Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúl báire goalkeeper
" ** Ma thiomáintear an liathróid thar an líne dheiridh glactar leis go bhfuil sí as an imirt go dtí go mbualann an cúl báire nó imreoir eile ar ais ar pháirc na himeartha í.
cúl báire goalkeeper
" Nuair a scóráil Mikey Sheehy an cúl úd i gcoinne Átha Cliath i 1978, chuir sé Paddy Cullen, cúl báire Átha Cliath, i gcomparáid le bean a bheadh ag rith i dtreo na cistine agus boladh dóite an chíste atá san oigheann á fháil aici.
Cúl báire ionaid reserve goalkeeper
" Cúl báire ionaid is ea Paul, atá naoi mbliana déag d'aois, agus bhí a athair Gary (27) agus a uncail Stephen i measc na ndaoine a fuair bás i Hillsborough ar an 15 Aibreán 1989.
chúil báire goalkeeper
" Inniu (30 Samhain), agus mé ag scríobh, tá greim ag Ian Paisley *agus *ag Gerry Adams ar an sópa céanna, miotóga ar gach duine acu ar eagla go dtógfadh sé aicíd ón sean-namhaid; ach de bhrí gur miotóga an chúil báire atá i gceist, is amhlaidh is mó an seans go bhfanfaidh an sópa ina lámha.
chúl báire goalkeeper
" I gcás an chúl báire agus an chic amach, is é a deir an Dr.
cúl báire an Chláir the Clare goalkeeper
" B’fhéidir nach é an fear is mó ar an bpáirc é ach níl mórán iománaithe a bhfuil croí chomh mór ná paisean chomh fíochmhar acu is atá ag cúl báire an Chláir, Davy Fitzgerald.
cúl báire goalkeeper
" Trí lá roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir sé in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl báire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.
ón chúl báire from the goalkeeper
" Bua iontach a bhí ann gan dabht ar bith agus taispeántas fíormhaith de scileanna sainiúla na hiomána, tugtha ag imreoirí éagsúla, ón chúl báire, Simon Lambert a rinne trí shábháil dhochreidte, go dtí an lántosach ar chlé, Pól Ó Riain, a scóráil 0-6.
roghnaíodh é mar chúl báire! he was chosen as a goal-keeper
" In ainneoin Mick a bheith cúig bliana déag d’aois, roghnaíodh é mar chúl báire! Seans maith go mbeidh an gaisce áirithe sin ina churiarracht go ceann tamaill fhada mar is cosúil anois go gcuirfear cosc oifigiúil go gairid ar imreoirí faoi bhun ocht mbliana déag d’aois a bheith ag imirt in aoisghrúpa níos sine.
chúl báire goalie
" D’aimsigh Corcaigh cúl ón bpoc saor sin, ach léirigh an físeán teilifíse go ndearna an réiteoir earráid trí gan poc saor a bhronnadh ar chúl báire an Chláir a ndearnadh calaois air díreach sular bhronn sé poc saor ar Chorcaigh.
mbeirt chúl báire two goalies
" Chríochnaigh siad sa cheathrú háit ar seacht bpointe faoi dheireadh na sraithe, agus murach cúpla botún bunúsach ag an mbeirt chúl báire i gcoinne Luimnigh agus i gcoinne Thiobraid Árann, d’fhéadfadh sé go mbeidís sa chluiche ceannais den tsraith Náisiúnta i gcoinne Chill Chainnigh.
cúl báire goalie
" Cluiche ab ea é a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an nóiméad ar bháigh Máirtín Comartún an sliotar in eangach Bhreandáin Uí Choimín, cúl báire Thiobraid Árann, agus gan ach cúig nóiméad fágtha chun imeartha.
cúl báire goalie
" Ach amháin nuair a bhíonn an t-imreoir ag iarraidh scór a aimsiú, is annamh a chuireann imreoir (seachas an cúl báire) bróg leis an máilín gaoithe mar a deir Seán Bán Breathnach.
chúl báire goalie
" Beidh sé deacair, go mór mór, ar chúl báire, agus is beag duine díobh a chaitheann clogad, toisc go bhfuil radharc géar ar an sliotar an-tábhachtach dó agus aon rud a chuirfeadh as don radharc sin beidh sé ina bhac ar a éifeacht sa ról tábhachtach sin aige mar líne dheiridh na cosanta.
cúl báire goalie
" B’fhéidir go mbeidh cúl báire de dhíth arís!
an gcúl báire the goalie
" Toisc go mbíodh cead ag na tosaithe a bheith istigh sa ‘chearnóg’ agus ionsaí (de réir rialach) a dhéanamh ar an gcúl báire, b’éigean do na lánchúlaithe an cúl báire a chosaint trí na tosaithe a choinneáil amach as an ‘gcearnóg’ ar ais nó ar éigean.
i lámha an chúl báire in the goalie’s hands
" Más mar sin atá nach gceapfá go bhfaighfí liathróid eile, ceann nach bhfuil ar tí pléascadh i lámha an chúl báire cuir i gcás, nó nuair atá an lán tosaí á chiceáil thar an trasnán.
ina Chúl Báire as a goalkeeper
" Pádraig Harrington, ina Chúl Báire ============ Is é Gerry O Sullivan a bhí ina oifigeach caidrimh phoiblí ag CLG Baile Buadáin ag an am.