Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cairn seiceamair agus feá piles of sycamore and beech
" Taobh amuigh den stiúideo tá cairn seiceamair agus feá le feiceáil ag triomú, ag fanacht leis an scéal rúnda atá iontu a bheith ligthe saor.
carn ollmhór massive cairn
" Is ionad beag saoire cois farraige é An Leathros, ag bun Chnoc na Riabh, cnoc mór daingean dronuilleogach a bhfuil carn ollmhór ar a bharr.
cairn mhóra néalta big heaps of clouds
" Bhí cairn mhóra néalta frithchaite sa ghaineamh, a raibh luisne lonrach air a d'fhág an taoide agus í ag trá.
cairn aoiligh dung-heap
" Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh.
cairn piles
" “Ní fhaca tú, agus ní fhaca duine ar bith eile iad,” a d’fhreagair Cú Chulainn Cróga, “ach bhí siad ann ina gcéadta, iad ar fad i mbréagriocht – faoi bhrístí géine agus *hoodies*, scairfeanna thart ar a ngnúiseanna, na muinchillí crochta suas, tatúnna ar a sciatháin agus iad ag cruinniú cloch ina gcairn agus á gcaitheamh le mo leithéid.
charn an tseanbhúistéara the cairn of the old butcher
" Ní mór líon na ndaoine lasmuigh de sheanfhondúirí a pháirtí féin agus dílseoirí an dúchais a raibh cloch le cur acu ar charn an tseanbhúistéara.
chás na n-ulacha cúirte the matter of the court cairns
" 
 Mar shampla, scríobhann Burgess, léachtóir le Béarla in Ollscoil Notre Dame, ar chás na n-ulacha cúirte in Éirinn.
maigh na gcarn cairns’ field
" Tá sí ó thuaidh den áit a bhfuil abhainn an Teifi inseolta, Llanybydder abair, nó Maes-y-Crugiau (maigh na gcarn) ar a fhaid.