Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scor an cháis ina éadán the dismissal of the case against him
" I ndiaidh scor an cháis ina éadán, dúirt Stobie féin gur "mionimreoir i gcluiche i bhfad níos mó agus níos fuiltí" a bhí ann.
cáis cheese
" Díolann sé cáis agus uachtar reoite déanta as bainne gabhar, chomh maith le hispíní gabhar.
cháiseanna sléibhe mountain cheeses
" Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.
práinn a cháis the urgency of his situation
" Ní fada go dtuigeann an léitheoir go bhfuil imní ar a chomhghleacaithe faoina bhfuil i ndán dó agus is cumasach mar a chothaíonn Heussaff práinn a cháis agus eagla na gcarad ina dhiaidh.
le dul i mbun cáis cúirte. to get into a court case
" Ar deireadh, ba í an chomhairle dlí a fuaireamar ná gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar an eachtra ar fad mar go raibh an tsuim airgid a bhí i gceist róbheag le dul i mbun cáis cúirte.
cáis cheese
" Taos fuar-ardaithe sáithithe le cáis, uachtar agus uibheacha, mmmm.
cáis, cheese
" Ghlac mé sos ansin agus cheannaigh mé cáis, sú oráiste agus torthaí i siopa beag sa bhaile sin.
cailc le cáis chalk and cheese
" Is léachtóir le Bord Fhíon na hÉireann é John McDonnell, fear a thug seacht mbliana ag plé leis an tionscal fíona san Astráil agus a bhí chomh éagsúil lena chomhstiúrthóir is atá cailc le cáis.
cáis dhonn brown cheese
" “Brunost” nó cáis dhonn a itheann siad don bhricfeasta.
clár cáise cheese board
" Ach an rud a chur casadh aigne amach is amach orm ná go raibh an clár cáise fágtha díreach taobh amuigh den leithreas céanna.
lucht ite cáise cheese eaters
" De na daoine seo, is iad fir óga de shliocht Mharacó an dream is mó a mhothaíonn go bhfuil siad ‘faoi chois’ ag ‘lucht ite cáise’.
saghas cáise type of cheese
" Sna siopaí búistéara agus sna margaí sráide, cuirtear béim ar chuisine an Beaujolais, spóla coinín nó ar dhuáin laofheola mar shampla, mar aon le gach saghas cáise ach an cháis ghabhair go háirithe.
rannóg na cáise the cheese section
" Nuair a tháinig mé go Penn ar Bed ar dtús, is cuimhin liom seasamh le barr iontais ag rannóg na cáise san ollmhargadh ar feadh deich nóiméad ar a laghad.
pháipéarachas an cháis papers pertinent to the case
" Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
ceapaire cáise a cheese sandwich
" ” **Balor: “Bhuel, b’fhéidir, agus ní móide; ach cé eile i saol na Gaeilge a bhfuil barraíocht airgid acu?** Coimisinéir: “Cad é faoi Fhoras na Gaeilge féin? Nach bhfuil bord nua le hainmniú acu? Agus nár gheall Fine Gael i rith fheachtas na toghchánaíochta nach líonfaidís boird le feidhmeannaigh nó le comhairleoirí dá gcuid féin? Agus cé leis ar líon siad an bord úr? Agus cén fáth go raibh feidhmeannaigh an dá pháirtí rialtais ag marú a cheile le bheith ar an bhord úr seo? Ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge? Bhuel, nuair a bheas mise réidh leis an mhungailt a dhéanfaidh mo chuid fiacla ar chostais an bhoird áirithe sin, beidh na baill ag tabhairt leo cupán tae i mbuidéal chuig na cruinnithe – agus ceapaire cáise sa phóca chomh maith.
tugann sé ola olóige agus cáis he brings olive oil and (parmesan) cheese
" In áit an champa san Ostair, tagann Luigi ar cuairt chuig Mokryna san Úcráin agus in áit na rudaí beaga fuaite a rinne sé mar bhronntanais di agus iad óg, tugann sé ola olóige agus cáis parmesan leis agus cuidíonn sé thart fána teach ag déanamh jabanna beaga dí.
cnámha scéil an cháis cúirte the guts of court case
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
teip an cháis choiriúil the failure of the criminal case
" Súil Uí Dhubhda ====== Bhíothas ag súil go líonfadh athbhreithniú an Gharda ar an chás cuid de na bearnaí maidir leis an bhaint a bhí acusan le teip an cháis choiriúil.
slísneoirí cáise cheese slicers
" Is cuimhin liom go maith an croíghearrthóir agus an slisneoir úill, na slísneoirí cáise is uibhe, na boscaí sábháil bia, na leabhair nótaí, eagraitheoir béiltí is liostaí bia.