Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúiseanna bréige false reasons
" Chuala an fiosrúchán gur scríobh Shipman cúiseanna bréige ar 215 teastas eile ar an laghad agus dúirt Angela Woodruff go raibh sé ábalta leanúint ar aghaidh mar seo de bharr go raibh an córas lochtach agus nár chaith duine ar bith amhras air go dtí bás a máthar féin.
ar iliomad cúiseanna for a great number of reasons
" Bíonn sé an-deacair iad a mhealladh chuig ranganna agus imeachtaí ar iliomad cúiseanna.
cúiseanna coiriúla criminal charges
" Mhol an coimisiún go gcuirfí cúis dlí i leith 56 ceist a bhain leis an gcomhlacht, cúiseanna coiriúla a leath acu sin.
cúiseanna praiticiúla practical reasons
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
cúiseanna charges
" Níor luaigh aon duine acu go bhféadfaí téarma chomh hard le 10 mbliana a ghearradh uirthi de bharr na gcúiseanna a cuireadh ina leith.
cúiseanna forásacha progressive causes
" Bhí teach lóistín d'fheoilséantóirí aici agus thug sí tacaíocht do go leor cúiseanna forásacha.
cúiseanna éagsúla various reasons
" An mbeadh an taithí chéanna agam leis an Iodáilis, dá rachainn ar aghaidh léi? cúiseanna éagsúla ======= I mo chás féin, níorbh ionann foghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha ar scoil, agus d'éirigh i bhfad níb fhearr liom leis an Ghaeilge.
cúiseanna tráchtála commercial reasons
" Is cúiseanna tráchtála atá ann, ar bhealach, sa mhéid is go bhfuil muid ag tabhairt an méid sin airgid isteach an doras.
cháin siad ar an iliomad cúiseanna which they criticised for numerous reasons
" “Bhí mise ag eagrú coirmeacha a cháin siad ar an iliomad cúiseanna.
cúiseanna caimiléireachta corruption charges
" Beidh beirt chomhairleoirí de chuid an uachtaráin ag dul os comhair cúirte san athbhliain chun cúiseanna caimiléireachta a fhreagairt freisin.
cúiseanna polaitíochta agus geilleagracha political and economic causes
" Deir daoine atá ina coinne nach méadaíonn sí an táirgiúlacht, go ndéanann sí dochar don chomhshaol agus nach mbeadh aon tionchar aici ar ghorta mar go bhfuil dóthain bia á thairgeadh anois agus gur cúiseanna polaitíochta agus geilleagracha atá leis an ocras in áiteacha éagsúla ar domhan.
an iliomad cúiseanna many different reasons
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh what reasons they'll be refused planning permission
" I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos agus bíonn a fhios ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir cad iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh.
cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta serious terrorist charges
" Cé gur cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta a bhí i gceist, níor cuireadh ach pionós éadrom ar na fir, mar is ghnáth i gcásanna a bhaineann le dílseoirí; gearradh téarma príosúin ceithre bliana go leith ar Roy Barwise (47) as taisce gunnaí agus armlóin a bheith ina sheilbh aige agus as a bheith ina bhall den UVF.
cúiseanna reasons
" Bhí muintir na háite beoga agus cineálta, agus is cinnte go bhfuil a lán cúiseanna acu le bheith bródúil, go háirithe agus cónaí orthu i gceantar chomh hálainn sin.
iontach dáiríre faoi na cúiseanna seo very serious about these causes
" Bhí a iníon iontach dáiríre faoi na cúiseanna seo agus chuir sin a sheacht n-iontas air.
tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, the weather is one of the most important reasons,
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
cúiseanna charges
" Labhraíos le hiníon léinn le déanaí a thug le fios os comhair ranga go raibh sí céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, fiú iadsan nach mbeadh cúiseanna curtha ina leith.
an iliomad cúiseanna a great number of reasons
"an iliomad cúiseanna leis seo, an costas mór a bhaineann le feighlithe leanaí agus an cosc ar chaitheamh tobac, ina measc.
iliomad cúiseanna carthanachta. multiple charitable causes.
" Ó shin i leith, tá conarthaí ar luach na gcéadta milliún dollar iad tiomsaithe aige ar son ollscoileanna, ospidéal, ord eaglasta, iarsmalann agus iliomad cúiseanna carthanachta.
cúiseanna difriúla different reasons
" AÓF: An mbíonn sé deacair ort amhrán a fhoghlaim? LMacM: Uaireanta, agus bíonn cúiseanna difriúla leis sin.
sáith cúiseanna caointe our fill of reasons to lament
" Bhí ár sáith cúiseanna caointe againn i gcaitheamh na bliana, le foirne éagsúla na hÉireann agus na Poblachta ar easpa fuinnimh agus easpa tuigbheála, agus a gcuid bainisteoirí ar easpa cuid mhór rudaí eile.
cúiseanna láidre strong cases
" Caithfear a admháil freisin go raibh cúiseanna láidre ag na húdaráis maidir le cuid de na páistí a thógáil óna máithreacha toisc go raibh siad i mbaol sa bhaile.
ar cúiseanna éagsúla, for various reasons
" Ba é ba chúis leis an leisce seo, dar leis na daoine a ndeachthas i dteagmháil leo, ná nár theastaigh uathu, ar cúiseanna éagsúla, a gcuid tuairimí polaitiúla a nochtadh go poiblí.
cúiseanna an ionraidh. causes of the invasion
" Caithfear a rá nach raibh mórán tráchta ar chúrsaí sceimhlitheoireachta ag ceachtar acu nuair a mhínigh siad cúiseanna an ionraidh.
ar go leor cúiseanna for a lot of reasons
" “Déanann siad amhlaidh ar go leor cúiseanna," a deir sí.
neart cúiseanna plenty of reasons
" **LNC: Agus anois, cén fáth go dtagann na rónta chugaibh ag an ISS?** S: Is oth liom a rá, go bhfuil neart cúiseanna ann.
cúiseanna a lua leis an diúltú eadóirseachta to spell out the reasons for refusing the naturalization
" Chuaigh Mallak i muinín an dlí chun iallach a chur ar an Aire cúiseanna a lua leis an diúltú eadóirseachta.
cúiseanna a sholáthar give reason(s)
" Ach beidh air an t-iarratas ar shaoránacht a athbhreithniú agus cúiseanna a sholáthar sa chás nach nglacfar leis an athuair.
neart cúiseanna leis sin plenty of reasons for that
"neart cúiseanna leis sin, ar ndóigh.
bíodh is gur dall ar na cúiseanna stairiúla although people are unaware of the historic reasons
" Ach bíodh is gur dall ar na cúiseanna stairiúla leis an inimirce atá an chuid is mó de Mheiriceánaigh, tá gach seans gur gearr go dtiocfaidh athrú ar an scéal.
cúiseanna gearáin complaints
" Liosta gan áireamh a bhí sna cúiseanna gearáin acu: costas ard an iompair phoiblí, caimiléireacht, córais oideachais agus shláinte lochtacha, foréigean na bpóilíní agus míle rud eile.
neart cúiseanna leis an athrú seo plenty of reasons for this change
"neart cúiseanna leis an athrú seo, ach an tsiocair is mó atá ann, athbheochan a chur isteach i dtionscal na gcarranna.
Ar roinnt cúiseanna for a few reasons
" Ar roinnt cúiseanna, is trua liom go bhfuil deireadh curtha le Gaelscéal.
cúiseanna imní reasons for concern
" Míníonn Dónall Ó Maolfabhail cad iad na cúiseanna imní atá ag daoine.
cúiseanna reasons
" Míníonn Colm Mac Séalaigh cuid de na cúiseanna nach raibh sé i bhfábhar Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí sacair agus rugbaí.