Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in innimh a gcuid burgar a cheannach able to buy their burgers
" Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó! Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile.