Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
toirtín a cake of homemade bread
"toirtín déanta ag do mháthair atá sí i ndiaidh a bhaint as an oigheann.
slisní aráin slices of bread
" Bhíodh breabanna beaga aige - úlla, toitíní nó slisní aráin - do bhuachaillí eile i ndiaidh na n-ionsaithe, agus deireadh sé leo ansin leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre amhail is nár tharla tada.
ruainnín aráin a small piece of bread
" D'fhágadh sé ruainnín aráin taobh istigh den fhuinneog leata lena bréagadh ach níor tháinig.
builín aráin úir a loaf of fresh bread
" Ar an bhealach, stad ár múinteoir, Franca, ag siopa agus cheannaigh sí builín aráin úir.
Sceanann Franca an t-arán Franca cuts up the bread
" Sceanann Franca an t-arán agus cuireann sí ola as ár mbuidéal air.
fíorarán baile genuine home-made bread
" Bhí féiríní eile le nochtadh ag an mbéile: fíorarán baile: “Sheboygan Hard Rolls” a cheannaigh Emil go speisialta ó bhácús Gearmánach i Sheboygan.
ag ithe scoth feola agus aráin eating the best of meat and bread
" Tá traidisiún na fáilte go láidir i Wisconsin, agus níor chlis ar an traidisiún an oíche seo ach oiread, sinn ag ithe scoth feola agus aráin an chultúir Ghearmánaigh i Wisconsin.
taos aráin bread dough
" Is é an t-aon íomhá amháin a thiocfaidh isteach i m’intinn ná taos aráin á chur isteach agus bollóga breátha blasta á dtarraingt amach.
arán sinséir. ginger bread.
" Tá clú air mar chroílár thionscal na mbréagán Nollag agus as déantús an *Elisenlebkuchen*, arán sinséir.
arán bread
" Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach.
ag ithe aráin eating bread
" Mar shampla, agus é ag ithe aráin le cailín i dteach éigin eile, tháinig fear an tí amach agus chonaic sé John Ghráinne ansin.
Panis Angelicus angels’ bread
" Count Mac Cormack agus Chairman Mao Tse Tung ========================== Labhraíonn Seosamh faoin méid a chonaic sé ag an Eucharistic Congress i 1932, ina measc John McCormack ag casadh Panis Angelicus, agus eachtra leis an Ginearál Éoin Ó Dufaigh a bhí i láthair freisin.
ag saothrú a gcoda earning their bread
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
an sneachta ag déanamh aráin the snow was producing bread
" Bhí clúmhach bán na spéire ag tuirlingt ar na cácaí geala – shílfeá go raibh an sneachta ag déanamh aráin.
An Tír is Gainne an Bia, is ea is Féile a Roinn the country of least bread is the most generous
" Tharraing Balor anáil mhór, chroch sé suas a mhisneach, agus thug faoin triúr go neamheaglach, neamhbhalbh, neamhfhuadrach: An Tír is Gainne an Bia, is ea is Féile a Roinn ============== **Balor:** Tugaim faoi deara gur san óstán is daoire i mBaile Átha Cliath a stopann sibh i gcónaí nuair a bhíonn sibh ar cuairt anseo, agus go bhfágann sibh bille mór bia agus dí in bhur ndiaidh gach uair a imíonn sibh.
An tArán a Itheadh, Dearmadta eaten bread is forgotten
" ) An tArán a Itheadh, Dearmadta ============== Ag fanacht le cúrsaí staire, agus ó tharla mé beith ag déanamh taighde ar Naomh Gall (ná ceistigh mé), léigh mé *How The Irish Saved Civilisation* le Thomas Cahill an tseachtain seo caite.
ag saothrú a gcodach earning their bread
" Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart.