an-difríocht.
cathaoirleach an bhoird úir, chairman of the new board
" Tá sé cruthaithe ag cathaoirleach an bhoird úir, Liam Ó Maolmhíchíl, gur fear é a bhfuil cumas ag baint leis.
chun sochair don bhord to the benefit of the bord
" Táthar ag súil go rachaidh cumas Uí Mhaoilmhíchíl go mór chun sochair don bhord – agus don Ghaeilge – sa tréimhse ceithre bliana atá amach romhainn.
ó rialaigh an Bord Pleanála since An Bord Pleanála ruled
" Níor mhiste a chuimhneamh fosta go bhfuil díospóireacht ar siúl faoin choinníoll teanga i gCiarraí ó rialaigh an Bord Pleanála in Aibreán 2005 go mbeadh ar Southbound Properties 75% de na haonaid i bhforbairt chonspóideach i mBaile an Fheirtéaraigh a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
dhiúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt An Bord Pleanála refused the development
" Ba i dTuar Mhic Éadaigh a bhí an t-aon eastát amháin i limistéar Gaeltachta inar tugadh cead pleanála i Maigh Eo le blianta beaga anuas ach dhiúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt ina dhiaidh sin.
ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla. on the board of management of the local school
" Éiríonn daoine chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil ar fud na háite go dtosaíonn siad ag caitheamh léi mar fhíorbhean – castar “chairde” uirthi agus faigheann sí tairiscintí poist chomh maith le háit ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla.
bhord stiúrtha steering bord
" Tá Maurice Templesman ina chathaoirleach ar bhord stiúrtha Lazare Kaplan International, corparáid ollmhór diamant.
ar bord na loinge on bord the ship
" Bhí abairt Mhanainnise ar an admháil a tugadh dom sa bheár ar bord na loinge Ben My Chree agus sinn ag seoladh amach as cuan Bhaile Átha Cliath tráthnóna gréine mí Lúnasa seo caite.
os cionn boird at the head of a table
" Má tá níos mó ná páiste amháin agat, bíonn cúpla coinne mhór le linn na bliana agus sin tú i do sheasamh os cionn boird, an cáca milis i do ghlac, na coinnle lasta agus tú ar tí “lá breithe sona duit” a chanadh uair amháin nó dhá uair nó níos minice.
an bord fáilte the reception
"an bord fáilte gearrtha díreach amach as scannán dubh is bán.
fheidhmeannas executive (bord)
" Fóram amscaí, fadálach a bhí ann agus ba rómhinic nach raibh na comhaltaí ach ag ceadú nithe a bhí socraithe ag an fheidhmeannas cheana féin.
mbord eolais inquiries desk
" (SMM: Ba léir dom an dlúthchairdeas in RTÉ nuair a casadh roinnt daoine den fhoireann do Bhláthnaid ag an mbord eolais ar mo bhealach isteach agus ba léir arís ina dhiaidh sin é ar an mbealach amach ag an bpríomhdhoras.
Bhord Soláthar an Leictreachais ESB
" 1410 ar gach aonad kWh faoi láthair (foinse eolais - suíomh gréasáin Bhord Soláthar an Leictreachais, 23.
Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn everyone sold us down the river
" Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn, polaiteoirí, lucht bainc, lucht eacnamaíochta na n-ollscoileanna agus lucht na meán, óir lig siad thar dhream ar bith eile, don tubaiste theacht aniar aduaidh ar an phobal.
Boird Oideachais Education Boards
" Labhair sé faoi na Boird Oideachais atá i gCeanada agus faoin maitheas a d’fhéadfadh a macasamhail a dhéanamh do chaomhnú na Gaeilge.
An nginfeadh a leithéid would such (a bord) engender
" Bourgeois, d’ardaigh sé ceist: “Ar cheart go mbeadh Bord Oideachais ar leith do scoileanna lán-Ghaeilge?” Fágfaidh mé faoi léitheoirí Beo! é a fhreagairt, ach machnaigh ar na pointí seo chun d’intinn a dhéanamh suas: - An gcabhródh a leithéid de Bhord Oideachais le múineadh na Gaeilge? - An gcuirfeadh a leithéid de Bhord níos mó leis an bpobal agus leis an gcultúr? - An méadódh a leithéid de Bhord páirtíocht tuismitheoirí agus an phobail? - An nginfeadh a leithéid de Bhord brí agus fuinneamh i saol na Gaeilge?
Bord Oideachais an education board
" Oideachas: - Bord Oideachais Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta a bhunú faoi chúram COGG.
ag bord an Rialtais at government level
" Ach má thug, ba léir go raibh fadhbanna farantóireachta agus lastais go hÁrainn á gcíoradh ag bord an Rialtais.
bord conspóideach stiúrtha controversial board of directors
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
mbord fáilte information desk
" Tar éis dó ár gcuid seomraí a chuartú, ghlaoigh sé ar an mbord fáilte chun easpa na teicneolaíochta a fhiosrú.
bord an Rialtais the government table
" Chreid mé ag an am nach bhféadfaí duine ní b’fhearr a fháil leis an nGaeltachta a tharrtháil: polaiteoir a thuig cás na Gaeltachta, a chreid in úsáid na Gaeilge ina shaol pearsanta agus ina shaol poiblí agus duine cumasach a fáisceadh as saol na Gaeilge, a bheadh in ann a chúinne a throid ag bord an Rialtais.
Bord Soláthair an Leictreachais ESB
" Dúnadh an stáisiún bliain nó dhó ina dhiaidh sin, más buan mo chuimhne, toisc gur mheas Bord Soláthair an Leictreachais gur cur amú airgid a bhí ann.
a bhord iontaobhaithe its board of trustees
" Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith.
bhord comhairleach counciling committee
" Le linn dó bheith sna Stáit Aontaithe, chaith sé an-chuid ama in éineacht le Bernard Lewis, a bhí ina ball de bhord comhairleach CyberDissidents.
Ar an mBord Céanna Arís on the same tack again
" Ar an mBord Céanna Arís ====== Bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre an t-olltoghchán sa bhliain 2007 agus cuireadh lena bhriathair an bhliain dár gcionn nuair a chuir siad deireadh le Réiteach an Aigéin Chiúin.
chomhalta boird bord member
" Ní fhéadfadh sé níos mó a dhéanamh ar son Iosrael dá mbeadh sé ina chomhalta boird san Anti-Defamation League ar nós Carl Pearlman, a sheanathair Giúdach, lena raibh sé ina chónaí nuair a chéadiompaigh sé ina Mhoslamach radacach.
idir fheidhmeannaigh agus bhord both management and bord members
" Síleann lucht an Údaráis, idir fheidhmeannaigh agus bhord, gurb é an cúram atá ar an eagraíocht ná postanna a chur ar fáil, beag beann ar cé na daoine a bheadh sna postanna nó cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfostaíocht nuachruthaithe ar an gcothromaíocht teanga sa phobal.
Locht ar an mBord fault of the Bord
" Locht ar an mBord ========== Mura raibh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge, tá cuid mhaith den locht ar Bhord an Udaráis.
An Bord a Scor Anois dissolve the bord now
" An Bord a Scor Anois ============ Creidim go mba cheart an Bord atá ann faoi láthair a scor tar éis an chéad chruinnithe eile.
bord eolais enquiries desk
" Bhí bord eolais ann do lucht na comhdhála agus bhí liosta lóistín acu.
bord an uisce water plain, level
" Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana beagnach ídithe.
bhord stiúrtha board of directors
" Teip thubaisteach don bhord stiúrtha ag aon chuideachta é má chliseann ar an chuideachta sin agus más gá éirí as a bheith ag trádáil.
comhaltaí boird board members
" D’fhéadfadh, áfach, go raibh na comhaltaí boird ar an eolas faoi na deacrachtaí ach nach raibh siad ábalta a dhath a dhéanamh fúthu.
Feidhm Boird a board’s function
" Ach an bhfuil dosaen stiúrthóir de dhíth i ndáiríre ar Údarás na Gaeltachta le spaga teoranta a riaradh? An bhfuil aon ghá le 24 ball ar bhord stiúrtha Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge? Cad faoi bhord Fhoras na Gaeilge ar a bhfuil cúig bhall déag? An gcuireann sé le héifeacht Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge go bhféadfadh idir 25 agus 60 ball a bheith air? An bhfuil gá i ndáiríre le Coiste Naisiúnta ar a bhfuil dhá scór ball le féile an Oireachtais a stiúradh? Cén sórt amaidí a d'fhág go raibh a trí oiread ball ar bhord MFG ná mar atá ar bhord Apple? Feidhm Boird ======= Is minic fosta go mbíonn dul amú ar bhaill de bhoird sa tír seo faoin ról atá le cur i gcríoch acu.
bhord table
" Agus timpeall ar bhord caol fada san ionad pobail, comhluadar de chineál eile, deichniúr nó mar sin ina suí uillinn le huillinn ag casadh amhráin Nollag na Polannaise agus iad ag baint súmóga fada blasta as a gcuid muigíní.
nach líonfaidís boird wouldn’t they fill boards
" ” **Balor: “Bhuel, b’fhéidir, agus ní móide; ach cé eile i saol na Gaeilge a bhfuil barraíocht airgid acu?** Coimisinéir: “Cad é faoi Fhoras na Gaeilge féin? Nach bhfuil bord nua le hainmniú acu? Agus nár gheall Fine Gael i rith fheachtas na toghchánaíochta nach líonfaidís boird le feidhmeannaigh nó le comhairleoirí dá gcuid féin? Agus cé leis ar líon siad an bord úr? Agus cén fáth go raibh feidhmeannaigh an dá pháirtí rialtais ag marú a cheile le bheith ar an bhord úr seo? Ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge? Bhuel, nuair a bheas mise réidh leis an mhungailt a dhéanfaidh mo chuid fiacla ar chostais an bhoird áirithe sin, beidh na baill ag tabhairt leo cupán tae i mbuidéal chuig na cruinnithe – agus ceapaire cáise sa phóca chomh maith.
gadaí spúnóga boird table spoon thief
" Dexter (John Hurt), athair na beirte ban, gadaí spúnóga boird na bainise, é iomlán craiceáilte agus in adharca leanúnach poiblí lena iarbhean chéile Gaby (Charlotte Rampling).
ag imirt leadóige boird playing table tennis
" Tráthnóna atá ann agus tá scoláirí an choláiste ag imirt leadóige boird, spórt náisiúnta neamhoifigiúil na Síne.
boird ísil coffee table
" Urlacan teilgthe ar leabhair ealaíne boird ísil nuair a thugann tuistí na beirte leads fána chéile tar éis dóibh ‘insint aontaithe’ ar an eachtra a chur le chéile in árasán an íobartaigh.
chomhdhéanamh an bhoird the board’s composition
" Am cinniúnach é seo don Údarás, mar sin, ó tharla go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar chúraimí na heagraíochta agus go mbeidh crot iomlán úr ar chomhdhéanamh an bhoird.
ar bord on board
" Tá Séamus McSherry as Béal Feirste ag múineadh Gaeilge i gceantar Toronto le tamall fada anois, agus idir an dá linn tá Allyson agus Michelle Reid, deirfiúracha óga as Toronto, ar bord mar fhoghlaimeoirí ardleibhéal agus gníomhairí, chomh maith le Pádraig de Róiste, dlíodóir óg a d’fhás suas i dToronto agus i mBaile Átha Cliath.
ag bualadh an bhoird banging the table
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
bhoird stáit state boards
" Is beag athruithe atá molta ag an Aire Phil Hogan ar údaráis áitiúla na tíre, cuirim i gcás, agus tá an rialtas ag leanstan leis an ghnás náireach cairde polaitiúla a cheapadh ar bhoird stáit.
seomra boird the board room
" " Tá cuma fhir ghnó mór le rá ar Ó hEára agus muid ag comhrá i seomra boird na Cultúrlainne ach tá turas saoil as an ghnáth siúlta ag an fhear a rugadh "faoi scáth na mballaí," mar a deir sé féin.
tá súil le cinneadh an Bhoird the bord’s decision is expected
" Chuir an pobal a bhí i gcoinne na muilte seo achomharc os comhair An Bhoird Phleanála, agus tá súil le cinneadh an Bhoird gan mhoill.
ar bord on board
" Síos linn go dtí an Mersey an lá dár gcionn, nuair a labhair an tUachtarán ar bord LE Eithne faoin Tóstal 2013.
D’eisigh an Bord ráiteas the bord issued a statement
" D’eisigh an Bord ráiteas ag an am le cur in iúl go mbeadh moladh faoina bhráid ag an chéad chruinniú eile an mhí seo chugainn le breathnú ar ainmneacha malairte Maoraise.
Bord Leigheasra na hÉireann the Irish Medicines Board
" Is poitigéir cáilithe í a chaith blianta fada ag obair le Bord Leigheasra na hÉireann agus ag cur comhairle ar thionscal na cógaisíochta.
ar a bhord rialacháin on the ruling committee
" Ní hamháin go raibh airí agus feisirí áirithe sa pharlaimint ina mball den chlub, ach bhí na státseirbhísí náisiúnta ba cheannasaí agus ba chumhachtaí ar a bhord rialacháin.
a leagan ar an mbord set out on the table
" An stair agus an lá atá inniu ann: péire ar phéire a bhí cártaí an tsaoil a leagan ar an mbord.
Bord ar Bhord le Chéile level pegging
" Bord ar Bhord le Chéile ========== Thuig rialtais na hEorpa sa deireadh – agus na comhlachtaí cumarsáide chomh maith – an tábhacht a bhain leis an idirlíon agus cuireadh tús le forbairt an bhonneagair ar a bhfuil an t-idirlíon bunaithe.
Mhol an cigire ón Bhord Pleanála the planning board inspector … advised
" Mhol an cigire ón Bhord Pleanála a bhí ag láimhseáil an iarratais go mbronnfaí cead pleanála air a fhad is go gcomhlíonfaí coinníollacha áirithe.
Bhord Fuinnimh Eithnigh Nuclear (Energy) Board
" Bhí a fhios agam anois cén scaifte a bhí os mo chomhair, mar bhí a fhios agam go maith go raibh fear amháin de bheirt na Gaeilge ina bhall den Bhord Fuinnimh Eithnigh (NEB).
bheith ar aon bhord amháin to be all of one voice
" Theastódh gné dhearfach imshaoil lena gcuidiú siúd a fháil agus theastódh gné chúitimh le muintir bhaint na móna a bheith ar aon bhord amháin faoina mbeadh le déanamh.
cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais ESB trade union
" Bhí fuacht agus teas againn ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais de; agus bhí dubh agus bán againn i gconspóidí agus achrainn go leor, fiú cinn nár bhain le cúrsaí ciníochais.
leagtha ar bhord laid on a table
" É leagtha ar bhord, fráma air, é scríofa go slachtmhar, agus an scríbhinn seo a leanas in uachtar ar an mbileog: do Chór na bhFear, Blaenporth (Ceredigion) ó Chór Fear na nDéise, an 26ú Mí na Samhna 2013.
Sin agus cóip de i bhfráma leagtha ar bhord to do so while a framed copy is place on the table
" Sin agus cóip de i bhfráma leagtha ar bhord i dteach sa mBreatain a bhfuil Gaeilge á scríobh ann ag fear eile anocht.
agus mé ag suí chun boird ag an mbricfeasta while I sit into breakfast
" Ach nuair a thagann sé go dtí an Satharn, is pléisiúr mór dom an nuachtán clóite a léamh agus mé ag suí chun boird ag an mbricfeasta: ‘*lean back screen-free reading*’ faoi phleisiúr, gan strus ná stró orm.
ag rith ar aon bhord le running level with
" Táim ag rith ar aon bhord le fear gealgháireach.
bord scrúdaithe exam board
" Cead a Chinn ag Comhlacht ========== Deir an Roinn Oideachais sa Bhreatain gur cinneadh é do gach bord scrúdaithe measúnú a dhéanamh ar an mhéid éileamh atá ar cháilíochtaí faoi leith.
ar an gcluiche boird is fearr a cruthaíodh riamh the greatest board game ever created
" Tá an Fhicheall ar an gcluiche boird is fearr a cruthaíodh riamh, gan amhras! Tá na céadta leabhar scríofa i dteangacha éagsúla ar an bhficheall agus ar ghnéithe éagsúla an chluiche ach is cosúil gur seo an chéad leabhar ficheall a scríobhadh i nGaeilge.
ag dul a theacht ar bord about to start up
" Chonaic mé fógra go raibh TnaG, Teilifís na Gaeilge ag an am, ag dul a theacht ar bord agus bhí siad ag cuartú scríbhneoirí don sobaldráma úr.
fheabhsú agus a chur bord ar bord leis to improve and to stay abreast with
" ie a fheabhsú agus a chur bord ar bord leis na cleachtais chomhaimseartha is fearr i dtaca le dearadh, idirghníomhaíocht agus mar sin de.
cruinnithe boird in amanna board meetings at times
" Dá olcas caighdeán na díospóireachta ag na cruinnithe boird in amanna, ar a laghad bhíodh guth ag an phobal i roghnú na gcomhaltaí.