Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
breithiúna judges
" Le linn na géarchéime i dtaobh "busing" i mBostún bhí polaiteoirí agus breithiúna (an Breitheamh Garrity san áireamh) ag spreagadh daoine bochta a leanaí a chur ar bhusanna chun na scoileanna a iomlanú ó thaobh líon na ndaltaí de.
breitheamh judge
" Murach an diabhal breitheamh sin a thug orm freastal air, ní thabharfainn cuairt ar dhuine acu go deo.
bhreithiúna judges
" Tá sé curtha i leith Berlusconi gur thug sé breabanna do bhreithiúna sa dóigh is go n-éireodh leis teacht slán ó na cásanna cúirte ar fad a raibh sé sáite iontu.
an tArd-Bhreitheamh Abhcóideach the Judge Advocate General
" An mhí seo caite, bhronn an tArd-Bhreitheamh Abhcóideach, Una McCrann, a tuarascáil ar chás de Róiste ar an Aire.
leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh to convince the judge of this
" Ní móide gur leor cúpla nóta scríofa ar chúl clúdaigh leis seo a chur ina luí ar an mbreitheamh agus tá seans maith ann go mbeidh gá le cód cleachtais éigin a shocróidh foras ar leith.
Bhreitheamh judge
" Dúirt Angela Woodruff leis an Bhreitheamh Dame Janet Smith gur scríobh an Dr Shipman "old age" mar chúis báis ar theastas báis a máthar, cé go raibh sí breá fuinniúil agus folláin.
bhinsí breithiúna judges' benches
" Cé gur thug an CRE tacaíocht d'Éireannaigh i gcásanna áirithe roimh bhinsí breithiúna, níl iontu seo ach cuid bheag den scéal, mar deir an eagraíocht nach mbíonn ach mionlach sásta gearán oifigiúil a dhéanamh faoi dhrochíde agus masla cainte: The response of many people in bad experiences was to leave the job or to keep a low profile.
Dhlíthe na mBreithiúna The Brehon Laws
" A mhalairt ar fad a bhí i gceist i gcás Dhlíthe na mBreithiúna, an seanchóras dlí in Éirinn, nuair a bhí an bhéim ar aisíocaíocht don íospartach.
Breitheamh judge
" Nuair a bhí Binse Fiosrúcháin na Mairteola ina shuí aon bhliain déag ó shin dúirt a chathaoirleach, an Breitheamh Hamilton, nár ghá an fiosrúchán costasach sin a chur ar bun an chéad lá riamh.
binse breithimh fostaíochta employment tribunal
" Chaith mé dhá uair an chloig i gclár na mionn ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh.
triúr breithiúna three judges
" Bhí triúr breithiúna ar an bhinse: Elaine Donnelly, an cathaoirleach, chomh maith le Mrs S McNulty agus Ms DF Wood.
binse breithimh fostaíochta employment tribunal
" Fuair mé £2,750 mar chúiteamh agus leithscéal táiríseal ón choláiste ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh, agus fuair mo cheardchumann, NATFHE, a thug tacaíocht dom, £400 mar chostaisí.
bhreithiúna judges
" Bhí triail an Uasail McKevitt, áfach, ar an rud is gaire dá bhfacthas sa stát seo do na trialacha ollbhrathadóra, nó *supergrass trials*, a tharraing drochchlú ar sheirbhís phóilíneachta agus ar bhreithiúna Thuaisceart Éireann sna hochtóidí.
Bhreithimh judge
" Bhí ócáid den chineál sin sa gCúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite, nuair a tháinig iarchócaire ón scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic i gConamara os comhair an Bhreithimh Harvey Kenny.
fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris the publishing of Justice Morris' report
" I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris, d'fhógair an Coimisinéir Noel Conroy go raibh grúpa ar leith bunaithe aige le moltaí an bhreithimh a scrúdú.
breitheamh judge
" Cé gur chuir rialú a thug breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche i Cincinnati deireadh le cuid iarrachtaí na bPoblachtánach agóid a dhéanamh in aghaidh cháilítheacht na vótóirí nua, dúirt Mark Weaver, dlíodóir de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh in Ohio, nach gcuirfeadh an rialú seo cosc ar chuid pleananna an pháirtí 3,600 dá lucht monatóireachta a chur sna hionaid vótaíochta, go háirithe i gceantair uirbeacha a thugann tacaíocht láidir do na Daonlathaigh.
bhreithiúna judges
" Dealraíonn sé, fiú, go bhfuil an meon seo le fáil go pointe i measc bhreithiúna na tíre seo.
breitheamh judge
" ' 'An as do mheabhair atá tú? Cén fáth a gceannóinn rud nach bhfuil uaim?' Tinneas Fiacaile ======= 'Táim ag fáil bháis!' arsa Nasrúidín lena chara, an breitheamh.
breitheamh judge
" 'An-ghadhar go deo!' ar sé lena chara, an breitheamh.
triúr breithiúna three judges
" Is éard a bhí ann go bunúsach triúr breithiúna ag léamh an bhreithiúnais i mBahasa, teanga nach bhfuil ach ag corrdhuine san Astráil.
bhreitheamh judge
" “Dalta gach tuismitheora, b’fhearr le mo mhuintir go mbeinn i mo dhochtúir nó i mo dhlíodóir nó go mbeadh gairm de shórt éigin agam, ach dúirt uncail liom, ‘Dá mbeifeá i seomra cúirte, arbh fhearr leat bheith i do bhreitheamh nó i do thuairisceoir?’ agus dúirt mise, ‘I mo thuairisceoir’ agus, mar sin, ghlac mo thuismitheoirí leis go raibh mé ag dul a bheith ag obair i bpáipéar nuachta.
breitheamh judge
" Sa chóras seo, ní mór breitheamh a aimsiú a shíneoidh an ceadúnas cúléisteachta.
breithiúna judges
" Dá n-éireodh leis an Uasal Bush móramh coimeádach a bheith aige sa gcúirt (a suíonn naonúr breithiúna inti), bheadh an córas uilig, trí bhrainse rialtais na tíre, faoi smacht na bPoblachtánach.
bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí the judges of the Supreme Court
" Freagracht sách trom, mar sin, atá ar bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, agus sin an fáth gur díríodh an méid sin airde le déanaí ar cheapacháin an Uachtaráin Bush.
chaith an breitheamh an chúis sin amach the judge threw out the charge
" Bhí Elsie Doyle, ball eile den Derry Club, sa chúirt i Learpholl le Cubbon agus Watt agus d’admhaigh sí gur bhailigh sí airgead i Learpholl don UVF, ach chaith an breitheamh an chúis sin amach, mar dúirt sé nach raibh an UVF ina eagraíocht thoirmiscthe ag an am sin! Scairt ó na póilíní Go gearr tar éis do m’alt a bheith i gcló i *Labour and Ireland*, fuair mé scairt ghutháin ó na póilíní agus iad ag rá gur mhian leo labhairt liom faoi m’alt agus teacht chuig mo theach leis sin a dhéanamh.
breitheamh judge
" Go dtí seo, bhí polasaí oifigiúil amháin ag Meiriceá: pé rud a rinne tú, nó pé cúis a cuireadh i do leith, gheofá dlíodóir agus chaithfí go daonnachtúil leat ar an mbonn go raibh tú neamhchiontach go dtí go dtabharfadh breitheamh cinneadh i do leith.
níor dhícháiligh breitheamh a judge didn't disqualify
" Roinnt míonna ó shin, mar shampla, níor dhícháiligh breitheamh beirt fhear óga a thiomáin ag beagnach 200 ciliméadar san uair in aice leis an Mhuileann gCearr agus iad i mbun rása le chéile.
na breithiúna the judges
" Níor ghlac na breithiúna leis seo mar fhoras achomhairc, agus tá an cúigear anois ar ais sa phríosún.
is annamh a dhéanann breitheamh tagairt the judges seldomly makes a reference
" Agus é ina shuí ag a bhinse, is annamh a dhéanann breitheamh tagairt do na meáin chumarsáide, ach amháin má theastaíonn uaidh rabhadh a thabhairt dóibh nó cosc a chur orthu.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh the judge's main priority
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
breitheamh a judge
" D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maoiris don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite.
Breitheamh judge
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, Breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
breitheamh den Ard-Chúirt High Court judge
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
ag déanamh uiríll leis an mbreitheamh ar son an chúisí making representations on behalf of the defendent to the judge
" Ní fios fós an raibh Molloy ag déanamh uiríll leis an mbreitheamh ar son an chúisí chun go mbeadh tionchar aige ar thoradh na trialach.
breitheamh judge
" Scannán cumhachtach is ea é, gan dabht, ach scannán is ea é ag an am céanna - ní breitheamh é, ní giúiré é.
breitheamh Ceanadach Canadian judge
" Cuireadh deireadh le himscrúdú Hourigan, áfach, i ndiaidh – dar leis féin – do Státrúnaí SAM, Madeleine Albright, labhairt lena cara Louise Arbour, an breitheamh Ceanadach a bhí i gceannas ar an imscrúdú.
Breitheamh judge
" Ní raibh mórán le léamh sna nuachtáin faoin tuarascáil a scríobh an Breitheamh Kumleben ina thaobh, áfach.
suí breithimh position of judge
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
Breitheamh Mná female judge
" An Tríú Breitheamh Mná Réamhshampla is ea Sonia Sotomayor freisin ar an dóigh chéanna.
sheol na breithimh sent by the judges
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
breithiúna judges
" Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.
breitheamh justice
" D’fhógair an breitheamh onórach John Paul Stevens, ball de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, an mhí seo chuaigh thart go bhfuil sé chun eirí as a phost ag deireadh an téarma seo.
an tSuí Bhreithimh the bench
" Breith Iomlán an tSuí Bhreithimh === Fríd is fríd, is breithiúnas cúng atá eisithe ag an Chúirt.
Rialaigh an breitheamh the judge ruled
" Rialaigh an breitheamh nach raibh an t-ainm sin ceadaithe agus bhaist sé féin ‘Gregorio’ ar an leanbh óg.
breithiúna judges
" Mar gheall ar ainmniúchán George Bush, tá tromlach cúigear sa naonúr breithiúna atá claonta i dtreo na heite deise.
breithimh of a judge
" I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d'ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
breitheamh judge
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
breitheamh judge
" Bhí Mary 22 bliana d’aois nuair a scaoileadh marbh í i mí Aibreáin 1984 agus í ag teacht amach as an Aifreann lena hathair, an breitheamh Tom Travers, agus lena máthair.
breithiúna na Breataine the British judges
" Ghlac breithiúna na Breataine leis go dtí seo nach gá go mbeadh foilsiú an eolais seo ar leas an phobail agus gur chóir fosta cosaint a thabhairt do dhaoine neamhurchóideacha, ar nós leanaí, a bheadh thíos le nochtadh na gcaidreamh.
mbreitheamh judge
" Nach raibh tagairt déanta sa litir chonspóideach a sheol sé ag an mbreitheamh sa gcúirt in Iosrael go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh sé ina uachtarán ar Éirinn uair éicint! Más amhlaidh a bhí, cén fáth nár chaith sé beagán dúthrachta leis an nGaeilge a fhoghlaim? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Eabhrais aige, más fíor dhó féin.
breithimh judges
" Cloistear chuile lá faoi na tuarastail thar cuimse atá á bhfáil ag na daoine ar bharr an státchórais: na stáitseirbhísí is airde, na polaiteoirí, na breithimh, na comhairleoirí leighis sna hotharlanna, lucht ceannais na n-eagraíochtaí stáit, na habhcóidí a bhí agus atá ag obair ar na binsí fiosraithe éagsúla.
ghlac an breitheamh the judge accepted
" Cé gur ghlac an breitheamh a bhí i mbun na trialach leis nach raibh Eileen Gillespie i Sasana nuair a phléasc cuid de na gairis a bhí i gceist, dúirt sé go raibh ról *‘sinister and evil’* ag an bheirt deirfiúracha sa chomhcheilg.
an choiste bhreithiúna the adjudicators
" Is ar an ábhar sin a bhí cothú na héagsúlachta luaite mar lárchuspóir sa chás a rinne an chathair ar son an teidil seo, agus is léir go ndeachaigh an cás sin i bhfeidhm ar an choiste bhreithiúna, nó bhronn siad an teideal ar an chathair cois Feabhail.
breithiúna judges
" " Ba iad na breithiúna sa chomórtas: Caroline Douglas ó Chomhairle na hEalaíne; Tim Marlow, craoltóir ; Simon Starling a bhuaigh an Turner Prize; Simon Wallis, stiúrthóir The Hepworth Wakefield agus Sarah Brown, coimeádaí ag Dánlann Leeds.
breithiúna judges
" Dálta an reachtaíocht a bhaineann le Gardaí sa Ghaeltacht, de réir an Acht Cúirteanna breithiúnais 1924, caithfidh breithiúna atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta a bheith inniúil i labhairt na Gaeilge 'sa mhéid agus gur féidir é.
cúigear breitheamh five judges
" Rinne Raymond Crotty gearán sa Chúirt Uachtarach, agus d’éist cúigear breitheamh leis, Thomas Finlay, Brian Walsh, Seamus Henchy, Frank Griffin agus Anthony Hederman.
ar bhreitheamh cáiliúil of a famous judge
" Chuir abairt sin Walsh cur síos breá de chuid Edwin Cameron ar bhreitheamh cáiliúil san Afraic Theas i gcuimhne dom.
Ghearr an breitheamh the judge sentenced
" Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.
breithiúna áirithe certain judges
" San am a chuaigh thart bhain breithiúna áirithe leas as an bhrollach mar leithscéal le dul i muinín shaothar mhórdhiagairí Críostúla ar nós Thomas Aquinas nuair a bhíothas i mbun rialaithe.
an breitheamh the judge
" Cliseadh an Chúisimh ========= Thug an breitheamh, Dean Mildren, treoracha soiléire don choiste i dtaca le hinchreidteacht – nó easpa inchreidteachta - an phríomhfhinné, Mc Laughlin.
a léiríonn tuiscint ár mbreithiúna which shows our judges’ understanding
" Ach níl anseo ach an cor is déanaí i scéal casta a théann siar breis is scór bliain, scéal a léiríonn tuiscint ár mbreithiúna ar an luach a bhaineann le saoránacht na hÉireann.
ní raibh focal Gaeilge ag an bhreitheamh the judge hadn’t a word of Irish
" Fir Ghaeltachta ab ea iad uilig ach ní raibh focal Gaeilge ag an bhreitheamh ná ag an choiste chúirte a bhí i mbun na trialach i mBaile Átha Cliath.
a n-aistreofaí breitheamh would a judge be moved
" Is dá dheoin féin amháin a n-aistreofaí breitheamh sa chás seo, de réir an mheamraim.
coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre kept by a judge who was started in his job
" ’ De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann.
breitheamh faoi leith a particular judge
" Fiú dá bhfaighfí amach nach mbeadh Gaeilge ag breitheamh faoi leith a bhí ag obair i gceann de na limistéir sin, ní bheadh sé de chumhacht ag an Rialtas é a aistriú.
an bhreitheamh i leith na Gaeilge ina iarratas ceapacháin the judge regarding Irish in his appointment application
" ”* Meath Líofachta ======= Tá nóta sa mheamram sin fosta faoin mhéid a bhí le rá ag an bhreitheamh i leith na Gaeilge ina iarratas ceapacháin: *“I have a good working knowledge of Irish and did hold a gold fáinne.
breitheamh a shaineofaí chuig a judge who would be assigned to
" Maidir leis an fhoráil gur cheart go mbeadh oiread Gaeilge ag breitheamh a shaineofaí chuig ceantar mar seo chun go mbeadh sé ábalta feidhmiú gan ateangaire dúradh: *“While we would not suggest that the provisions of section 71 of the 1924 act are mere exhortation, the only obligation they impose on the Government can – we think – arise only at the time an assignment is made i.
iachall a chur ar bhreitheamh to force the judge
" Ní raibh aon chead ag cosantóir mar sin iachall a chur ar bhreitheamh gan ateangaire a cheapadh, ar an bhonn gur cheart go dtuigfeadh daoine eile an fhianaise a bhí á tabhairt.
Níor thaobhaigh an Breitheamh judge didn’t accept
" Dá mbeadh amhras nó gearán éigin ag an Aire faoin Uasal Mallak, conas a d’fhéadfadh Mallak an bonn a bhaint ón amhras nó ón ngearán sin in iarratas nua murar cuireadh aon chúis in iúl dó agus a chéad iarratas á dhiúltú? Níor thaobhaigh an Breitheamh John Cooke san Ard-Chúirt le Mallak, áfach.
dhaor an breitheamh the judge condemned him
" Tógadh go Melbourne é, ciontaíodh as dúnmharú é agus dhaor an breitheamh, an Ridire Redmond Barry – Éireannach eile dar ndóigh – chun báis é.
triúr breithimh three judges
" Is féidir poll mór a aithint i lár an bhreithiúnais mór-le-rá, Fleming v Ireland, AG and DPP a scríobh triúr breithimh de chuid na hArd-Chúirte insa choimhlint dleathach idir Mrs Fleming agus Oireachtas na hÉireann.
Dhiúltaigh na breithimh the judges refused
" Dhiúltaigh na breithimh Nicholas Kearns, Paul Carney agus Gerard Hogan cead a thabhairt do Mharie Fleming lánchead toilteanach a thabhairt dá fear chéile deireadh a chur lena saol, saol atá loite ag Multiple Sclerosis le níos mó ná scór bliain de shaol uafáis.
toisc gur aithin na breithimh because the judges recognised
" Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc: ‘*the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…*’ Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto.
breithimh chónaidhme federal judges
" *’ An Sainghearán ========= Úsáideann breithimh chónaidhme Mheiriceánacha dhá uirlis agus iad ag scagadh gearáin cosúil le gearán Mrs Fleming.
naonúr breitheamh nine judges
" Ní fios go fóill céard a thiocfaidh as na díospóireachtaí teasaí a tharla os comhair naonúr breitheamh na Cúirte Uachtaraí.
ceapadh a mhac ina bhreitheamh his son was appointed judge
" Anuas air sin, ceapadh a mhac ina bhreitheamh agus toghadh ina fheisire é sa pharlaimint in *New South Wales*.
D’iarr na dlíodóirí cosanta ar an mbreitheamh the defense lawyers asked the judge
" D’iarr na dlíodóirí cosanta ar an mbreitheamh le linn thriail an tSeisir gan admhálacha na bhfear a ligean isteach mar fhianaise mar go raibh siad gan síniú, ach dhíbh sé an t-áitiú sin.
díbríodh ag uaslathaithe agus breithimh éillitheacha expelled by an Übermenschen and corrupt judges
" Maíonn daoine áirithe go raibh na daoránaigh ina n-íobartaigh, a díbríodh ag uaslathaithe agus breithimh éillitheacha, agus go raibh an t-ádh dearg ar na cimí gur cuireadh chuig tír ní b’fhearr iad ina raibh saol ní ba rathúla acu.
breithiúna ag faire judges watching
" Rialacha teicniúla atá i gceist atá deacair don ghnáthbhreathnadóir a thuiscint agus bíonn breithiúna ag faire le linn rása ar na siúlóirí chun a chinntiú nach sáraíonn siad na rialacha sin.
Ghlac an Breitheamh the judge accepted
" Ghlac an Breitheamh Aindrias Ó Caoimh leis gur cuireadh as do chearta Uí Lubhlaí triail chothrom a fháil siocair go raibh cáipéisí de chuid an Gharda Síochána caillte.
is fearr dul go féasóg an bhreithimh it’s better to go to the judge’s beard
" Is é sin, údaráis an stáit abhus a sheachaint: ‘an té nach dtruann do chás, ná déan do ghearán dó’, deirtear, nó 'is fearr dul go féasóg an bhreithimh ná go cnámh na huillinne'.
a mheas Breitheamh amháin which one judge felt (was ..
" B’é an rásúr an gléas airm ba choitianta a d’úsáididís, rud a mheas Breitheamh amháin a bheith ‘un-British’ ó tharla gur daoine dubha a ba mhó, dar leis, a chuaigh i muinín na cruaiche! Tá cur síos maith déanta sa leabhar seo (bunaithe ar thuairiscí cúirte don chuid is mó) ar an réimeas uafáis a bhí i bhfeidhm sa chathair a bhuíochas do na dronga seo, idir dhúnmharaithe, eachtraí sáite agus chambhrú cosanta.
Mhol breithiúna áirithe a certain judge advised
" Mhol breithiúna áirithe gur cheart ciontóirí a lascadh agus bhí polaiteoirí éagsúla ag moladh go mbeadh ar fhir óga tréimhse sheirbhís mhíleata a chur isteach.
ag súil le cinneadh na mbreithiúna expecting the judges’ decision
" Cloisfear an cás ar an tríú lá de mhí na Nollag ach níltear ag súil le cinneadh na mbreithiúna go ceann tamaill eile ina dhiaidh.
an Bhreitheamh the judge
" Seo ceann de reachtanna na Géarleanúna atá fós i bhfeidhm agus mar gheall ar an dlí seo a cuireadh Maolra Seoighe chun báis mar ní raibh Béarla ar bith aige agus ní raibh Gaeilge ar bith ar an Bhreitheamh nó ag coiste na cúirte ina thriail.
a bhfuil modh oibre na mbreitheamh lochtach the judges’ work method is faulty
" Tugann Kahneman léargas dúinn ar an dóigh a bhfuil modh oibre na mbreitheamh lochtach, agus an dóigh ar féidir feabhas a chur ar chóir phianmhar leighis, agus ar an dóigh nach bhfuil in obair na “dtiarnaí airgeadais” ach feallaireacht agus cur i gcéill.
ar na breithiúna (called) the judges
" Mhaígh duine amháin acu, fágaim, nach raibh cothrom na Féinne ar fáil don bhean bhocht Astrálach de bharr nach raibh an cás cúirte trí mheán an Bhéarla! Thug duine amháin eile den dream seo ‘moncaithe’ ar na breithiúna agus ar Uachtarán na hIndinéise.
Fear Maith ina Shuí Breithimh a good man in the judge’s seat
" Fear Maith ina Shuí Breithimh ========== Bhí an t-ádh liom go raibh an breitheamh ceart ina chathaoirleach.
an breitheamh ceart ina chathaoirleach the right judge in the chair
" Fear Maith ina Shuí Breithimh ========== Bhí an t-ádh liom go raibh an breitheamh ceart ina chathaoirleach.
rialaigh an breitheamh the judge ruled
" Chuir siad an dlí air agus rialaigh an breitheamh gur sháraigh Bolt alt 18C thuas sna colúin.
de shliocht na mbard agus na mbreitheamh of poetic and legal stock
" 1709-1773), An Caisideach Bán, ba dhuine de shliocht na mbard agus na mbreitheamh aduaidh as Fear Manach é.
Breitheamh judge
" Chuir JP McCarthy spéis i gcaint Albie Sachs, Breitheamh na Cúirte Bunreachtúla san Afraic Theas.
agus an Breitheamh ar thairseach na Cúirte Uachtaraí as the judge is about to enter the Supreme Court
" Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar roinnt de bhreitheanna an Bhreithimh Gerard Hogan san Ard-Chúirt le tamall de bhlianta anuas agus an Breitheamh ar thairseach na Cúirte Uachtaraí faoi láthair.