Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aisíoc cánach tax refund
" Bímid an-díomách nuair a theipeann ar ár lúthchleasaithe ag na cluichí Oilimpeacha, ach céard atá á ofráil ag an rialtas seachas staid mhór náisiúnta a bheadh in úsáid anois is arís i rith na bliana agus aisíoc cánach a bhronnadh ar *elite* gairmiúil? Is maith linn sa tír seo a mhaíomh go bhfuil an-dúil agus spéis againn i gcúrsaí spóirt agus creidimse go bhfuil.
ráta cánach tax rate
" "Mhol mé dó cúpla euro a chur ar leataobh leis an ráta cánach do scríbhneoirí *Beo Ar Éigean* a ísliú go 10%.
d'oifig na cánach gluaisteán the car taxation office
" Oíche amháin an mhí seo caite scaoil an PSNI (Police Service of Northern Ireland) urchair le Paul Donnelly, ball den "Fhíor-IRA" a bhí ag iarraidh buama loiscneach a fhágáil taobh amuigh d'oifig na cánach gluaisteán i mBéal Feirste.
fadhbanna cánach tax problems
" Ach cheana féin, tá leaganacha beagáinín níos nua-aimseartha den chlár sin ag cruthú conspóide i Sasana, agus ag tabhairt fadhbanna dlí agus fadhbanna cánach le seirbhísí ar líne chun solais.
Grúpa Straitéise Cánach Tax Strategy Group
" Deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Grúpa Straitéise Cánach le déanaí go bhfuil buntáiste ag an Eoraip thar Stáit Aontaithe Mheiriceá toisc nach bhfuil na dlíthe geallghlacadóireachta anseo chomh dian céanna.
cúrsaí cánach Rupert Rupert's tax affairs
" Anuas air seo, tuigtear do *Beo! *go bhfuil gach eolas maidir le glaonna gutháin agus cúrsaí cánach Rupert ar iarraidh freisin.
ualach cánach tax burden
" Is ag dul in olcas atá an scéal, agus an rialtas lárnach ag iarraidh sciar suntasach den ualach cánach a chur ar aghaidh go seiftiúil, ciúin chuig na húdaráis áitiúla - díreach ag an am céanna is atá go leor cumhachtaí bainte de na húdaráis chéanna.
an t-ardleibhéal cánach the top level of taxation
" "Maidir liom féin, bheinn sásta gan an t-ardleibhéal cánach a bheith íslithe chomh mór sin dá rachadh an t-airgead chun an bochtanas agus na heaspaí eile atá i gcúrsaí sóisialta, an tseirbhís sláinte, cuirim i gcás, go bhféadfaí feabhas a chur orthu sin.
ísliú cánach the loweing of taxes
" Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.
faoiseamh cánach tax relief
" De réir Spencer Fitzgibbon, urlabhraí náisiúnta an Pháirtí Ghlais, is fiú £9 mbilliún gach bliain an faoiseamh cánach seo.
i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach in the form of tax relief or allowance
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
buntáistí cánach tax advantages
" Cé gur feithicil hibrideach é (agus go bhfaigheann sé buntáistí cánach sna Stáit Aontaithe mar gheall air sin), tá sé chomh tartmhar le gnáth-SUV (agus bíonn olltart peitril ar na SUVanna!).
cánach tax
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
faoiseamh cánach tax relief
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
pacáistí fabhracha cánach favourable tax packages
" Mealladh tionscail thar farraige anall le deontais agus pacáistí fabhracha cánach.
sa ráta cánach corparáidí in the corporation tax rate
" Lena chois sin, iarrfaidh siad ar an Uasal Brown moill a chur ar chur i bhfeidhm táillí úra uisce agus laghdú a dhéanamh sa ráta cánach corparáidí a íocann comhlachtaí ó thuaidh.
go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí that a reduced corporation tax rate will attract
" (Measann na páirtithe go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí níos mó infheistíochta ó thar lear.
i ráta na cánach corparáidí in the corporate tax rate
" San am atá le theacht, b’fhéidir go bhfeicfeadh muid an DUP agus Sinn Féin ag dul go Londain le chéile ag iarraidh deirce, *oops*, ag iarraidh laghdú i ráta na cánach corparáidí ar Gordon Brown.
ísliú sa ráta Cánach Corparáidí a lowering of the Corporation Tax rate
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
níos mó cánach more tax
" As seo amach, is dócha go mbeidh níos mó cánach ar phraghas an aerthurais chun íoc as an truailliú.
tuilleadh cánach more tax
" Go deimhin, d’ardaigh Feisire Caomhach as Tuaisceart Shasana, Graham Brady, ceist i dTeach na dTeachtaí le déanaí faoi cad chuige a mbíonn ar dhaoine ina thoghcheantar siúd tuilleadh cánach a íoc “le nach mbeadh ar dhaoine i dtoghcheantar an Phríomh-Aire táillí oidis leighis a dhíol”.
cúrsaí cánach agus cuntais tax matters and accounts
" Ach dá mhéad a éiríonn an comhlacht rathúil is ea is minice a bhím ag plé le cúrsaí cánach agus cuntais agus rudaí beaga bídeacha eile a gcaithfidh tú a bheith ag smaoineamh orthu an t-am ar fad.
rátaí ísle cánach. low rates of tax.
" Chuirfeadh sé seo as go mór do chúrsaí fostaíochta in Éirinn agus don straitéis atá ag an rialtas le tamall anuas tionscail a mhealladh isteach sa tír le rátaí ísle cánach.
an ráta céanna cánach the same rate of tax
" Ní bheadh Éire, tír bheag ar imeall na hEorpa, chomh tarraingteach céanna do thionsclóirí dá mbeadh an ráta céanna cánach i bhfeidhm anseo agus atá i dtíortha eile an AE.
cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata tax and military matters
" Dhírigh siad ar imní an phobail ó thaobh cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata de.
na hiniúchóirí cánach bad eggs, or, scrutinizing puffins
" Deich faoin chéad de cháin bhreise ar lucht labhartha na Gaeilge, agus cúig faoin chéad sa bhreis ar an cháin sin le gearradh ar mhuintir na Mumhan a labhraíonn an Ghaoluinn! “Char labhair mise ach Gaeilge bhlasta Uladh le mo bheo agus cha dtig libh a dhath ar bith a dhéanamh fá dtaobh de,” a mhaígh Maidhc Dainín Ó Sé, agus é i mbun agallaimh leis na hiniúchóirí cánach a bhí ar cuairt aige i gCorca Dhuibhne.
lascainí cánach taxbreaks
" Chuireadar brú ar a gcairde i Washington, agus ritheadh dlíonna a thug lascainí cánach dóibh as na carranna gránna seo a tháirgiú faoin chatagóir bréagach ‘Sport Utility Vehicle’.
roinnt na cánach the division of tax
" Buaileann an príomhaire náisiúnta go rialta le príomhairí na stát agus na gcríoch le roinnt na cánach agus lena caitheamh a phlé.
cúrsaí cánach a tax matter
" Ach d’fhág sí an Fhrainc go luath ina dhiaidh sin agus chuaigh sí chun cur fúithi i Londain, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí cánach a dúradh ag an am.
faoiseamh cánach tax relief
" Tá na díoltóirí gluaisteáin ag cásamh ar son faoiseamh cánach ionas go mbeidh siadsan in ann níos mó carranna a dhíol.
imghabháil cánach tax evasion
" ” Thug McCain “cime polaitiúil” ar Mikhail Khodorkovsky a cuireadh i bpriosún as caimiléireacht agus as imghabháil cánach, tar éis $30 mbilliún de shaibhreas na tíre a bheith crúcáilte chuige féin agus é gan ach 32 bliain d’aois.
giorrúcháin cánach tax cuts
" Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar, fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh.
baol cánach tax danger
" Agus baol cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, níl ach tréimhse ghortach roimpi amach.
cánach tax
" Ligeadh do réimse na foirgníochta imeacht as smacht agus cuireadh an córas cánach ar bonn dosheasmhach.
cánach tax
" Faoi mheánoíche an lae sin, caithfidh gach saoránach nó eachtrannach cónaitheach a bhfuil teacht isteach níos airde ná $9,000 aige ráiteas cánach don stát agus don chónaidhm faoi seach a sheoladh isteach chuig rannóga cánach rialtais.
bhfaoiseamh cánach tax relief
" Sin an fáth nár ghlacamar le moltaí go gcuirfí deireadh leis an bhfaoiseamh cánach a fhaigheann siad.
faoiseamh cánach tax relief
" Meallann siad comhlachtaí móra idirnáisiúnta le faoiseamh cánach agus le costais ísle.
i leith cánach on tax
" Tá grúpaí nua mar sin, macasamhail *Liberty Central*, nach bhfuil iontu, b'fhéidir, ach triúr ball, ag bailiú airgid go tréan agus á chaitheamh go fras ar iarrthóirí a bhfuil, dar leo, dearcadh ‘bog’ acu i leith cánach do chomhlachtaí agus a sheasann in aghaidh airgead stáit a chaitheamh ar na boicht nó ar thograí poiblí.
imghabháil cánach tax evasion
" “Meastar go gcailleann Státchiste na Ríochta Aontaithe £123bn sa bhliain mar thoradh ar imghabháil cánach (tax evasion), seachaint cánach (tax avoidance) agus cáin nach bhfuil bailithe.
seachaint cánach tax avoidance
" “Meastar go gcailleann Státchiste na Ríochta Aontaithe £123bn sa bhliain mar thoradh ar imghabháil cánach (tax evasion), seachaint cánach (tax avoidance) agus cáin nach bhfuil bailithe.
cánach corparáidí corporate tax
" Mealltar go leor IDC (FDI) chun na tíre seo fós agus cé go bhfuil ráta íseal na cánach corparáidí an-tábhachtach, tá níos mó i gceist ná sin.
breis cánach more tax
" Ní mór dúinn ciorruithe géara a chur i bhfeidhm, breis cánach a ghearradh and tuairisc ráithiúil a sholáthar d’ár n-iasachtóirí go bhfuil an toradh ceart ar ár gcuid iarrachtaí sula n-íocfar an t-airgead linn.
cúrsaí cánach tax matters
" Ritheadh dlíthe eile dhá bhliain ó shin a thug na cearta céanna is atá ag lánúnacha heitrighnéasacha neamhphósta do lánúnacha comhghnéis i dtaca le cúrsaí cánach, slándáil sóisialta agus sláinte, cúram na sean agus fostaíochta.
imghabháil cánach tax avoidance
" Nuair a gabhadh an oligarch Giúdach ar imghabháil cánach, claonchasadh, agus calaois i 2003, thug Soros “géarleanúint pholaitiúla” ar na cúiseanna, d’éiligh go ndíbreofaí an Rúis as an G-8, agus d’áitigh ar Dhomhan an Iarthair idirghabháil a dhéanamh.
faoiseamh cánach tax relief
" Léigh muid ailt sna nuachtáin faoi phraghas na dtithe a bheith ag méadú agus an cinneadh a bhí déanta ag an rialtas faoiseamh cánach a thabhairt do dhaoine a thógfadh tithe samhraidh.
dúnghaois gheilleagair agus cánach economic and tax policy
" Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
dúnghaois gheilleagair agus cánach economic and tax policy
" Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
cánach forchéimnithí progressive tax
" Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
buntáistí cánach tax advantages
" Tá an rialtas ag iarraidh ar na comhlachtaí móra mianadóireachta cruach Astrálach a cheannach agus tá sé idir chamáin acu buntáistí cánach a thabhairt do na comhlachtaí cruach atá thíos.
aon chianóg bhreise cánach one extra cent of tax
" Tá Fine Gael ag fógairt nach n-iarrfar ar na daoine sin aon chianóg bhreise cánach a íoc ar an ioncam ard atá acu ón stát.
níos mó cánach more tax
" É sin chomh maith leis an chinneadh a thug siad gan níos mó cánach (ioncaim) a ghearradh ar dhaoine os cionn leibhéal áirithe páighe.
i gcoinne na cánach against the tax
" Dul Siar ar a Focal An rud is mó a ghoill orthu siúd atá i gcoinne na cánach ná gur gheall Gillard go neamhbhalbh go díreach roimh an olltoghchán deiridh nach mbeadh a leithéid ann.
comhbhonn cánach tax-base
" Mhol an Troika an táille tí (nó táille éigin a bhainfeadh le réadmhaoin) cionn is gur chreid siad gur gá an comhbhonn cánach a leathnú agus gur chóir go mbeadh na foinsí áitiúla cánach ní ba láidre.
foinsí áitiúla cánach local tax sources
" Mhol an Troika an táille tí (nó táille éigin a bhainfeadh le réadmhaoin) cionn is gur chreid siad gur gá an comhbhonn cánach a leathnú agus gur chóir go mbeadh na foinsí áitiúla cánach ní ba láidre.
Thit ualach cánach the bulk of tax(es) fell
" Thit ualach cánach an dream ba shaibhre, ach mhéadaigh ualach cánach na mbocht.
cuid den bheartas cánach atá aige some of his tax policies
" Ní hámháin toisc cuid den bheartas cánach atá aige ach toisc go ndearna sé a bhua i dtoghchán na huachtaránachta 2007 a cheiliúradh i Fouquet’s, bialann thar a bheith chic ar na Champs Elysées, ag a raibh go leor de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre i láthair.
cúrsaí cánach tax matters
" Bhí sé éasca acu siúd a bhí in aghaidh an chonartha scéalta nár bhain leis a tharraingt anuas, cuirim i gcás, ginmhilleadh agus cúrsaí cánach.
Cánach tax
" Ní raibh an focal ar eolas ag duine ar bith cúpla bliain ó shin, seachas iad siúd a bhíonn ag déileáil leis an Oifig Cánach trí Ghaeilge; agus nach maith mar a thuig siad siúd an focal! Ach anois, tá an focal ag madraí an bhaile.
gearradh siar na rátaí cánach cutbacks in tax rates
" Chuir gearradh siar na rátaí cánach ar thuarastail mhóra (agus ar bhrabúis) leis an treocht seo gan amhras.
deireadh na gciorruithe cánach the end of the tax cuts
" Níltear cinnte cé chomh cruinn is atá an téarma go fóill, ach baineann sé go príomha le deireadh na gciorruithe cánach a reachtaigh an tUachtarán Bush roinnt blianta ó shin.
impleachtaí cánach tax implications
" Má tá creidmheas ag dul d’fhoireann nó d’imreoir nó don réiteoir, céard go díreach a chiallaíonn sé sin? An é go bhfuil cineál liúntais tuillte ag tosaí mar shampla ó na coimisinéirí ioncaim toisc gur imir sé an-mhaith ar fad nó de bharr cúilín breá a aimsiú? B’fhéidir go mb’fhearr moladh mór a thabhairt dóibh – níl impleachtaí cánach ag baint leis sin.
buntáistí cánach tax advantages
" Theip ar an eite chlé an neamhionannas a bhaineann leo a léiriú – buntáistí cánach, lúba ar lár, díolúiní, ráta íseal ar chorparáidí, srl.
arduithe cánach raising of tax(es)
" Bhí ciorraithe agus arduithe cánach ar luach €11 míle milliún iad i gceist ina iomlán sa tréimhse bheag sin.
a bhfuil réimeas éadroim cánach which have a light tax regime
" Ó tháinig an t-ardú an-mhór ar rátaí cánach na tíre, shleamhnaigh Éire amach as an ghrúpa de thíortha a bhfuil réimeas éadroim cánach iontu agus isteach sa ghrúpa a bhfuil réimeas measartha trom iontu.
a thuilleadh cánach further taxation
" Agus maíonn na heacnamaithe (agus ar ndóigh an lucht gnó) go gcuirfeadh a thuilleadh cánach bac ar infheistíocht agus ar an fhás gheilleagrach.
na ciorruithe cánach the tax cuts
" Aontaíonn go leor leis, agus glaonn siad ‘Náisiún Ford’ orthu féin - taitníonn na ciorruithe cánach agus an laghdú ar chostaisí rialtais go mór leo.
in aghaidh ardú cánach against tax raises
" Sheas sé ar son úinéireacht gunnaí agus in aghaidh ardú cánach.
laghdú cánach a tax cut
" Is é an sprioc atá acu sin leanúint leis an traidisiún scannáin mhóreachtraíochta a dhéanamh ann ach, gí go bhfuil tacaíocht rialtais ar fáil chomh maith le 25% de laghdú cánach faighte acu, níl ag éirí go maith le Cinecittà faoi láthair agus tá an bhainistíocht faoi bhrú le foinsí maoine eile a aimsiú.
faoin bhfaoiseamh cánach about the tax relief
" Thugas faoi deara le gairid, go raibh Éamonn Gilmore agus Pat Rabbitte ag caint sna meáin roimh an toghcháin faoin bhfaoiseamh cánach a thabharfaidís do ‘middle Ireland’, ag am nach bhfuil a dhóthain cánach á bhailiú isteach le seirbhísí ceart leighis a sholáthar sna hotharlanna.
a dhóthain cánach á bhailiú isteach enough tax being brought in
" Thugas faoi deara le gairid, go raibh Éamonn Gilmore agus Pat Rabbitte ag caint sna meáin roimh an toghcháin faoin bhfaoiseamh cánach a thabharfaidís do ‘middle Ireland’, ag am nach bhfuil a dhóthain cánach á bhailiú isteach le seirbhísí ceart leighis a sholáthar sna hotharlanna.