Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chúiteamh compensation
" 'Fat cat farmers' a thug an Feisire Dave Watts ar na feirmeoirí saibhre atá ag déanamh go maith as an chúiteamh atá á fháil acu de bharr an ghalair crúibe is béil.
an cur is an cúiteamh debate
" Agus deireadh tagtha le séasúr na gcluichí craoibhe is dóigh go dtosóidh an cur is an cúiteamh arís faoin ábhar an-tábhachtach seo: stádas imreoirí agus ceist an airgid.
a chúiteamh to compensate
" Ach cá bhfágann sin na himreoirí agus an t-éileamh atá ag an GPA go ndéanfaí iad a chúiteamh as an méid taistil agus ama a chaitheann siad agus iad i mbun traenála agus imeartha ar son a gcontae.
cur agus cúiteamh talking, arguing
"cur agus cúiteamh go leor ann go fóill faoi leasuithe Moratti.
cúiteamh compensation
" Tá an freasúra agus eagraíochtaí atá i gcoinne tobac ag iarraidh ar an rialtas cúiteamh a fháil ó na comhlachtaí ar an gcostas atá ar an státchóras de bharr caithimh tobac.
ciste cúitimh compensation fund
" Lena chois sin, ba cheart don Eaglais luí isteach ar mhaoin a dhíol le ciste cúitimh a chur ar fáil do na daoine a bhfuil dochar déanta dóibh.
chúiteamh compensation
" Agus na laethanta saoire ag teannadh linn, ní raibh scéalta ar bith le cloisteáil faoin 11 Meán Fómhair ach amháin cinn faoi chúiteamh do theaghlaigh na n-íospartach nó faoi thógáil foirgnimh ar láthair an Ionaid Trádála Domhanda i Manhattan.
cur agus cúiteamh debate
" Tá deis chainte agus cháinte (!) tugtha do na réiteoirí sa leabhar agus tugann siad léargas dúinn ar chuid de na cinntí a rinne siad ag amanna éagsúla i gcluichí móra agus ar lean conspóid agus cur agus cúiteamh iad go minic ina dhiaidh sin.
an chuir agus an chúitimh ar fad all the debating
" Ach tar éis an chuir agus an chúitimh ar fad, beidh m'airgeadsa ar Chill Chainnigh agus ar Thiobraid Árann a bheith sa Chraobh agus an bua a bheith arís ag Cill Chainnigh.
cúiteamh recompense
" I gcúiteamh ar jab maith a dhéanamh chuir an (blíp) sin de Thaoiseach baoiseach isteach sa Roinn Easláinte mé.
chúiteamh compensation
" Ach ní féidir leis an Choimisiún aon chúiteamh a thabhairt.
cúiteamh compensation
" Ach anseo in Éirinn, caithfidh tú leanúint ar aghaidh gach aon mhí ag cur ina luí ar dhaoine canathaobh a bhfuil tú á dhéanamh sa tslí seo agus cúiteamh ana-ard a íoc.
chúiteamh compensation
" De réir reachtaíochta a tugadh isteach nuair a bhí an t-oileán seo mar choilíneacht de chuid na Breataine, is féidir le tiarna talún léas a thógáil ar an talamh ar leis agus cíos talún a ghearradh ar bhonn bliantúil ar aon duine atá ina chónaí ar an phaiste céanna talún, gan aon seirbhís a thabhairt mar chúiteamh.
chúiteamh compensation
" Fuair mé £2,750 mar chúiteamh agus leithscéal táiríseal ón choláiste ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh, agus fuair mo cheardchumann, NATFHE, a thug tacaíocht dom, £400 mar chostaisí.
ag cur is ag cúiteamh arguing back and forth
" Caitear oícheanta fada geimhridh ansin os comhair na tine, ag imirt chártaí, cuir i gcás, ag argóint faoin chor is deireanaí sa saol polaitiúil, nó ag cur is ag cúiteamh faoi achrann éigin i gclub áitiúil an Chumainn Lúthchleas Gael.
cúiteamh airgid financial compensation
" Leanann an cháipéis ar aghaidh lena rá nach bhféadfadh siad íoc as a chuid fianaise ach go bhféadfaí cúiteamh airgid a thabhairt dó lena chuid costaisí a chlúdach.
ag cur agus ag cúiteamh arguing back and forth
" Thosnaíomar ag cur agus ag cúiteamh agus ag cur focal trí chéile, agus cibé eolas a bhí againne ar ár dteanga dhúchais, ba léir go raibh Barra maide ar mhaide linn ó thaobh cur amach ar fhocail, ar ghramadach agus ar choraí crua na Gaeilge.
cúiteamh compensation
" Tá na hiascairí ag rá go mbeidh cúiteamh, traenáil agus scéim fostaíochta ag teastáil do dhaoine a chaillfidh a gcuid postanna agus tá an rialtas ag dul i gcomhairle leo faoi láthair faoi na ceisteanna sin.
chúiteamh compensation
" Ina choinne sin - agus níl a fhios agam an aon chúiteamh é seo - ní bhraitheann tú an naimhdeas céanna.
chúiteamh compensation
" Creideann go leor gur mar chúiteamh air seo a roghnaíodh an tUasal Brady mar Ardmhéara Bhaile Átha Cliath agus freisin mar iarrthóir do thoghchán na hEorpa.
cúiteamh de shaghas éicint compensation of some sort
" In 2001 bhí scéim ag aire rialtais a d'íocfadh an t-airgead chomh maith le hús agus cúiteamh de shaghas éicint.
cur is cúiteamh debating, arguing
" Is ar an eagarthóireacht a shaothraím mo chuid agus níl mé a rá nár thoiligh mé leis an obair sin ar bhealach éigin, mar creidim nach dtig litríocht ná critic ná cur is cúiteamh ná díospóireacht fhiúntach a bheith ann mura gcleachtann lucht pinn is caibidle cruinneas friotail is smaointeoireachta.
chúiteamh compensation
" Mar chúiteamh, a léitheoir, radharc agam duit ar shaol rúnda na ceirde seo.
gciste cúitimh reparation fund
" " Ciste cúitimh ======= Chomh maith leis an chonspóid a bhaineann leis an taispeántas, táthar tar éis Flick a cháineadh de bhrí nár bhac sé le hiargead a dhíol isteach i gciste cúitimh a bhunaigh tionsclóirí na Gearmáine le hairgead a chur ar fáil dóibh siúd ar chuir na Naitsithe iachall orthu oibriú i gcoinne a dtola.
chúiteamh compensation
" Mar chúiteamh, tugadh an Roinn Sláinte (nó *Angola*, mar a ghlaoigh an tUasal Cowen air) don Tánaiste Harney.
chur agus an cúiteamh thrashing out/deliberating
" Ba thur an fháilte a chuir sé roimh an chur agus an cúiteamh seo uilig agus sa deireadh, nuair a bhí sé ag baint deireadh dúile do chinneadh, agus nuair a mheas sé go raibh sí ag dul thar an cheasaí, dúirt sé: "I ngeall ar Dhia, a Shiobhán, déan cinneadh.
chúiteamh retribution
" DENIS: Sin an rud a dúirt sí féin – ar son Dé atá sí á dhéanamh, mar chúiteamh ar a peacaí ar fad thar na bliantaí.
an cur agus cúiteamh debating
" Maidir liom féin, cé nach rabhas i bhfábhar Riail 42 a chur ar ceal, faoiseamh níos mó ná aon mhothúchán eile a bhuail mé nuair a chualas an toradh, faoiseamh go raibh an cur agus cúiteamh thart agus go bhféadfaí dul ar aghaidh agus díriú isteach ar fhorbairt na gcluichí féin.
cúiteamh ard high compensation
" Nuair a bhí iniúchadh déanta ar na sonraí seo ar fad aige, fuair Krantz amach gurbh é post an bhitheolaí an ceann ab fhearr sna Stáit Aontaithe in 2002, mar gheall ar an leibhéal íseal struis, cúiteamh ard, an tsaoirse, agus na folúntais go léir a bhí ann.
cúiteamh airgid financial compensation
" Smaoinigh fosta ar an leasainm a thugann sé air féin in onóir a laoich – The Bull McCabe - ceann de na bligeaird is mó i litríocht na hÉireann! Mar is dual dó, chuir Conor Lenihan an lasóg sa bharrach i rith an ama shuaite seo, nuair a thug sé le fios ar “Questions and Answers” ar RTÉ go raibh sé i gceist ag an rialtas cúiteamh airgid a thabhairt d’fheirmeoirí a bheadh toilteanach ligean do dhaoine siúl ar a gcuid talún.
cúiteamh compensation
" Smaoinigh fosta ar an leasainm a thugann sé air féin in onóir a laoich – The Bull McCabe - ceann de na bligeaird is mó i litríocht na hÉireann! Mar is dual dó, chuir Conor Lenihan an lasóg sa bharrach i rith an ama shuaite seo, nuair a thug sé le fios ar “Questions and Answers” ar RTÉ go raibh sé i gceist ag an rialtas cúiteamh airgid a thabhairt d’fheirmeoirí a bheadh toilteanach ligean do dhaoine siúl ar a gcuid talún.
chúiteamh compensation
" Is cóir na himreoirí a chúiteamh ar chostais atá acu, ar nós costas taistil, rud atá á dhéanamh cheana.
cur agus cúiteamh debating
" Rinneadh roinnt mhaith cur agus cúiteamh ina thaobh.
cur agus cúiteamh debating
" Sna laethanta roimh chinneadh an FAI agus roimh agus tar éis an chluiche cháilithe dheireannaigh i gcoinne na hEilvéise, rinneadh an t-uafás plé agus cur agus cúiteamh faoi Brian Kerr agus faoi fhoireann na hÉireann.
cur agus cúiteamh debating
" I mí na Samhna amháin, bhí cur agus cúiteamh ar siúl faoin ábhar ar lear mór ócáidí.
cúiteamh compensation
" Nuair a rinne na saineolaithe scrúdú orthu fuair siad amach nach raibh an galar orthu agus is é an tuairim a bhí acu ná gur thug Leigh sóid loiscneach do na ba chun cúiteamh a fháil ón rialtas.
chúiteamh compensation
" Is trí mheán na Gaeilge a dhéanfaidh sciar beag acu an scrúdú agus gheobhaidh siad méid áirithe marcanna breise mar chúiteamh.
ag lorg cúitimh seeking compensation
" Níl dabht ar bith ann ach go bhféadfadh go mbeadh feidhmeannaigh de chuid na Ranna is na nOifigí Stáit nár tugadh marcanna breise dóibh ag cur an dlí orthu agus ag lorg cúitimh mar gheall ar an leithcheal a rinneadh orthu.
cur agus cúiteamh debate
" Bhí cur agus cúiteamh i go leor de na meáin chlóite agus chraolta, thuaidh agus theas, bunaithe ar thuairiscí Stephen McCaffery, ach níor bhac an BBC leis ach sa bheag.
cúiteamh airgid financial recompense
" Ceann de na smaointe atá ann ná go mbeidh Oifigeach Gaeilge ag feidhmiú taobh istigh de gach comhlacht, agus tá an tÚdarás ag féachaint ar bhealaí chun spreagadh a thabhairt don duine sin (cúiteamh airgid, seans, a thiocfaidh ón Údarás agus ón gcomhlacht féin) ionas go dtógfaidh sé an post go dáiríre.
cur agus cúiteamh debate
" Agus ar nós áite ar bith sa tír, bíonn caint agus cur agus cúiteamh anseo i gConamara freisin faoi chluichí na nGael.
aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd to give an retrospective compensation to those
" Mar sin féin, beidh díomá ar lucht na Gaeilge gur dhiúltaigh sí aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh leithcheal orthu, mar a bhí sonraithe i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga.
le faillí na mblianta a chúiteamh to make up for years of neglect
" Níl aon amhras ach go raibh beart den chineál sin de dhíth go práinneach ar an cheantar le faillí na mblianta a chúiteamh.
cur agus cúiteamh debate
" Bhí cur agus cúiteamh ag dul ar aghaidh faoi am sin faoin tseirbhís nua teilifíse Gaeilge a bhí á pleanáil ag an rialtas.
ag lorg aitheantais agus cúitimh seeking recognition and compensation
" Mhaígh Dixon gur beag seans go mbeadh Hirst ábalta an cóiriú céanna a dhéanamh trí chomhtharlú ar an oiread spotaí datha is a rinne sé féin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ag lorg aitheantais agus cúitimh mar an dearthóir bunaidh.
cúiteamh compensation
" Sa bhliain 2000, mar shampla, d’íoc sé cúiteamh leis an dearthóir Norman Emms nuair a cuireadh ina leith go raibh a dhealbh *Hymn*, a dhíol sé leis an bhailitheoir ealaíne Charles Saatchi ar mhilliún punt, bunaithe ar bhréagán plaisteach a dhear Emms agus a bhí le ceannach ar £14.
mar chúiteamh ar an easpa tuisceana. to make up for the lack of understanding.
" Mhínigh sé don lucht féachana nár thuig na sclábhaithe Afracacha an scála Eorpach agus gur chuir siad nótaí eile isteach mar chúiteamh ar an easpa tuisceana.
gur chóir go bhfaigheadh na himreoirí cúiteamh that the players should be compensated
" ” Ní aontaíonn sé leo siúd a deir gur chóir go bhfaigheadh na himreoirí cúiteamh as cluichí a imirt, cé go n-aontaíonn sé leis an tuairim gur chóir go mbeidís in ann airgead a thuilleamh as an bhfógraíocht agus araile.
cur agus cúiteamh forleathan widespread debate
"cur agus cúiteamh forleathan fá íospartaigh agus an dóigh ar caitheadh agus a gcaithfear leo.
cúiteamh a íoc to pay compensation
" Tá polasaí i bhfeidhm sa Pháirc Náisiúnta sin cúiteamh a íoc le feirmeoirí má tharlaíonn a leithéid.
cur agus cúiteamh discussion and debate
"cur agus cúiteamh ann faoi láthair faoi chinneadh Margaret Ritchie, an tAire Forbartha Sóisialta ó thuaidh, gan maoiniú de £1m a thabhairt don Conflict Transformation Initiative (CTI), tionscnamh ina bhfuil ról ag Ulster Political Research Group, grúpa a dhéanann anailís pholaitiúil don UDA.
cúiteamh compensation
"cúiteamh ró-iontach é sin do mhuintir an Iarthar Láir, gan amhras.
Caithfidh gur chúiteamh é it must have been compensation
" ” MoBsCaithfidh gur chúiteamh é an moladh a fuair Myers as *Watching the Door* in 2006 ar an *annus horribilis* a bhí aige in 2005.
ag lorg cúitimh looking for compensation
" Agus, mar aon le roinnt *iwi* eile, tá na *Tūhoe* ag lorg cúitimh ó Bhinse Fiosraithe Waitangi as an díshealbhú sin.
mar chúiteamh, as compensation
" Deir sé go dtugann Sidore grá, tacaíocht, agus féinmhuinín dó agus mar chúiteamh, go dtugann seisean grá dise díreach mar atá sí.
mar chúiteamh as compensation
" ***Buntáistí:*** Seans go mbeidh Cowen ag súil go mbeidh a pearsantacht ghealgháireach mar chúiteamh ar a easpa carasma féin.
cur agus cúiteamh debate
" ” An mbíonn sé deacair in amanna, mar sin, a bheith i mbanna ceoil? “Bíonn mar go mbíonn cur agus cúiteamh faoi gach uile rud.
cur agus cúiteamh go leor a lot of debate
" Sular cuireadh tús leis na Cluichí, bhí cur agus cúiteamh go leor faoi chionta na Síneach i réimse éagsúla: cearta daonna, an Tibéid, cúrsaí comhshaoil agus easpa trédhearcachta i dtaca le hiasachtaí a tugadh do thíortha Afracacha mar an tSúdáin agus Angóla.
i gcoinne an chúitimh shuaraigh against the petty compensation
" A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.
mar chúiteamh in exchange, as compensation
" Tá seisean sásta tacú linne mar chúiteamh.
ina chúiteamh sin in return for which
" B’éigean do Bernhard eirí as a cheapachán mar uachtarán ar CFD sa bhliain 1976 nuair a nochtadh le linn éisteachta de chuid Sheanad na Stát Aontaithe gur iarr sé $1 milliún ar Lockheed ina chúiteamh sin go dtabharfaí conradh don chomhlacht aerárthaigh throdaíochta a dhíol leis an Ollainn.
a chúiteamh to recompense
" Ba cheart duillín cearrbhachais a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le go bhféadfaidís a gcuid ciorruithe a chúiteamh trína mbuiséad bliantúil a chur ar chapall Sheán Creavan sa 3.
chúiteamh compensation
" Cinnte, do dhaoine a d'fhulaing, is maith ann an t-airgead mar chúiteamh beag don fhulaingt sin, ach is é nádúr an duine é go mbeidh teaghlaigh ag troid eatarthu féin faoi cad ba chóir a dhéanamh leis an airgead.
mar chúiteamh as a recompense
" Is ionann sin agus €100,000 sa mheán gach mí le hocht mí déag anuas! Suim airgid é seo atá sa bhreis ar an mhéid a fhaigheann na hAirí mar chúiteamh ar a gcuid costas mar Theachtaí Dála, atá flaithiúil go maith iontu féin, agus a fhoilsítear go tráthrialta i nuachtáin éagsúla mar thoradh ar iarratais tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF).
chúiteamh compensation
" Tá sé sin chomh tábhachtach céanna le gach aon chuid den chúiteamh atá le híoc.
cur is cúiteamh discussion, argument
" Is méanar liom gach a bhaineann leo: na postaeirí daite chuile áit, an cur is cúiteamh ar an raidió, an chanbhasáil, na breitheanna pobail, an vótáil féin agus ar ndóigh lá an chomhairimh.
cúiteamh compensation
" Rinneadh tagairt d’fhéinriail is d’fhéinchinntiúchán sa Bhille agus leag MOSOP béim air gur chóir do Shell cúiteamh a íoc díreach leis na hOgoni nó a dtalamh a fhágáil.
cur is cúiteamh discussion
" com/blog/2009/01/12/late-late-no-show-rte-make-a-pigs-arse-of-it/) Feidhm agus Seasamh CLG Déantar cur is cúiteamh agus iniúchadh go minic ar fheidm agus ar sheasamh an CLG i saol mhuintir na hÉireann.
Cur is an Cúiteamh discussion
" com/watch?v=0wokaOrACqU) An Cur is an Cúiteamh Gné a tharraing go leor cainte i ndiaidh an chluiche ná tionchar an réiteora, Diarmuid Ó Ciardhubháin, ar an toradh agus go háirithe i gcás cinneadh amháin dá chuid a chinntigh, dar le mórán, gur ag Cill Chainnigh a bheadh an bua.
chúiteamh compensation
" Níor íocadh aon chúiteamh riamh in éiric an díshealbhaithe seo.
chúiteamh recompense
" Ní ciotach ann mé a thuilleadh,Nuair a thugaim dá n-earraí diúltú-Lámha riastacha an oileáin,Ní féidir iad a chúiteamh.
cúiteamh compensation
" Measadh go mbeadh ar thuairim is míle comhlacht na ceadanna a fháil agus bheadh cúiteamh ar fáil do na comhlachtaí a bheadh thíos leis an scéim.
cur is cúiteamh discussion
" Tá an cur is cúiteamh ar bonn le blianta faoi ghaelscoilis agus is féidir, cuirim i gcás, mífhuaimniú ‘t’ agus ‘d’ na gcéadta cainteoirí ‘leath-Ghaeilg’ i gCúige Mumhan a rianú siar chuig aon mhúinteoir amháin i meánscoil áirithe sa chúige chéanna.
cúiteamh compensation
" Ba gan choinne a díshealbhaíodh na hEndorois agus cé gur gealladh dóibh go n-íocfaí cúiteamh leo, níor tharla sé sin go fóill.
chúiteamh recompense
" Is bréag a mhaíomh gur féidir don tuaisceart teacht slán ó sceanairt Státchiste na Breataine - b’fhéidir gur mó an t-ualach a iompróidh idir náisiúnaithe agus aontachtaithe ó thuaidh mar chúiteamh ar an mhaoiniú ollmhór atá a fháil ag an stáitín ó bunaíodh é.
cur is cúiteamh discussion
" Cad iad moltaí an Aire? Tar éis dó bliain a chaitheamh i mbun comhairlithe agus cur is cúiteamh ar an ábhar, deir an tAire gurb é atá á mholadh aige ná go ndéanfaí cluichí rugbaí na hÉireann i gcomórtas na Sé Náisiún móide cluichí a bhaineann le clubanna Éireannacha (an Mhumhain agus Laighean don chuid is mó) sa Chorn Heineken a chraoladh saor in aisce nó ‘saor ar an aer’ mar a thugtar ar sheirbhís an chraoltóra náisiúnta, RTÉ.
cur agus cúiteamh discussion
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
cur is cúiteamh questions and answers
" Bhí seisiún ‘cur is cúiteamh’ tar éis an léimh, seisiún a bhí beo agus anamúil agus is léir go bhfuil Roddy Doyle ar a shuaimhneas ar ócáid mar seo, i Learpholl go háirithe.
ag cur is ag cúiteamh discussing
" Brúnn na Sínigh ar aghaidh fad is atá tíortha an iarthair ag cur is ag cúiteamh nó ag achrann.
chúiteamh retaliation
" Rinneadh an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda in ainm Ioslaim, agus rinneadh ionradh ar an Iaráic agus ar an Afganastáin mar chúiteamh ar seo.
chúiteamh recompense
" Lena leithéid de scéim cóilínithe a chur i bhfeidhm, glacaim leis go dteastódh na Cliaraigh a bhfuil cónaí orthu ar an oileán faoi láthair a chúiteamh go maith, sara mbeidís sásta imeacht.
cur is cúiteamh of discussion
" Cé nach bhfuil aon débhríochas i bhfocail Ghilmore níor mhór a admháil go mbíonn neart cur is cúiteamh idir na páirtithe comhrialtais sula gcuirtear clár rialtais le chéile.
cúiteamh recompense
" Anois, agus an bille tagtha, ní maith leo an cúiteamh.
cúiteamh recompense
" Chinn an Breitheamh Mary Laffoy gur cheart cúiteamh de bhreis is €28,000 a íoc le hÍde de Búrca.
ag cur is ag cúiteamh discussing
" Bhíomar ag cur is ag cúiteamh i gciorcal comhrá anseo i nGaillimh aréir, agus tá mé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge.
cur is cúiteamh debate
" Ach faoin cheathrú céad bhí cur is cúiteamh ar siúl faoin chaoi a dtagann an pósadh salach ar an tsagartacht.
mar chúiteamh for her trouble
" Rinne iar-Phríomhfheidmeannach amháin, Kathryn Bryan, botún cuntasaíochta a chiallaigh go mbeadh ardú sna táillí uisce sular imigh sí agus £250,000 ina póca aici mar chúiteamh.
An Cur is Cúiteamh discussions
" An Cur is Cúiteamh =========== D’eascair an díospóireacht phoiblí is déanaí i dtaca le pósadh comhghnéis as rún a ritheadh trí Theach na nIonadaithe cúpla mí ó shin.
mar chúiteamh in recompense
" An tAire Seirbhís Phoiblí: Michael Noonan ====================== Tá sé mar rún ag Fine Gael cúram na seirbhíse phoiblí a dheighilt ón Roinn Airgeadais agus má ghéilleann siad an aireacht Airgeadais don Lucht Oibre beidh an roinn nuacheaptha seo mar chúiteamh acu.
cur is cúiteamh discussion
" Bhí cur is cúiteamh i ndiaidh léiriú an scannáin ar 2 Feabhra 2011 i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara.
an gcur is ar an gcúiteamh the discussion
" Cuimhnítear fós ar an gcur is ar an gcúiteamh roimh chluiche ceannais Iomána na hÉireann anuraidh a bhain leis an ngortú do bhallnasc croiseach Henry Shefflin agus John Tennyson araon de chuid Chill Chainnigh agus an ‘mhiorúilt’ a cheadaigh dóibh dul chun páirce i gcoinne Thiobraid Árann.
an ghnáthchur agus cúitimh the usual argumentation
" Chuir an Roinn Airgeadais ina aghaidh ach, tar éis an ghnáthchur agus cúitimh, ghlac an Rialtas leis Meán Fómhair 1933.
chúiteamh in exchange
" Glacfaidh an Astráil cúigear dídeanaithe, atá aitheanta cheana féin ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), ón Mhalaeisia mar chúiteamh ar gach duine a chuirtear chun na Malaeisia faoin scéim.
chúiteamh recompense
" Ní dóigh liom gur aon chúiteamh dóibh siúd atá ag fáil bháis mar gheall ar chaitheamh tobac go raibh na toitíní a chaith siad déantúsaithe faoi phróiseas rialaithe cáilíochta! Chuir lucht an tobac tús le feachtas sna nuachtáin chomh maith, ag maíomh nach raibh sa togra ach céim amháin eile i dtreo an stáit róchaomhnaigh (NoNannyState.
chúiteamh airgid financial compensation
" Cé Íocfas an Téiléireacht? ============ Agus mar chor íorónta sa scéal, tuigim go bhfuil Rialtas na Breataine ag cuimhneamh ar chúiteamh airgid a thabhairt do na hiarchoinneálaithe seo as an dochar a d’fhulaing siad ag Guantanamo, ag an am céanna a bhfuil na húdaráis abhus ag déanamh iarrachta airgead a bhaint de Hicks! D’fhoilsigh Hicks a dhírbheathaisnéis, *‘Guantanamo: My Journey’* ní ba luaithe i mbliana agus bhí an-éileamh air.
cúiteamh airgid recompense
" Is gnás sa Chóiré, is cosúil, má íoctar cúiteamh airgid a shásaíonn teaghlach íobartaigh, agus muna leagtar gearrán in éadan lucht déanta na coire sin ag éinne eile ar ball, nach gcuireann na póilíní a ladar isteach sa scéal.
cur agus cúiteamh mór great discussion
" Bhí cur agus cúiteamh mór agus easaontas binbeach uaireanta i measc an phobail (nó i measc na ndaoine fásta a bhí timpeall ormsa agus mé ag fás aníos ar aon nós).
chúiteamh as recompense for
" Tá formhór na mianach guail agus amhiarainn lonnaithe i gceantair iargúlta agus bíonn saothrú maith ag na hoibrithe sna mianaigh mar chúiteamh as an gcruatan sna campaí.
in Áit an Chúitimh instead of recompense
" An Dea-fhocal in Áit an Chúitimh ================== Ní costais na seirbhísí amháin, ar ndóigh, a chuireann isteach ar an phobal.
cur agus cúiteamh discussion
" Is i gcontae Dhún na nGall is mó a bhí cur agus cúiteamh faoin leabhar seo.