Pota Focal Intergaelic
bay | boy | bua | bud | bug
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag ceannach na bróige buying the shoe
" I measc na n-abairtí a bhreac sé síos ar an chlár an oíche sin bhí "Tá an fear ag ceannach na bróige".
nua-cheannaithe newly-bought
" Is minic a thagann printéir saor in aisce le ríomhaire nua-cheannaithe ach is fiú tréithe an phrintéara sin a scrúdú go mion.
dhíolfadh sí sin ar an aonach tú she'd buy and sell you
" "Shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ach dhíolfadh sí sin ar an aonach tú," arsa Lillian.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford to buy
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste? SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d'éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach.
cheannaínn I used to buy
" Gach tráthnóna Dé Luain, geall leis, cheannaínn an *Evening Press *chun a chuntas ar an gcluiche a imríodh an lá roimhe sin a léamh.
cumhacht cheannaigh buying power
" Tá tú in ann maitheas a dhéanamh don teanga trí chabhrú le pobal Gaeilge a chruthú agus íomhá a chruthú go bhfuil cumhacht cheannaigh ag an bpobal seo, agus trí sheasamh le chéile go mbeidh deis breis seirbhísí a fháil trí mhargadh ceart a bhunú.
le go bhféadfaidís gnáth-theach a cheannach so that they could buy an ordinary house
" Tá postanna maithe acu, ach gan dóthain pá le go bhféadfaidís gnáth-theach a cheannach i mbruachbhailte na hardchathrach féin de bharr praghsanna arda, arb iad na glúnta níos sine atá ag ceannach an dara nó an tríú teach mar infheistíocht dóibh féin is dá gclann is cúis leo cuid mhaith.
mura gceannóidís a gcuid glasraí if they wouldn't buy their vegetables
" Dúradh go díreach le McDonald’s nach dtabharfaí tacaíocht dóibhsean a thuilleadh mura gceannóidís a gcuid glasraí san Astráil.
Cheannaínn I used ot buy
" Cheannaínn cóipleabhar agus thosaínn amach le scéal ach níor éirigh liom riamh ceann a chríochnú.
má theastaíonn uaim tigh a cheannach if I want to buy a house
" Tá a fhios agam go mbeidh amach anseo, is dócha, má theastaíonn uaim tigh a cheannach agus táim ag dul a phósadh i mí Mheán Fómhair.
ag ceannach teach nua-thógtha buying a newly-built house
" Bronntar an deontas seo ar dhaoine a bhfuil cumas Gaeilge acu agus atá ag tógáil tí nó ag ceannach teach nua-thógtha i gceantar Gaeltachta.
le hábhair phéintéireachta a cheannach to buy painting materials
" Nigh mé urláir ollmhargaidh san oíche agus leag mé síos tíleanna chun airgead a fháil le hábhair phéintéireachta a cheannach.
ag ceannach loingeas úr buying a new fleet
" Loingeas úr Ba le teann íoróin a léigh mé lá i ndiaidh fhoilsiú an tuarascála go raibh Aer Lingus ag cur go mór lena n-eitiltí ar fud na hEorpa agus ag ceannach loingeas úr dá bharr.
go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach that we can buy that responsibility
" Is é an dearcadh atá ag an rialtas, faraor, ná go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach agus gur fearr i bhfad fíneálacha a íoc ná ceannasaíocht a léiriú trí bheartais a chuirfeadh olc ar an toghlach a chur i bhfeidhm.
le hionaid chaomhnaithe a cheannach. to buy preservation centres.
" Bunaíodh é beagnach 20 bliain ó shin nuair a chuir fear as an mBreatain, Martin Copley, a chuid airgid féin isteach ann le hionaid chaomhnaithe a cheannach.
foraois sa Tasmáin a cheannach agus a chosaint. to buy and to protect a forest in Tasmania.
" Baineadh úsáid as an airgead le foraois sa Tasmáin a cheannach agus a chosaint.
go bhféadfaí an talamh a cheannach agus a chaomhnú that the land could be bought and conserved
" Thaispeáin sé sleamhnáin don lucht féachana a léirigh na hainmhithe agus na héanacha a bhí le fáil ann agus mhínigh sé dóibh go bhféadfaí an talamh a cheannach agus a chaomhnú ar $3 an t-acra.
díreach mar a cheannófaí im nó cabáiste sa margadh. just as butter or cabbage would be bought in the market.
" Agus is mar gheall ar stocaireacht mar sin atá cead ag daoine go fóill gunnaí a cheannach in Virginia (an stát inár tharla an sléacht) gan bac ar bith, díreach mar a cheannófaí im nó cabáiste sa margadh.
ceannaithe bought
" ” Tá an nuachtán ceannaithe anois ag an Andersonstown News Group agus is féidir le Lá Nua (mar a thugtar air anois) leas a bhaint as acmhainní uilig an ghrúpa sheanbhunaithe seo.
ceannaíonn siad na geansaithe, they buy the tops,
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
ag ceannach ceart dáileacháin dóibh. buying distribution rights for them.
" **Athruithe ** Tháinig athrú faoi chúrsaí beorach i Meiriceá ó na hochtóidí amach nuair a thosaigh na grúdlanna ag ceannach grúdlann eile, nó ag ceannach ceart dáileacháin dóibh.
ní bhíonn sé á cheannach mar a cheannaíodh muidne é. They aren't buying the same way as we used to buy
" Ach ní ó shiopaí ceirníní a fhaigheann sé a chuid ceoil – ní bhíonn sé á cheannach mar a cheannaíodh muidne é.
Cheannaítí na sclábhaithe the slaves used to be bought
" Cheannaítí na sclábhaithe ar chósta thiar na hAfraice go príomha, agus chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad go dtí na plandálacha sa Mhuir Chairib agus chucu siúd i Meiriceá Theas**.
ag ceannach ár gcéad teach, buying our first house
" Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eile – ag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh.
le saothair a cheannach dá hárasán to buy works for her apartment
" Tá cónaí ar Michelle i ndíonteach lena peata beag Tiffy agus, nuair nach mbíonn sí ag obair, caitheann sí a laethanta ag dul chuig ceantanna ealaíne le saothair a cheannach dá hárasán agus ag ól Cristal lena cairde.
Ní hionann fonn a bheith ar dhuine nuachtán a cheannach wanting to buy a paper is not the same as
" Ní hionann fonn a bheith ar dhuine nuachtán a cheannach agus dul amach chuig an siopa agus é sin a dhéanamh gach maidin, áfach.
go gceannódh gach duine that every person would buy it
" Fiú dá mbeadh an nuachtán ar aon mhéid agus ar aon chaighdeán leis an *New York Times*, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go gceannódh gach duine den 72,148 é.
tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach it is as easy to buy guns
" Mar gheall ar stocaireacht na gcomhlachtaí airm, tá an tír ag cur thar maoil le gunnaí de gach saghas, agus tá sé chomh héasca céanna gunnaí a cheannach i stáit áirithe agus atá sé arán a cheannach.
cheannaíteá leabhrán ticéad you would buy a book of tickets
" Roimhe seo, cheannaíteá leabhrán ticéad agus d’úsáidteá ticéad amháin in aghaidh an turais.
ceannófar shall be bought
" Ní thar sáile a chaithfear na laethe saoire chomh minic is a bhíodh; ní bheidh an carr 09 béal dorais linn; ceannófar nuachtáin amháin ar an Domhnach seachas na ceithre cinn; beidh muidne faoin tír ag fás ár gcuid prátaí féin agus ag smaoiteamh ar an mhóin a iompar ón phortach; ní bheidh an béile againn sa bhialann uair sa mhí níos mó agus ní bheidh na bréagáin is nua-aimseartha ag ár gcuid páistí.
ag ceannach dlúthcheirníní buying CDs
" Yeh, tá athrú mór ar an mhargadh, níl oiread daoine ag ceannach dlúthcheirníní is a bhíodh, tá an rud ag athrú i rith an ama.
ceannaíodh were bought
" An Tíosúlacht in áit na Caifeachta Má b’é teachtaireacht an Uachtaráin deiridh gur cheart don phobal dul ag siopadóireacht, bhí teachtaireacht eile ag Obama agus é faoi shúile na milliún: basta! Dar leis, díoladh an iomarca tithe do dhaoine nach raibh in acmhainn íoc astu, ceannaíodh an iomarca earraí le hairgead nach raibh ann, agus ní dhearnadh rialú ar aon rud.
cheannach to buy
" Ní bheidh sé ar a gcumas acu Rolex a cheannach riamh.
cheannach buying, to buy
" Mhol meitheal faire de chuid an rialtais in Éirinn an mhí seo caite, mar shampla, lón pacáilte a chrochadh leat chun na hoibre in áit an lón a cheannach gach lá.
ceannaithe bought
" Ní na Lochlannaigh a bheas dár gcur faoi chois an t-am seo, ach lucht an Deutsche Bundesbank agus a gcuid feidhmeannach, a mbeidh an tír ceannaithe acu ar chúpla billiún Euro.
cheannach to buy
" Chomh maith leis an gceol féin, gheobhaidh tú nasc chuig siopa ar an líon chun an píosa ceoil a cheannach agus tuilleadh eolais faoin gceoltóir nó faoin mbanna a fháil.
cheannaíonn buy
" Tá eolas fairsing ag na gasúir ar na imreoirí go léir sa Premier League, de bharr na hirisí a cheannaíonn siad.
cheannach to buy
" Tá foirne Shasana ar na cinn is fearr ar domhan, mar gheall ar airgead go príomha: tá siad in acmhainn na himreoirí is fearr as tíortha eile a cheannach is a choinneáil.
ceannaithe bought
" Cuid de fhoirne na Príomhshraithe, is beag Sasanach a bhíonn ag imirt leo, de bharr oiread éirime ón iasacht atá ceannaithe ag na clubanna.
Cheannaigh bought
" Cheannaigh mé hata le mo chloigeann maol a chosaint óir bhí an ghrian ag spalpadh! Ní raibh ach ocht gcloch go leith meáchain ann nuair a fuair sé bás.
cheannach buying
" Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé thar am agam mo rothar féin a cheannach! Tuilleadh eolais faoin chóras nua rothair 'saor in aisce' i mBaile Átha Cliath: http://www.
gceannaíonn buys
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru – Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
ceannaithe bought
" Tá tig ceannaithe agam.
ag ceannach buying
" SMM: Léas ar an ríomhaire go rabhais ag ceannach spíosraí agus go raibh boladh deas ar fud an tí.
cheannaítear is bought
" Ar ndóigh, is ag trácht ar nuachtáin sa mhúnla traidisiúnta (a fhoilsítear agus a cheannaítear i siopaí) atá mé, óir tá moladh mór tuillte ag an iriseoir Eoghan Ó Néill a choinnigh beatha san fhocal scríofa Gaeilge leis an nuachtán ar líne Nuacht 24.
cheannach to buy
" Cé nach bhfuil a fhios againn cad é atá muid á lorg, beidh a fhios againn go cinnte nuair a bheas sé faighte againn, nó tosóidh Pat Kenny agus a chairde ag caitheamh anuas go trom agus go leatromach ar na múinteoirí arís!” Ar Son na Drúise Beidh ar gach fíor-Ghael fíorghaelach sna Gaeltachtaí fíorghaelacha agus sna Galltachtaí breacghaelacha éirí as an Irish Star agus an Irish Sun agus an Irish Mirror a cheannach gach Céadaoin feasta, agus tosú ar an Irish Indo a cheannach ina n-áit.
árachas a cheannach to buy insurance
" A bhFuil i gCeist Céard atá sa bhille seo? Ar an gcéad dul síos, cuireann sé iachall ar dhaoine árachas a cheannach, mar atá sé sa Ghearmáin faoi láthair.
cheannach buy
" Ní thig leat é a cheannach, a dhíol nó a iompar thart.
ceannach buy
" Bhí áth le trasnú chomh maith ag bun na habhann mar a raibh slí ag daoine agus thug an slua roinnt airgid leo le díol is le ceannach.
cheannaíos I bought
" Nach maise ar sheilf na nDVD-anna agam féin le fada é an fhoireann boscaí a cheannaíos san Astráil ón ndáilitheoir Madman Cinema, sa tsraith *‘Director’s Suite’*, a thugann *‘The Wind Will Carry Us’*, *‘Ten’* agus *‘Taste of Cherry’* le Kiarostami dúinn.
ceannaithe bought
" com/presents/lovers-gloves) - cá háit eile a bhfaighfeá bronntanas chomh speisialta sin? Tá péire bronntanais ceannaithe agam cheana ar www.
cheannach to buy
" (file ainaithnid) Tá formhór na ndaoine lán in ann gabháil amach ag siúl chuig an ollmhargadh nó duine níos óige ná iad a sheoladh chuig an siopa chun greim bia a cheannach.
cheannach to buy
" Cloistear gach leithscéal, “Níl an t-am ag daoine”, “Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”, “Tá branda ar leith uaim”, “Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” agus neart fáthanna eile.
cheannaíodar they bought
" D'fhéadfá tiomáint ó dhoras go doras dá mba mhian leat! Díothú na Traenach ========== Mar is eol don saol, tá neamhspleáchas tábhachtach don Mheiriceánach, agus cheannaíodar na modhanna taistil nua seo go tiubh.
cheannach to buy
" Má bhí tú ag iarraidh rud a cheannach le déanaí in Éirinn, seans maith gur shiúil tú isteach go lár na cathrach, nó b'fhéidir gur thaistil tú ar an bhus.
ceannaigh buy
" ‘Nuair a thig an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar’ a deirtí in am amháin.
cheannach to buy
" Lá an aonaigh a bhí ann nuair a bhain muid baile Avarua amach agus bhí an deis againn bia an cheantair a bhlaiseadh, mar aon le hearraí lámhdhéanta agus éadaí a cheannach.
ceannóidh shall buy
" Má bhím in Áth Luain agus má fheicim siopa a bhfuil comhartha Gaeilge air, rachaidh mé isteach ann - rachaidh mé isteach ann! An turasóir nach bhfuil Gaeilge aige, ceannóidh sé an t-léine nó an muga a bhfuil Gaeilge air mar déarfaidh sé, “bhí mé in Éirinn, bhí mé i nGaillimh", nó “bhí mé in Áth Luain” agus tá an teanga sin ansin.
ceannaithe isteach bought into
" Tá an rialtas nua ceannaithe isteach sa Straitéis 20 Bliain mar a bhí an rialtas roimhe agus tá siad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh sochaí dhátheangach a fhorbairt.
a cheannach to buy
" Sin má theastaíonn uait gunna a cheannach go dleathach.
cheannach to buy
" ‘Five, five!’ Ba leor cúig nóiméad le huisce a cheannach ar theorainn na hUngáire, ach airgead na tíre a bheith ag duine.
an cumas ceannaithe atá acu their buying power
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
cheannach to buy
" Thug mo chara iarraidh bratach a cheannach ó fhear a raibh na focail Ghaeilge air, Lámh Dearg Abú air.
ceannaithe bought
" Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! Tá an leabhar amuigh anois (cé nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an té a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad lá mé.
ceannach agus breabaireacht bribery and buying (of votes)
" Cuireadh líomhaintí go leor i ndáil le ceannach agus breabaireacht i gcoinne rialtas Karzai ó shin i leith.
ní ba mhó d’ábhair an tsaoil a cheannach to buy more worldly goods
" É sin agus rud tábhachtach eile a chuir ar chumas na ndaoine ní ba mhó d’ábhair an tsaoil a cheannach, mar atá, fiacha.
ceannach scaireanna buying of shares
" Bhí srianta daingne ar aistriú caipitil (infheistíocht trasteorann, ceannach scaireanna trasteorann, srl.
liarlóg a cheannach to buy a rag of a newspaper
" Níl le déanamh ach cnaipe teilifíse a chasadh nó liarlóg a cheannach le tuiscint a fháil ar a choitianta is atá aineolas sa phobal.
Ceannófar an tanúlacht agus an tsimplíocht níos túisce simplicity and what is shallow is sooner bought
" Ceannófar an tanúlacht agus an tsimplíocht níos túisce ná an tsiosmaid.
ag ceannach tithe tábhairne buying pubs
" Bhí Gearóid ag obair le Cumann na nIarchimí i nDoire, ag bunú seirbhís tacsaithe dubha, ag ceannach tithe tábhairne agus gnónna eile, agus bhí sé ina rúnaí ar Chumann na Stailceanna Ocrais.
ní fiú an uirlis seo don uasteilgeoir amháin this device isn’t worth buying for the overhead projector
" Cé gur mór liom an smaoineamh agus stíl an ghuthain seo de réir na léirmheasanna a léigh mé, ní fiú an uirlis seo don uasteilgeoir amháin.
lena gceannacht to buy them
" Mar sin, ní nach ionadh go bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste agus iad ag iarraidh theacht ar bhronntanais a bhfuil go leor airgid acu lena gceannacht, ach tá fáth eile ann - tá an cheathrú cuid d’asraonta miondíola i mBéal Feirste druidte.
cheannaigh muid an mhionsamhail we bought the replica
" Leis an bheagán airgid a bhí sa chiste againn, cheannaigh muid an mhionsamhail a rinne Oisín Kelly le hagaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill ón teilgceárta agus tá sé le feiceáil mar chuid den taispeántas buan san iarsmalann anseo.
a ceannaíodh which were bought
" Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na bileoga beaga amaideacha a bhíonn taobh istigh de na pléascóga beaga amaideacha a ceannaíodh Tigh Lidl agus Tigh Aldi.
toisc gur cheannaigh bradaithe eile iad because other hackers were buying them
" Caithfidh nach raibh Apple róshásta leis? “Déarfainn gur díoladh níos mó iPods ina dhiaidh sin toisc gur cheannaigh bradaithe eile iad.
mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu where no one is buying anything
" AFRICOM ==== Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic.
ag tosú ár gcuid óstán a cheannach starting to buy our hotels
" Athruithe ar Thír is ar Thalamh ========== Tá pobal na hÉireann i bhfiacha leis an Gearmánaigh ar na billiúin Euro; tá comhlachtaí móra na Gearmáine ag ceannach siopaí Shráid Grafton agus tá na Rúisigh, fiú, ag tosú ár gcuid óstán a cheannach (an t-óstán a raibh Tóstal na Gaeilge 2013 san áireamh).
Cheannóinn bád freisin I’d buy a boat also
ag ceannach oibrithe buying workers
" Thosaíodar mar sin ag ceannach oibrithe as an Afraic, áit eile a raibh na hEorpaigh ag cóilíniú go tréan ag an am.
Má bheartaíonn tú ceannach if you plan to buy
" * Má bheartaíonn tú ceannach ó dhíoltóir príobháideach, agus mura bhfuil mórán eolais agat faoi charranna, iarr ar do mheicneoir áitiúil teacht leat chun féachaint ar an gcarr – nó tabhair an carr amach chuige agus tú á fhéachaint.
in ann droch-chonradh a sheachaint able to avoid a bad buy
" B’fhéidir go mbeidh tú in ann droch-chonradh a sheachaint má bhíonn saineolaí i do chuideachta! Beimid ag féachaint an mhí seo chugainn ar charr nach maith liom go pearsanta, ach caithfidh mé a admháil gur carr í ar féidir brath uirthi; - beimid ag féachaint ar an Ford Fiesta! Go bhfóire Dia orainn!!
cheannach buy
" - Iad siúd a bhfuil dhá charr acu, caithfidh siad an dá charr a dhíol agus dhá rothar a cheannach.
a cheannach, gan trácht to buy, never mind
" Is ar éigean atá muid in ann teach sa Spáinn a cheannach, gan trácht ar theach sa Fhrainc ná san Iodáil.
Seachas péire nua a cheannacht é féin rather than buying himself a pair
" An fear bocht, nach raibh dearmad déanta aige ar a chuid pyjamas! Seachas péire nua a cheannacht é féin, céard a rinne sé ach iarradh ar dhuine de mhná na féile a dhul chuig an siopa dó.
gunnaí le ceannach guns available to buy
" Ba mhaith leo nach mbeadh gunnaí le ceannach ina siopaí ach níor éist an Seanad leo ná leis an gcuid is mó Meiriceánach i leith athruithe ar dhlithe gunna.
cheannach ar athláimh to buy second hand
" Ar ndóigh, má tá sé i gceist agat Yeti a cheannach ar athláimh, molaimse duit dul sa tóir ar cheann leis an gcóras seo inti – tá sé ar fheabhas! Biseach sa Spárán ========= Measaim go bhfuil sé soiléir anois gur maith liom an carr seo! Molaim go mór í.
bhí deis agam breosla a cheannach I had an opportunity to buy fuel
" 40, 18 Bealtaine, bhí deis agam breosla a cheannach i bPolannais in aice Chill Cheallaigh in oirthear Mhaigh Eo.
athláimhe a cheannach to buy a second hand
" Faigh Ceann Díosail ======== Má tá tú ag smaoineamh ar Avensis athláimhe a cheannach, molaim go mór duit dul le díosal.
ceann a cheannach buying one
" Tá taighde déanta agam féin ar an T250 le tamall anuas agus bhí sé deacair teacht ar fhadhbanna coitianta a bhaineann léi, ach seo chugaibh roinnt de na fadhbanna ar tháinig mé orthu (ar fhaitíos go mbeadh spéis agat ceann a cheannach).
ceannaigh na giuirléidí seo a leanas buy the following devices
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
is déanaí’ a cheannach to buy the latest
" Is é an coincheap atá taobh thiar de ná go mbeidh fonn ar níos mó daoine an pláta ‘is déanaí’ a cheannach leath bealaigh tríd an mbliain.
i gcomórtas le ceann a ceannaíodh compared to one bought
" Má cheannaíonn tú gluaisteán nua idir Eanáir agus Iúil – agus cláruimhir 131 air – agus má dhéanann tú iarracht í a dhíol amach anseo, beidh luach níos lú uirthi i gcomórtas le ceann a ceannaíodh sa dara leath den bhliain.
cheannóinn I’d buy
" “Dá mbeadh an t-airgead agam, cheannóinn laptop agus dhéanfainn mo bhealach.
b’fhéidir go gceannófá seoid you might buy a beauty
" Cá bhfios, b’fhéidir go gceannófá seoid!
Cheannaigh bought
" (Cheannaigh John Cleese éan breá ach nuair a shroich sé an tigh cónaithe ba léir dó go raibh sé tar éis bás a dh’fháilt go tobann.
in ann talamh a cheannach able to buy land
" Maitear gur dhúnghaois fuilteach é le nach mbeadh Caitlicigh in ann talamh a cheannach i gceantracha Protastúnacha.
in innimh a gcuid burgar a cheannach able to buy their burgers
" Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó! Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile.
an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo how people in this country buy
" Cuid den am, bím ag magadh; mar shampla, is maith liom an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo leabhair atá foilsithe ag amadán!” Corca Dhuibhne ======= D’fhoghlaim Paul focal nó dhó óna mháthair, ach 25 bliana ó shin rinne sé suas a intinn ‘an Ghaelainn’ a fhoghlaim i gceart.
an-deacair guthán póca a cheannach very difficult to buy a mobile phone
" Mar shampla, ní féidir cuntas bainc a oscailt gan seoladh a bheith agat, ach ní féidir árasán a fháil ar cíos murar féidir a thaispeáint go bhfuil cuntas bainc agat chun an cíos a íoc! Anuas air sin, tá sé an-deacair guthán póca a cheannach gan seoladh a bheith agat, ach níl tú in ann cuntas bainc a oscailt gan uimhir ghutháin a bheith agat.
cheannaíonn tú deoch you buy a drink
" Go minic, faigheann tú bia saor in aisce nuair a cheannaíonn tú deoch.