Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag bronnadh bestowing
" Gaeltacht in aghaidh na míosa a mhaíonn siad!! Cá mhéad Gaeltacht sa tír? Cúis dóchais faoi dheireadh? Beag an baol - nó tá "Beo ar Éigean" ag bronnadh stádas Gaeltachta ar áiteanna thar lear anois: Gaeltacht Mhinnesota, Tír na Gaeilge Reoite! Dar le Balor go bhfágann seo mearbhall ar a shamhlaíocht bhocht.
go mbronnfar seoladh that an address will be awarded
" Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.
bronnta ar bestowed on
" Go dtí seo tá an gradam seo bronnta ar: Micheál Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin (1993), Áine Bn.
a bronnadh awarded
" Is í seo an duais is mó a bronnadh ar ghrianghrafadóir Éireannach riamh, b'fhéidir.
bhronnadh na gcéimeanna graduation
" Ní raibh sé i láthair do bhronnadh na gcéimeanna i bhfómhar na bliana sin mar go raibh sé ag tosú poist nua le Conradh na Gaeilge an lá sin.
a bhronnadh to present
" Dhíol siad éadaí, bréagáin agus earraí tí, rud a d'fhág go raibh siad ábalta seic $750 a bhronnadh ar fhoireann Mary's Center.
bronntar pointí ort you are awarded points
" Gach uair a chliceálann tú ar na fógraí speisialta atá ar an suíomh sin bronntar pointí ort, agus nuair atá go leor pointí agat is féidir leat bronntanas beag a roghnú duit féin.
bronnta awarded
" (Tá mise ar gcúl, mar sin!) Taispeántar go minic ag féilte scannán iad, agus tá a lán duaiseanna bronnta orthu.
a bhronnfaí ar dhuine that a person would be awarded
" Ar chóir, mar shampla, go mbeadh ról ag breitheamh maidir leis an méid damáistí a bhronnfaí ar dhuine i gcás leabhail? Tharraing tuarascáil Hassain aird freisin ar an reachtaíocht neamhghnách atá sa tír seo a thugann ar na cúirteanna breathnú ar ghabháil leithscéil mar admháil a bheith ciontach.
níor chóir an t-airgead a bhronnadh they shouldn't be granted the money
" Tá argóintí maithe ag RTÉ chun ardú a fháil, ach níor chóir an t-airgead a bhronnadh orthu gan cheist.
bronnadh an chonartha teileachumarsáide the awarding of the telecommunications contract
" Cé go gcreidim go bhfaighfear an tUasal Lowry ciontach in 2003, ar bhealach éigin - fiú más amhlaidh go raibh caimiléireacht i gceist, agus níl aon dabht ach go bhfuil rian na caimléireachta ar an ghnó uilig - ní shamhlaím go gcruthófar aon fheall ina choinne maidir le bronnadh an chonartha teileachumarsáide ar an Uasal Denis O'Brien.
bronnta bestowed
" Tá rímeat leathan agus réimse leathan cumhachtaí bronnta ar an Choimisiún le seo a chur i gcrích.
Bronnadh an chéim air he was awarded the degree
" Bronnadh an chéim air agus d'fhill sé ar Éirinn, ach táimid i dteagmháil le chéile fós.
pointí a bhronnadh to award points
" Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin.
ócáid bhronnta awards ceremony
" '" Ag an ócáid bhronnta le linn na gCluichí Oilimpeacha sa bhliain 2000, ghlac Haworth lena bonn cré-umha "ar son na mban eile nach bhfuil an toirt fhoirfe, uimhir 4.
bhronnadar deiseanna scórála they presented scoring chances
" Ach ina áit sin rinne siad feall i ndiaidh fill agus iad faoi bhrú sa tréimhse dheireanach, agus bhronnadar deiseanna scórála ó phocanna saora ar Loch Garman.
gur bronnadh an chéad duais that he had been awarded the first prize
" Bhí an Ghrúdlann ag maíomh gur bronnadh an chéad duais sa damhsa ar an sean-nós air, agus nach raibh sé ach ag siúl suas fríd an scaifte go dtí an beár ag an am.
bronnadh cheadúnas na nguthán soghluaiste the awarding of the mobile phone licence
" Beidh ar an Taoiseach a bheith airdeallach freisin roimh a thiocfas amach ag an mbinse céanna maidir le bronnadh cheadúnas na nguthán soghluaiste.
nuair a bhíonn ceadúnais á mbronnadh when licences are being awarded
" coinne le mo bhean …) An bhfuil tú sásta leis an méid atá bainte amach agat i do shaol? Ta, agus ta go leor le teacht fosta! Ní féidir tada a athrú gan ionchur a bheith agat i gcúrsaí pleanála, agus ní raibh ról riamh ag MBT sa réimse seo, cé go mbíonn tionchar acu uaireanta nuair a bhíonn ceadúnais á mbronnadh.
bronnta awarded
" Cártaí, buí agus dearg, a bhfuil an t-uafás díobh "bronnta" ó thosaigh an tSraith Náisúnta Peile; bailíonn imreoirí áirithe iad mar chineál caitheamh aimsire, is cosúil (cosúil le stampaí fadó, b'fhéidir).
bronnta awarded
" Is gradam é sin atá bronnta ag an tionscal ort, ní ag an bpobal - tá an cinneadh déanta ag na daoine atá ag obair sna comhlachtaí.
Is túisce a bhronnfainn I'd sooner award
" Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.
á mbronnadh being awarded
" Níl na réiteoirí ag cur na rialach i bhfeidhm ach anois is arís toisc go mbeadh an iomarca ciceanna saora á mbronnadh acu.
bhronnadh awarding
" Níl mé ag rá gur cheart airgead a chaitheamh go fánach leis an chomhlacht, ná fiú gur cheart an €1 billiún a mhaígh Brian Dunne a bheadh de dhíth leis an loingeas a athnuachan a bhronnadh orthu.
le bronnadh to be awarded
" Ní hamháin go mbeidh Ryanair ag tosú a gcuid bealaí nua ó Aerfort na Sionainne, ach beidh cinneadh (beagáinín déanach) á dhéanamh ag an Rialtas faoi fhorbairt Aer Lingus, agus beidh na conarthaí a thacaíonn leis na seirbhísí idir na haerfoirt réigiúnacha agus Baile Átha Cliath le bronnadh as an nua.
bronntar plaiceanna plaques are presented
" Gach bliain sa scoil s'againne fógraítear réaltaí peile agus iomána na bliana agus bronntar plaiceanna ar na buaiteoirí ar an lá a bhronntar duaiseanna eile na scoile.
bronnadh na nduaiseanna the awarding of the prizes
" Is éard a bhí i gceist ná riail a dúirt nach bhféadfadh imreoir a bheith i dteideal an gradam a fháil dá gcuirfí den pháirc é i gcluiche ar bith i rith na bliana, fiú amháin sa tréimhse idir fógairt na foirne agus bronnadh na nduaiseanna.
agus grádanna á mbronnadh when grades were being awarded
" Cáineadh dearfach ======= Cé go ndeir Hussey gur chruthaigh sé an suíomh an chéad lá riamh le deis a thabhairt dó féin na múinteoirí is mó a thaitin leis a mholadh (agus theastaigh uaidh é seo a dhéanamh gan a ainm a lua mar gur mheas sé go bhféachfaí air mar “*suck-up*” mura ndéanfadh sé amhlaidh), bhí sé ag iarraidh chomh maith an deis a chur ar fáil do scoláirí “múinteoirí a cháineadh go dearfach gan baol a bheith ann go mbainfí díoltas amach orthu agus grádanna á mbronnadh”.
fad a bhronntar that are awarded
" Is í Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó HETAC, a dhéanann faomhadh ar dhámhachtainí ITGME agus, ar ndóigh, tugtar lánaird ar cheanglais Fhorógra Bologna chun na dámhachtainí ar fad a bhronntar bheith ag teacht leis na caighdeáin Eorpacha.
fad a bhronntar that are awarded
" Is í Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna, nó HETAC, a dhéanann faomhadh ar dhámhachtainí ITGME agus, ar ndóigh, tugtar lánaird ar cheanglais Fhorógra Bologna chun na dámhachtainí ar fad a bhronntar bheith ag teacht leis na caighdeáin Eorpacha.
sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn that's why we were awarded a licence
" Ach cad iad na cineálacha cláracha ba mhaith léi a chur ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin? “Ba mhaith linn cláracha maithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ná sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn.
Bronntar an duais seo this prize is awarded
" Bronntar an duais seo gach bliain ar úrscéal Béarla le húdar mná, as tír ar bith, a bhfoilsítear a saothar sa Ríocht Aontaithe sa bhliain roimhe sin.
a bhronnadh to bestow
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin to award themselves a massive salary
" Mar sin, bhí siad ábalta tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin ach bhí orainne, na múinteoirí, conradh nua a shíníú agus glacadh le laghdú inár bpá agus inár laethanta saoire agus méadú ar ár gcuid uaireanta teagaisc.
ag bronnadh awarding
" Is é seo an t-ochtú bliain is seachtó atá an tAcadamh ag bronnadh na nOscar mar chomhartha aitheantais agus measa ar lucht scannáin, agus in ainneoin gur beag áit ar domhan nach mbeadh aithne ar an fhear beag órga seo, níl an oiread sin daoine eolach ar a bhunús ná ar an dóigh a bhfuair sé a ainm.
a bhronnadh to bestow
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
féiríní a bhronnadh to bestow presents
" Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh na hairí Stáit ag sáraíocht ar a chéile ag iarraidh féiríní a bhronnadh ar a gcuid dáilcheantar.
go mbronnfadh an chomhairle chontae chuí that the appropriate county council would grant
" Is dócha ná a mhalairt go mbronnfadh an chomhairle chontae chuí cead pleanála don tionscadal.
bronnta orainn ar fad bestowed on all of us
" Bhí sé amhail is go rabhamar faoi gheasa agus go raibh bua an cheoil bronnta orainn ar fad ag an am amháin.
a bronnadh dochtúireacht air he was awarded a doctorate
" Thug sé tréimhse na staidéarachta in Ollscoil Harvard agus b’ann a bronnadh dochtúireacht air sa bhliain 1972.
ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais the presentation event of the Oireachtas' communications awards
" Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
á mbronnadh being granted
" Níor mhiste, mar shampla, go n-amharcfaí níos fabhraí ar iarratais ó Ghaeltachtaí eile nuair a bhíonn scéimeanna úra á mbronnadh ag an Roinn.
ag bronnadh saoirse orthu bestowing freedom on them
" Ní nach ionadh, b’fhéidir, más eagal do chosmhuintir an domhain nach bhfaighidh siad lá sa chúirt ná cóireáil dhaonnachtúil i bpríosún ón tír atá in ainm is a bheith ag bronnadh saoirse orthu.
dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta if flowers were presented on special occasions
" Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
bronnta awarded
" Tá conradh ar fiú €596,000 é bronnta ar *Lá* le nuachtán laethúil a sholáthar agus tá iris idirlín den chéad scoth againn.
is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo that can be bestowed on the children of today
" Deirim seo mar gurb í an oidhreacht is fearr is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo agus ar na glúnta atá le theacht ná timpeallacht ghlan fholláin a fhágáil dóibh.
bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, his widow Sheila presented the trophy to the winners,
" Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah! “Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
bronnann tú an ceann eile you bestow the other one
" Coinníonn tú ceann amháin agus bronnann tú an ceann eile ar do chomharsa.
bronnadh na nduaiseanna liteartha the giving out of the literary prizes
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
bronnadh an onóir MBE uirthi. she was awarded the MBE honour.
" Bhí clú agus cáil ar Jeannie anois agus sa bhliain 1968 bronnadh an onóir MBE uirthi.
bronnta awarded
" Bhunaigh baintreach Jackson Pollock agus an t-ealaíontóir Lee Krasner (nach maireann) an fhondúireacht seo i 1985 le cuidiú a thabhairt d’ealaíontóirí cumasacha agus anuas trí na blianta tá 2,747 deontas airgid arbh fhiú $40 milliún iad bronnta acu ar ealaíontóirí i sé thír is seasca ar fud an domhain.
Bhronn treibh Mhaorach, A Maori tribe bestowed,
" Bhronn treibh Mhaorach, ar a dtugtar Ngati Tuwharetoa, Tongariro ar an stát agus bhí sé ar gcéad pháirc náisiúnta sa tír.
bhronn sí a fabhair she bestowed her favour
" Bhí clú ar Pihanga de bharr a háilleachta, agus bhronn sí a fabhair ar na ceithre shliabh a bhí á mealladh: Taranaki, Tongariro, Tauhara agus Putauaki.
Bronnadh céim céad onóracha sa stair air He was awarded with a first class honours degree in history
"Bronnadh céim céad onóracha sa stair air trí bliana ina dhiaidh sin.
cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA to award Sinn Féin/IRA with power
" Ní fheictear dom go bhfuil sé cuí nó ceart cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA mar dhuais.
go mbronnfaí stádas an laoich that hero status would be bestowed
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, he gave it to Catholic and Prodestant charities
" Níor choinnigh sé an t-airgead a fuair sé as an duais ach bhronn é ar charthanachta Caitliceacha agus Protastúnacha, gníomh praiticiúil éacúiméineach.
cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu. whether they will be awarded refugee status
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
ag bronnadh cead pleanála. granting planning permission.
" Bíonn an céatadán seo bunaithe ar úsáid na Gaeilge sa cheantar mar theanga laethúil agus dúirt sé nár thuig sé ó thalamh an domhain tuige nach leagann Comhairle Contae na Gaillimhe síos na paraiméadair maidir leis an choinníoll teanga agus iad ag bronnadh cead pleanála.
bronnta granted
" Sa bhreis air sin, tá an coinníoll leagtha ar 15 aonad eile a bhfuil cead pleanála bronnta orthu ach atá faoi bhráid an Bhoird Pleanála faoi láthair.
searmanas bronnta award ceremony
" ************************************************************** Bhí súile an domhain dírithe ar mhaithe agus ar mhóruaisle thionscal na scannán ar an 24 Feabhra agus iad ag déanamh a mbealach go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre in Hollywood le freastal ar an searmanas bronnta is mó cáil ar domhan.
bhronnadh bestow, award
" Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil.
le linn an tsearmanais bhronnta. during the presentation (of the medals) ceremony
" I ndiaidh dó a bhonn airgid a bhaint, dhreap O’Connor go barr an chrainn brataí le linn an tsearmanais bhronnta.
le linn shearmanas bronnta na mbonn. during the medal awards ceremony
" Bhí racán ann fosta nuair a d’ardaigh beirt lúthchleasaithe Meiriceánacha – Tommie Smith agus John Carlos – doirne iata le linn shearmanas bronnta na mbonn.
flúirse caide a bhronnadh to deliver a lot of ball to
" Ní bheidh sé de chumas aige flúirse caide a bhronnadh ar a fhoireann tosaithe.
bhronn presented
" Dúirt sé gur bhronn Dia sciar cothrom aeir, spéire agus gréine ar dhaoine.
bhronnadh presented
" Reáchtáiltear searmanais gach bliain le saoránacht a bhronnadh ar inimircigh chun na tíre.
bhronn gave
" Le déanaí, mar shampla, bhí an cluiche sraithe iománaíochta idir Corcaigh agus an Clár á thaispeáint ar TG4 agus bhronn an réiteoir poc saor slat is fiche díreach os comhar chúl an Chláir ar fhoireann Chorcaí.
bronnadh were presented
" Tugtar cuireadh do na daoine ar fad ar bronnadh an gradam Ordre de la Libération orthu agus atá fós beo a bheith i láthair ag an searmanas seo.
bronnta orthu given to them
" Ba chuma leis an Eaglais fán teanga anois agus Coláiste Mhaigh Nuad bronnta orthu lena gcoinneáil ar stropa, ach mhair sí mar sin féin, aisti féin, in ísle brí.
Bronnfar shall be presented
" Bronnfar an gradam ar chomhlacht nó ar ghnóthas a dhéanfaidh an iarracht is fearr chun an Ghaeilge a úsáid ina gcúrsaí margaíochta.
bronnadh was given
" Oilithreacht Cholm De réir na staire, bronnadh an t-oileán ar Cholm Cille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht tar éis cath fuilteach Chúil Dreimhne (sa bhliain 561), ar bhraith sé féin ciontach as, i mbealach nach dtuigim, ach tugadh breith air: Mona beith briathra MolaisiGun crois os Áth Iomlaise, Nochon fhuicfindse re mo lindSaeth nó galar a nÉirind.
bronnadh was presented
" Ó 1922 ar aghaidh bronnadh saoránacht na hÉireann ar gach duine a rugadh sa Stát ach i 2004 chuir rialtas Bertie Ahern leasú bunreachtúil faoi bhráid an phobail a d’athródh cúrsaí sa mhéid is nach mbeadh ceart ag leanaí a shaolófaí in Éirinn chun saoránachta ach amháin ar choinníoll go mbeadh duine dá dtuismitheoirí ina shaoránach sa stát.
mbronnfaí would be presented
" com/watch?v=oScT3WhCk8w&feature=related An Mhaith Dhéanach (an mhaith i gcónaí) D’fhógair Kevin Rudd, príomhaire na hAstráile, i mí Aibreáin i mbliana go mbronnfaí boinn chomórtha ar na haingil, nó ar a mbaintreacha, le haitheantas oifigiúil a thabhairt dóibh.
Bronnadh were given
" Bronnadh céad heicteár de thalamh mhaith churaíochta ar na hiarshaighdiúirí gorma gar do Asunción agus mar aon leis an talamh fuarthas na hainmhithe is an trealamh is gá chun feirmeoireacht a dhéanamh.
bhronnfaí would be given
" Faoin chiste seo, bhronnfaí deontais ar fheirmeoirí sléibhe a bheadh ag iarraidh gnó a bhunú ar an tsléibhteoireacht, bíodh sé ina mhórthogra ar nós brú a thógáil nó ina ghnó beag ar nós ceapairí a dhíol, leaba agus bricfeasta a chur ar fáil, málaí a aistriú nó mionbhus a reáchtáil le daoine a thabhairt go tóin an tsléibhe.
Bronnadh was presented
" Bronnadh dhá ghradam le déanaí ar shuíomhanna idirlín i nGaeilge in dhá cheann de chomórtais thábháchtacha agus ba i measc dhá phobail an-éagsúla a tharla: pobal na Gaeilge agus pobal an ghréasáin.
bronnadh was given
" Nuair a bhí Daniel arap Moi ina uachtarán ó 1978 go 2002 bronnadh dáileachtaí talamh foraoise ar a lucht tréachtais agus ar dhaoine dá threabhchas féin, an Kikuyu.
Bhronn bestowed
" Bhronn Ollscoil Bar-Ilan Duais Caomhnóir an tSíón, a Bhronntar ar Ghiúdaigh a thacaíonn le stát Iosrael, ar Podhoretz i 2007 sa bhliain chéanna inar fhoilsigh sé World War IV: The Long Struggle Against Islamofascism.
bhronnann sé orainn he bestows on us
" Níl stiúrthóir scannáin ar domhan is fearr a thugann meas agus urraim don mbreathnóir sa tsaoirse is a bhronnann sé orainn.
Bronnadh was presented
" Nach aisteach an bhliain a bhí i 2009? Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Barack Obama as a chuid focal deas i gCairo, fad is a bhí sé ag géarú ar an gcogadh in aghaidh na Moslamach san Afganastáin agus sa Phacastáin.
bronnadh presentation
" Cad é a thug síos Tír Chonaill an t-am sin thú? - Bhí bronnadh éigin ar siúl ann? CNC: Comórtas litríochta a bhí ann le haghaidh na scoileanna Gaeltachta i dTír Chonaill.
bhronnadh (to) present
" Ó thús mhí an Aibreáin ar aghaidh, tá sé i gceist againn duais a bhronnadh ar an léirmheas is fearr a scríobhfar i bhfóram ClubLeabhar.
Bronnadh was presented
" Bronnadh an teideal orm i mbliana gan freasúra áfach.
bhronn presented
" Cónaím sa bhaile le mo mhuintir agus tugann mo mháthair agus m’athair an-aire dom! Agus tá gluaisteán nua agam a bhronn an chuideachta Toyota orm.
níor bhronn didn't present, give
" ie a chur ar bun?** Tháinig deireadh leis an iris Cuisle agus bhí comórtas ansin ann le hiris eile a chur ina háit agus chuir Liam (Ó Cuinneagáin) agus duine nó beirt eile isteach ar an chonradh sin agus níor bhronn Foras na Gaeilge an conradh ar dhream ar bith, ach bhí Liam den tuairim go n-éireodh go maith le hiris idirlín, mar nach mbeadh na costaisí céanna i gceist.
bronnta presented
" Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin in aitheasc a thug sé do Bhord Údarás na Gaeltachta, ar an 15 Nollaig 2005, gur “beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam nach bhfuil bronnta go hoifigiúil ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar na deich mbliana cinniúna seo romhainn amach, idir 2006 agus 2016.
bhronntar are presented
" Níl aon amhras faoi sin: is ann atá na hollscoileanna is mó cáil ó thaobh innealtóireachta de, cuir i gcás MIT, Berkeley, agus Stanford; is ar thaighdeoirí Meiriceánacha freisin a bhronntar bunús na nduaiseanna Nobel, agus ar ndóigh, i measc na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta, tá a bhformhór bunaithe sna Stáit.
bhronn presented
" "Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
bronnta air awarded to him
" Ach mar dhuine a bhfuil an teideal “Laoch an Aontais Shóivéadaigh” bronnta air, chomh maith le “Laoch Chónaidhm na Rúise”, ní dócha go mbeadh focail an pholaiteora ag cur isteach go mór ar Chilingarov.
bhronn Corcaigh orthu Cork gave them
" Thug an léasadh a bhronn Corcaigh orthu mar sin ceacht an-tábhachtach dóibh: mura mbíonn an intinn dírithe i gceart ar chluiche, is furasta cailleadh.
bhronn gave
" Is é sin, ghlac sé le dochar chomhlachtaí príobháideacha agus bhronn airgead orthu, airgead a shaothraigh an t-oibrí.
bhronntar is presented
" Bhí sé d’áineas orm a bheith i láthair nuair a thug foireann iománaíochta Mhícheáil Bhreathnaigh aghaidh ar Sgioba na h-Alba (= foireann na hAlban) i gcluiche iománaíochta/camanachd ar son Chuach Cholmcille (an corn a bhronntar ar na buaiteoirí).
ag bronnadh awarding
" 5% ======== Ach is dócha gurb é an Roinn Oideachais ba mhó a tharraing caint mar nach raibh siad ag bronnadh na marcanna seo le fada.
bhronnadh ar to present to
" Chinn Cumann Peile na hÉireann (ainm oifigiúil na heagraíochta a dtugtar an FAI air de ghnáth) sa bhliain 2004 gradam an imreora ab fhearr de chuid Phoblacht na hÉireann le leathchéad bliain anuas a bhronnadh ar Giles.
bronnta presentation
" 
Thug Conor Murphy bata agus bóthar do cheathrar ball den bhord i ndiaidh fiosrúcháin ar chúrsaí bronnta conartha agus d’ainmnigh sé ceathrar eile ach ba léir go raibh an eagraíocht mhífheidhmiúil i bhfad sular thit an chéad sneachta.
bronnta céimeanna degree ceremony
" Agus ba cheart iarraidh ar dhaoine óga fanacht in Éirinn agus sochaí nua a thógáil mar a d’iarr Theo Dorgan orthu a dhéanamh san aitheasc a thug sé ag searmanas bronnta céimeanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí na Nollag seo caite, aitheasc a foilsíodh ina iomláine san Irish Times: *‘The nation is beaten down, but not defeated.
bronnadh were presented
" Fuair mé amach gur bronnadh duais nó ardmholadh ar 262 de na tionscadail ach nach raibh ach aon cheann déag, nó 4%, díobh sin i nGaeilge.
Bronnfar shall be presented
" ) Bronnfar an duais bhreá sóláis seo uirthi ina éiric ach beidh cinnidh chrua le glacadh aici.
Bronnadh was presented
" Bronnadh dochtúireacht oinigh sna míndána air in Ollscoil Uladh sa bhliain 2010, an bhliain chéanna ar bhain sé an ceithre fichid bliain amach.