Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bunadh na háite the locals
" Úsáideann bunadh na háite iad ach ní fhaca mé riamh turasóirí orthu.
an Balor bunaidh the original Balor
" Ar an dóigh sin a chualathas dó ar na mallaibh go bhfuil scéal scannalach, sclamhach dá chur thart: nach é Balor s'againne an Balor bunaidh ar chor ar bith, ach go mbíodh boc den ainm céanna leis ina chónaí ar Thoraigh san am fadó.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? 'Of Irish parentage' a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy.
ná bunadh na háite the locals
" An raibh eagla orthu nach mbeadh a fhios ag daoine, cuairteoirí ná bunadh na háite, go raibh siad i nGaeltacht gan fógra a bheith á chur seo in iúl!? Cuirtear suas fógraí agus comharthaí gnó i mBéarla go rialta sa Ghaeltacht; labhraítear Béarla le custaiméirí i siopaí agus i dtithe tábhairne; is iad na staisiúin Bhéarla raidió a bhíonn ar siúl sa chúlra agus is annamh a chloistear ceol traidisiúnta i dtithe tábhairne ná in áiteanna eile poiblí.
bhunadh na cathrach the inhabitants of the city
" Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.
bunadh na háite the locals
" Suite i lár na cathrach taobh istigh de na seanbhallaí stairiúla, is cinnte go mbeidh an suíomh lárnach seo an-tarraingteach do chuairteoirí go dtí an chathair chomh maith le bunadh na háite.
bunadh na háite the locals
" Níor chreid mórán daoine san áit go raibh Dr Shipman ina shraithmharfóir nuair a ghabh na póiliní é i Meán Fómhair 1998 mar go raibh bunadh na háite an-tógtha leis.
rialacha bunaidh original rules
" rialacha bunaidh ======= Dhá phointe dhéag a bhí i rialacha bunaidh an chluiche mar a thuigimid an iománaíocht inniu.
bhunadh na háite locals
" Phill cuid mhór de bhunadh na háite chun an bhaile le clann a thógáil ar fhód a ndúchais agus go minic is Béarla a bhíonn ag duine de na tuismitheoirí agus ag na páistí.
duine de bhunadh na háite a local person
" "Gleann Fhinne, Gleann Fhinne, Gleann Fhinne mo ghleann" mar a deir an t-amhrán a chum Padaí Mag Fhloinn, duine de bhunadh na háite.
bhunadh na háite the locals
" Mhaígh Ardmhéara Cogne nach raibh *mostro *ar bith ann, nach bhféadfadh an dúnmharfóir bheith as an bhaile féin, ach tá an-imní ar bhunadh na háite go fóill.
bunadh na háite the local people
" D'fhág sé na pictiúir seo mar oidhreacht ag bunadh na háite.
de bhunadh California of Californian origin
" Seasann Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, agus cuireann fáilte roimh na foghlaimeoirí chuig an an "Deireadh Seachtaine Gaeltachta", mar a thugtar ar an imeacht bliantúil seo.
don bhunadh óg to the young people
" Téann sí isteach sa seomra ranga cúpla uair sa tseachtain agus múineann sí an teanga, mar aon le hamhráin agus scéalta, don bhunadh óg.
bunadh na háite the locals
" D'fhás sí aníos i gceantar beag Caitliceach i dtuaisceart Bhéal Feirste, agus bhí teannas idir bunadh na háite agus na dílseoirí sa chéad cheantar eile.
bunadh na háite the local people
" " Bochtanas ======= Nuair a rugadh Ó Céidigh sa Spidéal i gConamara daichead is a cúig bliain ó shin, ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir ná ag bunadh na háite.
bunadh an bhaile the people of the town
" Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
bunadh na háite seo the people of this area
" " Deir Paul: "Tá bunadh na háite seo breá cleachtaithe le daoine ón taobh amuigh.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
bhunadh na háite the locals
" Tá an choláiste ag gabháil go láidir go fóill agus is dócha gur í an fhoinse airgid is tábhachtaí ag go leor de bhunadh na háite.
bhunadh na háite the locals
" Chuir sé tús le scéim imirce do bhunadh an oileáin, agus ghlac cuid mhór de bhunadh na háite lena thairiscint.
bhunadh Rockaway the locals of Rockaway
" Ach an rachaidh sé seo i bhfeidhm ar Éireannaigh Nua-Eabhrac? Tá go leor de bhunadh Rockaway go fóill ar buile faoin dóigh ar gearradh fíneáil orthu siúd a bhí i láthair ag an chóisir chuimhneacháin do 9/11 an mhí seo caite de bharr iad a bheith ag ól go poiblí.
bunadh na háite the locals
" Lena chois sin, bhí seans agam labhairt le bunadh na háite cúpla uair sna tithe tábhairne.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá Éireannaigh ann, daoine de bhunadh Éireannach, agus daoine nach bhfuil aon bhaint acu le hÉirinn seachas an tsuim atá acu sa teanga nó sa chultúr.
bhunadh the people
" Shábhálamar slam airgid!" Misniú mór a bhí sa bheart seo do bhunadh Íle.
de bhunadh Éireannach of Irish origin
" Dream amháin, thángadar ó thuaisceart oileán na Breataine, tír inti féin darbh ainm di Alba, agus an dream eile, ba de bhunadh Éireannach iad, ó chathair bheag i ndeisceart na tíre, cathair Chorcaí.
bean de bhunadh na háite a local woman
" " Phós sé Frances Ní Chualáin, bean de bhunadh na háite a bhí ag obair le Gaeltarra ag an am.
bunadh sámhánta suanmhar na háite sin the drowsy, sleepy people of that area
" Rúndiamhair atá ann gan dabht, nó ní mheallfadh bunadh sámhánta suanmhar na háite sin leithéidí Bhalor bhíogúil bhrufanta bhiorbaigh.
de bhunadh Éireannach from an Irish background
" *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
bunadh an lae inniu the people of today
" An raibh mórán eagarthóireachta le déanamh agat orthu? JMcB: Chuir mé athruithe beaga orthu anseo is ansiúd le go dtuigfeadh bunadh an lae inniu na scéalta níos fearr.
an leabhar bunaidh the original book
" "Níl ann ach cuid mhór seanchaca!" a mhaíonn ár Léirmheastóir Liteartha, agus leis sin míníonn sé cúis a ghangaide: Dar le Balor an Bhéil Bhinn nach bhfuil ann ach mac leabhair; gur seanuncail leis féin, Dónal Donn an Phinn Nimhe, a scríobh an leabhar bunaidh: *The McGlinchy Commode*.
ceartfhoirmeacha bunaidh Gaeilge the correct original Irish language versions
" Ní raibh leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha ann, agus ar an ábhar sin a bunaíodh An Coimisiún Logainmneacha ar bharántas ón Aire Airgeadais sa bhliain 1946 "chun ceartfhoirmeacha bunaidh Gaeilge na logainmneacha" a dheimhniú agus a chur ar fáil "chun a n-usáidte go hoifigiúil".
bhunadh an cheantair the people of the area
" Is é an difear mór inniu ná go n-áirítear an IRA agus Sinn Féin i measc naimhde na ndaoine, dar leis na deirfiúracha agus, is cosúil, tromlach mór de bhunadh an cheantair.
bunadh na sé chontae people from the six counties
" D'fhág neart an phunta Sterling a rian ar thírdhreach Ghaeltacht Thír Chonaill, atá breac le tithe saoire ar le bunadh na sé chontae iad den chuid is mó.
soitheach bunaidh original vessel
" D'inis sé dom go bhfuil an bád sainiúil – is é an t-aon soitheach bunaidh mar seo ar domhan.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" ” *Tá an leabhar le fáil ar £7 ó Jim Fitzsimons, 47 The Beeches, Calderstones, Liverpool L18 3LT* *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Creidtear gur leac uaighe atá inti, agus b’fhéidir gur rí áitiúil de bhunadh Éireannach ab ea Sagramus.
nár de bhunadh Éireannach é who was not of Irish descent
" Ba é an t-aon Beatle nár de bhunadh Éireannach é, agus bhí saol fíorbhocht aige nuair a bhí sé óg agus bhí sé i ndrochshláinte i gcónaí.
bhunadh na háite the locals
" Tá an-tóir ar Guinan’s i measc bhunadh na háite le fada fosta agus téann siad ansin ar maidin le bricfeasta, nuachtáin agus caife a cheannach, nó le beoir a ól san oíche.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá Glór na nGael ag iarraidh go mbeidh grúpaí éagsúla rannpháirteach sa chomórtas, bídis ina n-imircigh, ina bhfoghlaimeoirí de bhunadh Éireannach i bhfad siar, nó dream ar bith eile a chuireann spéis sa Ghaeilge.
de bhunadh na Liobáine of Lebanese background
" Chuaigh scuainí de bhunadh na Liobáine, más fíor, ag lorg díoltais go gairid tar éis na trioblóide i gCronulla.
i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh in the possession of the local people any more
" “Tá an ceol ag spré ar dud an domhain,” a deir sé, “Thiocfaí a rá nach bhfuil ceol agus todhchaí an cheoil thraidisiúnta i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh.
sciathán bunaidh fundamentalist wing
" Rogha í sin a chuirfeadh olc ar an sciathán bunaidh ina pháirtí.
bunadh Thoraí the people of Tory
" ’” Deir daoine uaireanta go bhfuil an misneach caillte ag bunadh Thoraí de bharr go bhfuil an iascaireacht imithe i léig agus an obair gann.
i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh in the possession of the local people any more
" “Tá an ceol ag spré ar dud an domhain,” a deir sé, “Thiocfaí a rá nach bhfuil ceol agus todhchaí an cheoil thraidisiúnta i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh.
bunadh an tuaiscirt the people of the north
"bunadh an tuaiscirt ag éirí cleachtaithe (go mall agus go fadálach) le hagóidí a dhéanamh ar bhonn síochánta, tostach.
de bhunadh na hÉireann of Irish stock
" Mar spéicéir Chomhairle Chathrach Nua-Eabhrac agus duine de bhunadh na hÉireann, fuair Quinn cuireadh máirseáil sa mórshiúl, rud a bhí sí sásta a dhéanamh ach cead a bheith aici máirseáil le suaitheantas a thabharfadh le fios go raibh sí aerach.
bunadh na tuaithe country people
" Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.
de bhunadh na hIodáile of Italian origin
" Tá sé d’aidhm acu deireadh a chur le réimeas Silvio Berlusconi, a bhfuil géarcháineadh déanta acu air, agus feabhas a chur ar sheirbhísí d’Iodálaigh thar lear, daoine aosta go háithrid, agus cúrsaí Iodáilise a chur ar fáil do dhaoine de bhunadh na hIodáile.
bunadh na tíre the people of the country
" Is féidir an t-uafás earraí ón Eoraip agus ó Mheiriceá a cheannach ann ach tá na praghsanna ard: 45,000 cedi (€4) ar bhosca Cornflakes agus 20,000 cedi (€2) ar bharra seacláide! (€250 an meánioncam bliantúil a bhí bunadh na tíre sa bhliain 2003.
bunadh na háite the locals
" Cathair fhorchéimnitheach mhuiníneach atá i mBarcelona ina bhfuil port gnóthach agus lárionad trádála rathúil atá ina ábhar mórtais ag bunadh na háite, é sin agus an saibhreas agus éagsúlacht atá le feiceáil sna dánlanna, sna hiarsmalanna agus sna heaglaisí atá le fáil go flúirseach ar fud na cathrach.
go leor de bhunadh na Gaeltachta many of the Gaeltacht people
" B’fhéidir dá dtuigfeadh siad an tairbhe a bhaineann go leor de bhunadh na Gaeltachta as na cúrsaí samhraidh go mbeadh orthu athmhachnamh a dhéanamh!
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá leacht eile a gcuirfeadh Éireannaigh suim ann freisin - an t-aon dealbh de dhuine ar an mblár nár ghinearál é: an tAthair William Corby, de bhunadh Éireannach, agus séiplíneach na briogáide Éireannaí.
de bhunadh Éireannach of Irish extract
" Rugadh Jones i 1913, nuair a bhí Learphollach eile de bhunadh Éireannach, Jim Larkin, ina cheannaire ar an fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones.
nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise who are not too taken with foreigners of Asian origin
" Tá roinnt daoine san Astráil nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise, ach is cinnte go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí bia anseo mar gur tháinig siad, díreach mar a tharla i gcás na ndaoine as an Eoraip blianta roimhe sin.
de bhunadh na hIaráine of Iranian origin
" “Rugadh é i gContae Thír Eoghain, tá a fhios agat, agus mar is eol duit is de bhunadh na hIaráine muintir an chontae sin.
de bhunadh na hÉireann of Irish origin
" ” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de.
cuidiú le bunadh an tuaiscirt to help the people of the north
" Measann an tUasal Canavan go dtig leis na hAlbanaigh cuidiú le bunadh an tuaiscirt an tseanbhiogóideacht a chaitheamh uathu.
bunadh TG4 the people in TG4
" Is éard a bhí á rá ag bunadh TG4 ná dearmad a dhéanamh ar na rudaí diúltacha sin agus breithiúnas a thabhairt ar na cláracha a bhí le feiceáil ar an scáileán, amháin.
de bhunadh Ghlaschú nó na hAlban of Glaswegian or Scottish origin
" Caitlicigh v Protastúnaigh atá i gceist, ach is údar gáirí ar bhealach é nuair a chuireann tú san áireamh gur cuma sa diabhal leis na himreoirí ina gcroí istigh (nach de bhunadh Ghlaschú nó na hAlban a bhformhór) faoin tseafóid sheicteach.
an dearthóir bunaidh. the original designer.
" Mhaígh Dixon gur beag seans go mbeadh Hirst ábalta an cóiriú céanna a dhéanamh trí chomhtharlú ar an oiread spotaí datha is a rinne sé féin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag lorg aitheantais agus cúitimh mar an dearthóir bunaidh.
bunadh na Sé Chontae the people of the Six Counties
" B’fhéidir nach bhfaigheadh bunadh na Sé Chontae ach stoca lán guail mura n-aontaíonn na páirtithe ar dhul chun cinn i gcúrsaí póilíneachta agus cirt agus ar roinnt na cumhachta.
de bhunadh Ainu of Ainu origin
" Deirtear nach bhfuil ach 24,000 duine de bhunadh Ainu ann.
barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach the opinion of country people and city people
" Ach is mór an difear idir barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach ar an cheist achrannach seo.
bunadh fadfhulangach na Sé Chontae the long-suffering people of the Six Counties
"bunadh fadfhulangach na Sé Chontae ag dúil le go bhfaighidh siad rialtas a bheas lena leas.
bunadh na háite the locals
" In 2005 a tugadh "Another Place", an t-ainm cnuasaitheach atá ar na céadta deilbh múnlaithe ar chorp Gormley féin, ar an suíomh cois farraige ina bhfuil siad suite, agus is fáilte, a bhí idir chroíúil agus dhoicheallach, a chuir bunadh na háite rompu.
go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin. that he has great respect for the people of Inis Meáin.
" Is léir go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin.
de bhunadh Gréagach of Greek origin
" Tá tionchar faoi leith acu siúd ar de bhunadh Gréagach iad ar an gcathair.
de bhunadh Aontroma agus an Dúin from Antrim and Down stock
" Cé gur rugadh é i mBaile Átha Cliath, ba de bhunadh Aontroma agus an Dúin a mhuintir ar an dá thaobh.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" “Chonaic mé mná agus fir de bhunadh na hÉireann agus iad beo ar shráideanna Londan agus mhothaigh mé go raibh orm rud éigin a dhéanamh nó a rá,” ar seisean.
bunadh the people of
" Bhí Oráistigh Dhroim Cria ag éileamh cainteanna le bunadh Bhóthar Gharbh Achaidh, dream ar dhiúltaigh siad labhairt leo ar feadh 13 bliana nó mar sin.
bunadh Lublin the people of Lublin
" Níl aon seans nár chuala bunadh Lublin an sléacht agus an t-ár a rinneadh ar an 3 Samhain 1943.
de bhunadh an deiscirt from southern Irish stock
" “Meastar gur daoine de bhunadh an deiscirt amháin atá iontu, ach bhuail mé féin le fear as baile Aontroma a raibh cónaí air ar na sráideanna.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" B'as an Cheathrú Rua a athair agus ba de bhunadh Éireannach í a mháthair.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Nuair a d’fhill an tAthair James Nugent go Learpholl in 1888, chuir na daoine meirge amach a raibh na focail “Céad mille failthe, saggarth aroon,” air – agus sin teachtaireacht do shagart de bhunadh Éireannach a rugadh agus a tógadh i Learpholl.
Bean de bhunadh na Briotáine is ea í She is from Brittany stock
" Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana.
de bhunadh na hÁise of Asian descent
" Ghoill ráiteas John Howard i 1988 ar go leor daoine de bhunadh na hÁise a raibh cónaí orthu san Astráil.
Is de bhunadh Éireannach é Des, he is from Irish stock,
" Is de bhunadh Éireannach é Des, agus tháinig sé go hÉirinn agus é ceithre bliana déag d’aois.
bunadh an domhain mhóir the people of earth
" A bhuíochas leis an tsatailít Mars Express, bhí bunadh an domhain mhóir ábalta íomhánna soiléire beachta de dhromchla an phláinéid a fheiceáil ar an idirlíon an mhaidin Luain sin.
bhall bunaidh founding member
" Is dócha, mar sin, go bhféadfaí a rá go raibh The Frames mar chuid de Kíla ag tráth faoi leith!” The FramesBhí Mac Con Iomaire féin ina bhall bunaidh de Kíla.
ar de bhunadh na háite é who is from that place
" Tá dlúthchara liom ina cónaí sa cheantar – phós sí fear ar de bhunadh na háite é – agus iarrann sí orm ceardlanna a dhéanamh di go minic.
is de bhunadh Fíníneach í she is from Fenian stock
" Tógadh Roche i dteaghlach láidir Poblachtach; is de bhunadh Fíníneach í.
bunadh people (of)
" Má tá bóthar fada siúlta ag bunadh na Sé Chontae, tá píosa fada le dul acu go fóill mar a léirigh comhairleoirí Aontachtacha Léim an Mhadaidh an tseachtain seo caite.
bunadh na Sé Chontae The Six County People
" Beidh bunadh na Sé Chontae ag cur na ceiste sin ar a gcuid polaiteoirí an Nollaig seo agus an méadú sa lion dífhostaithe níos mó ná méadú ar bith eile le 30 bliain anuas.
bhunadh people
" Nó dá mbeadh sí i gcré na cille cionn is gur mharaigh saighdiúir de chuid Arm na Breataine í, an mbeadh sí ag caitheamh mallachtaí orthu sin a dúirt nach íobartach ‘ceart’ a bhí inti? Dá mbeadh cead cainte ag na 3524 fíormharbhán a maraíodh le linn na dtrioblóidí ó thuaidh, cad é déarfadh siad? B’fhéidir go mbeadh siad chomh deighilte leis an bhunadh a d’fhág siad ina ndiaidh.
bhunadh na háite the local people
" Níl tacaíocht bhunadh na háite ag na "cosantóirí" seo.
bhunadh na Síne Chinese people
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
de bhunadh Éireannach of an Irish background
" Cérbh é, an fear ghiotáir a b'fhearr i Learpholl sna 1960's ? Is dócha go bhfuil na hainmneacha John, George agus Paul ó The Beatles ag rith tríd do chloigeann ag an phointe seo, ach de réir John Lennon féin, duine eile de bhunadh Éireannach a ba é an giotáraí ab fhearr.
bunaidh original
" Measann an t-Ollamh Georges go bhfuil 25 mamach andúchasach ar a laghad bunaithe anois san Astráil, agus fearacht Oileán Mhic Guaire, tá an-dochar déanta acu do na hainmhithe bunaidh, ach go háirithe do na fiachait.
bhunadh background
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
bhunadh background
" Marcaíocht ghairgeach is ea ‘*I’m Going to Explode*’ ó shamhlaíocht is ó lionsa Gerardo Neranjo, duine den dream is briosctha agus is míchompordaí den ghlúin nua stiúrthóirí de bhunadh na Spáinne-Mheiriceánaigh.
bhunadh origin
" com/watch?v=E_BXG7HdaYk ) Namhaid as an Nua Tuigeann, go deimhin, an chuid is mó den dream de bhunadh Éireannach an fáth go bhfuil fáilte romhainn le déanaí - is iad na Moslamaigh an namhaid mór anois acu (Beo, eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001).
bunaidh original
" Céad Mhuintir na hAfraice Láir Glactar leis gurbh iad na Pigmithe a bhí sna háitritheoirí bunaidh i bhforaoiseacha meánchreasa na hAfraice Láir agus is é sin is cúis leis an bhfonn atá ar ghníomhaithe Batwa an téarma Pigmí a úsáid mar gheall orthu féin le blianta beaga anuas.
bhunadh people
" Ar na mairbh tá 46 Uigireach agus tá 137 de bhunadh Han.
saothar bunaidh basic work
" com/watch?v=rcyzubFvBsA) Tá aitheantas forleathan ar an Éireannach Bram Stoker, as a úrscéal Drácula, a scríobhadh i 1897, an saothar bunaidh a chuir tús le húrscéalaíocht nua-aimseartha na vaimpírí.
bhunadh Albanach Scottish background
" Ba de bhunadh Albanach í Mary, a tháinig ar an saol i Melbourne sa bhliain 1842, a bhí go luath i stair chine geal na tíre seo.
bunadh Chromail Cromwellians
" Cuirim sa chomhad céanna é le leithéidí Nangle agus bunadh Chromail.
bhunaidh basic
" Labhair sé faoi luachanna traidisiúnta: an meas a bhí aige ar mhúinteoirí, ar léann agus ar an ról ríthábhachtach a bhí ag an scoil i gcaomhnú phrionsabail bhunaidh na Poblachta.
bhunadh background
" Taobh le taobh a chónaigh muintir na hOllainne agus daoine de bhunadh inimirceach – gach dream ina bhosca beag féin agus a laghad cumarsáide eatarthu agus ab’fhéidir, díreach mar a chónaigh Caitlicigh, Protastúnaigh agus sóisialaigh san Ísiltír ina mboscaí beaga féin roimh an Dara Cogadh Domhanda.
dtíortha bunaidh countries of origin
" Dar le Besson gur maith an rud é comhaontú MoneyGram International mar gur mian leis an rialtas forbairt i dtíortha bunaidh na n-inimirceach a chur chun cinn.