Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cad é an teanga is fearr dúinn what language is best for us
" Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.
Cad é atá ag caitheamh ort? What's bothering you?
" "Cad é atá ag caitheamh ort?" "Ná gabh a gháire anois ach tá an diabhal bronntanas Vailintín seo ag déanamh buartha domh," arsa Tadhg.
Cad é faoi Dhia What in God's name ...?
" "Cad é faoi Dhia atá istigh ansin agat?" "Caith thusa sé mhí i gCeanada agus beidh lód chun an bhaile leat fosta.
cad é a mbarúil faoi what they thought of it
" " An chéad lá sa scoil, léigh an múinteoir Béarla, Tomás Breathnach, sliocht as leabhar agus d'fhiafraigh sé de na daltaí cad é a mbarúil faoi.
cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn who knows what will emerge
" Ach má bhíonn mí eile mar mhí Dheireadh Fómhair ann, cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn le linn tríocha lá na Samhna.
Cad é a d'fhág ughaim agat orm? How did I get yoked to you?
" Cad é a d'fhág ughaim agat orm?" ar seisean.
cad é a bhí sé ag brath what she felt
" Bhí sí oiread trína chéile nár thuig sí cad é a bhí i ndiaidh tarlú, bhí mearbhall rómhór uirthi le fios a bheith aici cad é a bhí sé ag brath, nó chun a cuid mothúchán a chur in iúl.
cad é atá i ndán dúinn what's in store for us
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
Cad é do mheas, anois? What do you think, now?
" "Cad é do mheas, anois?" arsa Máire agus í ag amharc ar na bocsaí.
cad é a bhain don ghnátheagarthóir what happened to the usual editor
" "Agus cad é a bhain don ghnátheagarthóir, Éamonn Ó Doornail?" a deir sibh.
Cad é atá sé ag ráit? What is he saying?
" "Cad é atá sé ag ráit?" arsa sise lena comrádaí siúd.
cad é mar a d'éirigh liom how I got on
" Inseoidh mé daoibh sa chéad alt eile cad é mar a d'éirigh liom ansin! Ach déarfaidh mé an méid seo libh anois: tá riarthóir in oifig s'acu atá an-tógtha leis an cheol Gaelach agus is breá leis é a sheinm ar a bhosca ceoil! *Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.
Cad é do bharúil? What do you think?
" "Cad é do bharúil? Tá cuma dheas air agus tá sé i ndeas d'achan rud.
Cad é atá tú á mhaíomh? What are you saying?
" MOLLY: Cad é atá tú á mhaíomh? DENIS: Ní maith duit a shéanadh.
Cad é mar a thig leis sin bheith amhlaidh? How can that be so?
" “Cad é mar a thig leis sin bheith amhlaidh?” a d’fhiafraigh mé dó.
cad é fá dtaobh de féin what about himself
" Nach maith iad! Ach cad é fá dtaobh de féin, cad é a bhí seisean ag dul a dhéanamh anois? Ní raibh amhras ar bith ar Artair ach go raibh a fhios go rímhaith ag Rose.
cad é a bhí fúthu what they were up to
" ” Chlaon Tomás a cheann ina treo, ag tabhairt le fios di gur thuig sé go maith cad é a bhí fúthu.
cad é mar atá ag éirí leat how are you getting on
" Cad chuige gur bheartaigh tú sin a dhéanamh agus cad é mar atá ag éirí leat? SNíR: Chaith mé cúig bliana ag múineadh páistí bunscoile i scoil idirnáisiúnta sa Bheilg sular tháinig mé go Meiriceá le m'fhear céile.
ag míniú cad é a fuarthas explaining what was found
" Tá an suíomh tochailte le feiceáil – tá sé clúdaithe le féar, agus tá fógraí ann ag míniú cad é a fuarthas san áit.
Cad é faoin tseandálaíocht? What about archaeology?
" Cad é faoin tseandálaíocht? I gcomparáid le hÉirinn, ní raibh mórán láithreán le feiceáil sna hAlpa.
cad é eile a mbeifeá ag dréim leis what else would you expect
" Ach cad é eile a mbeifeá ag dréim leis ó pholaiteoirí nár mheas gurbh fhiú am a chur ar leataobh do dhíospóireacht chuimsitheach Dála ar Thuarascáil Stern? Tá leithscéal maith againn, áfach.
cad é le déanamh what to do
" “Tá na laethanta sin thart le fada,” arsa scríbhneoir an eagarfhocail, ach mar a dúirt gníomhaí teanga amháin liom, tá an t-am a dtig le haontachtaithe a rá linn cad é le déanamh thart fosta.
cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, what does that dirty story mean,
" ” “Agus cad é is brí leis an scéal cáidheach sin, a Bhaloir?” a d’fhiafraigh an tAire.
cad é faoi dtaobh de na mná? what about the women?
" ) Agus cad é faoi dtaobh de na mná? Nach maith a bhí a fhios ag Fergal Superquinn an dóigh leo siúd a mhealladh: dearbháin bhreise leis an tsiopadóireacht – deich gcinn do gach bean sa tír a chaith vóta dó.
cad é mar how
" Ach cad é mar a thosaigh an fear óg seo as Taobh an Bhogaigh i nDoire Cholmcille ag obair sa tionscal scannánaíochta? “Bhuel, bhí suim riamh agam sa ghrianghrafadóireacht.
cad é a spreag a shuim san aisteoireacht? what aroused his interest in acting?
" Ach cad é a spreag a shuim san aisteoireacht? “Agus mé ar an meánscoil, bhí an ghráin agam ar pheil.
cad é faoi chearta bunreachtúla what about constitutional rights
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam. that they can't even guess at what I am saying
" Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? An falsacht atá ann? An bhfuil mo chuid cainte chomh briotach sin, chomh dothuigthe sin, nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam.
Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? what do they think that I want
" Cad é a mheasann siad atá de dhíobháil orm? Cad é faoin spéir a bheadh ó dhuine, agus é ina sheasamh in óstán os comhair cuntair – ceann a cuireadh ansin le duine a chur ar a chúl ag tabhairt amach eochracha! Agus bíonn an strainc seo curtha acu orthu féin.
Cad é mar a mheileann sí an t-am, how does she pass the time,
"Cad é mar a mheileann sí an t-am, nuair nach mbíonn mórán obair aisteoireachta ar fáil? “Déanaim a lán léitheoireachta – leabhair ar dhrámaíocht, leabhair ar scannáin.
Cad é le déanamh what can be done
" Cad é le déanamh? Caithfear cur ina luí ar mhuintir na tíre ar fad gur thit na huafáis seo amach mar a tuairiscíodh.
Cad é do bharúil what do you reckon
" Cad é do bharúil, a Bhaloir? Bíodh seanfhocal ag gach seanbhuachaill! Is iomaí rud a thiocfadh linn a chur i gcrích dá mbeadh fiche míle ball de na Léinte Glasa ag siúl thart le camáin ina ndóideanna.
cad é chomh lag how weak
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
cad é an tslat tomhais atá agat how do you measure
" Cad tá á lorg agat i ndáiríre, cad é an tslat tomhais atá agat nuair atá piosa scríbhneoireachta nó ceoil á lorg agat.
cad é a bheas i ndán what’s in store
" Píosa reachtaíochta thar a bheith tábhachtach é seo a chinnteoidh cad é a bheas i ndán don Údarás.
Cad é an dóigh how is it
" **SMM: Cad é an dóigh a bhfuil tú ag obair le BBC na h-Alba agus Radiò nan Gaidheal nó cá háit a bhfuair tú Gaeilg na hAlban?** AW: Chan fhuil mé cinnte cá dtosóidh mé.
Cad é do bharúil faoi what’s your opinion of
" **SMM: Cad é do bharúil faoi Ghaeilg na hAlban faoi láthair? An bhfuil sí i gcontúirt?** AW: Tá sí i gcontúirt go fóill, gan amhras.
Cad é a spreag thú i leith what inspired you towards
" **SMM: Cad é a spreag thú i leith Oireachtas na Gaeilge? An ndeachaigh tú ann ag éisteacht nó cad é?** Ray Mac Mánais: Bhí an tOireachtas i dTrá Lí i 1987 agus bhí Joe (Ó Domhnaill) i nGaelscoil Míde ag an am agus bhí spéis aige san agallamh beirte.
cad é a bhí de dhíth what was needed
" Thuig mé tar éis uair an chloig, de bheith ag éisteacht, cad é a bhí de dhíth.
Cad é do bharúil what’s your opinion
" Cad é do bharúil faoi mhisneach agus faoi mheanma na ndaoine in Éirinn, tharla gur ag breathnú isteach ar an tír ón taobh amuigh a bhíonn tú cuid mhaith den am?** BL: Níl a fhios agam.
cad é a bhí ag dó na geirbe aige what was bothering him
" Nuair a cuireadh ceist air cad é a bhí ag dó na geirbe aige, dúirt sé nár shíl sé riamh go gcuirfeadh pictiúr de chíocha mná an domhan uilig ina chíor thuathail, agus tír iathghlas seo na naomh agus na n-ollamh chomh maith leis.
Cad é misean An Gúm what is An Gúm’s mission
" asp) An Cheist ===== **Cad é misean An Gúm?** Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
cad é an bhaint atá aige seo liomsa what has this to do with me
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
Cad é an dearcadh a bhí agat i leith what was your opinion of
" Is féidir liomsa! Straitéis agus Acht ========= **CF: Cad é an dearcadh a bhí agat i leith Acht na Gaeltachta 2012?** CAB: Ar dtús bhí mé cineál ag moladh an Rialtais.
Cad é tá mé a mhaíomh mar sin what am I getting at then
" Cad é tá mé a mhaíomh mar sin, tharla gur Béarla a labhraíonn formhór mór na nÉireannach faoi láthair, ó cheann ceann an oileáin? Fúthu féin an cinneadh sin dar liom.
Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh no matter what take you have on the census
" Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh, is léir go mbeidh náisiúnaithe mar chuid den réiteach ó thuaidh.
cad é tá le gnothú ag Sinn Féin what have SF to gain
" Sin an fáth go bhfuil sé doiligh a oibriú amach cad é tá le gnothú ag Sinn Féin as vóta nó reifreann ar an teorainn a iarraidh.
cad é an dóigh atá air anois how is he now
" ” D’fhiafraigh mé de, cad é an dóigh atá air anois agus d’fhoghlaim mé ón dóigh ar chomharthaigh sé lena dhá láimh, gur cuma leis faoin dá chois.
cad é tá dhá choinneáil anseo what’s keeping him alive
" Tá sé chomh beag ag breathnú sa chathaoir rotha anois, is go gcaithfeá ceist a chur ort féin, cad é tá dhá choinneáil anseo? Dar liom, is é an fuinneamh sin a thug sásamh agus sonas dó i rith a shaoil fhada atá dhá choinneáil.
Cad é an tairbhe what use is
" Cad é an tairbhe duitse PoetryBeo?Áis fhoghlama dhátheangach is ea PoetryBeo a sholáthraíonn léargais agus nótaí ar an 10 ndán atá ar chúrsa Gaeilge Ghnáthleibhéal agus Ardleibhéal na hArdteiste, chomh maith le haisteoirí á léamh agus cluiche a ghabhann leo.
cad é a shíl na hÉireannaigh de what the Irish thought of
" Teagmhálacha ====== Ar an drochuair, níl a fhios againn cad é a shíl na hÉireannaigh de na daoine gorma seo.
cad é a spreag iad what inspired them
" "Sa chéad dul síos, bhí mé ag fiosrú cad chuige ar fhoghlaim cimí Gaeilge agus iad i ngéibheann, cad é a spreag iad, cad é an dóigh ar fhoghlaim siad Gaeilge agus cad é mar a d'athraigh an próiséas seo iad ó thaobh na hidé-eolaíochta de.
Cad é a dhéanfaidh tú dóibhsean what’ll you do for them
" Cad é a dhéanfaidh tú dóibhsean?
Cad é an chruth what shape
" Cad é an chruth a bheadh ar na Sé Chontae inniu murach é? Roimh an Nollaig, tiocfaidh Richard Haass chugainn agus leigheas póite aige dúinn.
is cuma cad é a tharlóidh no matter what happens
" Is éigean gach rud a fheiceáil fríd spéaclaí seicteacha, sinne agus iadsan agus ní fheicimse rud ar bith ag tarlú, is cuma cad é a tharlóidh ar ‘Chnoc an Anfa’ – *Stormont* – go dtí go raibh mé ag tarraingt ar an chéad seo chugainn.
Cad é an líon ríomhleabhar what number of e-books
" ie/) An Cheist ==== **Cad é an líon ríomhleabhar idir Kindle agus EPub atá ar fáil ó (COIS LIFE)(http://www.
cad é an méid oibre what workload
" Agus an fear bocht, déarfainn nach raibh a fhios aige cad é an méid oibre a bhí faoi bhun aige, i ndáiríre.
cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis how he managed to get the hang of the language
" Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis how he managed to get the hang of the language
" Míníonn sé anseo cad é mar a d’éirigh leis an teanga a thabhairt leis sa deireadh.
cad é faoi Dhia how in the name of God
" Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!
cad é is fiú é what use is it
" Feidhmítear feidhmeannas nó cad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.
cad é le déanamh what can be done now
" Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.