Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athoscailt céim ar chéim phased re-opening
" " Deir Carey, má théann gach rud de réir an phlean atá leagtha síos, go bhféadfadh údaráis Battery Park City "athoscailt céim ar chéim" a bheith acu go luath, b'fhéidir ó 19 Meitheamh ar aghaidh.
céim ar chéim step by step
" Caithfimid a bheith oscailte do gach iarracht a dhéantar chun í a labhairt agus caithfimid gach cabhair agus spreagadh a thabhairt do dhaoine úsáid laethúil a bhaint as an mbeagán atá acu; sa tslí sin fásfaidh sí céim ar chéim.
a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí to keep up with the debates
" Ba é mo mhian riamh a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí agus leis na forbairtí sin uilig nó, cé gur mheas mé gurbh amaideach an mhaise ag acadúlaithe agus ag criticeoirí na nua-litríochta Gaeilge dul i ndeabhaidh i sciorta ar bith den díospóireacht nuair nár ghá ná nár thairbhe dóibh é, ba é gort sin na critice an gort a bhínnse ag iarraidh a shaothrú.
ar chéad chéim on the first step
" Nach mbeadh sé iontach, a dúirt sé agus slócht éigin air, iontach dá mbeadh gach uile phíosa ceoil a taifeadadh riamh i do chartlann? Bhí sé suite ar chéad chéim an staighre—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha arís—agus a bhéal oscailte, na fiacla buí nochta aige, iad fliuch le seile agus cúr, rud gránna.
gan trácht ar chéim not to mention a degree
" “Gheall gach aon duine acu istigh i Sráid Fhearchair go gcaithfidís vóta dó, ach is é an rud nár thuig Dáithí Bocht nach bhfuil an Ardteist féin ag an chuid is mó de na liúdramáin sin, gan trácht ar chéim ó Ollscoil na hÉireann.
ar an gcéad dá chéim den phróiseas iarratais: on the first two steps of the application process:
" Réiteoidh cúrsa Europus rannpháirtithe le haghaidh tástálacha an AE agus cuirfidh sé béim faoi leith ar an gcéad dá chéim den phróiseas iarratais: an páipéar ceisteanna ilroghnacha agus an páipéar ceisteanna ar an Eoraip féin.
céim ar chéim. step by step
" Bhí tús curtha le próiseas a rabhthas ag súil go dtógfaí air céim ar chéim.
céim ar chéim, step by step,
" Míneoidh sé duit, céim ar chéim, cén chaoi ar chóir duit tabhairt faoin jab – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar YouTube nó About.
céim ar chéim step by step
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann it shall be a very retrograde step
" Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.