Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scliúchais brawls
" B'fhéidir go m'fhearr le cuid againn cluiche taispeántais ná scliúchais agus troid agus feallanna gránna.
scliúchais brawls
" Taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael déarfadh daoine go bhfuil níos mó ná sin i gceist, mar go mbíonn argóintí, coimhlintí, scliúchais, díospóireachtaí, troideanna agus scoilteanna ann an t-am ar fad ach nár chuir siad sin isteach an-mhór ar dhul chun cinn na heagraíochta le 120 bliain anuas.
scliúchais brawl
" Bhí mé ag éisteacht lá le caibidil raidió fá na himeachtaí tubaisteacha taobh amuigh de chlub oíche Anabel i mBaile Átha Cliath tamall gairid de bhlianta ó shin, nuair a maraíodh fear óg le linn scliúchais i ndeireadh na hoíche.
racáin brawls
" B'fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an "streachailt armtha" ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
scliúchas brawl
" Tuairim is 30 nóiméad a mhair an scliúchas agus faoina dheireadh bhí 22 mianadóir marbh agus seisear saighdiúirí.
scliúchais brawl
" Mar atá a fhios ag an tsaol mhór anois, maraíodh Bert McCartney (33) (agus gortaíodh cara leis go dona) ar an 30 Eanáir i ndiaidh scliúchais a tharla idir é féin agus baill de chuid an IRA i dteach tábhairne i lár Bhéal Feirste.
drong trodach meisceoirí a brawling bunch of drunks
" ” Ansin, bhí drong trodach meisceoirí a rinne ionsaí ar an bhothán teilifíse ina raibh an láithreoir ina shuí.
scliúchas brawl
" Ar an 12 Lúnasa bhris scliúchas amach nuair a rinne Apprentice Boys Dhoire iarracht máirseáil ar fhallaí na cathrach.
scliúchas brawl
" Ansin, chun cás an anacróra a dhéanamh míle uair níos measa, chuir Balor Dalba scairt ar lucht an *Sindo* le rá go raibh duine dá gcuid iriseoirí i ndiaidh a bheith i scliúchas le striapach siocair nach raibh sé sásta iomlán an táille a íoc léi; gur tháinig a cairde i gcabhair uirthi; agus go raibh an t-iriseoir anois ar thralaí san otharlann ag cumadh ailt faoi dhroch-staid na seomraí éigeandála.
scliúchas brawl
" “Agus do bharúil cé a bhí ciontach as an scliúchas sin ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, a Chú Chulainn?” a d’fhiafraigh Balor an Bhéil Bhinn.
scliúchas brawl
" Ni thuigim cén mhaith a dhéanfaidh sé ach oiread téarmaí fionraíochta a leagadh ar imreoirí áirithe seachas a chéile nuair ba léir don saol mór go raibh beagnach gach imreoir páirteach sa scliúchas.
scliúchais brawls
" D’fhéadfaí a rá go bhfuil *ethos* leathrúnda, neamhfhoirmeálta i gCLG a deir: gur cluichí “fearúla” iad peil agus iomáint agus is cód é sin a deir “má bhuailtear buille ort, glac leis ach tabhair ceann níos fearr ar ais in am cuí”; go dtarlaíonn scliúchais ó am go ham de bharr theannas na hócáide ach nach bhfuil aon dochar ansin; gur féidir an milleán a chur ar an réiteoir de ghnáth toisc (a) nach raibh smacht aige nó (b) gur shéid sé an fheadóg rómhinic agus araile; baineadh leas as (a) go minic i gcomhthéacs eachtraí na hÓmaí; go bhfuil droch-chaint gháirsiúil inghlactha ag cluichí, ar an taobhlíne, i seomraí gléasta agus araile, go fiú agus mná agus gasúir i láthair.
racáin brawls
" I mí Mheán Fómhair 2005, chonacthas na racáin ba mheasa le deich mbliana i mBéal Feirste.
racáin brawls, fights
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
scliúchas brawl
" Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche.
an scliúchas réamhchluiche. the pre-match brawl.
" Ach anois, de réir cosúlachta, "is cuid den chluiche" é an scliúchas réamhchluiche.
racáin brawls
" Ar an drochuair, ba mhinic a bhíodh daoine ar na stártha roimh dheireadh an lae, agus ó am go ham bhriseadh racáin amach idir leantóirí ólta.
Níl cuimhne agam go raibh racán ná scliúchas I don’t (ever) remember a racket or a brawl
" Níl cuimhne agam go raibh racán ná scliúchas ag Oireachtas riamh, ná baol air fiú.
scliúchais brawls
" Ach ar ndóigh, níorbh é sin an eachtra ba mheasa de na scliúchais a tháinig mar thoradh ar chinneadh Chomhairle Chathair Bhéal Feirste gan bratach na Breataine a bheith ar crochadh ar Halla na Cathrach ach ar laethanta réamhcheaptha.
trodaireacht gan rialacha free style brawling
" Bhí cáil ar ‘Big Mick’ Ó Cathasaigh é féin bheith tugtha don iomrascáil nó don choraíocht, don trodaireacht gan rialacha más maith leat, agus don rámhaíocht agus níor cheil sé a chuid scileanna ar a chlann mhac agus iad ag fás aníos.