Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buaiteoirí winners
" Bhí Mattie Joe Shéamais Mac Donnchadha mar fhear an tí agus chuir sé i láthair Séamus Ó Flanagáin, ceoltóir as Baile Bhúirne; Seosamh Mac Muirí as Sligeach, a bhí i mbun sloinnte agus logainmneacha; Navan, grúpa ceoil Gaeilge as Madison; seó beo buaiteoirí an Oireachtais le Fearghas Mac Lochlainn; Éamonn Ó Donnchadha; Ray Mac Mánais agus Celia Ní Fhatharta.
buaiteoirí winners
" Cuirfidh na caillteoirí na móidghealltaí i gcuimhne do na buaiteoirí agus is beag trácht a dhéanfar ag iriseoirí ar rud ar bith eile seachas nach bhfuil athrú ar bith i ndiaidh teacht ar dhath ar bith.
buaiteoir winner
" Tabharfaidh an t-eischeadúnas an cás beorach don mbuaiteoir atá in ann a chruthú nach Moslamach é agus go bhfuil níos lú ná deich faoin gcéad dá theacht isteach á chaitheamh aige ar alcól, má thuigim an scéal i gceart.
buaiteoirí winners
" De réir dealraimh, tagann grúpa fear le chéile chun pócar a imirt, agus bíonn cead ag na buaiteoirí luí leis na mná.
buaiteoir winner
" Ag deireadh na sraithe (atá i bhfad uainn, de réir dealraimh) rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chun canadh thar ceann na hÉireann sa Chomórtas Eoraifíse.
in ainm is an buaiteoir a roghnú supposed to choose the winner
" Tá painéal ar a bhfuil trí dhuine dhéag, a roghnaigh an Lower Manhattan Development Corporation, in ainm is an buaiteoir a roghnú i mí Dheireadh Fómhair.
bhuaiteoirí ardphróifíle high-profile winners
" Ach an labharfaidh? Duine de bhuaiteoirí ardphróifíle an toghcháin ab ea Alex Maskey.
buaiteoirí winners
" Gach uile bhliain nach mór tar éis Chraobh na hÉireann cloisimid faoi na híobairtí dochreidte a rinne na buaiteoirí, na sléibhte a dhreapadar, na locha a shnámhadar, na míle a ritheadar agus na comharthaí osnádúrtha a chonaiceadar i gcaitheamh na bliana.
buaiteoirí winners
" Bhí duine de na buaiteoirí, Tom Mitchell, i bpríosún sa toghcheantar as iarracht a dhéanamh beairic na hÓmaí a robáil.
roghnú bhuaiteoirí na n*Oscars* the choosing of the Oscar winners
" Mar thoradh ar a bhallraíocht san Acadamh eisiach seo, bíonn baint aige le roghnú bhuaiteoirí na n*Oscars* chuile bhliain.
buaiteoir winner
" Ceaptar go bhfuil Aer Arann ag lorg na mbealaí atá acu faoin gconradh reatha, agus is dócha go bhfuil Loganair ag déanamh amhlaidh (ach an uair seo, chun na costais a ísliú, tá na bealaí ó Bhaile Átha Cliath go Doire agus go Cnoc Mhuire curtha le chéile ag an Roinn Iompair mar “phacáiste” amháin, agus ní bheidh i gceist ach buaiteoir amháin.
roghnófar na buaiteoirí the winners will be chosen
" Míníodh don slua a bhí bailithe i Milwaukee don ócáid go bhfuil na hiarratais le bheith istigh faoin 2 Nollaig 2005 i mbliana, agus roghnófar na buaiteoirí tar éis do scrúdú bheith déanta ar thuairiscí scríofa ó na coistí a bheas rannpháirteach sa chomórtas.
buaiteoir winner
" Goilleann sé orm a rá, i bhfianaise na géarleanúna a rinneadh ar Dolores McNamara, buaiteoir *Euromillions *le déanaí, go bhfuil cur chuige Hutts beo beathaíoch i measc baicle iriseoirí sa tír seo.
buaiteoirí winners
" Ag breathnú ar thorthaí an Oireachtais le cúpla bliain anuas tá sé spéisiúil a fheiceáil cé as a bhfuil na buaiteoirí ag teacht.
buaiteoirí winners
" “Seacht mí dhéag i ndiaidh dheireadh an chogaidh sin, bhí teorainneacha Thuaisceart Éireann, na h Iúgsláive agus bhunús an Mheánoirthir leagtha amach ag buaiteoirí an chogaidh, Sasana agus an Fhrainc, taobh istigh de na seacht mí dhéag sin.
bhuaiteoirí winners
" Mar is gnách, bhí an plé uilig chóir a bheith dírithe ar an mheá sheicteach, ar bhuaiteoirí agus chaillteoirí sa chluiche cumhachta idir náisiúnaithe agus aontachtaithe a leanfaidh an t-atheagrú ó bhun go barr ar an chóras rialtais áitiúil anseo.
buaiteoirí winners
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
buaiteoirí winners
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
bhuaiteoir winner
" D’éirigh leis an bhfreasúra faoi cheannas Romano Prodi móramh beag bídeach, tuairim is 25,000 vóta a fháil sa teach íochtarach ach de bharr athruithe le móramh a chinntiú don bhuaiteoir, is leor sin le 63 suíochán breise a bheith acu.
buaiteoirí winners
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
Cró na mBuaiteoirí the Winners' Enclosure
" Lean mé í trasna an chlóis, thar Cró na mBuaiteoirí go dtí an foirgneamh nua, áit a raibh an fógra seo ar an doras: “Owners, trainers and jockeys only beyond this point”.
buaiteoirí winners
" Seo a leanas mórshonraí an chomórtais roimh 2006: An Bhrasaíl: buaiteoirí i 1958, 1962, 1970, 1994, 2002; neasóirí i 1950 agus 1998; an tríú háit i 1938 agus 1978 An Iodáil: buaiteoirí i 1934, 1938 agus 1982; neasóirí i 1970 agus 1994; an 3ú háit i 1990 An Ghearmáin: buaiteoirí i 1954, 1974 agus 1990; neasóirí i 1966, 1982, 1986, 2002; an 3ú háit i 1934 agus 1970 Uragua: buaiteoirí i 1930 agus 1950 An Airgintín: buaiteoirí i 1978 agus 1986; neasóirí i 1930 agus 1990 Sasana: buaiteoirí i 1966 An Fhrainc: buaiteoirí i 1998 Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil grúpa beag tíortha (an Bhrasaíl, an Iodáil, an Ghearmáin agus an Airgintín) go mór chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan.
buaiteoirí winners
" Faoi 1901 bhí dhá shraithchomórtas náisiúnta in adharca a chéile do na himreoirí ab fhearr agus i 1903 imríodh an chéad *World Series* – sraith cluichí idir buaiteoirí an *American League* agus buaiteoirí an *National League*.
buaiteoir winner
" Tá ceithre threibh déag na Gaillimhe le sonrú sa mbuantrofaí seo agus treibh amháin sa mbreis ann chun buaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a chur in iúl.
buaiteoir iomlán overall winner
" Bronnfar macasamhail den Ghradam, atá urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus a dhear an t-ealaíontóir cáiliúil Pádraig Reaney go speisialta, ar an bpríomhbhuaiteoir i ngach catagóir agus uathu sin a roghnófar buaiteoir iomlán an Ghradaim.
bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, his widow Sheila presented the trophy to the winners,
" Bhí beirt mhac de chuid Peel, William agus Thomas, ar fhoireann amháin agus bhronn a bhaintreach Sheila an trófaí ar na buaiteoirí, Cream, i The Picket, roimh cheolchoirm le Pete Wylie agus The Mighty Wah! “Ceann de na spriocanna atá againn ná daoine a thabhairt le chéile tríd an cheol,” a dúirt Phil liom agus ba é Billy Bragg an chéad cheoltóir a sheinn sa Picket nua i mí Feabhra 2006 mar chuid de Hope not Hate, camchuairt in aghaidh an chiníochais.
buaiteoirí winners
" Ar ndóigh, níorbh fhiú na foirne, na stáideanna, ná na cluichí móra gan sprioc ná duais mhór, agus i 1967 rinneadh cinneadh go n-imreodh buaiteoirí an AFL in aghaidh bhuaiteoirí an NFL chun go mbeadh seaimpín náisiúnta amháin ann.
don bhuaiteoir to the winner
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
buaiteoir glan outright winner
" Cé go mbíonn buaiteoir glan nó beirt i gceist i gcatagóirí na sóisear de ghnáth, bíonn sé an-deacair go deo teacht ar chomhaontú maidir le buaiteoir sna catagóirí sinsearacha.
buaiteoir winner
" Gheobhaidh gach ‘buaiteoir’ uair a chloig ar an cheap cholúin le cibé rud is mian leis / léi a dhéanamh – fad is go bhfuil sé dleathach.
in aghaidh na mbuaiteoirí against the winners
" Má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i nGaillimh, beidh muid ag dul san iomaíocht in aghaidh na mbuaiteoirí, as na contaethe eile i gConnachta, agus má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i gConnachta, beidh muid ag glacadh páirt i gCraobh na hÉireann le buaiteoirí na gcúigí eile.
buaiteoirí na gcúigí eile the other provincial winners
" Má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i nGaillimh, beidh muid ag dul san iomaíocht in aghaidh na mbuaiteoirí, as na contaethe eile i gConnachta, agus má éiríonn linn an chraobh a thabhairt linn i gConnachta, beidh muid ag glacadh páirt i gCraobh na hÉireann le buaiteoirí na gcúigí eile.
buaiteoirí winners
" Tréaslaím le Róisín Uí Shúilleabháin, cathaoirleach Cumann Peile na bPiarsach, agus lena buíon oibrithe deonacha a rinne gaisce as cuimse chun comórtas peile na bliana a eagrú chomh maith agus a rinne, agus tréaslaím leis na buaiteoirí, Ard Ratha as Tír Chonaill sa chomórtas sinsir, Oileáin Árann sa chomórtas sóisear, agus le Naomh Anna, Leitir Mór, i gcomórtas na mban.
bhuaiteoir winner
" Díreach mar a bheifí ag súil leis ó bhuaiteoir comórtais áilleachta, is bean ard donn dathúil í a thiontódh cinn, gan aon agó.
buaiteora winner
" Cé nach bhfuil Kadeer leath chomh mór i mbéal an phobail is a bhíonn an Dalai Lama, luaitear í mar ábhar buaiteora Nobel agus is léir go bhfeictear don tSín go bhfuil go leor tionchair is cumhachta aici círéibeacha a thógáil i Xinjiang agus í i Washington Mheiriceá.
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais ceann de na leabhair seo thíos: Ó CHÓSTA GO CÓSTA Cuireadh an Ceannfort airm Frank Reidy go dtí oirthear na hAfraice sa mbliain 1994.
buaiteoirí winners
" DuaiseannaBeidh cúigear buaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire, a chuimsíonn dhá dhiosca, ó Kíla, dar teideal: The Best of Kíla – Rogha Breis agus fiche bliain de bheith ag bualadh ceoil, seo rogha de na rianta is fearr ón mbuíon shuaithinseach seo.
bhuaiteoir winner
" com/ a bheith ina bhuaiteoir ar chomórtas blagadóireachta an Oireachtais agus níorbh aon ionadh domsa an méid sin.
bhuaiteoirí winners
" **Duaiseanna** Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig: Amhrán is Fiche don Nollaig Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
bhuaiteoirí winners
" DuaiseannaBeidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ón Acadamh, mar atá, an DD Subhóró: Rian 1Ríleanna: Ríl na Mainistreach agus Scléip na hOíche Aréir Banna Tí an Acadaimh2.
buaiteoirí winners
" An t-aon deacracht atá agam leis na gradaim seo ná gur féidir leis na buaiteoirí gabháil san iomaíocht arís an bhliain dar gcionn.
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna: Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar agus an DD seo thíos, Ící Pící (2010).
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna === Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais: Lorg na gCloch (DVD faisnéise) --- Leagan nua DVD de Mhórscannán Oidhreachta eisithe ag Gael Linn.
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar, Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin le Pádraig Ó Baoighill, móide an dá dhiosca, ó Choiscéim: **Scéalaí Mór Mhín an Líneacháin** (Séamas Mac Amhlaoibh) Pádraig Ó Baoighill Cuir síos anseo ar an scéalaí cáiliúil a rugadh sa bhliain 1879 agus a mhair sa Ghaeltacht Lár i dTír Chonaill.
buaiteoir winner
" Léigh Roddy Doyle, buaiteoir Duais Booker 1993, sliocht as a úrscéal *‘The Dead Republic’* mar chuid den fhéile scríbhneoireachta *‘Writing on the Wall’* (WOW) i Learpholl ag tús an tsamhraidh.
mbuaiteoirí cúige provincial winners
" An t-údar clamhsáin ba mhó a bhí ann is ag bainisteoirí na mbuaiteoirí cúige a bhí sé, is é sin nach mbíonn an dara deis acu i gCraobhchomórtas na hÉireann má chailleann siad an chéad chluiche eile tar éis craobh an chúige a bhaint, is é sin cluiche ceathrú ceannais na hÉireann.
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna ====== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: Gluaiseacht, le Alan Titley.
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Dúnmharú agus mistéir’ le Anna Heussaff Nó: ‘Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ‘Dúnmharú agus mistéir’ - úrscéal nua ó údar móréilimh ======================= Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche.
Buaiteoir winner
" Buaiteoir an bhabhta sin a thabharfaidh an uachtaránacht leis nó leí.
buaiteoirí winners
" Bhí sé d’áineas orm a bheith i láthair nuair a thug foireann iománaíochta Mhícheáil Bhreathnaigh aghaidh ar Sgioba na h-Alba (= foireann na hAlban) i gcluiche iománaíochta/camanachd ar son Chuach Cholmcille (an corn a bhronntar ar na buaiteoirí).
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna ====== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Sceon na Mara’ le Liam Ó Muirthile Nó: ‘Gaolta Gairide’ le Máirín Nic Eoin (eag.
bhuaiteoirí winners
" Díríonn Brian Campfield aird na ndaoine sin a deir nach bhfuil bealach ar bith eile ann an t-easnamh sa cháinaisnéis a ghlanadh ar Paul Krugman agus ar Joseph Stiglitz, beirt bhuaiteoirí Dhuais Nobel sa Gheilleagar.
beirt bhuaiteoirí two prizewinners
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
buaiteoir winner
" Tennis sensor data analysis an teideal a thug an buaiteoir óg, nach bhfuil ach cúig bliana déag d’aois, ar an tionscadal a rinne sé agus bhain sé duais €5,000 móide comhramh de chuid Chriostal Phort Láirge as ucht a chuid oibre.
bhuaiteoirí winners
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais beirt de na leabhair seo: **Ciara Chainteach** **Bronntanais agus Féiríní Eile** **Cad a tharla don Eolaí Óg?** **Cé Chomh Mór is atá an Ghealach** 'Ciara Chainteach': ========= Cailín deas, gealgáireach í Ciara agus is maith le gach duine í.
buaiteoir winner
" Creideadh go forleathan san Astráil sa tréimhse sin go raibh sé fíorthábhachtach go raibh aitheantas idirnáisiúnta ag buaiteoir na dámhachtana - ba chirte dom faighteoir na dámhachtana a rá, mar ní comórtas é.
buaiteoirí prizewinner
" "Ó 1988 go dtí 1996, thug muid daoine ón Afraic Theas, ó Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir, Nicearagua, Guatamala, buaiteoirí Nobel ina measc.
buaiteoir i mbliana winner this year
" Ba é Leo Fitzmaurice an buaiteoir i mbliana.
go mbeidh buaiteoir seachas that there will be a winner besides
" An bhféadfadh sé go mbeidh buaiteoir seachas Cill Chainnigh ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair seo chugainn?
bhuaiteoir winner
" Turner, i 1984 agus tá £40,000 mar dhuais le fáil ann - £25,000 don bhuaiteoir agus £5000 do gach iarrthóir gearrliostaithe eile.
Ainmneofar an buaiteoir the winner shall be named
" Ainmneofar an buaiteoir ar an 2 Nollaig 2013.
Geansaí Bándearg an bhuaiteora the winner’s pink jersey
" Baint an Giro in Éirinn ======== Tá baint lárnach ag an Giro le hÉirinn cheana féin mar gur bhuaigh Stephen Roche an ‘Maglia Rosa’, nó ‘Geansaí Bándearg an bhuaiteora’, i 1987.
bhuaiteoir winner
" Is dócha ná a mhalairt mar sin, go mbeidh ar bhuaiteoir an chomórtais tosacht as an nua agus iriseoirí ar beagán taithí a fhostú agus a oiliúint.
buaiteoir winner
" Nuair a fógraíodh buaiteoir an Turner Prize ar an 9 Nollaig i Londain, bhí go leor daoine i saol na healaíne an-mhíshásta.
buaiteoirí winners
" Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill leis na buaiteoirí in olltoghchán an 17 Bealtaine a thuar.
buaiteoirí na bliana seo a thuar to predict this year's winners
" Féachann Colm Mac Séalaigh chun tosaigh go dtí craobhchomórtas na hiománaíochta agus déanann iarracht buaiteoirí na bliana seo a thuar.
buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána winners of the hurling and football championships
" Tá an bhliain úr ag teannadh linn, am a dhéantar buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána a thuar.
buaiteoir an chomórtais the competition winner
" Amharcann Breandán Delap ar sé dhúshlán a bheas le sárú ag buaiteoir an chomórtais.