Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ionsaithe buamaí peitril petrol-bomb attacks
" Ba iad a mharaigh John McCormack i gCúil Raithin an mhí seo caite, is iad atá ag eagrú an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste, ba iad a bhí ciontach as an iliomad ionsaithe buamaí peitril i lár Aontroma agus in áiteanna eile, agus tá siad ag ullmhú do Alamo Dhroim Cria lena n-anamchairde san LVF.
buama adamhach atomic bomb
" "Cé as ar tháining an buama adamhach? An mhatamaitic, an fhisic nó an cheimic? Níl fhios agam.
buama na hÓmaí the Omagh Bomb
" Tá sé ina ábhar conspóide cé acu a dtiocfadh leis an RUC stop a chur le buama na hÓmaí nó nach dtiocfadh dá scaoilfeadh an Brainse Speisialta an t-eolas a fuair siad ó Kevin Fulton.
buama peitril petrol bomb
" Chonacthas aghaidheanna brónacha seanlanúin Phrotastúnach a bhí ag fágáil an tí ar shíl siad a mbeadh siad ann an chuid eile dá saol mar gur caitheadh buama peitril air agus gur scriosadh an teach.
tar éis do na buamaí pléascadh after the bombs had exploded
" Bhí a bhformhór dóite go dona de bharr na tine a bhí sa Sari tar éis do na buamaí pléascadh.
buama loiscneach incendiary device
" Oíche amháin an mhí seo caite scaoil an PSNI (Police Service of Northern Ireland) urchair le Paul Donnelly, ball den "Fhíor-IRA" a bhí ag iarraidh buama loiscneach a fhágáil taobh amuigh d'oifig na cánach gluaisteán i mBéal Feirste.
na mbuamaí a phléasc the bombs which exploded
" Anuas air sin, creidim go n-ardóidh tuarascáil fiosrúcháin eile a fhoilseofar go luath in 2003 go leor ceisteanna eile faoi údarás an Gharda Síochána, is é sin fiosrúchán an Bhreithimh Barron atá ag féachaint ar a tharla i gcás na mbuamaí a phléasc i mBaile Átha Cliath agus i Muineachán i 1974.
na buamaí a phléasc the bombs that exploded
" I measc na n-eachtraí eile atá á bhfiosrú ag an mBreitheamh Barron, tá na buamaí a phléasc i mBaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig 1972 agus ar an 20 Eanáir 1973, mar aon le buamaí a phléasc i mBéal Tairbirt i gContae an Chabháin i 1972, agus ceann eile a phléasc i mBaile na Lorgan i 1975.
foláirimh bhréige faoi bhuamaí hoax bomb alerts
"foláirimh bhréige faoi bhuamaí againne go fóill anseo, ionsaithe le buamaí píoba agus ionsaithe lámhaigh pionóis.
buama crobhainge cluster bomb
" Arm eile a dhéanann Raytheon ná an JSOW, leagan úr den arm uafásach sin, an buama crobhainge.
agus buama ina sheilbh aige with a bomb in his possession
" Óglach sé bliana déag d'aois ab ea Behan nuair a gabhadh é i Learpholl i 1939 agus buama ina sheilbh aige.
a phléasc an buama that the bomb exploded
" Nuair a tháinig na Gardaí ar ghuthán soghluaiste i dteach duine go raibh siad in amhras air, rinne siad anailís ar an áit ina raibh an guthán roimhe sin agus bhí siad ábalta a fháil amach gur úsáideadh é faoi dhó gar don Ómaigh ar an lá a phléasc an buama.
saineolaí buamaí bombs expert
" D'admhaigh sé freisin, deich seachtaine i ndiaidh bhuamáil uafásach Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974, gur iarr sé ar an Cheannfort Patrick Trears casadh le saineolaí buamaí ó Arm na Breataine, Major Maynard.
i ndiaidh phléascadh na mbuamaí after the exploding of the bombs
" Ceisteanna ar nós cén fáth gur fhan na Gardaí uair a chloig i ndiaidh phléascadh na mbuamaí sular dhún siad bóthar ar bith agus cén fáth gur cuireadh fianaise thábhachtach maidir leis an bhuamáil chéanna ar ais thar teorainn sula raibh seans ag rannóg dlí-eolaíochta na nGardaí féin í a scrúdú.
buamaí píopa pipe bombs
" Cúpla mí ó shin, dúirt an UDA nach mbainfeadh siad úsáid as buamaí píopa.
nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh when bombs used to explode
" Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.
bhuamaí bombs
" Díol spéise a bheidh ann freisin cé acu an gcomhlíonfaidh an rialtas seo a ndualgas agus fiosrúchán ceart a dhéanamh ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974.
freagrach as na buamaí responsible for the bombs
" Fiú cúpla bomaite i ndiaidh na bpléascanna i gceithre thraein i lár Mhaidrid, bhí sé an-soiléir go mbeadh an bua ag an Partido Popular sa toghchán dá mbeadh an grúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse) freagrach as na buamaí.
buamaí a phléascadh to explode bombs
" Rinne an grúpa iarracht buamaí a phléascadh i dtraenacha a bhí ag dul go Maidrid i rith mhí na Nollag.
buama ag pléascadh a bomb exploding
" Agus, mar sin, tar éis don láithreoir an ráiteas sin a dhéanamh mar gheall ar bhaint na nÉireannach leis an fhoiréigean, an chéad radharc eile a bhí le feiceáil ná buama ag pléascadh i dteach tábhairne sa Bhreatain.
thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire the noise of bombs and the crying of their people
" Ar an drochuair, tá cluasa cuid mhór aontachtach bodhar mar gheall ar thorann na mbuamaí agus éagaoin a muintire le linn 35 bliain na dtrioblóidí.
fheiniméan na mbuamaí féinmharaithe the phenomenon of suicide bombings
" “Níl aon réiteach simplí ar fheiniméan na mbuamaí féinmharaithe,” a dúirt sé.
buamaí bombs
" Níos déanaí an bhliain chéanna chuir an UVF buamaí ag oibreacha uisce Bhéal Feirste ag súil go gcuirfí an locht ar an IRA, agus cuireadh.
i ndeas don bhuama near the bomb
" Ba sin nuair a chonaic siad na carráistí a bhí i ndeas don bhuama.
buama bomb
" Tá an Astráil faoi bhagairt ag namhaid nua ach ní gunna ná buama atá i gceist ach víreas.
le haghaidh buama adamhaigh for an atomic bomb
" Tá scannán Kirk Douglas *The Heroes of Telemark* feicthe ag go leor daoine agus, mar sin, bheadh a fhios acu chomh tábhachtach is a bhí an ceantar seo do na Naitsithe agus iad ag déanamh “uisce trom” le haghaidh buama adamhaigh ag Ionad Vermork i Rjukan.
nuair a phléasc buama when a bomb exploded
" Nuair a d’iarr sé cead ar an oifigeach aghaidh a mhic a fheiceáil sa chónra, dúirt an t-oifigeach leis nach raibh aghaidh fágtha air – chaill sé í nuair a phléasc buama in aice leis, a d’inis sé dó gan mórán trua.
ag buama by a bomb
" Nuair a scriosadh eitleán de chuid Air India sa bhliain 1985 ag buama – agus é os cionn an Aigéin Atlantaigh timpeall céad míle ó chósta Chorcaí ar a shlí ó Montréal go Londain – ghlac Ceanada le freagracht an imscrúdaithe ós rud é gur imigh an t-eitleán ó Montréal agus de bhrí gur shaoránaigh de chuid na tíre sin iad cuid mhór de na paisinéirí a bhí ar bord.
gur bhuama ba chúis leis an tionóisc. that the bomb caused the accident
" Sa chás áirithe seo, ba iad na taifeadáin a léirigh gur bhuama ba chúis leis an tionóisc.
buamaí adamhacha atomic bombs
" Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945.
toradh uafásach na mbuamaí terrible effect of the bombs
" Bhí Ken dulta i dtaithí ar scéala físiúla a insint – má bhíonn cogadh i gceist, feiceann tú toradh uafásach na mbuamaí agus na n-urchar; má bhíonn gorta i gceist, is léir duit na coirp chnaíte.
mbuamaí cairr car bombs
" Bhí feachtas fuilteach na mbuamaí cairr faoi lán seoil a fhad is bhí Sealadaigh an IRA ag díriú ar "spriocanna eacnamaíochta" mar dhea - pubanna, siopaí, bancanna, etc.
buamaí loiscneacha incendaries
" Agus neamhaird á déanamh acu ar an bhfianaise maidir le réamhfhios na nIosraelach, cuireann Snopes ceist reitriciúil: *“Why would Israel follow such a course of action, betray its staunchest ally, and doom thousands of innocent Americans to death?”* D’fhéadfaí fiafraí chomh maith cad chuige ar chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954? Nó cad chuige ar ionsaigh Iosrael an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967 nuair a mharaigh siad 34 Meiriceánach? Nó cad chuige nár thug Mossad rabhadh do SAM faoin ionsaí ar dhún na Muirshaighdiúirí i mBéiriút ar 23 Deireadh Fómhair, 1983 nuair a maraíodh 241 Meiriceánach? Nó cad chuige ar chuir Oibríocht na Traí de chuid Mossad ina luí ar Washington go raibh an Libia freagrach as an mbuamáil dioscó i mBeirlín ar 5 Aibreán, 1986 nuair a maraíodh beirt shaighdiúirí de chuid SAM? Go dtí seo, níl aon imscrúdú déanta ag Snopes faoi ghníomhartha fill seo na n-Iosraelach ar a “chomhghuaillí daingean.
mílte buamaí thousands of bombs
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
phléasc buama a bomb exploded
" Bhí an bheirt deirfiúracha i dteach i Fallowfield, Manchain i 1974 nuair a phléasc buama a bhí á dhéanamh ann.
pléascadh an chéad bhuama the first bomb exploded
" Dar liomsa, ón uair a pléascadh an chéad bhuama a mharaigh seisear ar shráideanna Bhéal Feirste ar 20 Márta, 1972, ní raibh aon bhunús mórálta le modhanna cogaíochta na bProvos agus is ceart go mbeadh sé ina údar náire d’aon duine a bhí bainteach leis.
scrios buama árasán a bomb wreaked the flat
" Níor thúisce sin tarluithe ná scrios buama árasán Beate Zschäpe ar 26 Frülingstrasse, cathair Zwickau, 110 míle ar shiúil.
d’imeodh an buama a bomb would go off
" Nuair a d’imeodh an buama, scaipeadh na hurchair agus chaithfeá titim ar an urlár go mear mar bhí fuinneoga in aice leis an áit agus is cuimhin liom buachaill beag amháin ag teacht abhaile agus bhí a láimh aige ina phóca, don chéad uair go raibh sé ag tógaint airgid abhaile don a mháthair, agus shíleadar go raibh rud éigin ina phóca aige agus lámhachadh é.
Is léir go raibh buamaí á ndéanamh acu it was clear that they were making bombs
" Is léir go raibh buamaí á ndéanamh acu in dá theach sraithe agus séideadh suas iad agus bhíodar anois chun na coirp a bhailiú agus iad a chur isteach i málaí.
bás a fháil i bpléascán bhuama being killed in a bomb blast
" Tugadh cuireadh di labhairt in Ardeaglais Coventry i ndiaidh beirt ghasúr óg, Tim Parry agus Jonathan Ball, bás a fháil i bpléascán bhuama a d'fhág an IRA i Warrington.
phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis the bombs exploded at the finishing line
" Nuair a phléasc na buamaí ag sprioclíne an ráis i mBostún cúpla mí ó shin, bhí uafás ar mhuintir Mheiriceá chomh maith le daoine ar fud an domhain.
Chaith easaontóirí poblachtánacha buama píopa republican dissidents flung a pipe bomb
" Chaith easaontóirí poblachtánacha buama píopa ar bheirt phóilín i gceantar dhílseach seachtain i ndiaidh ‘Sheachtain Dhea-Chaidrimh’.
Ba bheag nár mhaidhm buama eithneach a nuclear bomb almost exploded
" Ba bheag nár mhaidhm buama eithneach os cionn Goldsboro, North Carolina i mí Eanáir na bliana 1961.
buamaí eithneacha a thógáil to build nuclear bombs
" Agus buamaí marfacha ag pléascadh gach lá san Íaráic, tá an Íaráin ag tabhairt leideanna beaga gach cúpla mí go bhfuil siad céim bheag eile ar aghaidh ina bhfeachtas chun buamaí eithneacha a thógáil.
thit buama loiscneach air an incendiary bomb fell on it
" Tógadh an foirgneamh Gotach seo i 1832 ach scriosadh an 6ú Bealtaine 1941 nuair a thit buama loiscneach air díreach tar éis meán oíche.
ionsaí gunnaí agus buama a gun and bomb attack
" Ar na cásanna is uafásaí sa leabhar, tá scéal an Rock Bar ar an Chéide i gContae Ard Mhacha ionsaí gunnaí agus buama a raibh baill den RUC freagrach as ar an 5 Meitheamh 1978.
ba chuma leis an té a d'fhág buama the person who left a bomb didn’t care
" Fear, bean, páiste, Protastúnach, Caitliceach, Sunni, Shia, ba chuma leis an té a d'fhág buama i gCeathrú na hardeaglaise, Barra an Teampaill Bhéal Feirste, oíche Aoine roimh an Nollaig.
buama ollmhór a massive bomb
" Tógadh Urbis tar éis buama ollmhór de chuid an IRA a scríos cuid mhaith de lár na cathrach in 1996.
phléasc buama eile another bomb exploded
" 135 bhomaite i ndiaidh ionsaí Hyde Park, phléasc buama eile faoi ardán ceolbhuíne ar a raibh ceoltóirí ó Arm na Breataine ag seinm in Regents Park agus maraíodh seachtar saighdiúirí eile.
bhuamaí agus a leithéid sin bombs and the like
" Bhí taithí agam ar bhuamaí agus a leithéid sin, ó bheith i mo chónaí i mBéal Feirste agus i nDoire, ach bhí sé seo chomh mór sin.
gur deas na buamaí ladrainn that drone bombs are nice
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
gur mídhaonna na buamaí baisce that cluster bombs are inhuman
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
hilchineálacha buama eile and many other types of bomb
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.