Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cén áit ar thaifead sibh é? Where did you record it?
" ***AÓF: ******Cén áit ar thaifead sibh é?***SD: Thaifead muid é i Stiúideo Cuan sa Spidéal.
cén áit a mbeidh na himreoirí ag imirt what place the players will be playing
" Eisean a déarfaidh léi cén áit a mbeidh na himreoirí ag imirt ar an pháirc agus cad é atá le déanamh acu.
cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt where should we draw the line
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
cén áit is baile where's home
" Tharla an baile luaite aici, cén áit is baile di faoin am seo? Scramóg nó Sligeach? - “Bheul tá mé i mo chónaí i Sligeach le fiche bliain, áit ar cheannaigh mé teach sé bliain ó shin, ach a mhinice agus is féidir liom, téim go Ros Comáin mar a bhfuil roinnt de mo mhuintir ina gcónaí go fóill.
cibé cén áit where ever
" com/watch?v=rDIAGjfhC-Q&feature=related) Iniúchadh ar Ionaid Bháis Baineann roinnt de na heachtraí le hionaid ina bhfuair duine, nó daoine, bás, bíodh sé sin ar barr aille nó cibé cén áit.
Cén áit a bhfuil where is
" org/wiki/Tom%C3%A1s_Mac_S%C3%ADom%C3%B3in) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: **Cén áit a bhfuil Tomás Mac Síomóin ina chónaí?** Seol do fhreagra chuig oifig@beo.
amuigh ansin, cibé cén áit out there, wherever
" Beidh sí ag coinneáil súil ar an domhan ar do shonsa agus gheobhaidh sí na jabanna a gealladh dúinn, a luaithe a ghoidfear a bhfuil ann amuigh ansin, cibé cén áit.