Pota Focal Intergaelic
ban | bruan | bua | buain | buan-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go buan i mo chuimhne in my memory permanently
" ) Le cois Málainn Bhig, tá cúpla áit eile in Éirinn agus thar lear a fhanfaidh go buan i mo chuimhne agus a bhfuil fonn orm pilleadh orthu san am atá romhainn.
taispeántas buan permanent exhibition
" Tá sráid darb ainm Jim Larkin Way sa chathair agus tá taispeántas buan sa mhúsaem faoi, leis an mionsamhail a rinne an t-ealaíontóir Oisín Kelly le haghaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
Gura fada buan long may continue
" Dá ndruidfeá do shúile agus tú i do shuí sa phuball Gaeltachta, shílfeá go cinnte gur ag Oireachtas na Gaeilge a bhí tú - ach amháin go raibh an ghrian ag spalpadh anuas! Gura fada buan Féile Milwaukee.
buan permanent
" Tá gearradh siar le déanamh ar an méid uaireanta gur féidir áis chraoltóireachta seachtraí an stáisiúin, An Ródaí, a úsáid, agus deirtear freisin, cé nach bhfuil deireadh le cur le haon phost buan go fóill, go bhfuil fostaíocht saoroibrithe agus fostaithe páirtaimseartha go mór i mbaol.
postanna buana permanent jobs
" Nuair a éiríonn le muintir na tuaithe postanna buana a fháil bogann siad amach chuig na bruachbhailte, mar a bhfuil tithíocht níos saoire agus níos nua-aimseartha le fáil, agus, dar ndóigh, is amhlaidh go bhfuil siad ag dul níos faide agus níos faide amach ón gcathair chun tithe measartha saor a fháil.
bhuan permanent
Bhuan permanent
" Gaeltacht Bhuan ======= Sa lá atá inniu ann i nDún Laoghaire tá ranganna Gaeilge seachtainiúla á reáchtáil againn ag an bhunleibhéal agus ag an mheánleibhéal agus bíonn ár ndeireadh seachtaine Gaeltachta féin againn gach Aibreán.
Más buan mo chuimhne if my memory serves me right
" Más buan mo chuimhne is minic a chuala mé an focal *sheila* sa scannán *Crocodile Dundee* agus mo dhuine ag caint faoi na mná.
lonnú go buan stay permanently
" Táthar i gcónaí ag cur i leith na heite deise go bhfuil siad ciníoch de bharr gur mian leo go mbeadh polasaithe inimirce i bhfad níos déine i gceist a choinneodh smacht ar an líon daoine a bheadh ag teacht chun na tíre agus a chinnteodh go mbeadh saol ceart acu siúd a dtabharfaí cead dóibh lonnú go buan sa tír.
fiche ball buan twenty permanent members
"fiche ball buan sa ghrúpa agus tá dhá dhuine dhéag ceangailte go hindíreach leis, iad ar fad ina gcónaí sa cheantar.
go buan permanently
" " Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d'aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.
go buan permanently
" An dara haidhm a bhí ann ná an ceol traidisiúnta agus an sean-nós ó na Gaeltachtaí éagsúla a thaifeadadh ionas go mbeadh an saibhreas sin ar fáil go forleathan agus go buan.
buan permanent
" Is fiú freisin airgead a íoc as seoladh ríomhphoist a bheith agat má tá tú ag iarraidh ceann buan a choinneáil agus gan a bheith báite le fógraí i bhfoirm *spam*.
cairdeas buan friendship for life
" Dar leis, is comórtas iontach é Corn Mhic Giobúin agus déantar cairdeas buan i measc imreoirí.
dochar buan permanent damage
" Ní hamháin go bhfuil cinneadh an Rialtais seo cead a thabhairt d'eitleáin mhíleata ó thíortha eile leas a bhaint as aerfoirt an stáit míbhunreachtúil, mídhaonlathach agus ag cur phobal na hÉireann i mbaol, d'fhéadfadh sé dochar buan a dhéanamh do thionscail áirithe sa tír chomh maith.
Conradh buan léachtóra a permanent lecturer's contract
" Láidreachtaí Conradh buan léachtóra agam féin, rud a chinntíonn dílseacht na hOllscoile don teanga.
buaine permanence
" Sna pobail seo do lucht scoir, ar a laghad bíonn siad i gcuideachta daoine atá san aoisghrúpa céanna leo agus ón chineál céanna cúlra, iad go léir ag lorg cairde nua agus buaine éigin i mblianta deiridh a saoil.
i bpost buan sábháilte in a safe permanent job
" Mar is eol do a lán ceoltóirí, is rud an-deacair é fanacht i bpost buan sábháilte nach bhfágann an oiread sin ama i gcomhair na rudaí a bhfuil do chroí iontu.
buaine an ábhair a úsáideadh durability of the material used
" Deir Carey go bhfuarthas "mífhaisnéis" ón chonraitheoir a thóg cosán an ionaid cuimhneacháin maidir le buaine an ábhair a úsáideadh.
buan permanent
" Meastar go mbeidh 2,700 post ar fáil le linn na tógála agus timpeall 50 post buan nuair a bheas sé críochnaithe.
cosc buan permanent ban
" " Agus Riail Dhíreach ó Westminster i bhfeidhm arís, tá deis ag an rialtas cosc buan a chur ar na paráidí: "There might be one almighty row initially, but better that than this senseless carnage - not to mention the absurd waste of money which could be so much better spent every summer," arsa an t-eagarfhocal.
an toradh is luachmhaire agus is buaine the most valuable and lasting result
" Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
buan permanent
" Ach tá bóthar fada romhainn agus muid ag iarraidh ionad buan a chruthú.
Gura fada buan é i mbun pinn. Long may he be writing
go buan on a permanent basis
" Is cúis iontais é, mar sin, go bhfuil sé ag cur faoi i Meiriceá le tamall anuas agus go bhfuil sé fiú ag smaoineamh ar shocrú síos ansin go buan.
post buan permanent job
" (De réir an OECD, níl timpeall tríocha faoin gcéad de na daoine óga sa Spáinn in ann post buan le coinniollacha maithe oibre a fháil.
dúshraith bhuan permanent foundation
" Ar a laghad, má éiríonn le Sinn Féin agus an DUP a theacht ar chomhréiteach, sin comhréiteach a mbeidh dúshraith bhuan faoi.
buan permanent
" Agus mé i mo dhéagóir cantalach ag freastal ar scoil mheánaicmeach i mBaile Átha Cliath 4, chuaigh cumha an fhile ón iarthar "ar imirce" sa bpríomhchathair i bhfeidhm go mór orm: Thóg an fear seo teach Is an fear úd Claí nó fál A mhair ina dhiaidh Is a choinnigh a chuimhne buan.
go buan permanently
" Tá an saibhreas sin ábhair ann anois agus beidh sé ann go buan.
post buan permanent position
" Ní raibh post buan ar fáil ag an am agus chaith sé dhá bhliain ag teagasc ar fud na tíre.
leagan níos buaine a more permanent version
" Nuair a craoladh ansin ar an raidió iad, an chéad chéim eile ná féachaint arbh fhéidir iad seo a chur ar fáil i leagan níos buaine agus iad a scaipeadh ar an mórphobal.
cuimhneachán buan permanent commemoration
" Bhí ócáidí móra againn i gCaisleán Átha Cliath, mar shampla, agus bhí Féile Ghael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, ach imíonn na rudaí sin agus theastaigh uaimse go mbeadh cuimhneachán buan agus comóradh ar an mbliain.
Gura fada buan crúibíní na hÉireann. Long may Irish crubeens last.
más buan mo chuimhne if memory serves me right
" Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
stádas buan permanent status
" An bhfuil fáth ar bith nach dtabharfaí stádas buan dó, agus maoiniú breise a chur ar fáil le seirbhís chuimsitheach a chur ar bun ó cheann ceann na tíre? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir.
ar bhonn buan on a permanent basis
" Rud amháin é tine Phádraig a lasadh ar Chnoc na Teamhrach uair sa bhliain ach ceist eile ar fad é tionscadal mórshoilseach a lasfadh an ceantar uilig ar bhonn buan.
buan permanent
" Tá suíomh buan againn don scoil i dTeach Fheadha Cuilinn ar Bhóthar Oakley i Raghnallach, bruachbhaile atá tuairim is ar dhá mhíle ó lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
socrú buan permanent settlement
" Ach an bhfuil Rialtas Ghiobráltar ullamh leis an deis a thapú agus socrú buan a fháil a mbeidh gach duine sásta leis? Sin ceist eile.
buan permanent
" Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
fhoireann bhuan permanent staff
" Cé mhéad duine atá fostaithe ag AnBL anois? Tá seisear eile ar fhoireann bhuan an Bhrainse: beirt Ardoifigeach Logainmneacha, beirt Oifigeach Logainmneacha agus beirt Oifigeach Cléireachais.
níos buaine more permanent
" Tá cúpla áit eile ann gur féidir linn úsáid a bhaint astu agus táid go hálainn, ach má éiríonn lenár ngnó beidh rud níos buaine ag teastáil uainn.
buan permanent
" Déanfaidh seo difear buan do scoileanna agus do pháistí agus cuirfidh sé leis an bhorradh atá faoin Ghaelscolaíocht sa taobh seo tíre.
ar bhonn buan on a permanent basis
" Cháin Sinn Féin (agus an ceart acu) iadsan a dhúnmharaigh an tUasal Robert McCartney agus iadsan a robáil Bhanc an Tuaiscirt, ach má chuirtear fianaise chun tosaigh amach anseo a léiríonn gurb iad an IRA a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt – agus, mar a luaigh mé, níl aon chinnteacht gurbh iad – beidh dualgas ar Shinn Féin an IRA a cháineadh go poiblí agus, dá réir, deireadh ar bhonn buan a chur le pé gaol a bhí riamh eatarthu.
níos buaine more permanent
" Tá cúpla áit eile ann gur féidir linn úsáid a bhaint astu agus táid go hálainn, ach má éiríonn lenár ngnó beidh rud níos buaine ag teastáil uainn.
ní ba bhuaine more permanent
" Tar éis an athaontaithe, chuir sí struchtúr ní ba bhuaine ar bun – ach dar le roinnt Gearmánach go raibh an seanphuball i bhfad níb fhearr, agus ní ba shaoire leis! Tú ansin ar snámh sa leathdhorchadas, ag éisteacht le ceol suaimhneach ag teacht ó challairí faoin uisce saillte, agus ag ligean do do shúile na scáilí fada agus frithchaitheamh na soilse ildaite a leanúint.
ní ba bhuaine more permanent
" Tar éis an athaontaithe, chuir sí struchtúr ní ba bhuaine ar bun – ach dar le roinnt Gearmánach go raibh an seanphuball i bhfad níb fhearr, agus ní ba shaoire leis! Tú ansin ar snámh sa leathdhorchadas, ag éisteacht le ceol suaimhneach ag teacht ó challairí faoin uisce saillte, agus ag ligean do do shúile na scáilí fada agus frithchaitheamh na soilse ildaite a leanúint.
ní ba bhuaine more permanent
" Tar éis an athaontaithe, chuir sí struchtúr ní ba bhuaine ar bun – ach dar le roinnt Gearmánach go raibh an seanphuball i bhfad níb fhearr, agus ní ba shaoire leis! Tú ansin ar snámh sa leathdhorchadas, ag éisteacht le ceol suaimhneach ag teacht ó challairí faoin uisce saillte, agus ag ligean do do shúile na scáilí fada agus frithchaitheamh na soilse ildaite a leanúint.
post buan permanent job
" ” Bhí post buan aici i scoil in aice le Baile Bhlainséir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ach chinn sí ar aghaidh a thabhairt ar an iarthar agus tabhairt faoi chúrsa nua a bhí á thairiscint ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimhe (mar a bhí air ag an am), is é sin an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid.
buan permanent
" Is cuidiú mór é gur féidir an íomhá a fheiceáil roimh ré ar scáileán an cheamara nó ríomhaire sula ndéantar pictiúr buan de, agus gur rud é sin is féidir linn féin a dhéanamh sa bhaile ar chostas íseal.
buan permanent
" Is cuidiú mór é gur féidir an íomhá a fheiceáil roimh ré ar scáileán an cheamara nó ríomhaire sula ndéantar pictiúr buan de, agus gur rud é sin is féidir linn féin a dhéanamh sa bhaile ar chostas íseal.
buaine permanence
" D’aithin file mór na Gàidhlig, Somhairle Mac Gill-Eain, buaine agus tábhacht an ghaoil idir an dá thír nuair a scríobh sé: *an fhéile, * *an fhéile, * *Nach do reub an cuan, * *Nár réab an fharraige,* *Nach do mhill mìle bliadhna;* *Nár mhill míle bliain;* *Buaidh a’ Ghaidheil buan* *Bua an Ghaeil buan * Focail fháidhiúla, gan amhras, a chuirfeadh spiorad agus samhlaíocht an taispeántais *An Leabhar Mòr - Great Book of Gaelic*, a seoladh i Músaem Uladh, Béal Feirste ag deireadh na míosa seo caite, i gcuimhne duit.
chuid bhuan permanent part
" ” Tá easaontóirí ann go fóill ach is léir go bhfuil gluaiseacht na Sealadach ag dul a bheith mar chuid bhuan de pholaitíocht na tíre seo go ceann i bhfad eile.
D'fhéadfainn maireachtáil go buan ann I could live there permanently
" D'fhéadfainn maireachtáil go buan ann, saor ó bhrú an tsaoil mhóir! Cúpla bliain ó shin, cheannaigh úinéirí Enkosini ocht leon a bhí tógtha acu.
buan permanent
" Ach timpeall na bliana 2030, ní bheifear ábalta leanúint ar aghaidh leis an ganntanas breosla, agus ní bheifear ábalta tobthitim dhomhanda, iomlán agus buan, a sheachaint.
buan permanent
" D’éirigh le Muireann post páirtaimseartha léachtóireachta a fháil i Roinn na Nua-Ghaeilge i 1981 agus post buan i Roinn na Sean-Ghaeilge dhá bhliain ina dhiaidh sin.
maoiniú buan permanent funding
" Tá iarrachtaí á ndeanamh faoi láthair maoiniú buan a fháil ionas gur féidir linn bheith níos gníomhaí agus craobhacha a bhunú ar fud na tíre.
maoiniú buan permanent funding
" Go mbeadh maoiniú buan éifeachtach ar fáil don Ghaeilge.
maoiniú buan permanent funding
" Go mbeadh maoiniú buan éifeachtach ar fáil don Ghaeilge.
postanna buana permanent jobs
"postanna buana ag caoga duine in Aintree, ach bíonn níos mó na 4,000 duine eile ag obair ansin i rith sheachtain an Grand National.
buan permanent
" Tá an cheist chéanna buan i miotaseolaíocht an pháirtí chéanna, oidhrí gharda cosanta na mBroy Harriers.
feartlaoi bhuan permanent epitath
" Sheas sé go réasúnta dúinn ó shin – feartlaoi bhuan an “Longfella”.
cónaí buan permanent living
" Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana.
más buan mo chuimhne if memory serves me right
" Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14.
postanna buana permanent jobs
" Ón tús, rinne Kathryn agus Gary, na húinéirí, cinnte gur ghlac muintir na háite ról lárnach san áit, agus gur cuireadh postanna buana ar fáil dóibh.
mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, if you don't want to give them material on a permanent basis,
" Agus mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, is féidir é a thabhairt ar iasacht le do ndéanfadh siad cóip de, bíodh sé ina phictiúr, ina 78, ina uirlis nó cibé.
más buan mo chuimhne. if memory serves me right.
" Ach fainic amháin, bhí an dearcadh céanna ag tiománaithe tacsaí deich mbliana ó shin, más buan mo chuimhne.
go buan permanently
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
ag cur fúthu go buan settling down permanently
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
ag cur fúthu go buan permanently settled
" Bhí Spáinnigh ag cur fúthu go buan in Florida ó 1565 amach, agus Francaigh ar abhainn San Labhrás (i gCeanada an lae inniu) ó 1535 amach.
go buan. permanently.
" Nuair a bhí an-easpa bia ann, mar a bhí i 1782, d’imigh teaghlaigh go buan.
ag cur fúthu go buan living permanently
" Bhíodh cónaí ar roinnt maith daoine anseo ag tús an chéid seo caite, ach anois níl mórán daoine ag cur fúthu go buan ann.
áit bhuan a permanent place
" Roghnaíodh Seán d’fhoireann shóisear Londan agus ansin d’Oirdheisceart Shasana ach sa deireadh ní bhfuair sé áit bhuan le West Ham.
rian buan a permanent mark
" Cé go raibh roinnt Éireannach ina gcónaí i Learpholl sa bhliain 1207 agus as sin amach, phlódaigh siad isteach sa chathair tar éis 1844 mar thoradh ar an Ghorta Mhór agus d’fhág siad rian buan ar chultúr, ar dhearcadh agus ar chaint na ndaoine ansin.
Más buan mo chuimhne, If I remember correctly,
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
ruaigthe go buan driven out permanently
" Cad é a tharla do “parity of esteem”, coincheap agus cur síos a bhí i mbéal gach duine tráth? Bhí sé de dhóchas ag cuid mhór daoine go mbeadh gach dream in ann a fhís féin i leith na sochaí úire a bhaint amach agus an foréigean ruaigthe go buan ó pholaitíocht na hÉireann.
go buan permanently
" Ach, ar an meán, ní thagann ach timpeall 130,000 duine chun na hAstráile ar imirce gach bliain – agus fágann timpeall 60,000 duine an tír go buan gach bliain.
post buan permanent job
" “Ar a laghad anois tá a fhios agam go bhfuil post buan agam.
baile buan permanent home
" É sin, nó baile buan a aimsiú dóibh (ar nós an Gréige, b’fhéidir) sa dóigh is nach gcuirfidh imreas polaitiúil smúit ar an ócáid iontach seo arís.
Más buan mo chuimhne, if memory serves
" Más buan mo chuimhne, níor chríochnaigh muid an leabhar sin riamh agus, dá bharr sin, ní raibh mórán eolais againn mar gheall ar thíreolaíocht na bhFritíortha.
chnuasach buan permanent collection
" Bhronn sé an píosa seo ar Novas agus tá sé sa chnuasach buan anois.
buan-bhunfhadhbanna continuing basic problems
" Súile glioscarnacha, lán le beocht acu beirt: meabhar cinn ghéar ach buan-bhunfhadhbanna le heaspa smachta ar mhatáin na colainne.
ní buaine ná is not more permanent than
" ‘An scríobh ar an leic, ní buaine ná an lámh do chuir’ - “Sna seanlaethanta, d’úsáid muid péint shaor” a dúirt sé ag míniú go raibh drochbhail ar shaothar Vrubel mar gheall air seo.
ní buan a réim her time is up
" “An teanga nach labhairtear i ngnáth-shaol na ndaoine, ní buan a réim.
cónaí buan permanent home
" Níl iompar ardnósach ceadaithe anseo Fiú go fóill, níl ach céad amach as ceithre chéad de na ‘haonaid’ sa *Chelsea* ar fáil fá choinne gnáth-thurasóirí agus an chuid eile in úsáid le haghaidh cónaí buan.
Más buan mo chuimhne If my memory serves me
" Más buan mo chuimhne, ní raibh léitheoirí in ann tráchtaireachtaí a fhágáil fiú: is cuimhin liom seirbhís eile a shuiteáil i gcód mo bhlag chun tráchtaireacht a chur i bhfeidhm.
buan permanent
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
níos buaine of a more permanent nature
" Tá an tsochaí athraithe as a riocht ó shin, ar ndóigh, ach an féidir go gcruthóidh géarchéim gheilleagair an 21ú haois caoinfhulaingt níos buaine?
cuma bhuan permanent appearance
" Is siúl leadránach é, mar ní fheicfidh tú an radharc iontach ó Bhun Glas (165 méadar os cionn na farraige) – an fharraige agus na haillte arda, agus sin iad an fáth go dtáinig tú ann! Molann clár fógra (le cuma bhuan air) ag Bun Glas Cosán an Oilithrigh mar shlí suas an cnoc: "Ta an cosán traidisiúnta le cois barr na n-aillte faoi bhrú de bharr riar maith dochair a bheith déanta dó ag siúlóirí agus tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha,” a deir sé.
ní buan ephemeral
" Is bréagach é aon rud a ghabhann foirm uime féin ní buan ach an ní gan foirm.
buan permanent
" "Óir, an rud a bhí in easnamh le 50 bliain de réimeas Stormont ná rannpháirtíocht ghníomhach mórchuid mhór den phobal náisiúnach agus ní thiocfadh leis a bheith buan mar gur séanadh cumhacht polaitiúil ar an mheánaicme Chaitliceach ach inniu tá an stát ó thuaidh buanseasmhach cionn is gur bhronn an mheánaicme sin buanseasmhacht air agus iad sáite go fonnmhar in oibríochtaí an stáit," ar sí.
dúnghaois bhuan permanent policy
" Sheas seisean an fód, áfach, rud a léiríonn gur dúnghaois bhuan de chuid an pháirtí é seachas ceann ad hoc a dtagann athrú air de réir mar a athraítear a gcuid urlabhraithe oideachais.
buan permanent
" Is léir freisin nach mbeidh aon chomhréiteach buan fadtéarmach muna mbíonn na Talaban – an namhaid faoi láthair – istigh leis.
más buan mo chuimhne if I remember correctly
" Tá cosúlacht idir úsáid na fola sin agus putóg dhubh na hÉireann, sílim, agus más buan mo chuimhne, d’óltaí fuil na bó anseo in Éirinn le linn an Drochshaoil chomh maith.
stádas buan permanent status
" Is é sin, is féidir oscailt ón tús ach ní roinnfidh an Rialaitheoir cead leat, ‘stádas buan' más maith leat, go dtí go mbeidh an 18 mí curtha isteach ag an gcomhar.
Gura fada buan thú Cheers
más buan mo chuimhne if I remember correctly
" Dúnadh an stáisiún bliain nó dhó ina dhiaidh sin, más buan mo chuimhne, toisc gur mheas Bord Soláthair an Leictreachais gur cur amú airgid a bhí ann.
pobal buan permanent community
" An spriocanna réalaíocha iad sin? El Hierro ==== Ar El Hierro, an t-oileán is lú de chuid na nOileán Canárach, tuigtear go mbeidh an pobal buan, beagán os cionn deich míle duine, mar aon leis an seasca míle duine a thagann ar cuairt chuig an oileán gach bliain, iomlán neamhspleách ó thaobh cúrsaí fuinnimh de go luath an bhliain seo chugainn.
go buan permanently
" Tá triúr fostaithe go buan san ISS, agus oibríonn achan duine eile go deonach.
más buan mo chuimhne if I remember correctly
" Tugadh meaisíní torthaí nó meirligh na leathláimhe orthu in Éirinn, más buan mo chuimhne.
bua buan tarchéimnitheach constant transcendental property
" Chuir iarsmaí agus corp céasta caomhnaithe an naoimh dea-scéal na Críostaíochta go neamhbhalbh in iúl don phobal go raibh bua buan tarchéimnitheach le baint as bás mairtírigh ar son Chríost agus go mairfeadh an corp céasta briste faoi ghlóir i gcuideachta chorp aiséirithe Chríost.